Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deargán
ainmfhocal, fireann
iolra: deargáin
1.
rud ar bith a mbeadh deirgeadas ann, nó a bheadh craosach dearg.
+
Is é an deargán é — duine a bheadh craosach dearg; duine a mbeadh snua na gcaor ina ghrua
Bhí másaí agus bléin an pháiste ina ndeargán fré chéile ag na claibhtíní agus na pluideoga a chuireadh sí air. An bhfaca tú iontas ar bith ariamh gur mhair sé chor ar bith. Is beag an dochar di náire a bheith uirthi nach dtabharfadh aire thairis sin dhá páiste. 'Sí an tsiléig sin a fhágfas dhá bhfuireasa í
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhlaí an deargán d'inín í sin aige. An bhfeiceann tú na pluca atá uirthi — bail ó Dhia agus ó Mhuire uirthi. Tá chaon ghríscín feola uirthi! Bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin
Shílfeá go bhfuil an cat seo ina dheargán. Corrchat a d'fheicfeá ar a dhath sin anois chor ar bith. Dhá gcuirteá isteach ag an show é sin gheofá duais air. Ach níl aon ordú agat air. Breá nach gcaithfeá go maith le do chat mar a dhéanfadh fear!
+
An bhfeiceann tú an deargán sin — píopa agus aithinne dearg ina bhéal agus an tobac ag deargadh freisin
Rinne tú deargán críochnaithe den chathaoir. Dhá mbeadh plúirín agat anois, agus brat dó a chur os a chionn sin, bheadh sí go dathúil!
TUILLEADH (9) ▼
Sin deargán ceart anois — an clúdach atá ar an gcopy sin. Cá'il an cineál sin dhá ndíol? Is fadó an lá nach bhfaca mé a leithidí cheana
Thóg sé as an tine é nuair a bhí sé ina dheargán agus thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin. Níor chuir sé biseach ar bith isteach ann, ach an dá bhrionglán a tháthú agus aon cheann amháin a dhéanamh dhíobh. Siúd é atá deas air. An-ghabha é. Níl gair ar bith ag an mB. air. Níl sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhó
Tá sé ina dheargán anois agat le cuimilt. Is diabhlaí an lear súí a bhí air. Shílfeá nach mbeadh an oiread sin súí ná deataigh ar lampa a bhfuil gloine air
Deargán ar fad é an teach aici anois. Tharraing ar chuir sí de phaint air siúd pínn mhaith uirthi. Is mór an t-ionadh nach mbeadh splanc eicínt chéille aici, agus gan a bheith chomh drabhlásach sin lena cuid airgid. Mh'ainín féin go mb'fhéidir go mba mhaith léi aici fós é
Tá taobh amuigh an tí ina dheargán ar fad. Ach cén diabhal a bhí ag cur cathaithe air an dath siúd a chur air. Ní fhaca mé rud ar bith ariamh is scanraithe ná é anois
Flainín geal a bhí ann i dtosach, ach dhathaigh sí é, agus tá sé ina dheargán anois. Sin é a ghnídís uileag fadó leis an bhflainín thart anseo. Bhíodh cótaí dearga, agus cótaí gibíneacha agus cótaí cóirithe acu. Ní fheicfeá a malrait chor ar bith. Déanann na seanmhná fós é; (n)ach a n-imí an líne seo, is beag na cótaí dearga a fheicfeas tú. Is mór a d'athraigh an saol le scór blianta féin
B'fhurasta a aithinte Tom. Bhí deargán de gheansaí air a d'fheicfeá míle ó láthair. Bhraith mé a ionsaí inniu faoi, ach lig mé tharam é ina dhiaidh sin. Ní fhágann sin nár thug mé le n-inseacht dó gur aithin mé é … Is dalba an rud a dhul ag caitheamh cith cloch le duine ar an gcaoi sin. Ní greann ar bith fear a dhonú
Tá na fataí atá againne i mbliana ina ndeargáin as éadan. Facthas domsa nuair a bhí mé dhá gcur, nach raibh na síolta ródhearg chor ar bith. Ach nach é an cás céanna é. Is beag an locht iad na fataí dearga dhá mbeadh a sháith ag duine díobh.
Tá an t-aer ina dheargán. Saighneáin triomaigh iad sin thiar. Feicfidh tú aimsir bhreá uaidh seo amach: "dearg dearg thiar, gealach agus grian"
·
Ceannaigh staic den deargán eile sin — cén t-ainm atá air — raddle — le na caoirigh a mharcáil. Beidh muid dhá mbearradh lá eicínt an tseachtain seo chugainn, agus caithfear comhartha eicínt a chur orthu más linn a gcur chun sléibhe … Gheobhaidh tú i siopa Ch. nó tigh Gh. é. Tóraigh an baile mór go bhfaighe tú é ar aon chor
Deargán de dhúch é seo shílfeá. Ní raibh a fhios agam ariamh cheana go scríobhfaí litir le dúch dearg
2.
rud a déantar as duileasc; scaird uisce fiuchta a chur ar dhuileasc nó go mbeadh sé dearg agus ansin a ithe; nó an duileasc a chur ag bruith in uisce, nó go bhfaoisceadh sé.
+
Sin deargán. Bhíodh an-tóir ag daoine roimhe seo air, ach ní hé an oiread sin a mbíonn a bplé anois leis
Déan deargán den duileasc sin
TUILLEADH (7) ▼
Ó a stór, roimhe seo a bhíodh na rudaí ann! Ghníodh muid bacstaí agus prochógaí, agus deargán. Ghabhfá síos ag an gcladach agus bhainfeá glac dhuilisc, agus thabharfá abhaile é agus dhéanfá deargán dó (de), agus dheamhan anlann go héag mar é. Bhíodh an-hate air
Bhí tóir acu ariamh ar an gcnuasach chladaigh. Ní dheachaigh mé isteach ariamh ann nach mbeadh iascáin nó toit bhairnigh nó deargán thíos ann. Dar mo choinsias, má bhíodh fhéin, ba bheag an locht iad. Thabharfainn mo dhá shúil anois ar ruainne deargáin dá mbeadh sé agam
Deargán! Mo chreach do chuid deargáin! Is maith an bheatha ag fear oibre deargán. Ní thabharfainn deich triuf ar do chuid deargáin
Ní bhíonn dream ar bith líofa ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas anseo anuraidh agus bhain sí slám duilisc, agus ní bheadh fí ná feáin uirthi mura ndéantaí deargán di. Diabhal a raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aici siúd. Thug sí a seaneire creathnaigh abhaile léithe. Nár ba é amháin dhá bhfuil suas ann. Chuile bheadaíocht dá mbíonn timpeall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orthu féin. Ní fhaca mé tada ag teacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas anseo ar mhaingín cnónnaí acu, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugat, ach ní fhaca muid aon amharc ar na cnónnaí ó shin
'Sí atá dhá cur fhéin in adhastar an anró ceart, a dhul isteach ar an mbaile sin, áit nach raibh aon cheo ariamh ach bairnigh agus deargán. Diabhal ceo eile! Beidh sí ag scríobadh leis an nganntan dhá lá a saoil. Nach ar a hathair a bhí an ciméar agus a cur ansiúd, agus a liachtaí fear ar fónamh sa tír a phósfadh í
Bainfear as a chleachta feasta i Sasana é mura mbeidh aon sleabhcán ná aon deargán le fáil aige. Ar chnuasach cladaigh a tháinig an dream sin suas ariamh, agus chuile dhuine ar a mbaile. Cén diabhal eile a bhí acu. Breathnaigh thú féin ar an mB. An bhfuil fód ag gabháil léithe le cur. Má tá ní léir domsa é
'Sé a bhíodh ag na daoine ar fad fadó, an deargán sin. Nuair a bhí mise ag éirí thuas, níl lá ar bith nach mbíodh sé againn — scaití den bhliain. Ach héiríodh as uileag. Ní móide gur donaide na daoine sin ach oiread. Pébrí cén moladh a chloiseas tusa ag daoine ar an saol fadó, ní raibh aon ghair aige ar an saol atá ann anois. Tá na daoine ag fáil dalladh le n-ithe ar chaoi ar bith anois, ní hé sin don tsaol fadó é. Is cam a bhreathnódh fear oibre anois ort dhá dtairgtheá deargán dó le haghaidh a dhinnéir. Fadó féin ar ndóigh, bhí rud acu thairis

Féach freisin