Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dlighteanas
ainm-fhocal. Fireann.
Iolraidh — dlighteanais.
rud (airgead, cáin, cíos, fiacha agus rl.) a dlighfidhe (fc. dligh); rud a bheadh amuigh; rud a mbeadh sé de dhualgas ar dhuine a íoc; dualgais.
+
Tá dlighteanas mór amuigh ag Ameriocá ar Shasana ach measaim nach bhfuil aon-rún ag Sasana a íoc. Tá siad ag dul anonn agus anall leis an scéal ó bhí an cogadh ann (cogadh 1914) agus dhá chur ar an méir fhada i gcomhnuí. Sin páirt de ghleacuidheacht Shasana. Tá na fir is "smeartáilte" (smart) faoi'n domhan innte agus níl aon-mhaith d'aonduine a athrú a rádh
Ní chomhairimse gur dlighteanas (fiacha) chor ar bith é sin. Chuir sé orm é gan iarraidh gan athchuinge; ach dar ndóigh níl aon-fhiadhnuisí agam, agus má tá sé ins an leabhar in m'aghaidh — agus tá — caithfidh mé a íoc
TUILLEADH (1) ▼
Tá caint mhór ag Sasana ar na dlighteanais atá amuigh aice ar an tír seo, ach níl caint ar bith aice gur bhain sí amach ar gcuid talmhana le créatúlacht, agus go bhfuil sí anois ag iarraidh orainn a íoc ar ais léithe. Déirce dhá chuid féin do'n amadán. 'Seadh inDomhnach. Is fir gan fuil iad muintir na h-Éireann má thugann siad "na h-Annuities" di. Ach tá cuid aca ag strócántacht ag iarraidh a dtabhairt di. Muid féin a dhíol a chéile ariamh — ariamh ins an saoghal
+
An té nach n-íocfaidh a chuid dlighteanais is cneamhaire é! Deile céard é. Nach gcloiseann tú ag an sagart 'chuile Dhomhnach é. Agus nar chuala tú in do chuid Teagasc Críostuidhe é: "Ar bhfiacha dlisteanacha a íoc agus a cheart féin a thabhairt do 'chaoinneach". Má choinnigheann Debhalera na "h-Annuities" is le bheith in a chneamhaire dhó é. Fuair muintir na h-Éireann an talamh ar chúntar go n-íocfaidís na h-Annuities agus ní le muintir Shasana a d'íocfaidís iad ach oiread ach le cuid de mhuintir na h-Éireann a thug iasacht uatha go gceann(óchth)aí an talamh. Ag scrios an mhuintir se'againn féin atá muid le na "h-annuities a choinneál. Do dhubhshlán-sa an méid sin a bhréagnú anois th'éis a bhfuil d'fhoghluim ort má's fíor dhuit féin
Ná bac thusa le fear ar bith nach bhféachfaidh len a chuid dlighteanais a íoc. Ní bhíonn a leithide sin ach ag iarraidh a bheith ag fás suas ar dhuine eicínt eile i leabaidh ghna (gno) a dhéanamh dhó fhéin. Bhí sé cho maith dhó a dhul amach in a rógaire reatha agus a dhul ag robáil ar bhóithrí leis an "trust" ("trust") a fhaghas sé a fhágáil gan íoc.
TUILLEADH (3) ▼
Is cuma ins an diabhal é a bheith dlighmhear nó gan a bheith. Meastú an gcomhaireann Dia seacht mbliana ná deich mbliana. An té nach n-íocfaidh an dlighteanas, beidh sé roimhe annsiúd ar Leabhar an Chunntais. Sin í an Leabhar a bhfuil géilleadh a bheith di agus ní h-iad leaibhríní beaga bhreitheamh na h-éagcóra
Íoc do chuid dlighteanais agus ná bí ag tuilleamaidhe le aonduine — le siopa, le póilí, le fear próiseannaí ná eile. Sin é adéarfainnse. Dheamhan duine a bhfaca mise tóir ar an dlighe ariamh aige, nach bhfuair a dhóthain dhó (dhe) ins an deire. Tá a dhonacht féin ins an dlighe i gcomhnuí
Ná bac le dlighteanais. Níor íoc an cneamhaire sin aon-cheo i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bheadh sé ag gealladh i gcomhnuí, agus ag iascach leis mar sin, nó go mbeitheá cho meathta ins an deire aige agus go maithfeá dhó é. Chonnaic mé S. Mh. ag dul 'un dlighe leis faoi luach cairr. M'anam-sa ó'n diabhal gur chaith sé S. pér'bí cé'n bealach a rinne dhó é. Chaith mo choinsias. Dheamhan comhaireamh na sop a fuair S. th'éis go dtug sé go seisiún é. An breitheamh a bhí bríbeáilte aige nó caoi eicínt. Ara bhí an-toidheacht i láthair ann agus níl aonduine beo nach mionnóchadh gurb í an fhírinne a bheadh aige an uair a thosóchadh sé ag ceartú dhuit.
·
Bhí dlighteanais air is 'chuile áit agus ní raibh sé ag íoc tada. Tháinig siad fré chéile ins an mullach air ins an deire agus chandáil siad an áit. Ach níor thada ar na fiacha luach na h-áite. Is dona an rud an iomarca a leigean suas an uair nach mbíonn slighe ag duine len a íoc
Má tá sé de dhlighteanas ort, ní leigfidh siad siúd aon-fhaillighe in a ngna (ngno). Tiocfaidh leota de pháipéar amach agad, agus leota agus leota eile agus próis faoi dheire — nó go n-íocaidh tú é. B'fhearr do dhuine a bheith creínnte leis an lá cáirde le h-aghaidh rudaí de'n tsórt sin ná a leigint thairis. Is ag tarraingt trioblóide air fhéin a bhíos sé

Féach freisin