Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deireoil
/d′ir′ōl′/
aidiacht
breis agus sárchéim: deireola.
fc. dreólán
focal Achréidh
suarach, éidtreórach, lag, caillte, claoite.
+
Duinín deireoil é. I ndar leat féin nach mbeith (mbeadh) sé i bhfad beo má bhfuigheann (fhaghann) sé mórán eile brádannaí de'n tsórt sin
Duine dona deireoil a fuair sí. Níl éitir ar bith ionn. Ghiorróchadh lá seirsighe (seisrí) amháin leis
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé an-deireoil i gcaitheamh an gheimhridh ach Diabhal mé gur chraith sé suas ó thainig an t-Earrach agus an lá breagh, agus go dteigheann sé amach aríst corr-uair
Gamhainín deireoil go leor ghabhfadh sé h-ocht nó naoi de phunta inniu. Bhí siad thrí lasadh, agus b'annamh leofa
Tá sé ag coinneál deireoil go leór an duine bocht. Bhéarfaidh an geimhreadh seo a sháith le déanamh dhó. Dar príostaí bhéarfaidh
Feairín deireoil cailltí é. Ach is cuma sin. Bhí sa (saithe) mná timpeall air. Ní miste leofa sin nuair a d'airigh siad an t-airgead aige. Ar an airgead a bhíos cion. Dhá mbeicheá ag dorus an bháis bhfuightheá (gheobhthá) bean ach airgead a bheith ugad (agad)

Féach freisin