Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cródhearg
+
Bhí an t-iarann cródhearg aige i dteallach na ceardchan
Bhí an t-aer cródhearg ar fad tráthnóna
TUILLEADH (1) ▼
Thug sé amach é agus gan é baileach dearg aige. Ní raibh sé ach cródhearg (dath na fola mórán) agus thosaigh sé ar an bpointe ag múnlú an chrú. Ar ndóigh ní fhéadfadh an crú sin gan a bheith fabhtach, ach ba chuma sa tubaiste leis siúd ó bhí furú air cén chaoi a raibh sé ach comharthaíocht an chrú a bheith air chor ar bith
+
Seo maiste dhuit agus bíodh sé dubhdhearg agus cródhearg shula síne tú chugam é. Is maith liomsa mo chuid maistí a bheith ceart. (Deirtear rud mar seo amantaí nuair a thugas duine maiste nó píosa pháipéar lena phíopa a dheargadh do dhuine eile lena lasadh sa tine)
Faigh ruainne pháipéar dom a bheas dubhdhearg agus cródhearg nó go ndearga mé mo phíopa
TUILLEADH (3) ▼
Cuir an píosa páipéar sin sa tine, agus bíodh sé dubhdhearg agus cródhearg shula dtuga tú dhom é … Le aghaidh mo phíopa! Deile!
Chuir an gabha an t-iarann sa teallach agus ba ghairid go raibh sé dubhdhearg agus ansin cródhearg aige. Thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin ansin agus murar bhain sé dreas as ní lá go maidin é
Foighid ort! Ní mór dó a bheith cródhearg agus níl sé dubhdhearg féin fós

Féach freisin