Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlisteanach
aidiacht
fuaim: g tosaigh in áit d
 ceart, cóir, cuí, dílis, dlifear, reachtúil, cneasta.
+
Ní col ceathracha dlisteanacha iad. Leas-chol ceathracha iad. Nach leasdeartháir agus leasdeirfiúr P. agus S. Sin é ansin
Leasdeartháracha é féin agus T. 'Sé S. a dheartháir dlisteanach. Aon mháthair amháin a bhí aige féin agus ag S. Is furasta a dhul amú sa ngaol a stór
TUILLEADH (4) ▼
Sin é a leasathair. Tá a athair dlisteanach féin ag déanamh créafóige le na cianta. Is beag an rath a bhí chor ar bith air nuair a bhásaigh a athair. Dheamhan mórán le ina naíonán a bhí sé
Is deirfiúr dhlisteanach dó S. ach níl C. ach ina leasdeirfiúr aige. Fuair an mháthair bás agus í ag oiliúint an dá leanbh sin. Dar fia is fadó ariamh an lá é. Más í an deirfiúr is sine, níor cheart di a bheith i bhfad as deich mbliana fichead
Sin é anois an gaol dlisteanach atá ann. Cén mhaith a dhul dhá shárú ormsa. Nár tógadh mé ag béal an dorais acu. An bhfuil tú ag ceapadh nach bhfuil a fhios agam céard a bhaineas dóibh!
I nDomhnach b'fhéidir gur deirfiúracha dlisteanacha iad, ach shíl mise ariamh nárbh ea. Bíodh acu ar aon chor. Ní mórán a bhuachfas muide orthu
+
Mac dlisteanach — mac nach mac suirí; mac leis an mbean pósta
Ní mac dlisteanach é sin chor ar bith, ach peata raithní a bhí ag P. Mh. Mh. leis an gcailín aimsire. Bean de na B. sin thoir a mháthair
TUILLEADH (9) ▼
Ná bac leis an gcineál sin! Ní raibh mac ná iníon dhlisteanach ag gabháil leo. Dream tútach a bhí iontu sin ar chuile thaobh
Is diabhaltaí an mheas atá ar chlann suirí agus gan aird ar bith ar chlann dlisteanach. Tá a chomharthaíocht lena chois ansin. Ní bhreathnódh an bhean sin siar ar na fir is gnaíúla sa tír, agus phós sí é sin nach raibh ann ach mac suirí. Sin é an scéal!
Mac dlisteanach le rí agus le banríon thú a mhic; mac dlisteanach le rí ó bhanríon thú a mhic — gnáthsheoraí cainte i seanscéalta
Mac dlisteanach le rí ó bhanríon é Mac Rí in Éirinn
'Cén sórt athair a bhí agamsa,' adeir an buachaill beag. 'Mac dlisteanach thú a mhic,' adeir an mháthair
'Sé M. an mac dlisteanach. Mac tabhartanais é an mac eile. Ach roinn an t-athair an oidhríocht leis ina dhiaidh sin. Thug sé an oiread dó agus a thug sé dhá mhac dhlisteanach. Ainneoin go ndearna sé an mistake, bhí sé díreach cneasta
Ní iníon dhlisteanach í sin chor ar bith. Bhí sí sa seol shul má phós sí. Duine macánta a bhí sa bhfear. Bhí sé ina cheann mhaith di ariamh mar a bheadh sé dhá inín féin
Labhrann an diabhlánach sin chomh teann agus dhá mba mac dlisteanach é … tuige dhá mba ea. Ní hea muis. Sin é anois an chaoi é
Is cuma dlisteanach nó eile anois iad, má thaitníonn siad le na fir, pósfaidh siad iad. Ní raibh sé mar sin chor ar bith le mo linnse. Is iomaí cor atá ag teacht sa saol
+
An t-airgead dlisteanach — díreach, ceart, dlifear; an t-airgead a bhí ag dul dó, a bhí amuigh aige orm, nó a bhí dlite dhó
Thug mé an t-airgead dlisteanach dó agus ní bhfuair sé cianóig thairis. Nach mé a bheadh simplí ag dul ag tabhairt rud dó nach raibh ag dul dó
TUILLEADH (6) ▼
Mura bhfaighe mise mo chuid dlisteanach féin bainfidh mé caint amach. Leabharsa tabharfaidh mé isteach agus i mínis (i bhfianais) an bhreithimh é agus sin é an buachaill a chuirfeas faoi ndeara dhó cur dhó (dhe)
Ní raibh mé ag iarraidh sop den fheamainn ach mo chion dlisteanach féin, agus ní thabharfainn cead d'aon duine mé a chur as sin. Ba bheag an baol
Ní fiacha cama iad chor ar bith ach fiacha dlisteanacha, agus d'ordaigh Dia na fiacha dlisteanacha a íoc. Muran buil leat a n-íoc, cuirfidh mise sa gcruth thú go n-íocfaidh tú iad. Tá fianaisí (fianaise) agamsa
Más airgead dlisteanach é, tá cead aige a rogha rud a dhéanamh leis, ach más airgead mailíseach é, b'fhearr dhó báite sa bpoll is doimhne sa bhfarraige é. Agróidh Dia ar fhear na mailíse é luath nó mall
M'anam bí siúráilte hé brí (pé ar bith) cá bhfuair an straip sin é, nach airgead dlisteanach é. Fuair tú amach an ceann a mbeadh airgead dlisteanach aici. Seanstróinse eicínt a robáil sí
Má fuair sé go dlisteanach é, mise i mbannaí gur beag an chaidéis a chuirfeas na póilíos air faoi. Ach mura bhfuair, gheobhaidh sé garbh é
·
Tá tusa ag rá gur cogadh dlisteanach ag Sasana é, ach feictear dhomsa — agus 'sé mo scil ann é arsa tusa — nach bhfuil rud ar bith dlisteanach ná mídhlisteanach i gcogadh, ach an té is láidre ag crapadh leis a bhféadfaidh sé. An té is fhearr dorna 'sé is fhearr corna den fheoil, mar adeir an fear fadó
+
Níl sé dlisteanach dó a dhul i mbéal an dearthára faoin talamh sin. 'Sé an deartháir a shaothraigh an talamh agus an teach sin ariamh, agus murach a bhfuair sé dhá easonóir, is beag an smais a bheadh ar an áit sin inniu
Níl sé dlisteanach ag fear ar bith deirfiúr a mhná a phósadh. Más cúrsaí den tsórt sin é, nach bhféadfadh duine a dheirfiúr féin a phósadh
TUILLEADH (5) ▼
Níl sé dlisteanach ag duine ar bith a dhul ag tógáil cuid na comharsan, ach ní miste sa mí-ádh le cuid de na daoine é ach an rud a fhuadach má fhaigheann siad faill air
Ní bheadh sé cóir ná dlisteanach aige a dhul ag pósadh na mná sin théis an cailín beag eile a chur amú leis an fhad seo blianta. Nach bhfuil a fhios ag feara Fáil nach bhféadfadh ádh ná amhantar a bheith ar an bhfear sin. Cuimhnigh go bhfuil mise dhá rá leat …
Is iomaí rud nach bhfuil dlisteanach ag sagairt a ghníos siad. Mar adeir an ceann eile, "bíonn a sampla agus a dteagasc seacht n-acraí ó chéile"
Níl sé cóir ná dlisteanach ag duine má bhíonn sé ag imirt chártaí, aon mhailís a dhéanamh. Más leat a dhul ag cearrbhachas, bí cneasta. Sin í mo chomhairlese dhuit
Dhá mbeadh an rud sin cóir ná dlisteanach, is beag beag an baol go mbeifí dhá chur i dteannta mar sin faoi. Tá sé i ndroch-arán anois deirimse leat, ach mura raibh aon láimh aige ann is furasta dhó é féin a shaoradh. Ní chreidimse go gcrochtar aon duine san éagóir

Féach freisin

dlisteanach in iontrálacha eile (2)

 
Deartháir dlisteanach blood-brother; ní leasdeartháir
 
An té nach n-íocfaidh a chuid dliteanais is cneámhaire é! Deile céard é. Nach gcloiseann tú ag an sagart chuile Dhomhnach é. Agus nár chuala tú in do chuid Teagasc Críostaí é: "Ár bhfiacha dlisteanacha a íoc agus a cheart féin a thabhairt do chaon neach." Má choinníonn de Valera na hannuities is le bheith ina chneámhaire dhó é. Fuair muintir na hÉireann an talamh ar chuntar go n-íocfaidís na hannuities, agus ní le muintir Shasana a d'íocfaidís iad ach oiread, ach le cuid de mhuintir na hÉireann a thug iasacht uathu go gceannófaí an talamh. Ag scrios an mhuintir s'againn féin atá muid le na hannuities a choinneáil. Do dhúshlánsa an méid sin a bhréagnú anois théis a bhfuil d'fhoghlaim ort más fíor dhuit féin