Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díle
ainm-fhocal; buineann
iolraidh = díltí, dílí.
Ní thagann aon-chlaochlódh tuisil air ach go h-annamh. Deirtear díleann geineamhnach amannta, ach níl dílinn tabharthach ann
1.
An Forlach mór a chuaidh thar an domhan aimsear Noa.
a.
+
Ar chuala tú ariamh faoi'n uair a ndeacha an Díle thar an Domhan = deirtear igcomhnuí go ndeacha an Díle thar an Domhan aimsir Noa
Báitheadh an saoghal an uair a chuaidh an Díle thar an Domhan. Deir siad gur dóigheadh é uair eile. Is dóigh gurb é a phlúchadh a dhéanfar an chéad "turn" eile
TUILLEADH (4) ▼
Chuaidh an díle thar an Domhan agus chuir Dia an bogha báistighe ins an aer le innseacht do na daoine nach mbáithfeadh sé aríst go deo é
Fadó, an uair a chuaidh an Díle thar an Domhan, níor tháinic as ach Noa, a bhean, a thriúr mac, a thriúr inghean agus a gcuid fear. Chuaidh siad isteach ins an Áirc agus sin é a thug beo iad. An uair a shíl Noa go mba cheart do'n tuile a bheith traoithte, chuir sé amach an fiach dubh le scéala a thabhairt isteach aige. Níor tháinig an fiach ar ais len a scéal féin ná le scéal aon-duine eile. D'fhan sé imbun an chasam air. Sin é teachtaire an fhiadha ó'n Áirc agad
An uair a bhí an Díle ag dul thar an Domhan adeir siad, chaith sé dhá fichead lá ag báisteach gan aithdeal ar bith, agus bhí dhá fichead galún is 'chuile bhraon di. Ní raibh a dhath féin de'n domhan leis — oiread agus méid leithphighne féin
Is fadó ó a chuaidh an Díle thar an Domhan. Chreidim gur i dtús an tsaoghail é. Lá Fheil San Swith a thosuigh sé. Tá an gheis sin ar an lá sin ó shoin, má bhíonn sé fliuch an lá sin go mbeidh sé fliuch go ceann dá fhichead lá in a dhiaidh. Tabhair faoi deara bliain ar bith é. Cuirfidh mé geall leat go bhfuil an fhírinne agam. Ná creid thusa ó fhear ar bith nach mbeidh
+
"Fionntán Fáidh nar báitheadh ins an Díle" = deirtear nar báitheadh Fionntán ins an Dílinn
Tá sé sin cho sean le Fionntán Fáidh nar báitheadh ins an Díle = an-tsean; aois chapall na muintire
TUILLEADH (7) ▼
Tá an scoirbín siúd ariamh ann. Tá aois Fhionntán Fáidh aige, nar báitheadh ins an Díle.
Is cú-aois (comhaois) é sin le Fionntán Fáidh nar báitheadh ins an Díle. Ní fhaca aon-duine annseo ariamh óg é
Dhá mbeitheá cho sean anois le Fionntán Fáidh nar báitheadh ins an Díle, ní bhfuighidh tú aon-phinsean mara bhfuil t'aois agad. Agus is mór annseo nach bhfuil aon-pháipéar aca ar a n-aois, ná nach bhfuil indon aon-pháipéar a fháil ach oiread. Cuireadh amú a raibh d'aoiseannaí ins an séipéal sin thoir
Tá sean-fhear eile ann nach bhfaca mise ariamh ach aon-uair amháin, agus is sine é ná Fionntán Fáidh nar báitheadh ins an Díle. Chonnaic mé ag teacht anuas an sean-bhoithrín taobh thiar annsiúd é, agus ualach móna ar asal aige. Is beag a chorruigheas sé amach chor ar bith sílim. Níl aon-ghus 'e rath ann.
'Sí M. Ph. is sine ins an tír seo anois. Tá bliain nó dhó aice ar Fhionntán Fáidh nar báitheadh ins an Díle sílim!
Dá mbeitheá-sa ann le linn Fhionntán Fáidh nar báitheadh ins an Díle bheadh a fhios agad é sin. Níl aon-mhaith dhuit dhá fhiafruighe dhíomsa. Ní raibh mise ann len a linn. Dia a shábháil é, 'chreidim. Cé eile a d'fhéadfadh a shábháil?
Sean-fheairín beag cromta coiligneach a bhí ann. Ba gheall le Fionntán Fáidh é nar báitheadh ins an Díle, bhí féasóig cho fada cho liath sin air. Níor chuir mé chuige ná uaidh, ach chonnaic mé ag scaimhléaracht ar ghasúir annsiúd é, agus déarfainn go mba francuighthe an peata é deich mbliana agus trí fichid ó shoin
+
Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan len a raibh sé a chaitheamh de bháistigh = bhí an-bháisteach ann
Bhí sé ag caitheamh sceana gréasuidhe agus an barr-géar díobh anuas, ar feadh na h-oíche. Sceith an sruthán isteach ar an tsráid, agus isteach ins an teach. Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan
TUILLEADH (7) ▼
Tá an lá indiu ins an gclaidhe aríst, ní ag ceasacht ar Dhia é. 'Chuile lá anois ag baint fearr a's barr dá chéile. Gabhfaidh an Díle thar an Domhan mara bhfuil ag Dia
Dhá dteigheadh an Díle thar an Domhan — sábhálaidh Dia sinn — bheadh teas an aithne in a thóin siúd ag dul amach! Ní choinneochaidh rud ar bith istigh é sin, nó go mbuailidh an donacht in éindigh é. An uair sin, feicfidh tú féin air, dá antlásaighe dá bhfuil sé ag an obair, go bhfanfaidh sé istigh.
Is síorruidhe an mhí bháistighe í. Tá forloch ins chuile áit. Má mhaireann dó ar an gcaoi seo tiocfaidh an Díle thar an Domhan. Ní fhaca mé a leithide de bháisteach ó bhliadhain an bhrosna
Tá a fhios agad go maith go mba deannachtach an ráig í, agus go raibh mé ag breathnú amach ar an turloch siúd agus na gasúir ag bualadh báire ann ar maidin. Trathnóna tháinic muintir Ch. anall thar an abhainn go dtí béal an doruis, ins an teach a raibh mé, imbád. Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan bhí sé cho dona … Síleann tú gur ag cumadh atá mé. Dar mo choinsias muis ní h-eadh. Sin í lom-chlár na fírinne duit, cho maith agus dhá gcloistheá amach ó bhéal an tsagairt é. Fiafruigh de J. Mc G. é, an chéad uair eile a thiocfas sé ar cuairt
Dheamhan aithdeal ná aithdeal ná cosamhlacht ar bith air. Tá ceann-faoi ar an lá ar fad. Má sheasann sí ar an táirm sin, gabhfaidh an Díle thar an Domhan ach grásta Dé. Is furasta aithinte. Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine i gcomhnuí.
Dhá bhfeictheá an tuile ag eirghe ins an abhainn siúd agus ag sceith síos ar fud an bhaile mhóir agus tighthe dhá mbánú, déarfá leat fhéin go raibh an Díle ag dul thar an Domhan aríst. Ní thiubharfá samhail ar bith dhi ach é … Dar brigh an leabhair, bhí 'chuile dhuine ag imeacht as na tighthe, agus ag crapadh leo an méid a d'fhéad siad de'n troscán.
Cé'n chaint sin ort faoi'n Díle a dhul thar an Domhan. Ní ghabhfaidh an Díle thar an Domhan go deo aríst. Nar gheall Dia do Noa nach dtiocfadh. Sin é an fáth ar chuir sé an bogha báistighe ins an spéir. Cheal nar chuala tú ariamh é sin. Is mór nar chuala tú muis.
+
Tá sé sin ann ó'n Díle = tá sé an-tsean; tá aois mhór aige
Mo chreach muise a mbainfidh mise d'fhéar leis an miodaichín speile sin atá ann ó'n Díle. B'fhéidir dhá bhfaighteá speal nua dhom go mbeinn indon foghail eicínt a dhéanamh air … Má tá spealta cho gann sin bainighidh le corráin é. 'Bhfuil fhios aghad cá bhfaca mé fear ag sáthadh speile isteach i móta: thíos ar an E. Mh. Mara bhfuil aon-drugal ort, gabhfamuid síos anocht, agus goidfeamuid í: síos treasna. Is beag an bhrigh é: naoi nó deich de mhílte
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé in am aige a bheith caithte mar dheimheas. Tá sé ann ó'n díle. P. céad slán dó atá i Meiriocá, a cheannuigh idtosach é. 'Sé a bhearr a raibh de chaoirigh ar an mbaile ariamh
Tá an roillig sin ann ó'n Díle. Bhí na naoimh innte sin. Tá cuid aca curtha innte. Thoir ins an áit a bhfuil na driseacha agus na neanntógaí anois, tá sean-leacrachaí. Annsin atá siad curtha
Ná ceannuigh aon-ghreim de'n fheoil sin a thug tú leat an lá faoi dheire. Tá sí saillte ó'n Díle
"Troscadh a rinne mé Dé h-Aoine; Bhí fuighleach éisc agham 'mo dhiaidh ar clár —; Go mbadh sean-iasc lobhtha é a bhí saillte ó'n Díle; Agus é faoi shaltpetie ó bhun go barr" (As amhrán: "Seán Ó Maonaigh")
Tá sé sin caillte ó'n Díle. 'Sé mo ghéar-chuimhne-sa P. a dhearbhráthair a fheiceál beo agus sílim go raibh seisean básuighthe le fada na mblianta roimhe.
Ara cé'n donacht sin ort! Tá an diabhal sin meath-thinn mar sin ó'n Díle, agus is beag an chlóic air in a dheidh sin. Dheamhan a dhath. Ag dul 'un aois na h-óige atá sé, seadh sin.
Fuair mise mo sháith de'n áit cheana. Chuaidh muid isteach ag ithe béilí ann lá. Dhá bhfeictheá an scudalach de tae a thug sí dhuinn — níor baisteadh ariamh é. Agus an builín a fuair muid, bhí sé ceannuighthe ó'n Díle
+
Sean-teach ó'n Díle é = tá sé an-tsean
Sean-ghnás ó'n díle na crasógaí a chur suas Oíche Fheil' Brighde. Níor cheart daoibh eirghe as anois. Ní pirseogaí ar bith na crasógaí, ní hé a fhearacht sin ag na gaidíní Bealtaine é. Ach is mór atá an saoghal ag athrú is mór sin
TUILLEADH (5) ▼
Bhí sé in am aca scoil nua a dhéanamh ann. Sean-scoil ó'n Díle an ceann atá ann cheana. Ní fhaca aonduine annseo ariamh dhá dhéanamh í, ná an líne rómpa ach an oiread déarfainn
Sean-treibh ó'n Díle iad na C. annseo, ní h-ionann agus a chine-seisean — cine faoi chopóig. Chuala mise cur síos ag S. Ph. Sh. ar an dream sin ar fad.
Níl aon-ghoir aige a bheith cho sean leis an mbóthar thoir. Sin sean-bhóthar ó'n Díle críochnuighthe. Is minic a chloisinn J. ag rádh go raibh an bóthar thoir déanta roimh bhóthar an Rí, agus nach raibh an uair sin an taobh seo d'abhainn ach dhá theach
Sin sean-scéal ó'n Díle: "an Síoguidhe Ruadh Ó Domhnaill". Is minic a chuala mé ag P. Mh. Mh. é — go ndéanaidh Dia maith ar a anam. Ní fhaca tusa ariamh é. Ba bhreagh uaidh scéal a innseacht, agus cé'n bhrigh ach chuirfeadh sé na cuacha chodladh ag gabhail fhuinn
Is gearr an tobar i bhfus déanta chor ar bith: ó a rinneadh tigh J. ach tobar Ch. Sin sean-tobar ó'n Díle. Bhí tobar beannuighthe ins an ngarrdha gleannach ó dheas, agus dhúin sé suas ar fad in áit a ndeacha bean — bean de na D. í — ag nigheachán éadaigh ann Satharn amháin. Nach gann a chuaidh an saoghal uirre go gcaithfeadh sí a dhul dhá dhéanamh sin. Baislín broghach an tSathairn arsa tusa
b.
+
Ní fheicfidh tú aríst é go deo na díle; go deo na díleann; go deo dearg na díle = go lá an Bhrátha; go sleibhe
Go deo na díle aríst ní thaobhóchaidh mise an áit sin. Ní beag dhom a bhfaca mé dhi. Fhobair sí éalang a fhágáil orm
TUILLEADH (4) ▼
Ní thiocfaidh sé abhaile aríst go deo dearg na Díle. Ó 'dhealuigh sé uatha chor ar bith, is fada amach a fhanóchas sé uatha feasta
Go deo na Díle aríst ní fheicfidh tú aon-chogadh th'éis an chinn seo. Beidh siad thrín a chéile cho sáthach de chogadh feasta agus gur luar (lughar) le 'chuile dhream an diabhal, ná é a tharraingt. Ba sheo é an cogadh is measa a tháinig fós. 'Sé an fear a bhí ins an mbaile ar an teallach is measa a shaothruigh an cogadh seo. Roimhe seo ní bhíodh dhá fháil faoi na foraí ach an saighdiúr bocht a bhíodh ar aghaidh na bpiléar.
Go deo dearg na Díle aríst mar adeir S. T. ní ólfaidh mise aon-deoir phórtair ins an áit ar ól mé aréir é. Ba gheall le blas gallaoireach a bhí air. Cé'n bhrigh ach an phóit ó mhaidin! Tá snaoidhm ar mo phutógaí, agus mo phíobán in a fhuirnís. Dearg-nimh atá aige
Go deo na Díle ní fheicfidh aon-duine mise aríst abuil sé, th'éis an bhall odhair sin a dhéanamh díom
2.
tuile liaga; an-lear báistighe nó uisce.
a.
+
Ag cur na díleann = ag báisteach go h-an-trom; ag clascairt bháistighe
"Dhá mbeadh sé ag cur na díleann agus an sneachta a bheith dhá chárnadh adtuaidh; agus le mo ghrádh dhá bhfaghainn cead síneadh, bheinn cho h-aoibhinn leis an eala ar cuan" (As amhrán — "a Landlady na Páirte")
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag cur na díleann aréir an uair a bhí mé ag dul abhaile
+
Caithfidh sé díle bháistighe anocht. D'aithneochainn ar an spéir é. 'Bhfeiceann tú na gadhair dhubha sin thiar as cionn Árann?
Chreidim gur chaith sé díle bháistighe aréir. Níor airigh mé chor ar bith í. Bhí mé in mo shrainn chodlata an uair a thosuigh sé, agus níor airigh mé tada gur dúisigheadh mé ar maidin
TUILLEADH (1) ▼
Má ghníonn sé díle bháistighe anocht agus tá sé féin agus a chosamhlacht in aghaidh a chéile nó déanfaidh, beidh an ghlaicín fhéir sin in a chiseach. Nach bhfuil sé cho maith dhuinn é a bhualadh ar a chéile. Ní bheidh muid ala an chluig leis, má tá sé deireannach orainn féin
+
Cuirfidh sé díle dhi anois ó a thosuigh sé chor ar bith. Má chuireann féin dheamhan mórán údar casaoid' ag na daoine. Thug sé píosa maith go breagh uaidh
Má chaitheann sé anois í, caithfidh sé an díle di. Osclóchaidh béal an aeir ar fad. Má theagann droch-oíche giorróchaidh sí leis an laogh beag sin thoir agam. Níl sé sáthach cruadhchúiseach fós le droch-oíche a sheasamh
TUILLEADH (1) ▼
Chaith sé díle annseo muise. Ní leigfeadh sí luch as poll ná diabhal as Ifreann, bhí sí cho gártha sin tamall. Ach ní raibh ínnte ach droch-ráig in a dheidh sin. Agus deir tú nach raibh sí sin agaibh-se chor ar bith. Bíonn sí leathtromach an t-am seo igcomhnuí.
+
Tá na dílte ag tuitim anois = go leor báistighe
'Siad na dílte seo a fhágfas an t-arbhar réidh. Bhí sé ar a leath-ghlúin cheana ach sínfidh sé ar fad anois. Cé'n bhrigh ach má theagann stolladh gaoithe. Sin é a dhéanfas a chreach ar fad
TUILLEADH (2) ▼
'Siad na dílte báistighe sin a chaith sé imbéal an Fhoghmhair anuiridh, a d'fhága an mhóin gan tógáil. An méid di a bhí in a scaradh fágadh mar sin í, agus cuid mhaith de'n mhóin a bhí leath-triomuighthe féin d'fhan sí in a h-aoileach ar na portaigh
Ní fhaca muide tada annseo 'tháinic an bhliain ach dílte. Agus deir tusa go raibh aimsir bhreagh ins an áit a raibh tú féin. Dar príosta muis, níorbh é sin do'n áit seo. Bhí uair cho coimhthigheach ann agus a chonnaic mise ariamh.
+
Tá an Díle ar an spéir sin thiar. Is furasta aithinte uirre é. Agus 'sé bun na gaoithe é freisin.
Rug an díle mhór a bhí an lá cheana ann ar an mbóthar air, agus ní raibh aon-snáth thuas ar a chraiceann nach sílfeá gurb as béal soithigh a tarraingeadh é. Bhí lán a chruite de shlaghdán lá ar na bháireach air, agus tá sé ag coinneál na leabthan ó shoin. Mara gcaithidh sé seal in a leannán anois ag an bhfear bocht, tá an t-ádh air
TUILLEADH (3) ▼
Mura gcuiridh sib bealadh faoin u (bhur) n-ioscadaí anois, beidh sé in a Dhíle oraibh shul dhá bhéas sib ins an mbaile. Tá sí ag tolgadh annsin ó dheas. Má bhriseann an meall dubh sin gheobhaidh sib tuairt.
Crois críosta choisreacan Dé orainn. 'Ar ndú' ní amach ins an díle sin a ghabhfá. Má theigheann beidh tú in do líbín shul dhá bhéas tú ag ceann an bhóthair. Is diabhaltaí an tóir atá aige ar an mbáistigh i gcomhnuí
Is cumasach an dream iad na tincéaraí féin. Chaith siad an oíche aréir amuigh faoi'n díle áibhéil sin, agus diabhal a dhath mairg a bhí orra ag dul soir an bóthar ar maidin, agus iad ag gabhail fhuinn
+
Shílfeá gurb í an díle a bhí ag teacht air le raibh de chaint aige = shílfeá gurb é an díle a bhí air, bhí sé ag caint cho sciobtha sin
Shílfeá gurb í an díle a bhí ag teacht air, le raibh de chaint aige = bhí an-anbháthadh cainte air; bhí sé ag caint go h-uathbhásach sciobtha, fearacht agus dá mbadh í an tuile a bheadh ag teacht in a mhullach, agus nar mhór dó a bheith réidh sul a mbeireadh sí air
TUILLEADH (6) ▼
Shíl mé gurb í an díle a bhí ag teacht uirre len a raibh de chaint aici. Ní fhéadfadh duine ar bith eile a bhéal a oscailt. Diabhal é muis … Dá mbadh é an sagart a bheadh ann, ba bheag aice siúd é. Stollfadh sí léithe. Tá ciall in a leithide.
Shílfeá gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bhí an oiread sin falrach cainte air … Mo dhubhshlán aon-smid a rádh annsiúd. Bhí sé in a chlaibín muilinn ó tháinig muid isteach gur imigh muid aríst, agus níl aon-cheo ó neamh go talamh nar tharraing sé anuas agus gan cuma ná caoi a chur ar scéal ar bith. Ní túisce a bheadh sé tosuighe ar scéal amháin ná a tharraingeochadh sé anuas scéal eile. Ach 'sé an cás é, bhí sé in a scéal an ghamhna bhuidhe ar fad aige faoi dheire.
Diabhal aithne uirre nach hí an díle a bhí uirre, bhí sí ag caint cho sciobtha sin. Níor thuig mise focal as 'chaon trí fhocal uaithe. Is diabhlaí luath-chainteach an duine í. Ach cé'n chaoi a gcuimnigheann sí ar an síorádh siúd ar fad len a chur indiaidh a chéile. Siúd í a bhí a chur suas ar an "stage", thar agus an dream a bhíos ag dul ann.
An uair a bhuaileas ruibh na cainte é, cheapfadh duine gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bíonn sé cho luath-chainteach sin. Níl ort ach muintir Mh. a tharraingt aige. Teagann coinneal ann agus áitigheann air ag cur caoi orra, agus ag díbliú orra. Déanann sé leitheachaí de na focla in a bhéal, bíonn an oiread sin an-bháthadha air. Níl greann go h-éag ach éisteacht leis
Tháinig an mac isteach agus scéal Chailleach an Uathbháis aige. Shílfeá gurb í an díle a bhí ag teacht air, bhí sé ag cur dó cho h-éascaidh sin. Ach leis an uathbhás a bhí air, agus leis an séideán a bhí ann, níor fhéad muid a thuiscint ach gur eirigh rud eicínt do Bheartla. C. J. a d'innis an scéal thríd síos agus thríd suas duinn, an uair a tháinic muid amach ar an mbóthar
M. Ó. M. clabaire ceart é. Bíonn sé gróigthe thiar i gclúid Ph. Sh. 'chuile oíche, agus ní thiubharfá samhail ar bith dhó ann ach "gramafón": "gramafón" a ngream(óchth)aidhe cloigeann "béar" dó. É annsiúd in aon-cheirtlín amháin agus déarfá go mbadh í an díle a bheadh ag teacht air len a mbíonn de chaint aige. Níl neart ag aonduine eile a bhéal a oscal beag ná mór. B'fhiú dhuit P. Sh. a fheiceál ag breathnú air, agus cáir air cho mór agus a bheadh ar "elifeaint" ag slugadh uaidh
b.
an-lear de rud ar bith; iomadamhlacht.
·
Tá díle sneachta air. Ba diabhlaí an ghaimh a bhí ins an ngaoith indiu. Ag eirghe de dhruim sneachta a bhí sí. Bhí fuar nimhe in mo lámha i gcaitheamh an lae, th'éis go raibh mé ag rúpáil oibre
+
Ionntuigh i leith. Tá an Díle uisce as do chuid éadaigh. Is cosamhail thú le duine a tharraing(eochth)aidhe thrí shruthán
Tá an Díle uisce ins an abhainn = tuile mhór
TUILLEADH (4) ▼
Is talamh é a gcothuigheann an Díle uisce air i gcomhnuí. Tá an áit siúd an-uisceamhail ar aon-chor. Nach ann atá máithreach an uisce
Comhnuigheann an díle uisce ar an mbóthar sin go síorruí. Bíonn sé faoi uisce ar fad ins an ngeimhreadh an uair a scéitheas an abhainn. Níl neart aige múirín a chaitheamh ins an samhradh féin, nach mbíonn sé druidthe le balláin mar adeir an t-Árannach
Tá an Díle uisce ag teacht orainn annsiúd. Nach orainn atá uiscí trí bhaile ag teacht. Bíonn sé maith go leor go gcalcann an tóchar, agus annsin cuireann sé Garrdha an Ch. ó mhaith. Bíonn sé sceithte uiliog
Tá an Díle uisce in mo bhróga. Níl díon deor ionnta th'éis mo dhá ghine bhuidhe a shíneadh orra tá dhá mhí ó shoin
+
Bhí an díle pislíní len a bhéal agus é ag iarraidh a bheith ag caint in a dheidh sin. Ní thuigfeá focal ar bith uaidh. Ní caint a bhí aige ar aon-chor, ach plubaireacht
Tá an Díle fola dhá dórtadh anois. Deir bean J. liom go bhfuil caor-theinte cogaidh anois ann. Tá na Sasanaigh ag dul isteach dubh na frighde ar an nGearmáin, ach tá sé ag dul go snaoidhm an rópa leo in a dheidh sin; agus níl léigheamh ná innseacht scéil ar gach agus a bhfuil dá mharbhú orra (Samhain 1944)
TUILLEADH (3) ▼
M'anam nach in a braonachaí atá an bháisteach anuas ann anois ach in a Díle. Fear ar bith a bhfuil aon-tsuim aige in a chuid éadaigh anois fanadh sé as. Is mór an t-ár é an súighe ann
H-óladh an díle pórtair annseo thoir lá an aonaigh. Níor mhair leath-bhairille tigh Sh. ach ceathramhadh uaire. Abair go mbadh shin sciobadh air!
Chonnaic mise saoghal a raibh an díle poitín annseo. Ní bheadh ort ach a dhul isteach i dteach ósta ar bith agus is túisce a leagfaí gloine fuisce ná gloine phórtair chugad. A Rí an bhFeart, nach hé an saoghal a d'imigh! Agus gan dubh na h-iongan de anois ins an tír
·
Chuala mé go raibh an díle feamuinne isteach. Fáilte an diabhail roimpe. Tuilleadh sclábhuidheachta ar na daoine, dhá cur sin suas anois
Tiocfaidh an díle feamuinne anois ar an ngaoith seo. Líonfaidh na caltaí isteach ar fad. Gheobhaidh mé an oiread anois agus a shean-leasóchas Garrdha Ú. Mh.
+
Tá an díle oibre air agus é ag cinnt air freastal dhi = tá a lán oibre ins an mullach air; an oiread agus nach bhfuil sé indon cuid mhaith di a dhéanamh
M'anam a Dhia a's do Mhuire! Tá an díle oibre orm agus gan goir agam a leath a dhéanamh: móin, fataí, meaingils, cairrgín, agus 'chaon tsórt. Nach deacair do dhuine aonraic freastal do'n méid sin ar fad. Ní túisce obair déanta ná a chaithfeas tú tosuighe ar obair eile. Ní fheicim duine is fhearr atá as cionn a chuid oibre ná an mac seo thuas. Chuala mé go raibh sé tosuighe ar an eorna indiu
TUILLEADH (3) ▼
Ná cuir isteach ná amach orm anois go ceann uair 'an chluig. Tá an díle oibre orm. Níor fhéad mé iabh ná forus a dhéanamh ó mhaidin ach ar mo chois. Dhá mbeadh an gó (gábh?) seo tharm, b'fhéidir go bhféadfainn mo scíth a leigean
Ní bhfuighidh sé aon-suaímneas i mbliana le teann díle oibre. Nach diabhlaí mór an t-iongnadh ó atá an t-uathbhás sin air, nach bhfuil an cúl siúd curtha aige feasta. Is suarach éidtreoireach an créatúr mé féin, ach dhá bhfaghainn seachtain air, chraithfinn an leath-deire aige. Dar mo choinsias chraithfinn
Nach orra atá an díle oibre. Deir tú liom gur chaith tú dhá lá agus dhá oíche ag obair as éadan. Ba mhór an seasamh agad é. Dar Dia ní dhéanfainn é ar éadáil Shasana fré chéile, hébrí céard a gheobhainn ar a shon. Forrú cogaidh is cionntach leis sin. A a Thighearna nach orra atá an súnás ag marbhú daoine. Sin é an fáth an obair sin fré chéile
+
Bhí an díle cainte aige = bhí sé ag caint, agus ruibh chainte air, agus uathbhás air ag labhairt freisin
Tá an díle cainte ag an gceann céadna, agus gan éirim ar bith innte. Ní fhaca mé duine ar bith ariamh is lugha a bhfuighinn bun ná barr air ach é
TUILLEADH (5) ▼
Ar an dá luath agus a n-ólann sé pintín pórtair teagann an díle cainte dhó, agus do dhubhshlán annsin a chur in a thost go dtuitidh sé. Neart sclaibéaracht' a bhíos aige. An uair a bhíos sé ar a chéill ní bhíonn smid ná smeaid aige. Bheitheá ag cur maide siar in a bhéal, agus dheamhan druid adéarfadh sé. Is aisteach an chaoi a dteigheann an t-ól do chuid de na daoine
Má fhaghann sé ugach ar bith tiocfaidh an díle cainte dhó, agus sáróchaidh sé muid go h-am suipéir … Ara bíonn 'chuile shórt sean-síothmalachaí tarraingthe anuas aige; ag caitheamh agus ag cáineadh ar 'chuile dhuine agus ag baint fogha agus easbaidh as 'chuile fhear agus 'chuile bhean ins an tír. Níl caoi ar bith dhuit anois le déanamh, ach gan sásamh ar bith a thabhairt dó. Abair "thug tú h-éitheach" ar an gcéad iarraidh, agus feicfidh tú féin gur beag an chaint a fhanfas aige annsin
Rinneadh díle cainte ins an áit seo le cupla bliain: na helections sin. 'Chuile fhear dhá moladh féin go h-aer, agus ag rádh nach raibh duine ar bith eile cneasta ach é féin, agus go mbadh dearg-chneamhaire 'chuile dhuine dhá raibh in a aghaidh. Agus gurb é an rud céadna a bhí ó 'chuile dhuine aca: uisce a tharraingt ag a mhuileann féin. Chuirfidís uais ort
Tháinic an díle cainte air in éindigh, agus annsin bhuail an stad é, agus ní raibh sé ag fáil focal ar bith leis féin. "A mhait-mha- mha- mhait-'mhaitiú" adeireadh sé. Diabhal mé go mbeadh truaighe agad dó — an cimleacháinín bocht. Bhí rud eicínt a raibh éirim ann le rádh aige, ach cé'n mhaith sin, an uair a bhí sé ag cínnt air a rádh
Dhá bhfeictheá an díle cainte a tháinic air d'aon-iarraidh, agus 'ar ndú' mo léan, siúd é an áit nach bhfuigheadh sé cead cainte. Bhí 'chuile dhuine annsiúd ag cur dóibh as béal a chéile agus ní chloisfeá méir igcluais. Bhí sé an-líomhtha muise leis an dream eile a fhreagairt ach nar fhéad sé

Díle in iontrálacha eile (9)

 
Níor chuala mé gur tóigeadh deachmaí annseo ariamh ach bhídís annsin thoir ar Dhúithche an Bh. Na ministéaraí a d'fhaghadh iad sin, nach h-iad. Dheamhan mórán a chuala mé ariamh fútha. Tá siad sin caithte suas le saoghal agus aimsir … Ó'n droch-shaoghal ab eadh? Bail ó Dhia ort. Tá agus i bhfad roimhe. Rugadh m'athair — beannacht Dé len 'anam — trí bliana roimh an Droch-Shaoghal (1846-1847) agus ní raibh siad ann len a línn. Cá'id ó a bhí oiche na Stoirme Móire ann? … Céad bliain díreach. Bhuel is roimhe sin a bhí na deachmaí ann, má's fada gearr roimhe é, sin rud nach feasach dom. Ach fiafruigh de Sh. Ó. Ch. é. Sin é an fear a innseochas na h-údair (dh)uit … Tá aois mhór agamsa air, ach má tá féin, níl mé ach ar chosa bacóige len a ais. Tá údar aige faoi 'chuile shórt ó'n Díle
+
dearg 1
Dheamhan brat pósta a ghabhfas air sin go deó dearg na díle = go h-éag
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhéanfadh sé é go deó dearg na díle marach go bhfuair sé cúnamh, ná dheamhan déanamh!
 
deis
Go deimhin agus go dearbhtha duit, is olc é mo dheis mharcaigheachta: sean-"bhicycle" ó'n díle a bhí caithte thuas ar lota an sciobóil, agus a dheasuigh muid an lá cheana. Níl ann ach gur fearr é ná a bheith gan tada
 
deo
Ní fheicfidh tú é go deó aríst; go deó na díle; go deo dearg na díle; go deó na ndeór; go deo na ndreancaidí!; go deo ná go bráth
 
díon 1
M'anam go bhfuil fear an bhóthair sáthach dona freisin: gurb é atá. Amuigh annsin ar lom an bhóthair agus a shluasad aige, agus dhá dteagadh sé in a dhíle, gan díon deor aige, ná goir aige corruighe. Ach níl siad cho géar anois agus a bhídís roimhe seo. D'fhéadfá ráig a leigean thart anois, ach mo choinsias má bheireann siad fós féin ort, is beag is aite leo é. Chonnaic mé fear aca ag teacht amach annsin thiar anuiridh …
 
Ní teach díonmhar go dtí teach ceann tuighe deirimse leat. Feicim na ballaí nua sin anois atá siad a dhéanamh ins na tighthe ceann-slinne. Tá siad faoi scáinneadhachaí as éadan. Ní sheasfaidh siad aon-chéad bliain go bráth. Cá'id atá na tighthe ceann-tuighe déanta? Is sean-tighthe ó'n Díle cuid mhaith aca.
 
dóigh 1
Cá bhfuair tú an sean-"bhicycle". Dar fiadh sin sean-déanamh ó'n díle ceart. Is maith an dóigh é déarfá. Dar mo choinsias anois, ní maith ó adubhairt tú é. Ní shuidhfinn thuas air chor ar bith
 
don
Don h-iaraí agus mo chuid tubaiste oraibh marab í an chaint atá in a díle oraibh. Breá nach dtiúrfadh sibh scí dhá dteanga (dho ur) uair eicínt. Shílfeá gurb í an taoille atá ag teacht oraibh leis an anbhá cainte atá oraibh!