Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dearóil
/d′ir′ōl′/
aidiacht
breis agus sárchéim: dearóile
focal Achréidh
fc. dreolán
 suarach, éidreorach, lag, caillte, cloíte.
+
Duinín dearóil é. I ndar leat féin nach mbeith (mbeadh) sé i bhfad beo má bhfaigheann (fhaigheann) sé mórán eile brádannaí den tsórt sin
Duine dona dearóil a fuair sí. Níl éitir ar bith ann. Ghiorródh lá seirsí (seisrí) amháin leis
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé an-dearóil i gcaitheamh an gheimhridh, ach diabhal mé gur chroith sé suas ó tháinig an t-earrach agus an lá breá, agus go dtéann sé amach aríst corruair
Gamhainín dearóil go leor ghabhfadh sé hocht nó naoi de phunta inniu. Bhí siad thrí lasadh, agus b'annamh leofa
Tá sé ag coinneáil dearóil go leor an duine bocht. Bhéarfaidh an geimhreadh seo a sháith le déanamh dhó. Dar príostaí bhéarfaidh
Feairín dearóil caillte é. Ach is cuma sin. Bhí sa (saithe) mná timpeall air. Ní miste leofa sin nuair a d'airigh siad an t-airgead aige. Ar an airgead a bhíos cion. Dhá mbeifeá ag doras an bháis, bhfaightheá (gheofá) bean ach airgead a bheith agat

Féach freisin