Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dearg
aidiacht
Fc. freisin, dearg-laoch, deargán, deargadaol agus rl.
1.
dath.
a.
+
Tá súile dearga aige = mar a bheidís thar éis goil nó dhá mbeadh galra eicínt ag dul dóibh. Bíonn súile dearga ó bhruinn ag daoine
Bhí a dhá shúil cho dearg leis an splainc, maran ag gol a bhí sé
TUILLEADH (3) ▼
Tá éadan dearg aige
Níorbh íontaí liom an sneachta dearg a fheiceál ná é = chuir sé an oiread íontais orm a fheiceál agus dá mba sneachta dearg a bheadh ann
Bheadh an saighdiúr in a spól dhearg taobh thiar den ghunna gan aireachtáil (fc. spól)
·
Ní thaithníonn an t-aer dearg sin liom.
"An t-aer dearg thiar (nó dearg dearg thiar adeirtear amantaí) gealach agus grian; An t-aer dearg ó thuaidh, bainne ag na bua'; An t-aer dearg thoir sneachta go fro (fraigh); An t-aer dearg ó dheas mil ag gach (/ɡax/) meach" (tuara faoi dheirge an aeir)
+
Éinín bruinndearg é ar nós na spideoige = a ucht nó a chliabhrach dearg
Bó druimionn dearg í
TUILLEADH (5) ▼
Gadhar coisdearg a bhí ann
Fear crobhdearg é = ball dearg ar a chrobh mar a bheadh ball bruinne ann
Éadach dearg-bhuí é
Madadh cróndearg atá aige
Ní thaithníonn an spéir glé-dhearg sin liom. Tuilleadh glas-uaire atá uirre cheapfainn
·
Bíonn rud cho dearg le fuil, le rós, leis an splainc, leis an gcaor caorann agus rl.
Las sé suas cho dearg le fuil, agus bhuail taghd é
·
Tá snáth dearg san móin sin. Dheamhan mórán gaisce ar mhóin ar bith a mbíonn siad innte = sreangannaí dearga ag dul thríthe
"Fear an chóitín deirg agus snáth dearg in a léine" (gliomach)
b.
críathnuithe, fuiliúil.
+
Bhí sé dearg le fuil = é faoi fhuil ar fad
Bhí an t-urlár fré chéile dearg le fuil ach a raibh an troid thart
TUILLEADH (2) ▼
Tháinic sé abhaile aríst agus a lámha dearg le fuil. 'Ar ndú' mara dteagadh ní bheadh a fhios ag na daoine go raibh aonach ar bith ann. Is faisean leis anois é.
"An séamhadh bliain déag beidh Éire dearg le fuil; 'San seachtmhadh bliain déag séard déarfas na mná: mo léan cá ndeachaidh na fir" (giota den Targaireacht: Targaireacht Chuilm Cille)
+
D'fhága sé annsiúd dearg in a chuid fola é (nó daithte in a chuid fola) = chuir sé go leór fola leis
Mara n-eirí tú as do chuid aisiléaracht anois, fágfaidh mé dearg in do chuid fola thú
TUILLEADH (1) ▼
Bhí rud le déanamh leis sin: ar an dá luath agus a n-osclódh sé a bhéal é a fhágáil dearg in a chuid fola. Ba shin é an deasú air
2.
a.
snuadhúil, lasúnta.
+
Tá sé an-dearg as a cheannaghaidh. Níl a fhios agam nach bhfuil braon caithte aige
Bhí sé dearg suas go bun na gcluas = lasta; aghaidh-náireach
TUILLEADH (3) ▼
Tá sí dearg snuadhúil; tá sí dearg lasúnta
Bhí a gruadh cho dearg leis an splainc le náire
Bhí a leiceann cho dearg leis an gcaor. Ní thiúrfadh sé deoir fhola le náire
·
Sin í ar chaoi ar bith a bhfuil an dá ghruaidh dhearg' mar rós aice. Tá slacht a codach uirre bail ó Dhia uirre
+
Nach hé atá craosach dearg. Tá a chuid ag dul 'un maitheasa dhó sin ar chuma ar bith
Tá sé craosach dearg agus is diachta dhó sin ach an oiread le scéal. Sén biadh san sruth fola a chuid sin. Nach mbíonn siad in árachaí 'chéile chuile ré solais?
TUILLEADH (4) ▼
Is tú atá círíneach dearg bail ó Dhia ort, ach is beag an dochar duit. Is maith é do ghreim, ní hé a fhearacht sin againne é
Dar fiadh chaithfeadh sé nach raibh mórán meirse san bpríosún air mar sé atá círíneach dearg in a dhiaidh. Fuair sé a dhóthain len ithe ar aon-chor
Is maith atá an pósadh ag dul dó. Tá sé bruileach dearg. Má mhaireann dó is gearr go mbeidh sé in a dhamh
Má tá sé ag fuasaoid is beag dhá chosúlacht atá air. Sé atá bruileach dearg. Bhainfeá fuil as le dealg spíonáin
b.
scóllta, tóigthe.
+
Tá sé dearg = páiste tóigthe in a bhléin nó in a mhásaí
Cén uair ar h-athraíodh na pluideogaí ar an bpáiste seo go deireannach. Dheamhan é le dhá lá! Tá sé dearg uiliog an créatúr. Nach hé an náire bhruithte é
TUILLEADH (1) ▼
Níl puinnte san ló nach mbíonn sé dearg pébrí cén ghiollaíocht a gheobhas sé. An bhfeiceann tú scólta uiliog anois é, th'éis nach bhfuil sé mórán le uair an chluig ó chuir mé balcaisí glana air
+
An bhfuil siad dearg (páistí agus an bhruitíneach orra)? … Mara bhfuil, níor chuir siad amach tríotha fós í
Tá do chois an-dearg. Léas atá uirre
TUILLEADH (1) ▼
Tá sí an-dearg den domhan tímpeall an luit. Láimh bhocht í
c.
+
Bhí sé in a chraiceann dearg = ní raibh falach éadaigh air; bhí sé lom nocht
Is gearr go mbeidh sé in a chraiceann dearg aríst muis ar shon na culaithín siúd. Ní sheasfaidh sí aon-ráithe amháin go deó dhó
TUILLEADH (1) ▼
Imigh leat a bhreóille agus cuir snáth eicínt éadaigh ort agus ná bí ag imeacht in do chraiceann dearg mar sin. Shílfeá go mbeadh cuíbhiúlacht eicínt ionnad
3.
·
Má theigheann an dubhán san mbéal dearg, sin ní fhágfaidh an breac = is furast aithinte an béal dearg ar bhreac, ar mhangach nó ar bhallach cuirim i gcás
Is diabhlaí mór an t-ionadh nachar imigh sé. Ní raibh frídín an dubháin i bhfastós chor ar bith, ní áirím é a bheith san mbéal dearg
4.
+
Níl an teine baileach dearg (nó deargtha) fós
An bhfuil an píopa sin dearg agad (Ní dhéanfadh deargtha annseo), nó ar leig tú as é = é a bheith ar lasadh
TUILLEADH (2) ▼
Th'éis nach bhfuil sé ach deargtha agam, níl sé dearg anois aríst (píopa)
Coinnigh an píopa sin dearg, go bhfagha mé gail as
5.
aibidh.
+
Tá úlla móra dearga ann
Níl na súgh salúin dearg fós.
TUILLEADH (2) ▼
Ná h-ith na h-úlla sin. Tá siad ro-ghlas. Níor mhór dóib mí eile shul a bheidís dearg
Tá sé faoi sheilíní ar fad agus iad dearg.
6.
ionntuithe (faoi fhód, créafóig agus rl.).
+
Cuir an taobh dearg den scraith aníos = an taobh íochtair; taobh na creafóige
Chuaigh sé ag cur ceaig poitín i bhfolach agus meastú nach hé an taobh dearg den scraith a d'fhága sé leis. Is deacair a bheith ag iarraidh maitheasa air sin, déarfá
TUILLEADH (3) ▼
Is gearr go mbeidh an taobh dearg den chréafóig len a chraiceann. Tá sé ar an leabhar ag an bhfiach dubh = is gearr gur thíos san talamh (san uaigh) a bhéas sé
Sin í an cailín atá indon an taobh dearg den talamh a chur aníos. Beannacht Dé dhuit féin agus do do sheirseach (seisreach). Cáid le dhul uirre sin í (tractor) = tá sí indon an fód a chasadh; an talamh a threabhadh.
Ag cur an taobh dearg den ghruaidh in uachtar atá mé. Sin é atá mé a dhéanamh = ag casadh fóid; ag cur fhataí
·
Tá go leor talúna dearg aige = curtha faoi fhataí, turnapaí etc.; treabhtha nó romhruithe
7.
"daithte", go maith, go binn, go nimhe-neannta.
+
Fuair sé dearg é = buaileadh é; h-ídíodh rud eicínt air; fuair sé an teanga; cumadh go leór bréag dó; h-imríodh air agus rl.
Bailíodh leis anois! Fuair sé dearg é (daithte). Ach a bhfagha sé amach gur dalladh é le bréaga, ní thaobhóidh sé muid níos mó, agus dheamhan an fearr linn beirthe é
TUILLEADH (7) ▼
Gheobhaidh sé dearg é má theagann sé in mo líon-sa go brách
Sé a gheobhadh dearg é, marach cho h-éascaidh agus a leig sé leis féin. Ní bheadh aige ach malrait ar an rud a thug sé féin uaidh
Ní shaorfainn Seán nach raibh láimh aige ann, ach 'mo choinsias 's dar m'anam dá mbeadh a fhios agamsa go raibh, gheobhadh sé dearg é
Shíl sé a thabhairt fúm dearg, ach ní dheachaidh leis. Bhí mise réidh faoi na chomhair. Is togha scéiméara é
Dhá mionnaíodh J. go bhfaca sé ag bualadh an bhuille é, thiúrfaí faoi dearg é, ach níor mhionnaigh.
Tiúrfaidh siad faoi na Gearmánaí dearg anois é. 'Ar ndú' is aca atá a dheis! Iad fhéin uiliog atá ann anois
Má chloiseann sé choíchin gur tú a rinne é diabhal bréag nach dtiúrfaidh sé fút dearg é. Beidh an chloch san muinchille aige i gcomhnaí dhuit
+
Tá sé in a chogadh dhearg (in a achrann dearg) = tá cogadh tosuithe; tá sé in a chogadh chorpara
Shíl mé go mbeadh sé ina achrann dearg ach d'fhuaraigh an cúpla aca as in a dheidh sin, nuair a chonnaic siad nach raibh aon-fhonn ar aon duine a dhul ag déanamh eadarascáin
TUILLEADH (1) ▼
Beidh sé in a achrann dearg ar ball feicfidh tú féin air. In a chéile dóib muise agus nár ba réiteach dóib, gan dochar gan díobháil duinne!
+
Tá sé in a stoirm dhearg = in a gheal-stoirm. Cineál "hurricane"
Sé'n fáth a dtugann siad stoirm dhearg uirre: dearg atá an gála agus an ghaoth. Chuala mé fadó é (deirtear seo)
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ag teacht ina stoirm dhearg — in a chaor theíntí a mhic ó. Is gearr go gcaithfidh fastú a dhul ar an teach. Tá an bun-tsop ag eirghe cheana
Tháinic sé in a stoirm dhearg orainn agus muid leath-cuain. Shíl mé nach srianfadh muid isteach go deó é. Bhí maoidhmeannaí a bhí cho mór le sléibhte ag dul tharainn.
·
Bhí an t-ádh dearg in do chaipín nachar rug sé siúd ort (bhí an t-ádh críochnuithe ort). Dheamhan fata a changlóchthá le do loiseag!
Marach go raibh an t-ádh dearg in do chaipín, bhí do chnaipe déanta
·
Dheamhan brat pósta a ghabhfas air sin go deó dearg na díle = go h-éag
Ní dhéanfadh sé é go deó dearg na díle marach go bhfuair sé cúnamh, ná dheamhan déanamh!
+
Sé'n diabhal dearg é mara bhfuil riar a cháis aige féin, agus ar thriomaigh de mhóin i mbliana = is rí-mhór an t-íontas é
'Sé an diabhal dearg é nó bronnfaidh sé an cairrín sin oraibh anois agus a bhfuil faighte in a ómós aige
TUILLEADH (3) ▼
Tá an diabhal dearg air agus tuilleadh dhá n-abraínn é = tá an míádh mór air; is droch-fhear (fear ámhailleach, doscúch, greannmhar, fealltach agus rl) é
Tá an diabhal dearg uirre má dúirt sí sin
Tá an clampar dearg air = tá an diabhal dearg air
·
An bhfuil a fhios agad cén t-ainm a thug sé orm, ach bastard dearg (níl aon-bhaint aige sin le dath a chuid gruaige, a ghné craicinn ná eile). Cáil sé agam an stríopach nó go ngiorraí mé leis?
Má bheirimse i mbealach ná indearmad ar an mbastard dearg sin, bainfidh mé an t-anam as. Ní bheidh sé tada níos lú aige
·
Tá an bhuinneach dhearg orm inniu = droch chineál den bhuinnigh
8.
+
Nuair is dubh dóibhsean is dearg domsa = nuair a bhíos spéireataí nó triufasaí in a mámhasaí, heairteasaí nó muileataí a bhíos agamsa
Is dearg dom aríst. Seadh a mh'anam agus go tóin. Cé'n smál atá orm chor ar bith?
TUILLEADH (2) ▼
Ní mé an dubh nó dearg dom an babhta seo. Dearg a mh'anam! Ní bhfuair mé dath an mháimh le uair an chluig
Más dearg dom aríst d'imigh an diabhal orm. Agus seadh. Scráibeannaí muileataí agus hairteannaí. Múchadh agus báthadh orra!
9.
·
Cloch dhearg uiliog atá san mbóthar ó Chruimghleann siar = clocha a bhfuil dath dearg orra. Cineál eibhir
·
Tá cosa dearga ar an spéir = sórt léasáin (fc. cosa)
·
Rug mé ar iascán dearg = iascán a bhfuil dath dearg air a bhíos san gcladach
·
Chuir muid glac mheacna dearga i mbliana, ach loic siad. An ceann fhéin dhíob, níor tháinic
·
Tá glúineach dhearg ann (luibh. fc. glúineach)
·
Sin péinne dhearg atá annsin = adhmad: red pine
·
Tá feamainn dearg isteach (fc. feamainn)
Ag plé leis an "dearg" atá tú ar an aimsir seo = feamainn dearg (níl ann ach ainm magúil uirre)
·
Is gearr go dtriomaí sé. Tá an coileach ag cur a thóin dearg amach = tuar aitealla. Tá an tóin dearg scathamh isteach san gclaise
Dhá gcuirtheá do thóin dearg amach anois, ní bhfuighidh tú aon-cheo dhe
·
Tá fiabhras dearg orra sábhalaidh Dia sinn = aicíd, scarlet fever
·
Tá bárr dearg air = galra a bhriseas amach i naoineáin nó i ngásúir. Cineál aodha ar an gcraiceann atá ann
Dheamhan barr dearg ná bruitíneach ná leicneach ná rud ar bith dhá raibh ag imeacht ariamh nachar bhuail é seo againne. Is fada a chaith sé in a shnag
·
Déardaoin Dearg é (fc. dia)
+
Liostáil sé san "arm dearg" (arm Shasana)
"An t-arm dearg" fré chéile agus ní dhealódh ó chéile iad bhí siad cho líofa sin ag a dhul ag troid
TUILLEADH (2) ▼
Tugadh suas ag an mBeairic dearg é (an Beairic a dtugtar Eglinton St. Barracks i nGaillimh anois air. Bhíodh sé ag arm Shasana roimhe seo)
"Saighdiúirín dearg i mbarr an chrainn: cloch in a bholg agus maide in a dhruim" (sciochóire)

Dearg in iontrálacha eile (100+)

+
Bhí an t-iarann cró-dhearg aige i dteallach na ceardchan
TUILLEADH (7) ▼
Bhí an t-aer cró-dhearg ar fad trathnóna
Thug sé amach é agus gan é baileach dearg aige. Ní raibh sé ach cró-dhearg (dath na fola mórán) agus thosaigh sé ar an bpuinte ag munlú an chrú. Ar ndú ní fhéadfadh an crú sin gan a bheith fabhtach, ach ba chuma san tubaiste leis siúd ó a bhí forú air cé'n chaoi a raibh sé, ach comhraíocht an chrú a bheith air chor ar bith
Seo maiste dhuit agus bíodh sé dubh-dhearg agus cró-dhearg shul a síne tú chugam é. Is maith liomsa mo chuid maistí a bheith ceart. (Deirtear rud mar seo amanntaí nuair a thugas duine maiste nó píosa pháipéar len a phíopa a dheargadh do dhuine eile len a lasadh san teine)
Fagh ruainne pháipéar dom a bhéas dubh-dhearg agus cró-dhearg nó go ndearga mé mo phíopa
Cuir an píosa páipéar sin san teine, agus bíodh sé dubh-dhearg agus cró-dhearg shul a dtuga tú dhom é … L'aghaidh mo phíopa! 'Deile!
Chuir an gabha an t-iarann san teallach agus ba ghairid go raibh sé dubh-dhearg agus annsin cró-dhearg aige. Thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin annsin agus, marar bhain sé dreas as ní lá go maidin é
Foighid ort! Ní mór dó a bheith cró-dhearg agus níl sé dubh-dhearg féin fós
 
Dalláin ag an diabhal ort. Cá'il na dalláin? An caoch atá tú? Tóruigh an méid atá gearrtha agad aríst agus togh na síolta caocha as. Is deas iad mo chuid síolta! Bhí sé cho maith dhom imeacht ag gabhail "Laddie O'Lee" ar na cnocáin le dhul ag deargadh talmhana len a n-aghaidh sin
 
dán
Dhá gcuirtheá leasú ar an ngarrdha dubhrabháin sin thíos le cladach agad, ní raibh sé ar dhánta na talmhana ariamh aon-"swedes" mar bheadh ann. Ach is beag an mhaith an "dearg" (feamainn dearg.) B'fhearr duit daithín feamainn dubh ná ar thug tonn ar thráigh de'n "dearg"
 
danra
Diabhal bréag nach droch-phortaigh atá againn: dheamhan níos measa. Dearg-laoch agus feoil chapaill ar fad. Móin dhan(d)ra le baint í. Chuir mé mo bhundún amach anuiridh le portach nua a d'oscail mé ar an roínn. Marach leisce an mhagaidh d'fhágfainn annsin ins an míádh é th'éis a oscal
 
deacair 2
Ní portach deacair é an portach dearg-laoch siúd againn. Diabhal mé go bhfuil mé ag baint ceart maith dhó
+
Eirigheadh muid as. Cé'n mhaith dhuinn a dhul ag cur a(r) gcuid alluis ag priocadh leis an áirdín clochach sin, agus ní bheidh leath-chloch fataí choidhchin air. Fág annsin ag an deachma é, i dtigh diabhail. Má thogruigheann an dream a thiocfas in a' ndiaidh se'againne é a romhar oibrigheadh leo, ach díthcéille dhuinne a dhul dhá dhéanamh. Dearg-dhíthcéille
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhainfidh muid an portaichín ó thuaidh chor ar bith i mbliana. Tá sé lom-lán le dearg-laoch agus an charcair bhán sin, agus sháróchadh sé duine ag iarraidh ceart a bhaint dó (de). Fanadh sé annsin. Ní mór do'n deachma rud eicínt, mar adeireadh S. Dh. fadó. Bhaineadh S. Dh. a mbíodh de phortaigh ag gabhail leis 'chuile bhliain, ach dheamhan fód ar bith a thriomuigheadh dó mar nach dtugadh sé aon-ghiollaidheacht di. Ní dhéanadh sé ach a baint agus cead aice fanacht annsin agus triomú uaithe féin. An uair a bhíodh sí uiliog in a scaradh ar an bportach aige indeireadh bliana, agus 'chuile fhód eile ar phortaigh craptha, dá gcásuigheadh duine an mhóin le S. Dh. 'sé'n leath-fhocal a bhíodh aige i gcomhnuí: "ní mór do'n deachma rud eicínt". Ba ghroidhe an duine é S. Dh.
 
déag
Bhí sé as na déaga shul á ndeachaidh treabhsar air. M'anam go mbíodh sé ag dul thart annsin le na chóta dearg agus é in a chliobaire mhór shínte. Chonnaic mise tuithte ar meisce é faoin a chóta dearg. Sin é an chaoi a raibh 'chuile dhuine an uair sin. Ní maith go mbíonn siad coiscthe de'n chích anois an uair a bhíos brístín glúnach fáiscthe thuas orra …
 
Mara ndealuighidh tú leat anois a ghrabairín, beidh scéal agad air. Is deas iad do bhéasa. Ag iarraidh bior dearg a chur síos le mo dhruím. Rún atá agad mo bhruith agus mo loscadh. Chonnaic mise gasúir ámhuilleacha go minic ach ag an Diabhal go raibh sibse — croisim aríst sib! — sháruigh sib a bhfaca mé ariamh
+
dealg
Ní dealg chor ar bith é ach fleasc a chuaidh faoi m'ionga an t-am a raibh mé ag pléidh leis an bhfeamuinn dearg. Cé beag dhom a dhonacht arsa tusa. Mar a chéile an ballséire agus a ghiolla. Tá cur-faoi-ionga anois deanta aice ar chaoi ar bith
TUILLEADH (3) ▼
'Ar ndú ní hí an bhornóg mhór siúd atá sé le pósadh. 'Sí atá craosach dearg bail ó Dhia uirre. Bhainfeá fuil aiste le dealg spíonáin
Chonnaic mise í sin an uair a bhí sí in a cailín óg agus bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin, bhí sí cho craosach dearg sin. Ach ó phós sí, tá sí an-droch-bhreathnuightheach. Shílfeá scaithtí nach mbeadh deor fhola ar bith innte.
Is maith atá an áit thiar ag dul duit bail ó Dhia agus ó Mhuire ort. Tá tú dearg círíneach anois, agus bhainfeadh duine fuil asad le dealg spíonáin. Dar fiadh ní raibh an deirgeadas sin ionnad an uair a bhí tú annseo
 
déan 1
Rinne an t-aonach cogadh dearg
 
Casadh liom lá inG. í, agus í in ainriocht. Ní fhaca tú duine ar bith ariamh ba bhoichte béal ná í. Thug mé mo phunt deireannach déidheannach di, mar rinne mé truaighe di. Meastú arbh iongantaighe liom an sneachta dearg ná an lá aonaigh a bhí chugad, í a fheiceál ag ceannacht cuingir bhulán annsin thoir. Ní fhaca mise aon-amharc ar mo phunt ó shoin
 
Cinc (cuinc) a mhuiníl a bhriseadh: badh é a dhéanamh leis é, mar is dearg-scaibhtéara críochnuighthe é
 
Sin é an lá a ndearna sé lom dearg an mhíádha — ní dhá roint leis é — an lá a ndearna sé suas léithe sin. Ní fhágfaidh sí bonn bán air nach n-ólfaidh sí. Is gearr ar a scóig siúd a chuid céadta
 
Sé'n diabhal dearg é mara bhfuil tú déanta ar an mbaile sin fós. Breagh nach mbrughann tú orra. Ní fhéadfaidh siad thú a ithe. Buail amach ar cuairt, agus déan teanntás orra. Chonnaic mise laetheamhail fáilidhe ariamh iad, ach tá an iomarca de'n phúcaidheacht ag siubhal leat féin ó a chaithfeas mé a rádh leat …
+
dearg- 3
Dearg-ghadaí (dearg-chimleachán, dearg-dhruncaera, dearg-bhacach, dearg-bhastard, dearg-mhurdaróir, dearg-scéiméara, dearg-shlíomadóir, dearg-rubálaí, dearg chluanaí, dearg-bhréagadóir, dearg-bhithiúnach, dearg-chladhaire, dearg-chantalóir, dearg-dhreancán, dearg-amhlóir, dearg-cheoláinín agus rl.) é = tabhair faoi deara gur le tréartha nach bhfuil ionmholta a chuirtear "dearg" mar seo i gcomhnaí
TUILLEADH (23) ▼
Dearg-dhiabhal críochnuithe é
Sin dearg-bhréag = bréag mhór
Thug tú do dhearg-éitheach! ("Thug tú do dhearg" adeirtear go minic gan éitheach a chur ann)
Bhí dearg-náire orm
Déanfaidh mé é do do dhearg-ainneoin = de do bhuíochas críochnuithe
Tá an dearg-olc aige de chuile dhuine ar an mbaile seo
Dhéanfadh duine soilgheas den tsórt sin dhá dhearg-námhaid
Sin dearg-thúataíl. Ní tada eile é
Fuair sé dearg-bhualadh annseo thoir aréir
Tá an diabhal ar dearg-mheisce (nó, ar a dhearg-mheisce)
Nach hé atá in a dhearg-amadán aca, má tá sé ag géilleadh dhóibh mar sin. Diabhal bréag nach bhfuil
Rinneadh dearg-ár ann
Déanfaidh sé sin dearg-mhurdar shul a gcomhnaí sé
Tá dearg-scéiméaracht déanta aige ar chaoi ar bith
Tharraing sé dearg-achrann
Déanfaidh mé dearg-bhualadh mara gceannsuítear mé
Tá dearg-chluanaíocht ort. Sin é atá ort
Tá dearg-ghliondar air, faoi gur briseadh as mo chuid oibre mé (ach "tá an-ghliondar air (nó an t-an-ghliondar, nó fíor-ghliondar agus rl.) faoi gur eirigh liom)"
Dearg-leiciméaracht atá ag dul dó. Diabhal a mhalrait ariamh!
Dearg-bhligeáirteacht í sin. 'Deile céard í?
Rinne sé dearg-mhístáid tímpeall an bhaile cho uain agus a bhí sé ann. Ba mhaith an scéal don bhaile gur bhailigh sé leis
Déanfaidh sé dearg-mhísc mara ndonaí duine eicínt é
Tá sé dearg-dhallta (dearg-bhuailte, dearg-lottha, dearg-loicthe, dearg-chaithte agus rl.).
+
D'fheicfeá dearga daol is 'chuile áit. Is minic a bhíos siad ag snámh ar an urlár annsin. Bíonn brat aca i móin freisin. Níl sé dhá lá fós ó a chonnaic mé maistín de dhearga daol annsin amuigh ar an mbóthar. Brugh do chois air sin is 'chuile áit dhá bhfeicidh tú é. Is ceart é a mharbhú. Leis an Diabhal an dearga daol. Nach ndearna sé feall ar Mhac Dé! = creidtear seo. Buailtear cois air i gcomhnaí
TUILLEADH (2) ▼
Dearga daol ab eadh! Tá gath 'sa dearga daol amuigh in a chloigeann. Diabhal gath a chuir sé ionnamsa ariamh, ach chonnaic mé daoine ar chuir sé ionnta é
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
+
Flainín geal a bhí ann idtosach ach dhathuigh sí é, agus tá sé in a dheargán anois. Sin é a ghnídís uiliog fadó leis an bhflainín thart annseo. Bhíodh cótaí dearga, agus cótaí gibíneacha agus cótaí cóirighthe aca. Ní fheicfeá a malrait chor ar bith. Déanann na sean-mhná fós é, (n)ach a n-imighidh an líne seo is beag na cótaí dearga a fheicfeas tú. Is mór a d'athruigh an saoghal le scór blianta féin
TUILLEADH (3) ▼
Tá na fataí atá againne imbliana in a ndeargáin as éadan. Facthas domsa an uair a bhí mé dhá gcur nach raibh na síolta ro-dhearg chor ar bith. Ach nach hé an cás céadna é. Is beag an locht iad na fataí dearga dhá mbeadh a sháith ag duine díobh.
Tá an t-aer in a dheargán. Saighneáin triomaigh iad sin thiar. Feicfidh tú aimsir bhreagh uaidh seo amach ": dearg dearg thiar, gealach agus grian"
Deargán de dhubhach é seo shílfeá. Ní rabh fhios agam ariamh cheana go scríobhfaí leitir le dubhach dearg
+
Tá an dearg-ghráin aige orm
TUILLEADH (1) ▼
Sé mo dhearg-ghráin an cineál dráimh a leagas tú = cuireann sé olc orm
+
Tá go leor dearg-laoich (laoigh) annsin. Chaithfeadh sé go mbeadh an portach sin éascaidh = comhairtear go mbíonn an mhóin éascaidh ar a baint 'san áit a mbíonn an dearg-laoch
TUILLEADH (7) ▼
Tá an áit faoi chaonach liath agus ruille bhuidhe agus dearg-laoch fré chéile
An-leabaidh beithidheach é an dearg-laoch sin, ach an fraoch a bheith thríd. Is minic a chuir mé easair dhe isteach faoi bheithidhigh
Sin é anois an dearg-laoch. Ní fhásfaidh sé thairis sin. Is beag an baoghal go bhfásfadh sé cho h-árd leis an bhfraoch. Ní mórán de'n inchinn shléibhe atá ar na portaigh se'againne chor ar bith
Tá mé ag réabadh dearg-laoigh ar an aimsir seo (ag baint phortaigh dearg-laoch). Má tá féin, is furasta í a mhunláil, ní hé fearacht portach na bliana anuiridh é. Mise i mbannaí gur beag 'e leacógaí a dhéanfas an mhóin seo nuair a chaithfeas tú suas í, ach bhí na portaigh eile dubh-dhomhainn
Dar leat fhéin nachar cheart do'n dearg-laoch sin a bheith deacair. Ní fhaca mé mórán portach ar bith dhá mbeadh sé, deacair ná do-bhainte ariamh. Ach ní bheadh a fhios ag duine cé'n sórt móin atá aníos 'sna criathraigh domhainne seo
Talamh samha chaorach agus talamh dearg-laoigh atá suas annsin ar fad. Bheadh sé réasúnta marach an lobhadh bán, ach speireann sé sin na fataí i gcomhnaí ann. Lag-phuill saothruighthe is mó é 'ar ndú! Seadh talamh M. Ph. as éadan a chéile
Dhá bhféadthá gabhail dearg-laoigh a fháil, agus gan faice fraoigh a bheith thríd, bheadh sé mín bog aice le luighe air. Is gearr suas annsin chor ar bith is call duit a dhul le fuighleach dhó a fháil
+
D'eirigh mé leis an dearg-mhaidin = an-mhoch (fc. deargadh)
TUILLEADH (1) ▼
An-mhochóireach é. Bíonn sé in a shuí leis an dearg-mhaidin i gcomhnaí. Ní leigfidh sé tada uaidh le maoilscríb ar bith
 
dearmad 1
Nach h-iad na dearg-dhiabhail anois iad, aistir a bhaint asamsa siar go D. an Fh. ar scáth na cupla scillingín "dole" sin. Bhí sé thiar romham i dteach an phosta ann, ach b'fhurasta a chomhaireamh nuair a bhí mé san mbaile: 'chuile bhean ósta agus a h-ailp fhéin as. Orra féin a bhí an dearmad. Ach cuirfidh mise geall gur beag an dearmad uatha a bhéas orra. Má chuireann siad scilling agad le cois, is maith luath a bhéas leota de pháipéar amach in a coinne aríst, agus ní go teach posta Dh. an Fh. a chuirfeas siad é ach oiread! = moltanas ar fheabhas na Stáit-Sheirbhíse é seo
 
deifir
Cá'il mo dheifir ag dul ab eadh? Nach bhfuil aoirde crann luinge d'fheamainn dearg sa gCaladh!
+
deilbh 2
"Aithnighim culaith an Deirg ach ní aithnighim a dheilbh ná é féin; Agus fear gan bheannú imeasc an tsluaigh, dorna a bhí a leathnú ar chnáimh a ghéill" (Sin é adubhairt an Chailleach — máthair an Deirg Mhóir nuair a tháinic Fionn isteach chuice agus culaith an Deirg air)
TUILLEADH (1) ▼
"Aithnighim claimhe agus culaith an Deirg ach ní aithnighim a dheilbh ná é féin" (leagan eile air) "Aithnighim claimhe an Deirg ach ní aithnighim a núdh-dheilbh ná é féin" (Cois Fhairrge — a shnuadh dheilbh b'fhéidir (/ə nū/)? Tá an n seo faoi anáil imighthe as Gaedhilge Chois Fhairrge, ach tá sí fágtha faoi na h-Oileáin: Leitir Móir, Leitir Mealláin, agus rl. Ní mheasaim gur chuala mé ariamh í i gCois Fhairrge ar aon-nós)
 
Ní raibh aon-bhacach ná aon-cheannuidhe ná aon-fhear bocht ná aon-fhear déirce ag dul an bealach ariamh nach ann a tharraingigheadh. Is ann a bhí an leabaidh dhearg i gcomhnaí ag lucht bóthair agus bealaigh
+
deirge
Bhainfeadh an snuadh atá air bail ó Dhia air barr deirge den chaor caorann = tá a shnuadh cho dearg le caor caorann
TUILLEADH (2) ▼
Tá a cheann-aghaidh ar dheirge na splaince = cho dearg leis an splainc
Nach in a gruaidh atá an caor! Tá deirge na teine innte.
+
deis
Tá deis mhaith ar an bhfeamainn dearg annsiúd aige agus é buailte ar an gcladach. Má tá féin, dar príosta ní leis a eirigheas sí igcomhnaí
TUILLEADH (5) ▼
Má theagann sé ar mo dheis sean-leasóchaidh mé an garrdha sin imbliana. Ach ní móide go dtiocfadh. Is iomdha cruadhóig eile orainn, agus b'fhéidir nach dtiocfadh an fheamainn dearg an-chóireamhail
Tá deis lasta ag J. Sórt boiscín beag é agus níl ort ach do mhéir a chuimilt air, agus tiocfaidh lasair air. An-deis é le píopa nó "feaig" a dheargadh
An té atá ar a dheis anois le dhul ag sean-leasú leis an bhfeamainn dearg seo, tá leis. Féadfaidh maicín S. a tapú. Bíonn sé as cionn a chuid oibre i gcomhnaí. Is ait an saothruidhe é
Ní fheicfidh tú ag caitheamh an phíopa é, ach an uair a mbíonn sé ar a dheis ceart: am scuirthe trathnóna, nó th'éis am dinnéir. Is beag an luadh a bheadh aige é a dheargadh chomh uain agus a bheadh sé ar a tháirm oibre. M'anam nach ndeargfaidh!
Tá dola feamainn dearg istigh adeir tú. Is tú atá ar do dheis aice anois. Measaim nach mbeidh aon-duine le dhul in a béal ort. Tá 'chuile dhuine ro-chruadhógach le na fataí
 
Ní deiseacht mhór do bhean ar bith an earradh dhearg sin a chur ar a béal. Cuireann siad iad féin as a slacht leis. Bean ar bith a bhfuil an deiseacht innte, is dhá uireasbhaidh sin é ar chaoi ar bith.
+
Nach air atá an deisiú istigh ar an teallach. Is agam a bheadh an sásamh anois, splanc dhearg a ghreamú dhá thóin, dhá mbadh rud é a chuirfeadh as a shógh é beagán
TUILLEADH (1) ▼
Is bean deisighthe ceart indiu í faoi na hata dearg agus cleiteadhachaí ann, agus bróga ar dhath na láibe atá thuas annsiúd thuas 'san bportach agam
 
deo
Ní fheicfidh tú é go deó aríst; go deó na díle; go deo dearg na díle; go deó na ndeór; go deo na ndreancaidí!; go deo ná go bráth
+
dia 2
Tuitfidh lá Nodlag ar an Luan imbliana agus Déardaoin Dearg a bhéas i lá na Leanbh
TUILLEADH (1) ▼
Déardaoin Dearg (lá na leanbh nó lá chrosta na bliana nuair is cothrom le Déardaoin a bhíos sé. Deirtear gur Déardaoin a bhí ann an lá a ndeárna Herod ár na Leanbh)
 
diabhal 2
Dearg-dhiabhal é (fíor-dhiabhal, dubh-dhiabhal, diabhal críochnuithe, diabhal in a chraiceann agus rl.) = droch-dhuine
 
D'eile céard iad ach dearg-bhréaga! Meas tusa an raibh fear ar bith ariamh acmhuinneach ar sheacht míle fairrge théachtuithe a chaitheamh de léim! Ach deir siad in a dheidh sin nach raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht in éindí ariamh
 
diaidh
Is mé atá indiaidh mo chuid tobac air, ach céard a d'fhéadfainn a dhéanamh. Ní raibh aon-ghoir agam gan a chaitheamh aige ó a chonnaic sé ag deargadh mé
 
Badh shin iad an dream a bhí díbheirgeach len a gcuid buachaillí. Mara mbeidís in a suidhe le giolcadh an éin agus amuigh ag obair, bheadh an súiste ag S. suas in a n-éadan ar an lota. Bhí buachaill ann aniar as G. M. uair. Níor eirigh sé ar chuma ar bith an uair a glaodhadh air. Suas le sean-Sh. agus fás aige, agus thug sé cnap eicínt dó ins an leabaidh. Diabhal asna de'n bhuachaill nar eirigh in a chraiceann dearg agus nach mbeireann ar Sh. agus nach gcoigligheann faoi ins an leabaidh é, agus greim píobáin aige air nó go raibh a theanga bheag amuigh. Thachtfadh sé beo beithidheach é marach an chaoi ar iarr na mná ar son Dé air gan giorrú leis ar fad. Ó'n lá sin go ndeachaidh sé idtalamh, níor thóg sean-Sh. maide ag aon-bhuachaill. Fuair sé a chomhairleachan
 
Thug mé liom siar ins an gceapuichín oinniúin sin thiar é trathnóna, nó go nglanainn í. B'éigin dom a theacht aniar le mo phíopa a dheargadh, agus chuir mé fainic air gan drannadh le na h-oinniúin. Mo léan géar ar a dhul siar dom ní raibh oinniúin ná salachar ach an oiread le chéile fágtha ins an mullach aige! Sin é atá dicheallach agad!
+
díle 1
Ní fheicfidh tú aríst é go deo na díle; go deo na díleann; go deo dearg na díle = go lá an Bhrátha; go sleibhe
TUILLEADH (3) ▼
Ní thiocfaidh sé abhaile aríst go deo dearg na Díle. Ó 'dhealuigh sé uatha chor ar bith, is fada amach a fhanóchas sé uatha feasta
Go deo dearg na Díle aríst mar adeir S. T. ní ólfaidh mise aon-deoir phórtair ins an áit ar ól mé aréir é. Ba gheall le blas gallaoireach a bhí air. Cé'n bhrigh ach an phóit ó mhaidin! Tá snaoidhm ar mo phutógaí, agus mo phíobán in a fhuirnís. Dearg-nimh atá aige
Rinneadh díle cainte ins an áit seo le cupla bliain: na helections sin. 'Chuile fhear dhá moladh féin go h-aer, agus ag rádh nach raibh duine ar bith eile cneasta ach é féin, agus go mbadh dearg-chneamhaire 'chuile dhuine dhá raibh in a aghaidh. Agus gurb é an rud céadna a bhí ó 'chuile dhuine aca: uisce a tharraingt ag a mhuileann féin. Chuirfidís uais ort
 
Tá mé sáruighthe agaibh le bliain ag dilleoireacht liom go bhfaghainn madadh dhaoibh. Tá sé agaibh anois agus is beag an mheas atá agaibh air. Ag imeacht dhá chiceáil agus ag sáthadh bior dearg ann. Diabhal bréag nach uaibh a theastóchadh an tslat. Tá sibh dhá tuaradh dhaoib féin, tá sin.
 
Tá an chruach choirce sin dingthe lioctha ar a chéile. Buaileadh an iomarca uirre. Nach raibh 'chuile dhuine ar an mbaile agus a thuairgín aige in a h-éadan. Agus bhí an ceann a bhí dhá dhéanamh ar meisce — ar dearg-mheisce!
 
D'fheicfeá ag imeacht in a dhiocach suas ins na póirsí siúd é corr-uair agus pluideog dhearg air, agus é gorm leis an bhfuacht. Ba dona an mhalrait ag an duine bocht sin é. Dhá bhfanadh sé ins an áit a raibh sé, bhí aige, seachas a dhul síos ar na leaca fuara sin ag scríobadh leis an ngantann go bhfaghaidh sé bás