Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cosa (50+)

 
Fágfaidh na bróga léasrachaí ar na cosa agat
 
féar
Ní fhásfaidh mórán féir faoina cosa nó go n-insí sí an scéal sin do dhuine eicínt eile — duine a bhíos beophianta go dté sé ag caint faoi scéal eicínt
 
cab
Rug sé i ngreim caib air agus thosaigh sé dhá streachailt. Murar ob sé an tseanfhéasóg fhíonnach a tharraingt amach as a ghéill as cosa i dtaca!
 
cailm
D'ól sé sé ghailleog as cosa i dtaca agus dheamhan a dhath cailm a chuir siad air — d'ól sé sé ghloine poitín go dlúth i ndiaidh a chéile agus níor chuir siad lá mairge air ina dhiaidh sin.
 
Tá buaic mhaith agus cairín urrúnta aici, ach shílfeá nach bhfuil aon tapa inti as na cosa (capall)
 
Tá carcair de chailligh ansiúd agus chuirfeadh sí cosa beaga faoi na glasógaí le caint.
 
cora
D'imigh na cosa uaithi sa gcora agus rinne sí cleas an tradhaill síos san abhainn. Ba gheall le madadh báite í nuair a rinne mé an tarrtháil.
 
Tá sé corradh ar leathchéad míle as seo don Ch. agus shiúil mo sheanmháthair chuile mhíle coisméig dhe ina cosa boinn! Siar go gceadaíodh sí cailleach luibheannaí a chuaigh sí. Is beag a dhéanfadh anois é. Dheamhan aon duine!"
 
Chuirfeadh Seán céanna cosa beaga faoi na glasógaí le teann cóipíse agus floscaí. Go bhfóire Dia ar aon duine a chaithfeas éisteacht leis ar an gceird siúd!
 
beann
Bhí sé chuile orlach chomh héasca dhuit binn sléibhe a chorraí le é siúd a chorraí nuair a chuireas sé cosa i dtaca air fhéin.
 
Bhí cosa i dteannta air ag iarraidh na leice a bhaint, ach chuile uair a d'ardaíodh sé í, thiteadh sí aríst mar ní raibh sé ag féadachtáil aon bhorradh a chur fúithi.
+
aer
Ní thaitníonn na cosa gréine sin i mbun an aeir liom. Tá sé tolgadh báistí déarfainn.
TUILLEADH (1) ▼
Chonaic sé an sonda ag dul thairis; idir an t-aer is an talamh — a cheann ionann is buailte ar an aer aige agus a cosa i ndáil le ag scríobadh na talúna.
 
Tá an putach sin thíos ag L. Mh. buailte suas as na cosa ar fad. Feicim é ag imeacht agus buadán ar leathchois aige, agus an ceann eile craptha.
+
Tá mé buailte suas as na cosa ar fad le seal, ach dheamhan pian ná tinneas orm thairis sin — níl siúl an bhealaigh ionam ag mo chosa ach dheamhan mairg orm thairis sin.
TUILLEADH (2) ▼
As na cosa a bhuailtear suas na seandaoine i gcónaí
Má tá sé buailte suas as na cosa, dheamhan bualadh suas ar a theanga muis — tá neart le rá aige
 
buinne 1
D'ól sé trí slaidhbhear as cosa i dtaca, agus ceann acub lán go buinne bruach. Isteach leis ansin, agus murar chuir sé fuaim le 'Bádóirín Thír an Fhia', castar leis é.
 
Chuirfeadh sé cosa beaga faoi na glasógaí lena chuid áibhéil — chuirfeadh sé scéal as a riocht le áibhéil; chuirfeadh sé malrait leagain ar scéal ar bith le neart áibhéil.
 
ailím
Is drochailím ag cosa daoine é an cladach.
+
airde 1
Tá an capall sna cosa in airde — ag rith (galloping)
TUILLEADH (5) ▼
Chuaigh sé síos an bóithrín sna cosa in airde.
Bhain sí amach sna cosa in airde — ní móide go raibh aici ach sodar roimhe sin
Cuir sna cosa in airde í; bain amach sna cosa in airde í.
Ba mhaith liom a fheiceáil cén t-imeacht atá fúithi sna cosa in airde.
Bhí cosa in airde faoi; bhí sé ag rith sna cosa in airde.
 
Ní ardaíonn sé na cosa den talamh chor ar bith agus é ag siúl
 
ascar
Cuireadh é fhéin as ascar na diallaite ach tháinig an bhean óg a bhí ar cúlóig ar a cosa ar an talamh
 
Dar príosta, ghabhfadh fascalach maith sa ngloine a fuair sé agus d'ól sé trí cinn acu as cosa i dtaca. Dheamhan fear eile sa teach dhá gcaitheadh an oiread in éindí nach mbeadh tomhaiste. Ach dheamhan aithne deoir a bhí air
 
Cosa feamainne — cineál luibhe a bhíos i ngarrantaí. Bhaintí í le linn ghanntan an tobac, thriomaítí í, agus chaití i leaba tobac í. Tugtar cosa préacháin freisin uirthi
 
Shílfeá go mbeadh foscadh ionat thairis sin. An rud nach dtógfá as an lathach cuireann tú cosa faoi agus insíonn tú don tír é. Ní den chuibhiúlacht a bheith ar an gceird sin
 
Ní bhíonn an ghlib sin suas óna sála ar chaiple fíneáilte chor ar bith: caiple rása, nó caiple a mbíonn cosa fada orthu. Tá sí (an ghlib) ar an gcapall sin amuigh againne. Tá agus cluimhreach dhiabhalta
 
fóin
M'anam muise go bhfuil an maide sin ag déanamh fóinte (ag fóint) dhomsa ó buaileadh suas as na cosa mé
+
Bhí na cosa ag imeacht uaidh le lagar ocrais — é scrútaithe leis an ocras
TUILLEADH (1) ▼
Bhí na cosa ag imeacht uaidh ag dul ar an mbainis, ach ní imeoidís leath chomh maith uaidh ag dul chuig a chuid oibre — bhí an-fhonn go deo air a dhul chuig an mbainis, ach ní hé an oiread sin fonn a bhí air a dhul ag obair
 
imigh
Bhí an slaghdán céatach orm agus chuir mé ag imeacht as cosa i dtaca é le neart seanfuisce — ní raibh aon fhonn ar an slaghdán imeacht, ach chuir an fuisce ag imeacht den bhuíochas é.
 
Sna cosa atá an intreacht aige agus ní sa gceann (déarfaí le damhsóir maith é)
 
ith
Bhí sé ag ithe as cosa i dtaca — bhí sé ag ithe leis, ocras air nó dhe; ag ithe go beo scioptha
 
Más leat íochtar trá a bhaint, ní fhéadfaidh tú a bheith chomh triollata sin ar na cosa — má tá fút an fheamainn atá ar an gcuid is faide amach den trá a bhaint, caithfidh tú do chosa a fhliuchadh
 
fuacht
Tá creathadh fuaicht orm sna cosa (as na cosa) — tá mé an-fhuar sna cosa
 
Tá mé ciaptha ag fuachtáin atá orm. An tráth seo de bhliain i gcónaí a bhuaileas siad mé. Tá siad ar na cosa agus ar na lámha agam. Níl bliain ar bith nach mbím foirgthe acu
+
fuar 2
Fanadh cosa fuara amach — dream a thiocfadh ag bainis nó a leithide gan cuireadh
TUILLEADH (2) ▼
Cosa fuara a bhí fréna chéile ann. Bhí an teach ag cur thar maoil leo
Ní cosa fuara muid, ach 'sé an dá mhar a chéile é. Ní bhfuaireamar ach cuireadh cosáin
 
Ní thabharfaidh aon cheo fuascailt dom ar mo thart ach cheithre phionta as cosa i dtaca
 
Tá cosa an damhsóra aige
 
Ní fhéadaim a dhul soir i mbéalbhachaí an bhaile seo thoir beag ná mór nach bhfuil mé damnaithe aige ag cur comaoine orm agus do mo tharraingt isteach i dtithe ósta as cosa i dtaca. Ach is maith atá a fhios agamsa céard atá ag goilliúint ar an mbuachaill sin
 
danra
Ní raibh de chailleadh chor ar bith ar an mbarr uachtair. Diabhal mé go raibh, agus an mhóin roinnt sceiteach féin — briosc adéarfá. Ach nuair a theann mé síos sa mbarr láir agus sa mbarr íochtair, bhí sí danra a dheartháir — danra. B'éigean dom cosa i dtaca a chur orm féin ar an mbinse leis an sleán a chur thríthi. Rinne an barr íochtair puca críochnaithe dhíom
 
Diabhal an féidir go ndaoirseoidh siad tuilleadh. Má dhaoirsíonn muis, fágtar ansin acu féin iad agus imíodh muid sna cosa boinn. Is iomaí fear maith ariamh a mb'éigean dó imeacht sna bonnaíochaí
 
daol
Ó rud eicínt nár thaitnigh leis anois a fuair sé an daol sin muis. An iníon atá ag cur a cosa uaithi aríst ag iarraidh a dhul go Sasana. An t-am deiridh a ndearna sí Sasana a shamhailt leis, bhí sé ag dul sna fraitheachaí go ceann míosa, agus thagadh daolanna an diabhail ann dhá gcainteá (gcaintíteá) ar aon duine a bhí i Sasana leis. Tá sé caite ina cheann críochnaithe aige gur i ndiaidh Ph. Mh. atá sí ag dul ann; agus chuile eallach aige ach é sin