Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlisteanach
aidiacht
Fuaim: g tosaigh in áit d
ceart, cóir, cuibhe, dílis, dlighmhear, reachtamhail, cneasta.
+
Ní col-ceathracha dlisteanacha iad. Leas-chol-ceathracha iad. Nach leas-dearbhráthair agus leas-deirbhshiúr P. agus S. Sin é annsin
Leas-dearbhráthracha é féin agus T. 'Sé S. a dhearbhráthair dlisteanach. Aon-mháthair amháin a bhí aige féin agus ag S. Is furasta a dhul amú ins an ngaol a stór
TUILLEADH (4) ▼
Sin é a leas-athair. Tá a athair dlisteanach féin ag déanamh creafóige le na cianta. Is beag an rath a bhí chor ar bith air nuair a bhásuigh a athair. Dheamhan mórán len a naoidhneán a bhí sé
Is deirbhshiúr dhlisteanach dó S. ach níl C. ach in a leas-deirbhshiúr aige. Fuair an mháthair bás agus í ag oileamhaint an dá leanbh sin. Dar fiadh is fadó ariamh an lá é. Má 'sí an deirbhshiúr is sine, níor cheart di a bheith i bhfad as deich mbliana fichead
Sin é anois an gaol dlisteanach atá ann. Cé'n mhaith a dhul dhá shárú ormsa. Nachar tóigeadh mé ag béal an doruis aca. An bhfuil tú ag ceapadh nach bhfuil a fhios agam céard a bhaineas dóibh!
InDomhnach b'fhéidir gur deirbhshiúracha dlisteanacha iad, ach shíl mise ariamh nacharbh eadh. Bíodh aca ar aon-chor. Ní mórán a bhuachfas muide orra
+
mac dlisteanach = mac nach mac suirghe; mac leis an mbean pósta.
Ní mac dlisteanach é sin chor ar bith, ach peata raithnighe a bhí ag P. Mh. Mh. leis an gcailín aimsire. Bean de na B. sin thoir a mháthair
TUILLEADH (9) ▼
Ná bac leis an gcineál sin! Ní raibh mac ná inghean dhlisteanach ag gabhail leo. Dream tuatach a bhí ionnta sin ar 'chuile thaobh
Is diabhaltaí an mheas atá ar chlann suirghe agus gan áird ar bith ar chlann dlisteanach. Tá a chomharthaidheacht len a chois annsin. Ní bhreathnóchadh an bhean sin siar ar na fir is gnaoidheamhla ins an tír, agus phós sí é sin nach raibh ann ach mac suirghe. Sin é an scéal!
Mac dlisteanach le Rí agus le Bainrioghan thú a mhic; mac dlisteanach le Rí, ó bhainrioghan thú a mhic = gnáthsheoruidhe cainte i sean-scéalta
Mac dlisteanach le Rí ó bhainrioghan é Mac Rí in Éirinn
"Cé'n sórt athair a bhí agamsa" adeir an buachaill beag. "Mac dlisteanach thú a mhic" adeir an mháthair
'Sé M. an mac dlisteanach. Mac tabhartanais é an mac eile. Ach roínn an t-athair an oighridheacht leis in a dheidh sin. Thug sé an oiread dó agus a thug sé dhá mhac dhlisteanach. Aindeoin go ndearna sé an "mistake", bhí sé díreach cneasta
Ní inghean dhlisteanach í sin chor ar bith. Bhí sí ins an seol shul má phós sí. Duine macánta a bhí ins an bhfear. Bhí sé in a cheann mhaith di ariamh mar bheadh sé dhá inghin féin
Labhaireann an diabhlánach sin cho teann agus dhá mbadh mac dlisteanach é … tuige dhá mbadh eadh. Ní h-eadh muis. Sin é anois an chaoi é
Is cuma dlisteanach nó eile anois iad, má thaithnigheann siad le na fir, pósfaidh siad iad. Ní raibh sé mar sin chor ar bith le mo linn-sa. Is iomdha cor atá ag teacht ins an saoghal
+
an t-airgead dlisteanach = díreach, ceart, dlighmhear; an t-airgead a bhí ag dul dó, a bhí amuigh aige orm, nó a bhí dlighte dhó.
Thug mé an t-airgead dlisteanach dó agus ní bhfuair sé cianóig thairis. Nach mé a bheadh simplí ag dul ag tabhairt rud dó nach raibh ag dul dó
TUILLEADH (6) ▼
Mara bhfaghaidh mise mo chuid dlisteanach féin bainfidh mé caint amach. Leabharsa tiubharfaidh mé isteach agus imiainis (i bhfiadhnuis) an bhréitheamh é agus sin é an buachaill a chuirfeas faoi ndeara dhó cur dhó (dhe)
Ní raibh mé ag iarraidh sop de'n fheamuinn ach mo chion dlisteanach féin, agus ní thiubharfainn cead d'aonduine mé a chur as sin. Ba bheag an baoghal
Ní fiacha cama iad chor ar bith ach fiacha dlisteanacha, agus d'orduigh Dia na fiacha dlisteanacha a íoc. Maran buil leat a n-íoc, cuirfidh mise ins an gcruth thú go n-íocfaidh tú iad. Tá fiaidhnisí (fiadhnuise) agamsa
Má's airgead dlisteanach é, tá cead aige a rogha rud a dhéanamh leis, ach má's airgead mailíseach é, b'fhearr dhó báithte ins an bpoll is doimhne ins an bhfairrge é. Agróchaidh Dia ar fhear na mailíse é luath nó mall
M'anam bí siúráilte hébrí (pé'rbith) cá bhfuair an "straip" sin é, nach airgead dlisteanach é. Fuair tú amach an ceann a mbeadh airgead dlisteanach aice. Sean-strúinse (stróinse) eicínt a rubáil sí
Má fuair sé go dlisteanach é, mise i mbannaí gur beag an chaidéis a chuirfeas na póilíos air faoi. Ach mara bhfuair, gheobhaidh sé garbh é
·
Tá tusa ag rádh gur cogadh dlisteanach ag Sasana é, ach feicthear dhomsa — agus 'sé mo scil ann é, arsa tusa — nach bhfuil rud ar bith dlisteanach ná mí-dhlisteanach i gcogadh, ach an té is láidre ag crapadh leis a bhféadfaidh sé. An té is fhearr dorna (dorn) 'sé is fhearr corna (corn) de'n fheoil, mar adeir an fear fadó
+
Níl sé dlisteanach dó a dhul i mbéal an dearbhráthra faoi'n talamh sin. 'Sé an dearbhráthair a shaothruigh an talamh agus an teach sin ariamh, agus marach a bhfuair sé dhá easonóir, is beag an smais a bheadh ar an áit sin indiu
Níl sé dlisteanach ag fear ar bith deirbhshiúr a mhná a phósadh. Má's cúrsaí de'n tsórt sin é nach bhféadfadh duine a dheirbhshiúr féin a phósadh
TUILLEADH (5) ▼
Níl sé dlisteanach ag duine ar bith a dhul ag tógáil cuid na comharsan, ach ní miste ins an míádh le cuid de na daoine é ach an rud a fhuadach, má fhaghann siad fáill air
Ní bheadh sé cóir ná dlisteanach aige a dhul ag pósadh na mná sin th'éis an cailín beag eile a chur amú leis an fhad seo blianta. Nach bhfuil a fhios ag feara Fáil nach bhféadfadh ádh ná amhantar a bheith ar an bhfear sin. Cuímnigh go bhfuil mise dhá rádh leat …
Is iomdha rud nach bhfuil dlisteanach ag sagairt, a ghníos siad. Mar adeir an ceann eile, "Bíonn a sompla agus a dteagasc seacht n-acraí ó chéile"
Níl sé cóir ná dlisteanach ag duine má bhíonn sé ag imirt chártaí aon-mhailís a dhéanamh. Má's leat a dhul ag cearrbhachas bí cneasta. Sin í mo chomhairle-sa dhuit
Dhá mbeadh an rud sin cóir ná dlisteanach, is beag beag an baoghal go mbeithí dhá chur i dteannta mar sin faoi. Tá sé i ndroch-arán anois deirimse leat, ach mara raibh aon-láimh aige ann is furasta dhó é féin a shaoradh. Ní chreidimse go gcrochtar aon-duine ins an éagcóir

Féach freisin

dlisteanach in iontrálacha eile (11)

 
déan 1
An té a dhéanfas clann go mí-dhlisteanach mar sin, foillseochaidh Dia é féin air
 
Dearbhráthair dlisteanach = blood-brother; ní leas-dearbhráthair
 
diaidh
Ní bheidh lá foráis air ná ar a chlann in a dhiaidh, mar fuair sé an t-airgead cho mí-dhlisteanach sin
 
An té nach n-íocfaidh a chuid dlighteanais is cneamhaire é! Deile céard é. Nach gcloiseann tú ag an sagart 'chuile Dhomhnach é. Agus nar chuala tú in do chuid Teagasc Críostuidhe é: "Ar bhfiacha dlisteanacha a íoc agus a cheart féin a thabhairt do 'chaoinneach". Má choinnigheann Debhalera na "h-Annuities" is le bheith in a chneamhaire dhó é. Fuair muintir na h-Éireann an talamh ar chúntar go n-íocfaidís na h-Annuities agus ní le muintir Shasana a d'íocfaidís iad ach oiread ach le cuid de mhuintir na h-Éireann a thug iasacht uatha go gceann(óchth)aí an talamh. Ag scrios an mhuintir se'againn féin atá muid le na "h-annuities a choinneál. Do dhubhshlán-sa an méid sin a bhréagnú anois th'éis a bhfuil d'fhoghluim ort má's fíor dhuit féin
+
Shíl siad mo chuid talmhana a bhaint díom go mí-dhlisteanach. Dar fiadh rachadh leo freisin, marach cho h-éascaidh agus a thapuigh mé an scéal. D'imreochaidís sin ar Rí na Méaracán
TUILLEADH (6) ▼
Is mí-dhlisteanach an cheird atá uirre, má's mar sin atá sí. Is deacair di an t-ádh a bheith uirre, ní dhá roint léithe é. Níl mailís ar bith adeir siad is mó ná mailís an mheadhchain
Má d'eirigh an talamh agus an t-airgead cho mí-dhlisteanach sin leo, tiocfaidh leaghadh chubhar na h-abhann air. An rud a faightear go dona imigheann sé go dona. Tá siad ag imeacht go h-aerach agus go h-éadálach anois, ach b'fhéidir gur maith maoilscríobach a d'fheicfí fós iad — an té a mhairfeas
Deirimse leatsa gur deacair do shiopadóir gan airgead mí-dhlisteanach a bheith aige. Bhí mise mé féin scathamh leis an obair sin, agus níl cor ná casadh ínnte nach bhfuil a fhios agam. Is duine sé nó seachráin aca atá cneasta
'Séard adeir sean-T. fadó: "Mair cho maith agus a fhéadfas tú, ach ná bí mí-dhlisteanach. Má bhíonn, thú fhéin a bhéas siar leis ins an deireadh"
'Ar ndú' is iomdha rud a bhíos mí-dhlisteanach agus gan fios ag duine chor ar bith air. Ach ní miste dhó. Má bhíonn coinsias duine glan, tá leis
Nach raibh sé mí-dhlisteanach aige a dhul ag iarraidh an oiread sin a bhaint daoib. Nach raibh sé cho maith aige a láimh a chur síos in 'u' (bhur) bpóca, agus an t-airgead a ghoid, le dhul ag déanamh a leithide sin de chleas