Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díle
ainmfhocal, baineann
iolra: díltí, dílí
ní thagann aon chlaochlú tuisil air ach go hannamh. Deirtear díleann ginideach amanta, ach níl dílinn tabharthach ann
1.
An fuarlach mór a chuaigh thar an domhan aimsir Noa.
a.
+
Ar chuala tú ariamh faoin uair a ndeachaigh an Díle thar an Domhan — deirtear i gcónaí go ndeachaigh an Díle thar an Domhan aimsir Noa
Báitheadh an saol nuair a chuaigh an Díle thar an Domhan. Deir siad gur dódh é uair eile. Is dóigh gurb é a phlúchadh a dhéanfar an chéad turn eile
TUILLEADH (4) ▼
Chuaigh an díle thar an Domhan agus chuir Dia an bogha báistí san aer le inseacht do na daoine nach mbáfadh sé aríst go deo é
Fadó, nuair a chuaigh an Díle thar an Domhan, níor tháinig as ach Noa, a bhean, a thriúr mac, a thriúr iníon agus a gcuid fear. Chuaigh siad isteach san Áirc agus sin é a thug beo iad. Nuair a shíl Noa go mba cheart don tuile a bheith traoite, chuir sé amach an fiach dubh le scéala a thabhairt isteach aige. Níor tháinig an fiach ar ais lena scéal féin ná le scéal aon duine eile. D'fhan sé i mbun an chasam air. Sin é teachtaire an fhiadha ón Áirc agat
Nuair a bhí an Díle ag dul thar an Domhan adeir siad, chaith sé dhá fichead lá ag báisteach gan aiteall ar bith, agus bhí dhá fichead galún i chuile bhraon di. Ní raibh a dhath féin den domhan leis — oiread agus méid leithphínne féin
Is fadó ó chuaigh an Díle thar an Domhan. Chreidim gur i dtús an tsaoil é. Lá Fhéil San Swith a thosaigh sé. Tá an gheis sin ar an lá sin ó shin, má bhíonn sé fliuch an lá sin go mbeidh sé fliuch go ceann dá fhichead lá ina dhiaidh. Tabhair faoi deara bliain ar bith é. Cuirfidh mé geall leat go bhfuil an fhírinne agam. Ná creid thusa ó fhear ar bith nach mbeidh
+
"Fionntán Fáidh nár báitheadh sa Díle" — deirtear nár báitheadh Fionntán sa Dílinn
Tá sé sin chomh sean le Fionntán Fáidh nár báitheadh sa Díle — an-tsean; aois chapall na muintire
TUILLEADH (7) ▼
Tá an scoirbín siúd ariamh ann. Tá aois Fhionntán Fáidh aige nár báitheadh sa Díle.
Is comhaois é sin le Fionntán Fáidh nár báitheadh sa Díle. Ní fhaca aon duine anseo ariamh óg é
Dhá mbeifeá chomh sean anois le Fionntán Fáidh nár báitheadh sa Díle, ní bhfaighidh tú aon phinsean mura bhfuil t'aois agat. Agus is mór anseo nach bhfuil aon pháipéar acu ar a n-aois, ná nach bhfuil in ann aon pháipéar a fháil ach oiread. Cuireadh amú a raibh d'aoiseannaí sa séipéal sin thoir
Tá seanfhear eile ann nach bhfaca mise ariamh ach aon uair amháin, agus is sine é ná Fionntán Fáidh nár báitheadh sa Díle. Chonaic mé ag teacht anuas an seanbhóithrín taobh thiar ansiúd é agus ualach móna ar asal aige. Is beag a chorraíos sé amach chor ar bith sílim. Níl aon ghus a rath ann.
'Sí M. Ph. is sine sa tír seo anois. Tá bliain nó dhó aici ar Fhionntán Fáidh nár báitheadh sa Díle sílim!
Dá mbeifeása ann le linn Fhionntán Fáidh nár báitheadh sa Díle, bheadh a fhios agat é sin. Níl aon mhaith dhuit dhá fhiafraí dhíomsa. Ní raibh mise ann lena linn. Dia a shábháil é, chreidim. Cé eile a d'fhéadfadh a shábháil?
Seanfheairín beag cromtha coilgneach a bhí ann. Ba gheall le Fionntán Fáidh é nár báitheadh sa Díle, bhí féasóig chomh fada chomh liath sin air. Níor chuir mé chuige ná uaidh, ach chonaic mé ag scamhailéireacht ar ghasúir ansiúd é, agus déarfainn go mba francaithe an peata é deich mbliana is trí fichid ó shin
+
Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan lena raibh sé a chaitheamh de bháistigh — bhí an-bháisteach ann
Bhí sé ag caitheamh sceana gréasaí agus an barr géar díobh anuas ar feadh na hoíche. Sceith an sruthán isteach ar an tsráid agus isteach sa teach. Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan
TUILLEADH (7) ▼
Tá an lá inniu sa gclaí aríst, ní ag ceasacht ar Dhia é. Chuile lá anois ag baint farasbarr dá chéile. Gabhfaidh an Díle thar an Domhan mura bhfuil ag Dia
Dhá dtéadh an Díle thar an Domhan — sábhála Dia sinn — bheadh teas an aithne ina thóin siúd ag dul amach! Ní choinneoidh rud ar bith istigh é sin nó go mbuaile an donacht in éindí é. An uair sin, feicfidh tú féin air, dá antlásaí dá bhfuil sé ag an obair, go bhfanfaidh sé istigh
Is síoraí an mhí bháistí í. Tá fuarlach ins chuile áit. Má mhaireann dó ar an gcaoi seo tiocfaidh an Díle thar an Domhan. Ní fhaca mé a leithide de bháisteach ó bhliain an bhrosna
Tá a fhios agat go maith go mba deannachtach an ráig í agus go raibh mé ag breathnú amach ar an turlach siúd agus na gasúir ag bualadh báire ann ar maidin. Tráthnóna tháinig muintir Ch. anall thar an abhainn go dtí béal an dorais sa teach a raibh mé i mbád. Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan bhí sé chomh dona … Síleann tú gur ag cumadh atá mé. Dar mo choinsias muis, ní hea. Sin í lomchlár na fírinne duit, chomh maith agus dhá gcloistheá amach ó bhéal an tsagairt é. Fiafraigh de J. Mc G. é an chéad uair eile a thiocfas sé ar cuairt
Dheamhan aiteall ná aiteall ná cosúlacht ar bith air. Tá ceann faoi ar an lá ar fad. Má sheasann sí ar an táirm sin, gabhfaidh an Díle thar an Domhan ach grásta Dé. Is furasta a aithinte. Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine i gcónaí
Dhá bhfeictheá an tuile ag éirí san abhainn siúd agus ag sceitheadh síos ar fud an bhaile mhóir agus tithe dhá mbánú, déarfá leat fhéin go raibh an Díle ag dul thar an Domhan aríst. Ní thabharfá samhail ar bith dhi ach é … Dar brí an leabhair, bhí chuile dhuine ag imeacht as na tithe agus ag crapadh leo an méid a d'fhéad siad den troscán
Cén chaint sin ort faoin Díle a dhul thar an Domhan. Ní ghabhfaidh an Díle thar an Domhan go deo aríst. Nár gheall Dia do Noa nach dtiocfadh. Sin é an fáth ar chuir sé an bogha báistí sa spéir. Cheal nár chuala tú ariamh é sin. Is mór nár chuala tú muis
+
Tá sé sin ann ón Díle — tá sé an-tsean; tá aois mhór aige
Mo chreach muise a mbainfidh mise d'fhéar leis an miodachín speile sin atá ann ón Díle. B'fhéidir dhá bhfaighteá speal nua dhom go mbeinn in ann foghail eicínt a dhéanamh air … Má tá spealta chomh gann sin bainidh le corráin é. An bhfuil a fhios agat cá bhfaca mé fear ag sá speile isteach i móta: thíos ar an E. Mh. Mura bhfuil aon drogall ort, gabhfaidh muid síos anocht agus goidfidh muid í: síos trasna. Is beag an bhrí é: naoi nó deich de mhílte
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé in am aige a bheith caite mar dheimheas. Tá sé ann ón Díle. P. céad slán dó atá i Meiriceá a cheannaigh i dtosach é. 'Sé a bhearr a raibh de chaoirigh ar an mbaile ariamh
Tá an reilig sin ann ón Díle. Bhí na naoimh inti sin. Tá cuid acu curtha inti. Thoir san áit a bhfuil na driseacha agus na neantógaí anois, tá seanleacrachaí. Ansin atá siad curtha
Ná ceannaigh aon ghreim den fheoil sin a thug tú leat an lá faoi dheireadh. Tá sí saillte ón Díle
"Troscadh a rinne mé Dé hAoine; Bhí fuílleach éisc agam i mo dhiaidh ar clár —; Go mba seaniasc lofa é a bhí saillte ón Díle; Agus é faoi shaltpetie ó bhun go barr" (As amhrán: Seán Ó Maonaigh)
Tá sé sin caillte ón Díle. 'Sé mo ghéarchuimhnese P., a dheartháir, a fheiceáil beo agus sílim go raibh seisean básaithe le fada na mblianta roimhe
Ara cén donacht sin ort! Tá an diabhal sin meath-thinn mar sin ón Díle, agus is beag an chlóic air ina dhiaidh sin. Dheamhan a dhath. Ag dul chun aois na hóige atá sé, sea sin.
Fuair mise mo sháith den áit cheana. Chuaigh muid isteach ag ithe béilí ann lá. Dhá bhfeictheá an scodalach de tae a thug sí dhúinn — níor baisteadh ariamh é. Agus an builín a fuair muid, bhí sé ceannaithe ón Díle
+
Seanteach ón Díle é — tá sé an-tsean
Seanghnás ón Díle na crosógaí a chur suas Oíche Fhéil Bríde. Níor cheart daoibh éirí as anois. Ní pisreogaí ar bith na crosógaí, ní hé a fhearacht sin ag na gaidíní Bealtaine é. Ach is mór atá an saol ag athrú, is mór sin
TUILLEADH (5) ▼
Bhí sé in am acu scoil nua a dhéanamh ann. Seanscoil ón Díle an ceann atá ann cheana. Ní fhaca aon duine anseo ariamh dhá dhéanamh í, ná an líne rompu ach an oiread déarfainn
Seantreibh ón Díle iad na C. anseo, ní hionann agus a chine seisean — cine faoi chopóig. Chuala mise cur síos ag S. Ph. Sh. ar an dream sin ar fad
Níl aon ghair aige a bheith chomh sean leis an mbóthar thoir. Sin seanbhóthar ón Díle críochnaithe. Is minic a chloisinn J. ag rá go raibh an bóthar thoir déanta roimh bhóthar an rí, agus nach raibh an uair sin an taobh seo d'abhainn ach dhá theach
Sin seanscéal ón Díle: An Síogaí Rua Ó Dónaill. Is minic a chuala mé ag P. Mh. Mh. é — go ndéana Dia maith ar a anam. Ní fhaca tusa ariamh é. Ba bhreá uaidh scéal a inseacht, agus cén bhrí ach chuirfeadh sé na cuacha a chodladh ag gabháil fhoinn
Is gearr an tobar abhus déanta chor ar bith: ó rinneadh tigh J. Ach tobar Ch., sin seantobar ón Díle. Bhí tobar beannaithe sa ngarraí gleannach ó dheas agus dhún sé suas ar fad an áit a ndeachaigh bean — bean de na D. í — ag níochán éadaigh ann Satharn amháin. Nach gann a chuaigh an saol uirthi go gcaithfeadh sí a dhul dhá dhéanamh sin. Boislín broghach an tSathairn arsa tusa
b.
+
Ní fheicfidh tú aríst é go deo na Díle; go deo na Díleann; go deo dearg na Díle — go lá an Bhrátha; go sleibhe
Go deo na Díle aríst ní thaobhóidh mise an áit sin. Ní beag dhom a bhfaca mé dhi. Fhóbair sí éalang a fhágáil orm
TUILLEADH (4) ▼
Ní thiocfaidh sé abhaile aríst go deo dearg na Díle. Ó dhealaigh sé uathu chor ar bith, is fada amach a fhanós sé uathu feasta
Go deo na Díle aríst ní fheicfidh tú aon chogadh théis an chinn seo. Beidh siad thrína chéile chomh sách de chogadh feasta agus gur luar le chuile dhream an diabhal ná é a tharraingt. Ba eo é an cogadh is measa a tháinig fós. 'Sé an fear a bhí sa mbaile ar an teallach is measa a shaothraigh an cogadh seo. Roimhe seo ní bhíodh dhá fháil faoi na foraí ach an saighdiúr bocht a bhíodh ar aghaidh na bpiléar
Go deo dearg na Díle aríst mar adeir S. T., ní ólfaidh mise aon deoir phórtair san áit ar ól mé aréir é. Ba gheall le blas gallaoireach a bhí air. Cén bhrí ach an phóit ó mhaidin! Tá snaidhm ar mo phutógaí, agus mo phíobán ina fhoirnís. Deargnimh atá aige
Go deo na Díle ní fheicfidh aon duine mise aríst abuil sé, théis an bhaileabhair sin a dhéanamh díom
2.
tuile liaga; an-lear báistí nó uisce.
a.
+
Ag cur na díleann — ag báisteach go han-trom; ag clascairt bháistí
"Dhá mbeadh sé ag cur na díleann, agus an sneachta a bheith dhá charnadh aduaidh; agus le mo ghrá dhá bhfaighinn cead síneadh, bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar cuan" (As amhrán — A Landlady na Páirte)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag cur na díleann aréir nuair a bhí mé ag dul abhaile
+
Caithfidh sé díle bháistí anocht. D'aithneoinn ar an spéir é. An bhfeiceann tú na gadhair dhubha sin thiar os cionn Árann?
Chreidim gur chaith sé díle bháistí aréir. Níor airigh mé chor ar bith í. Bhí mé in mo shrainn chodlata nuair a thosaigh sé, agus níor airigh mé tada gur dúisíodh mé ar maidin
TUILLEADH (1) ▼
Má ghníonn sé díle bháistí anocht, agus tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile nó déanfaidh, beidh an ghlaicín fhéir sin ina chiseach. Nach bhfuil sé chomh maith dhúinn é a bhualadh ar a chéile. Ní bheidh muid ala an chloig leis, má tá sé deireanach orainn féin
+
Cuirfidh sé díle dhi anois ó thosaigh sé chor ar bith. Má chuireann féin, dheamhan mórán údar casaoide ag na daoine. Thug sé píosa maith go breá uaidh
Má chaitheann sé anois í, caithfidh sé an díle di. Osclóidh béal an aeir ar fad. Má theagann drochoíche, giorróidh sí leis an lao beag sin thoir agam. Níl sé sách cruachúiseach fós le drochoíche a sheasamh
TUILLEADH (1) ▼
Chaith sé díle anseo muise. Ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann, bhí sí chomh gártha sin tamall. Ach ní raibh inti ach drochráig ina dhiaidh sin. Agus deir tú nach raibh sí sin agaibhse chor ar bith. Bíonn sí leatromach an t-am seo i gcónaí
+
Tá na dílte ag titim anois — go leor báistí
'Siad na dílte seo a fhágfas an t-arbhar réidh. Bhí sé ar a leathghlúin cheana ach sínfidh sé ar fad anois. Cén bhrí ach má theagann stolladh gaoithe. Sin é a dhéanfas a chreach ar fad
TUILLEADH (2) ▼
'Siad na dílte báistí sin a chaith sé i mbéal an fhómhair anuraidh a d'fhága an mhóin gan tógáil. An méid di a bhí ina scaradh, fágadh mar sin í, agus cuid mhaith den mhóin a bhí leathtriomaithe féin d'fhan sí ina haoileach ar na portaigh
Ní fhaca muide tada anseo ó tháinig an bhliain ach dílte. Agus deir tusa go raibh aimsir bhreá san áit a raibh tú féin. Dar príosta muis, níorbh é sin don áit seo. Bhí uair chomh coimhthíoch ann agus a chonaic mise ariamh
+
Tá an díle ar an spéir sin thiar. Is furasta a aithinte uirthi é. Agus 'sé bun na gaoithe é freisin
Rug an díle mhór a bhí an lá cheana ann ar an mbóthar air agus ní raibh aon snáth thuas ar a chraiceann nach sílfeá gurb as béal soithigh a tarraingeadh é. Bhí lán a chruite de shlaghdán lá ar na mhárach air, agus tá sé ag coinneáil na leabthan ó shin. Mura gcaithe sé seal ina leannán anois ag an bhfear bocht, tá an t-ádh air
TUILLEADH (3) ▼
Mura gcuire sibh bealadh faoina (bhur) n-ioscadaí anois, beidh sé ina dhíle oraibh shula bheas sibh sa mbaile. Tá sí ag tolgadh ansin ó dheas. Má bhriseann an meall dubh sin gheobhaidh sibh tuairt
Crois Críosta choisreacan Dé orainn. Ar ndóigh ní amach sa díle sin a ghabhfá. Má théann, beidh tú in do líbín shula bheas tú ag ceann an bhóthair. Is diabhaltaí an tóir atá aige ar an mbáistigh i gcónaí
Is cumasach an dream iad na tincéaraí féin. Chaith siad an oíche aréir amuigh faoin díle áibhéil sin, agus diabhal a dhath mairg a bhí orthu ag dul soir an bóthar ar maidin agus iad ag gabháil fhoinn
+
Shílfeá gurb í an díle a bhí ag teacht air le raibh de chaint aige — shílfeá gurb é an díle a bhí air, bhí sé ag caint chomh sciobtha sin
Shílfeá gurb í an díle a bhí ag teacht air le raibh de chaint aige — bhí an-anbhá cainte air; bhí sé ag caint go huafásach sciobtha, fearacht is dá mba í an tuile a bheadh ag teacht ina mhullach agus nár mhór dó a bheith réidh sula mbeireadh sí air
TUILLEADH (6) ▼
Shíl mé gurb í an díle a bhí ag teacht uirthi lena raibh de chaint aici. Ní fhéadfadh duine ar bith eile a bhéal a oscailt. Diabhal é muis … Dá mba é an sagart a bheadh ann, ba bheag aici siúd é. Stollfadh sí léithe. Tá ciall ina leithide
Shílfeá gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bhí an oiread sin falrach cainte air … Mo dhúshlán aon smid a rá ansiúd. Bhí sé ina chlaibín muilinn ó tháinig muid isteach gur imigh muid aríst, agus níl aon cheo ó neamh go talamh nár tharraing sé anuas agus gan cuma ná caoi a chur ar scéal ar bith. Ní túisce a bheadh sé tosaí ar scéal amháin ná a tharraingeodh sé anuas scéal eile. Ach 'sé an cás é, bhí sé ina scéal an ghamhna bhuí ar fad aige faoi dheireadh
Diabhal aithne uirthi nach í an díle a bhí uirthi, bhí sí ag caint chomh sciobtha sin. Níor thuig mise focal as chaon trí fhocal uaithi. Is diabhlaí luathchainteach an duine í. Ach cén chaoi a gcuimhníonn sí ar an síor-rá siúd ar fad lena chur i ndiaidh a chéile. Siúd í a bhí a chur suas ar an stage thar is an dream a bhíos ag dul ann
Nuair a bhuaileas ruibh na cainte é, cheapfadh duine gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bíonn sé chomh luathchainteach sin. Níl ort ach muintir Mh. a tharraingt aige. Teagann coinneal ann agus áitíonn air ag cur caoi orthu agus ag díbliú orthu. Déanann sé leitheachaí de na focla ina bhéal, bíonn an oiread sin anbhá air. Níl greann go héag ach éisteacht leis
Tháinig an mac isteach agus scéal Chailleach an Uafáis aige. Shílfeá gurb í an díle a bhí ag teacht air, bhí sé ag cur dó chomh héasca sin. Ach leis an uafás a bhí air, agus leis an séideán a bhí ann, níor fhéad muid a thuiscint ach gur éirigh rud eicínt do Bheartla. C. J. a d'inis an scéal thríd síos agus thríd suas dúinn nuair a tháinig muid amach ar an mbóthar
M. Ó. M., clabaire ceart é. Bíonn sé gróigthe thiar i gclúid Ph. Sh. chuile oíche agus ní thabharfá samhail ar bith dhó ann ach gramafón: gramafón a ngreamófaí cloigeann béar dó. É ansiúd in aon cheirtlín amháin agus déarfá go mba í an díle a bheadh ag teacht air lena mbíonn de chaint aige. Níl neart ag aon duine eile a bhéal a oscal beag ná mór. B'fhiú dhuit P. Sh. a fheiceáil ag breathnú air agus cáir air chomh mór agus a bheadh ar eilifint ag slogadh uaidh
b.
an-lear de rud ar bith; iomadúlacht.
·
Tá díle sneachta air. Ba diabhlaí an ghoimh a bhí sa ngaoith inniu. Ag éirí de dhroim sneachta a bhí sí. Bhí fuar nimhe in mo lámha i gcaitheamh an lae, théis go raibh mé ag rúpáil oibre
+
Iontaigh i leith. Tá an díle uisce as do chuid éadaigh. Is cosúil thú le duine a tharraingeofaí thrí shruthán
Tá an díle uisce san abhainn — tuile mhór
TUILLEADH (4) ▼
Is talamh é a gcothaíonn an díle uisce air i gcónaí. Tá an áit siúd an-uisciúil ar aon chor. Nach ann atá máithreach an uisce
Cónaíonn an díle uisce ar an mbóthar sin go síoraí. Bíonn sé faoi uisce ar fad sa ngeimhreadh nuair a sceitheas an abhainn. Níl neart aige múirín a chaitheamh sa samhradh féin nach mbíonn sé druidte le balláin mar adeir an tÁrannach
Tá an díle uisce ag teacht orainn ansiúd. Nach orainn atá uiscí trí bhaile ag teacht. Bíonn sé maith go leor go gcalcann an tóchar, agus ansin cuireann sé Garraí an Ch. ó mhaith. Bíonn sé sceite uileag
Tá an díle uisce in mo bhróga. Níl díon deor iontu théis mo dhá ghine bhuí a shíneadh orthu tá dhá mhí ó shin
+
Bhí an díle pislíní lena bhéal agus é ag iarraidh a bheith ag caint ina dhiaidh sin. Ní thuigfeá focal ar bith uaidh. Ní caint a bhí aige ar aon chor, ach plobaireacht
Tá an díle fola dhá dórtadh anois. Deir bean J. liom go bhfuil caor thinte cogaidh anois ann. Tá na Sasanaigh ag dul isteach dubh na fríde ar an nGearmáin, ach tá sé ag dul go snaidhm an rópa leo ina dhiaidh sin; agus níl léamh ná inseacht scéil ar gach is a bhfuil dá mharú orthu (Samhain 1944)
TUILLEADH (3) ▼
M'anam nach ina braonachaí atá an bháisteach anuas ann anois ach ina díle. Fear ar bith a bhfuil aon tsuim aige ina chuid éadaigh anois fanadh sé as. Is mór an t-ár é an súí ann
hÓladh an díle pórtair anseo thoir lá an aonaigh. Níor mhair leathbhairille tigh Sh. ach ceathrú uaire. Abair go mba in sciobadh air!
Chonaic mise saol a raibh an díle poitín anseo. Ní bheadh ort ach a dhul isteach i dteach ósta ar bith agus is túisce a leagfaí gloine fuisce ná gloine phórtair chugat. A Rí an bhfeart, nach é an saol a d'imigh! Agus gan dubh na hiongan de anois sa tír
·
Chuala mé go raibh an díle feamainne isteach. Fáilte an diabhail roimpi. Tuilleadh sclábhaíochta ar na daoine dhá cur sin suas anois
Tiocfaidh an díle feamainne anois ar an ngaoith seo. Líonfaidh na caltaí isteach ar fad. Gheobhaidh mé an oiread anois agus a sheanleasós Garraí Ú. Mh.
+
Tá an díle oibre air agus é ag cinnt air freastal dhi — tá a lán oibre sa mullach air; an oiread is nach bhfuil sé in ann cuid mhaith di a dhéanamh
M'anam a Dhia agus do Mhuire! Tá an díle oibre orm agus gan gair agam a leath a dhéanamh: móin, fataí, meaingeals, carraigín, agus chaon tsórt. Nach deacair do dhuine aonraic freastal don méid sin ar fad. Ní túisce obair déanta ná a chaithfeas tú tosaí ar obair eile. Ní fheicim duine is fhearr atá os cionn a chuid oibre ná an mac seo thuas. Chuala mé go raibh sé tosaí ar an eorna inniu
TUILLEADH (3) ▼
Ná cuir isteach ná amach orm anois go ceann uair an chloig. Tá an díle oibre orm. Níor fhéad mé iamh ná foras a dhéanamh ó mhaidin ach ar mo chois. Dhá mbeadh an gó (gábh?) seo tharam, b'fhéidir go bhféadfainn mo scíth a ligean
Ní bhfaighidh sé aon suaimhneas i mbliana le teann díle oibre. Nach diabhlaí mór an t-ionadh, ó tá an t-uafás sin air, nach bhfuil an cúl siúd curtha aige feasta. Is suarach éidreorach an créatúr mé féin, ach dhá bhfaighinn seachtain air, chroithfinn an leath deiridh aige. Dar mo choinsias chroithfinn
Nach orthu atá an díle oibre. Deir tú liom gur chaith tú dhá lá agus dhá oíche ag obair as éadan. Ba mhór an seasamh agat é. Dar Dia, ní dhéanfainn é ar éadáil Shasana fré chéile, hé brí céard a gheobhainn ar a shon. Furú cogaidh is ciontach leis sin. A a Thiarna nach orthu atá an súnás ag marú daoine. Sin é an fáth an obair sin fré chéile
+
Bhí an díle cainte aige — bhí sé ag caint agus ruibh chainte air, agus uafás air ag labhairt freisin
Tá an díle cainte ag an gceann céanna agus gan éirim ar bith inti. Ní fhaca mé duine ar bith ariamh is lú a bhfaighinn bun ná barr air ach é
TUILLEADH (5) ▼
Ar an dá luath is a n-ólann sé pintín pórtair, teagann an díle cainte dhó agus do dhúshlán ansin a chur ina thost go dtite sé. Neart sclaibéireachta a bhíos aige. Nuair a bhíos sé ar a chéill, ní bhíonn smid ná smeaid aige. Bheifeá ag cur maide siar ina bhéal agus dheamhan druid adéarfadh sé. Is aisteach an chaoi a dtéann an t-ól do chuid de na daoine
Má fhaigheann sé ugach ar bith, tiocfaidh an díle cainte dhó agus sáróidh sé muid go ham suipéir … Ara bíonn chuile shórt seansíomálachaí tarraingthe anuas aige; ag caitheamh agus ag cáineadh ar chuile dhuine agus ag baint fogha is easpa as chuile fhear agus chuile bhean sa tír. Níl caoi ar bith dhuit anois le déanamh ach gan sásamh ar bith a thabhairt dó. Abair "thug tú héitheach" ar an gcéad iarraidh agus feicfidh tú féin gur beag an chaint a fhanfas aige ansin
Rinneadh díle cainte san áit seo le cupla bliain: na helections sin. Chuile fhear dhá moladh féin go haer, agus ag rá nach raibh duine ar bith eile cneasta ach é féin, agus go mba deargchneámhaire chuile dhuine dhá raibh ina aghaidh. Agus gurb é an rud céanna a bhí ó chuile dhuine acu: uisce a tharraingt ag a mhuileann féin. Chuirfidís úis ort
Tháinig an díle cainte air in éindí, agus ansin bhuail an stad é agus ní raibh sé ag fáil focal ar bith leis féin. 'A Mhait-Mha-Mha-Mhait- Mhaitiú,' adeireadh sé. Diabhal mé go mbeadh trua agat dó — an cuimleacháinín bocht. Bhí rud eicínt a raibh éirim ann le rá aige, ach cén mhaith sin nuair a bhí sé ag cinnt air a rá
Dhá bhfeictheá an díle cainte a tháinig air d'aon iarraidh, agus ar ndóigh mo léan, siúd é an áit nach bhfaigheadh sé cead cainte. Bhí chuile dhuine ansiúd ag cur dóibh as béal a chéile agus ní chloisfeá méir i gcluais. Bhí sé an-líofa muise leis an dream eile a fhreagairt ach nár fhéad sé

díle in iontrálacha eile (9)

 
Níor chuala mé gur tógadh deachmaí anseo ariamh ach bhídís ansin thoir ar Dhúiche an Bh. Na ministéaraí a d'fhaigheadh iad sin nach iad. Dheamhan mórán a chuala mé ariamh fúthu. Tá siad sin caite suas le saol is aimsir … Ón drochshaol ab ea? Bail ó Dhia ort. Tá agus i bhfad roimhe. Rugadh m'athair — beannacht Dé lena anam — trí bliana roimh an Drochshaol (1846-1847) agus ní raibh siad ann lena linn. Cáid ó bhí Oíche na Stoirme Móire ann? … Céad bliain díreach. Bhuel is roimhe sin a bhí na deachmaí ann, más fada gearr roimhe é, sin rud nach feasach dom. Ach fiafraigh de Sh. Ó. C. é. Sin é an fear a inseos na húdair dhuit … Tá aois mhór agamsa air, ach má tá féin, níl mé ach ar chosa bacóige lena ais. Tá údar aige faoi chuile shórt ón Díle
+
dearg 1
Dheamhan brat pósta a ghabhfas air sin go deo dearg na díle — go héag
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhéanfadh sé é go deo dearg na díle murach go bhfuair sé cúnamh, ná dheamhan déanamh!
 
deis
Go deimhin agus go dearfa duit, is olc é mo dheis mharcaíochta: seanbhicycle ón díle a bhí caite thuas ar lota an sciobóil, agus a dheasaigh muid an lá cheana. Níl ann ach gur fearr é ná a bheith gan tada
 
deo
Ní fheicfidh tú é go deo aríst; go deo na díle; go deo dearg na díle; go deo na ndeor; go deo na ndreancaidí!; go deo ná go brách
 
díon 1
M'anam go bhfuil fear an bhóthair sách dona freisin: gurb é atá. Amuigh ansin ar lom an bhóthair agus a shluasad aige, agus dhá dteagadh sé ina dhíle, gan díon deor aige ná gair aige corraí. Ach níl siad chomh géar anois agus a bhídís roimhe seo. D'fhéadfá ráig a ligean thart anois, ach mo choinsias má bheireann siad fós féin ort, is beag is aite leo é. Chonaic mé fear acu ag teacht amach ansin thiar anuraidh …
 
Ní teach díonmhar go dtí teach ceann tuí deirimse leat. Feicim na ballaí nua sin anois atá siad a dhéanamh sna tithe ceann slinne. Tá siad faoi scáiniúchaí as éadan. Ní sheasfaidh siad aon chéad bliain go brách. Cáid atá na tithe ceann tuí déanta? Is seantithe ón Díle cuid mhaith acu
 
dóigh 1
Cá bhfuair tú an seanbhicycle. Dar fia sin seandéanamh ón díle ceart. Is maith an dóigh é déarfá. Dar mo choinsias anois, ní maith ó dúirt tú é. Ní shuífinn thuas air chor ar bith
 
don
Don h'fhiafraí agus mo chuid tubaiste oraibh murab í an chaint atá ina díle oraibh. Breá nach dtabharfadh sibh scíth dhá dteanga (dho bhur) uair eicínt. Shílfeá gurb í an taoille atá ag teacht oraibh leis an anbhá cainte atá oraibh!