Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dlúthas
/dlūs/
ainm-fhocal; fireann
geineamhnach uathaidh: an dlúthais.
Chuala mé dluais (/dlūəš/) agus gluais (/ɡlūəš/) ar an bhfocal seo ar an Achréidh (Liam Ó Flaithbheartaigh, Carnmór, Baile an Chláir)
1.
deifir, bruid, cipín, crudh a chur in a thosach.
+
Cuir dlúthas leis anois nó beidh tú dhá fhuireasbhaidh = teirigh ar a thóraidheacht gan mhoill
Mara gcuiridh sib dlúthas leis an bhfeamainn, ní eireochaidh aon-tsop lib imbliana = mara gcuiridh sib bruid ionnaibh féin ag dul dá tóraidheacht
TUILLEADH (8) ▼
Tá an t-athair ag cur dlúthas leis an bpósadh. Deifir atá air go bpósaidh sé an mac siúd as an mbealach, faitíos go dtosóchadh sé ag strócadh ag iarraidh a dhul Sasana aríst
Mo chomhairle-sa dhuit dlúthas a chur le do chuid airgid. Droch-dhíolaidhe é sin. Ní mian leis scaradh le pinginn ar bith dhá mbeidh aige. Buail síos go dtí é de mhaol de mhainge agus abair leis é a thabhairt duit
Is fearr dhuit gluais a chuir leis, nó beidh sé uait
Ó thárla an cogadh a bheith thart anois, ba cheart go mbeidís ag cur dlúthais le rudaí aríst. Is gearr go mbadh cheart do tae a bheith isteach agus d'ola lampa
Tá an sagart ag iarraidh dlúthais a chur léithe (scoil nuadh). Tá sé ag iarraidh í a bheith déanta roimh an ngeimhreadh, i gcruth agus go gcoiscfidh sé aistir do na gasúir
Bhí mé ag éisteacht le fear ag "speecháil" annsin thoir an lá faoi dheireadh. Má b'fhíor dó siúd, rinne siad cat agus dá rioball. Tháinic sé go dtí an béal agam, fiafruighe dhó, ó a bhí sé cho bastalach, tuige nachar cuireadh dlúthas le rud eicínt annseo a thiubharfadh slí bheatha do na daoine thar agus iad a bheith meathta ag rith anonn agus anall go Sasana
Má theigheann sé isteach, gheall sé dhom go gcuirfeadh sé dlúthas leis an mbóithrín sin suas. "Ná bíodh faitíos ort" adeir sé. "Cuirfidh mise crudh in a thosach anois"
Níl dlúthas ar bith againn le teach a fháil déanta. Dhá mbeadh scioból déanta, 'sé ba ghoire do leas
·
Shílfeá go bhfuil an-dlúthas ag dul le airgead an phortaigh imbliana. Bhí sé ráidhte ar an bpáipéar a tháinic againne é a bheith íoctha roimh an cúigeadh lá déag de'n mhí seo
Mara dteighidh dlúthas le na "meaingiols" muis, níl ghnatha ar bith a dhul dhá gcur. Tá sé buille deireannach cheana féin, ach má leigeann sib an tseachtain seo tharaibh beidh sé thar am
+
Bhí sé annseo indiu ab eadh? Ag iarraidh an tuarastail? Nach aige atá an dlúthas leis! Shílfeá gur ag dul a chodladh in a throscadh atá sé. Is maith an dícheall do na daoine sagairt a choinneál íoctha. Ag sclamhaireacht ag iarraidh airgid 'chuile lá
Níl dluais ar bith leis an obair sin thar 'chuile obair
TUILLEADH (3) ▼
Breagh nach scríobhann sib an leitir sin agus gan a bheith dhá cur ar an méir fhada i gcomhnaí. Nach bhfuil a fhios agaibh féin go bhfuil dlúthas léithe
Fág mar sin an obair sin go ceann seachtaine. Tá breith mhaith uirre sin. Níl aon-dlúthas léithe
Níl aon dlúthas mór mar sin le imeacht. Ní thiocfaidh an bus go dtí an deich
2.
anró, easonóir, cruadhóg.
+
Chuala mé caint air ach níor chuir mé aon-dlúthas ariamh le fiafruighe céard é féin = níor chuir mé aon-easonóir orm féin le fiafruighe; ní raibh an rud ag goilleamhaint sáthach mór orm le go gcuirfinn anró orm féin ag cur tuairisce
Is rud í an fhoghluim má chuireann duine dlúthas léithe go mbeidh sí aige. Ach bhí na gasúir a bhíodh fadó ann, an-doscúch. Ní chuirfeadh do cheann finne ag an scoil iad, mara dtogruighidís féin é = caithtear luighe le fonn leis an bhfoghluim agus gan siléig ar bith a leigean innte
TUILLEADH (4) ▼
An té nach gcuirfidh dlúthas len a ghnatha, beidh siar dhó fhéin, agus is beag an scéal é
Má tá pian cho gártha sin ort, ní fuláir duit dlúthas a chur léithe. Níl gnatha ar bith a bheith dhá buachailleacht. Siúd é atá agad a dhéanamh: bualadh soir chuig an dochtúr an chéad lá eile
Dar príocaí níor chuir mé aon-dlúthas fiafruighe dhó cé'n chaoi a raibh an t-athair: shíl mise go raibh sé ar a shean-léim le fada
Tá rún agam dlús a chur le cuid mhaith den rud sin fhéin a dhéanamh amach annseo. Beidh mé ag stócáil, agus ag cur na leacrachaí sin soir ar an mbealach i leabaidh a chéile. Is mór an úais iad annsin

Féach freisin

Dlúthas in iontrálacha eile (8)

 
Ní bheidh siad an-deifireach leis mara gcuiridh duine fhéin dlúthas leis
+
deis
Shín sé amach páipéar deich bpunt agam. "Seo anois a bhean chóir" adeir sé. "Íoc do chuid dlighteanais leis sin, agus ná bíodh deifir ar bith ort dhá íoc liomsa, nó go dteagaidh sé ar do dheis go maith. Níl dlúthas ar bith agamsa le airgead". Caraid a dhéanfadh é, nach h-eadh
TUILLEADH (1) ▼
Fág mar sin é, nó go dteagaidh sé ar do dheis go maith. Ach a dteagaidh déan é, ach níl dlúthas ar bith leis go dtí sin.
 
Rinne sé dí-chúis dom. Leag sé a raibh de chlaidheachaí ar na barra garbha agam agus gan a dhath údair aige leis, ach lá annseo ar iarr sé an carr orm le aistir móna a thabhairt abhaile. Ní raibh aon-ghoir agam a thabhairt dó an lá céadna thar laetheantaí an domhain, arae bhí mé féin ag feamnadh an lá céadna. Dubhairt mé leis mara raibh aon-dlúthas mór leis, é a fhágáil go dtí an lá dár gcíonn, agus go bhféadfadh an carr a bheith aige ar feadh an lae. Ach d'imigh sé uaim mar a bhuailfeá ar an gcluais é. Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, tá smut air liom
 
díol 2
Níl cúntanás ar bith ag na cléireachaí "dole" sin d'aonduine. Thug mé páipéar isteach aca uair. Rug cléireach air. Bhreathnuigh sé air, ar éigin. Chaith sé uaidh é, agus bhuail sé cic air. Thug sé chuile dhíol orm an uair nach dtáinig mé isteach aige an lá roimhe sin leis. Agus gan dlúthas ar bith leis an bpáipéar go ceann míosa dá dtogruighinn é!
 
Ní chuireann J. dlúthas ar bith le fiacha, má ghníonn tú díolaidheacht an uair a bhéas sé agad. Ach is deacair do dhuine ar bith leigean leat mara gcaithidh tú rud eicínt aige corr-uair. Diabhal caidéis a chuirfeas sé choidhchin ort má choinnigheann tú bainte dhó (dhe) chor ar bith. Ach ní shásuigheann tada cuid de na daoine ach an uair a bhíos an t-áirleacan caithte aca i siopa, a dhul go dtí siopa eile agus an sos céadna a thógáil ann
 
D'fhanfainnse muise in mo dhóthain marach an dlúthas a bhí liom thíos. Ní raibh aon-bhreith agam ar an áit thíos.
 
dún
Má bhíonn tú ins an mbaile le dúnadh na h-oíche, beidh tú ann sáthach luath. Cé'n chruadhóig baile atá ort? Nach bhfuil neart ann tharat le freastal ar bheithidhigh agus eile? Dheamhan dlúthas ar bith leat ins an mbaile, ná cuid de dhlúthas