Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlús
/dlūs/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an dlúis
chuala mé dluais (/dlūəš/) agus gluais (/ɡlūəš/) ar an bhfocal seo ar an Achréidh (Liam Ó Flaithbheartaigh, An Carn Mór, Baile Chláir)
1.
deifir, broid, cipín, crú a chur ina thosach.
+
Cuir dlús leis anois nó beidh tú dhá uireasa — téirigh ar a thóraíocht gan mhoill
Mura gcuire sibh dlús leis an bhfeamainn, ní éireoidh aon tsop libh i mbliana — mura gcuire sibh broid ionaibh féin ag dul dá tóraíocht
TUILLEADH (8) ▼
Tá an t-athair ag cur dlús leis an bpósadh. Deifir atá air go bpósa sé an mac siúd as an mbealach, faitíos go dtosódh sé ag stróiceadh ag iarraidh a dhul Sasana aríst
Mo chomhairlese dhuit dlús a chur le do chuid airgid. Drochdhíolaí é sin. Ní mian leis scaradh le pingin ar bith dhá mbeidh aige. Buail síos go dtí é de mhaoil do mhainge agus abair leis é a thabhairt duit
Is fearr dhuit dlús a chur leis, nó beidh sé uait
Ó tharla an cogadh a bheith thart anois, ba cheart go mbeidís ag cur dlúis le rudaí aríst. Is gearr go mba cheart do tae a bheith isteach agus d'ola lampa
Tá an sagart ag iarraidh dlúis a chur léithe (scoil nua). Tá sé ag iarraidh í a bheith déanta roimh an ngeimhreadh, i gcruth is go gcoiscfidh sé aistir do na gasúir
Bhí mé ag éisteacht le fear ag speecháil ansin thoir an lá faoi dheireadh. Má b'fhíor dó siúd, rinne siad cat agus dá rioball. Tháinig sé go dtí an béal agam fiafraí dhó, ó bhí sé chomh bastallach, tuige nár cuireadh dlús le rud eicínt anseo a thabharfadh slí bheatha do na daoine thar is iad a bheith meata ag rith anonn is anall go Sasana
Má théann sé isteach, gheall sé dhom go gcuirfeadh sé dlús leis an mbóithrín sin suas. 'Ná bíodh faitíos ort,' adeir sé. 'Cuirfidh mise crú ina thosach anois'
Níl dlús ar bith againn le teach a fháil déanta. Dhá mbeadh scioból déanta, 'sé ba ghaire do leas
·
Shílfeá go bhfuil an-dlús ag dul le airgead an phortaigh i mbliana. Bhí sé ráite ar an bpáipéar a tháinig againne é a bheith íoctha roimh an cúigiú lá déag den mhí seo
Mura dté dlús le na meaingeals muis, níl ghnaithe ar bith a dhul dhá gcur. Tá sé buille deireanach cheana féin, ach má ligeann sibh an tseachtain seo tharaibh beidh sé thar am
+
Bhí sé anseo inniu ab ea? Ag iarraidh an tuarastail? Nach aige atá an dlús leis! Shílfeá gur ag dul a chodladh ina throscadh atá sé. Is maith an dícheall do na daoine sagairt a choinneáil íoctha. Ag sclamhaireacht ag iarraidh airgid chuile lá
Níl dlús ar bith leis an obair sin thar chuile obair
TUILLEADH (3) ▼
Breá nach scríobhann sibh an litir sin agus gan a bheith dhá cur ar an méir fhada i gcónaí. Nach bhfuil a fhios agaibh féin go bhfuil dlús léithe
Fág mar sin an obair sin go ceann seachtaine. Tá breith mhaith uirthi sin. Níl aon dlús léithe
Níl aon dlús mór mar sin le imeacht. Ní thiocfaidh an bus go dtí an deich
2.
 anró, easonóir, cruóg.
+
Chuala mé caint air ach níor chuir mé aon dlús ariamh le fiafraí céard é féin — níor chuir mé aon easonóir orm féin le fiafraí; ní raibh an rud ag goilliúint sách mór orm le go gcuirfinn anró orm féin ag cur tuairisce
Is rud í an fhoghlaim má chuireann duine dlús léithe go mbeidh sí aige. Ach bhí na gasúir a bhíodh fadó ann an-doscúch. Ní chuirfeadh do cheann fine ag an scoil iad mura dtograídís féin é — caitear luí le fonn leis an bhfoghlaim agus gan siléig ar bith a ligean inti
TUILLEADH (4) ▼
An té nach gcuirfidh dlús lena ghnaithe, beidh siar dhó fhéin, agus is beag an scéal é
Má tá pian chomh gártha sin ort, ní foláir duit dlús a chur léithe. Níl gnaithe ar bith a bheith dhá buachailleacht. Siúd é atá agat a dhéanamh: bualadh soir chuig an dochtúr an chéad lá eile
Dar príocaí níor chuir mé aon dlús fiafraí dhó cén chaoi a raibh an t-athair: shíl mise go raibh sé ar a sheanléim le fada
Tá rún agam dlús a chur le cuid mhaith den rud sin fhéin a dhéanamh amach anseo. Beidh mé ag stócáil, agus ag cur na leacrachaí sin soir ar an mbealach i leaba a chéile. Is mór an úis iad ansin

Féach freisin

dlús in iontrálacha eile (8)

 
Ní bheidh siad an-deifreach leis mura gcuire duine fhéin dlús leis
+
deis
Shín sé amach páipéar deich bpunt agam. 'Seo anois a bhean chóir,' adeir sé. 'Íoc do chuid dliteanais leis sin, agus ná bíodh deifir ar bith ort dhá íoc liomsa, nó go dteaga sé ar do dheis go maith. Níl dlús ar bith agamsa le airgead.' Caraid a dhéanfadh é, nach ea
TUILLEADH (1) ▼
Fág mar sin é, nó go dteaga sé ar do dheis go maith. Ach a dteaga, déan é, ach níl dlús ar bith leis go dtí sin
 
Rinne sé díchúis dom. Leag sé a raibh de chlaíochaí ar na barra garbha agam agus gan a dhath údair aige leis, ach lá anseo ar iarr sé an carr orm le aistir móna a thabhairt abhaile. Ní raibh aon ghair agam a thabhairt dó an lá céanna thar laethantaí an domhain, arae bhí mé féin ag feamnú an lá céanna. Dúirt mé leis mura raibh aon dlús mór leis, é a fhágáil go dtí an lá dár gcionn, agus go bhféadfadh an carr a bheith aige ar feadh an lae. Ach d'imigh sé uaim mar a bhuailfeá ar an gcluais é. Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, tá smut air liom
 
díol 2
Níl cuntanós ar bith ag na cléireachaí dole sin d'aon duine. Thug mé páipéar isteach acu uair. Rug cléireach air. Bhreathnaigh sé air, ar éigean. Chaith sé uaidh é agus bhuail sé cic air. Thug sé chuile dhíol orm nuair nach dtáinig mé isteach aige an lá roimhe sin leis. Agus gan dlús ar bith leis an bpáipéar go ceann míosa dá dtograínn é!
 
Ní chuireann J. dlús ar bith le fiacha, má ghníonn tú díolaíocht nuair a bheas sé agat. Ach is deacair do dhuine ar bith ligean leat mura gcaithe tú rud eicínt aige corruair. Diabhal caidéis a chuirfeas sé choíchin ort má choinníonn tú bainte dhó (dhe) chor ar bith. Ach ní shásaíonn tada cuid de na daoine ach nuair a bhíos an t-airleacan caite acu i siopa, a dhul go dtí siopa eile agus an sos céanna a thógáil ann
 
D'fhanfainnse muise in mo dhóthain murach an dlús a bhí liom thíos. Ní raibh aon bhreith agam ar an áit thíos
 
dún
Má bhíonn tú sa mbaile le dúnadh na hoíche, beidh tú ann sách luath. Cén chruóig baile atá ort? Nach bhfuil neart ann tharat le freastal ar bheithígh agus eile? Dheamhan dlús ar bith leat sa mbaile, ná cuid de dhlús