Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díolaidheacht
ainm-fhocal, ainm-bhriathar; buineann
níl aon-iolraidh aige
íocaigheacht.
a.
+
Is deacair díolaidheacht a dhéanamh leis an sagart atá agaibhse. Deir siad go bhfuil sé an-ghéar faoi airgead agus go mbíonn sé ag bánrán igcomhnuí i gcomhnuí, nach bhfaghann sé a cheart. Is beag "an tuarastal" a íocas muide annseo chor ar bith. Tá sé réidh go leor a chuid a thabhairt do'n Athair P.
Is mór an dícéille a bhí ort ó a chuaidh tú i gcleitheamhnas tighe a dhéanamh, nachar thug leat fear a chríochnóchadh amach faoi shásamh é, thar agus na cliobairí sin a bhí agad nach ndéanfadh smeach ann lá ins an choicís ó thosóchaidís é. M. Sh. a bhí againne agus má's é féin níl goir ag ceachtar aca air. Agus ní fhaca tú aonduine ariamh is gleoite ná é le díoluidheacht a dhéanamh leis. Uair ar bith a mbeadh sé so-laimhsighthe agad féin, ghlacfadh sé é. Agus ní éileochadh sé go deo é go dtogróchthá a thabhairt dó. Dheamhan a n-íoctaí uair ins an ráithe annseo scaithtí é
TUILLEADH (3) ▼
Ní furasta díoluidheacht a dhéanamh leis an gceann céadna agus tá a shliocht air: is beag atá ag fanacht aige. Ag tarbh Sh. Mh. Sh. atá a dtarraingt uiliog anois. Ní bhíonn laogh ag bó uair an chluig an uair a bhéas an scanrachán seo anoir ag éiliú díoluidheacht', hébrí cé'n sórt neach atá aige go mbeidh a fhios aige go dtí ala an chluig cé'n puinte a mbéarfaidh sí
Ní féidir díoluidheacht a dhéanamh leis an bhfear seo. Is mian leis a dhul go bun an amhgair leat ceart, agus thú a bhánú má fhéadann sé. Is dó is fusa ó thárla nach bhfuil aonduine eile ag dul in a bhéal. Bhí fear bhuailte coirce annseo anuiridh — an G. — agus ba é an fear ab éascaidh a riaradh é, a chonnaic tú ariamh. Ba suarach an t-iongnadh go raibh gnaoi na ndaoine air
Is gearr go gcaithtear díolaidheacht a dhéanamh anois muis, maran lib an sirriam a bheith ag tarraingt na bpluideannaí dhíb maidin eicínt roimh lá. Tá a gcuid airgead acraí íoctha ag 'chuile dhuine. Ach 'ar ndú' caithfidh cuilthíneach a bheith ar 'chuile thréad. Bíodh aca. Bhí muid roimh an lá cáirde ariamh go dtí i mbliana
·
Má theigheann tú i mbannaí déan díolaidheacht (nó díol — tá an dá fhuirm air) = má theigheann tú i mbannaí ar dhuine, ní dóithide an Cháisc ar an Domhnach nó brisfidh sé na bannaí agus caithfidh tusa cur dhíot nó íoc annsin leis an mbannaí a fhuascailt (fc. bannaí)
b.
íocaigheacht áirleacain nó cáirde.
+
Dar brigh an leabhair, níl call casaoid' ar bith dhom ortsa. Tugann tú díolaidheacht mhaith dhom. Ní raibh tú ariamh nach raibh an t-áirleacan ag teacht ag gáiridhe agad, ní hé sin do dhaoine eile é. 'Bhfeiceann tú an leabhar sin annsin. Tá daoine annsin …
Ná leig an díolaidheacht choidhchin i bhfad-scéil. B'fhearr liom a bheith faoi chumaoin ag aonduine beo ná ag fear siopa. Má bhíonn aon cheo aige ort, feicfidh tú pus cho fada le dris fhireann air 'chuile uair dhá ngabhfaidh tú isteach aige
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag cur tuairisc Bh. liom an lá cheana. "Is fadó an lá nach bhfaca mé isteach í" adeir sé. Is cosamhail nar thug sí aon-díolaidheacht dó le fada. Ní mórán maitheasa dhó muise guth a bheith aige uirre siúd. Beidh déidín tuitthe aige ag fuirgheacht leis shul a dhéanfas sí siúd díolaidheacht leis
+
Níl drugal ar bith aige áirleacan a thabhairt uaidh, an té a dhéanfas díolaidheacht leis mar is ceart, ach dar fiaguidhe ní milleán ar bith air a bheith géar leis an duine a thóigfeas foracún mór ann, agus nach mbeidh deifir ar bith air faoin a íoc
Ní chuireann J. dlúthas ar bith le fiacha, má ghníonn tú díolaidheacht an uair a bhéas sé agad. Ach is deacair do dhuine ar bith leigean leat mara gcaithidh tú rud eicínt aige corr-uair. Diabhal caidéis a chuirfeas sé choidhchin ort má choinnigheann tú bainte dhó (dhe) chor ar bith. Ach ní shásuigheann tada cuid de na daoine ach an uair a bhíos an t-áirleacan caithte aca i siopa, a dhul go dtí siopa eile agus an sos céadna a thógáil ann
TUILLEADH (5) ▼
Is maith í an cháirde do'n té atá in a call, ach ba cheart do dhuine má tá sé in a acmhuinn chor ar bith, díolaidheacht a dhéanamh cho maith agus a fhéadfas sé. 'Sí an díolaidheacht dhona a fhágas 'chuile dhuine gan tada a fháil
Níl F. ag tabhairt trust ar bith uaidh anois i ngeall ar dhroch-dhíolaidheacht adeir sé. B'éigin dó eirghe as, nó bhánóchadh sé é féin
Tá sé thar am agad anois díolaidheacht a dheanamh liom. Is maith trom an bille atá in t'aghaidh annseo, agus tá faitíos orm nach bhfuighidh tú níos mó le tógáil go gcuiridh tú anuas é seo, anuas rud eicínt ar dtús
Tháinig mé le díolaidheacht a dhéanamh leat. Tá sé thar am, ach dheamhan neart a bhí ag na daoine air, no gur díoladh an dá shúgán muice sin
Is furasta do dhuine teach mór a bheith aige thíos inG. Ach cé mhéad aca a bhfuil na tighthe thar barr-amach aca? 'Sé an chaoi a bhfuil na tighthe sin ar fad iad a thógáil ar an oiread seo ins an mbliain, agus díolaidheacht a dhéanamh annsin orra de réir na míosa nó an ráithe. Mara mbeidh tú suas leis an lá cáirde annsin i gcomhnuí, cuirfidhear as seilbh thú ar an bpuínte boise, agus beidh duine eicínt eile istigh in t'áit. Nach bhfuil na mílte ag forcabhás ar thighthe ann, agus é cínnte orra a bhfáil
+
Dheamhan duine in Éirinn nach bhfuil S. Ph. Mh. ag díolaidheacht leis má fhághann sé é = tóigfidh sé áirleacan is chuile áit dhá bhfuighidh sé é (tá sé i gceist ann freisin ar bhealach eile nach deagh-dhíolaidhe é, ach go mbíonn sé ag iarraidh trust ar 'chuile dhuine, go n-íocann sé beagán leis an té seo, ach go bhfágann sé an ceann trom de na fiacha gan íoc, agus go dteigheann sé ag lorg áirleacain i bpadhar eicínt eile)
Dheamhan siopa inG. nach mbíodh sé sin ag díoluidheacht leis scathamh. Bhí siad uiliog ins an mullach air faoi dheireadh, agus iad ag strócadh ag iarraidh an áit a chandáil. Tháinig an sirriam air míle uair, ach má tháinig féin, chinn orra aon-cheo a bhaint dó. Ní bhainfeadh súiste Oscair aon-phighinn as a chreatlaigh siúd!
TUILLEADH (1) ▼
Ní shin fear ar bith le bheith ag díolaidheacht leis. Mara gcoinnighidh tú féin cuntas ar a bhfuighidh tú, níor dhóighide cleas dó sin ná an oiread eile a bhualadh ar do bhille. Maidir le coinsias níl sé aige. Fagh thusa an siopa a bhainfeas an ceart amach, feiceamuist! /

Féach freisin

díolaidheacht in iontrálacha eile (2)

 
Deir siad go mbadh an-díolaidhe é an t-Athair M. ach nach raibh rath ná rígheacht ar an Athair D. Bhíodh S. Ph. Th. ag imeacht ag carraeracht aige — ag an Athair D. — ag tabhairt mhóna agus phlúir agus 'chuile shórt dhá dteastuigheadh uaidh chuige. Bhí dubh-phlód beithidheach aige agus bheathuigheadh sé thar cionn iad le bran, agus min mhór, agus cácaí. Idir 'chaon tsórt bhíodh S. Ph. Th. ar bóthar 'chuile lá, nó ionann agus é. Meastú 'chuile uair a dteastuigheadh a pháighe uaidh nach gcaithfeadh sé a dhul agus a mheabhrú do'n tsagart, agus annsin féin, b'fhéidir go gcaithfeadh sé an cleas sin a dhéanamh faoi dhó agus trí h-uaire, shul a gheobhadh sé aon-phighinn. Ba deacair leis an Athair D. scaradh le tada. Níorbh fhéidir díolaidheacht a bhaint as
 
Ghreamuigh sé dhó sin a bheith in a dhroch-dhíolaidhe. 'Ar ndú' bhí cáil na máthar i bhfad agus i ngearr. Bhíodh sí i gcomhnuí ag imeacht ag iarratas agus an té a thiubharfadh áird uirre ní dhéanfadh sí aon-díolaidheacht go bráth leis. Bhí sí uair annseo agus cíos ag teacht treasna uirre, agus tháinic sí aníos chugam agus mé ag obair ingarrdha na L. Thug mé chúig phunt di go dtí lá an aonaigh a bhí chugad, má b'fhíor di féin. Bhí airgead an uair sin ann in a shnáthmara le linn an Chogaidh. Tháinig lá an aonaigh agus d'imigh sé ach ní raibh aon-chaint ar mo chúig phunt. Chaith mé an tsíorraidheacht ag tuineadh léithe shul á fuair mé é. Bhí an mhaith bainte as faoi dheireadh, ag fanacht leis