Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dorn
/dəurɴə/. /dorɴə/ Achréidh
ainm-fhocal
tuiseal geineamhnach uathaidh: an dorna.
Uimhir iolraidh: dornaí. Níor chuala mé duirn tuiseal geineamhnach.
Tá an a (/ə/) in a dheireadh igcomhnaí san Ainmneach.
1.
crobh na láimhe agus í iadhta; buille de chrobh na láimhe agus í iadhta.
+
Dún do dhorna
Thomhais sé an dorna liom (fc. tomhais)
TUILLEADH (14) ▼
Bhuail sé dhá dhorna mé
Thosuigh sé ag gabhailt de dhornaí orm, agus fhobair gur chriog sé mé
Coinnigh do chuid dornaí agad féin anois
Má fhaghaim dorna ort déanfaidh mé aon-lá amháin díot a (s)cuirbín
Seas dorna dhom
Sheas sé amach uaidh agus thug sé a shean-dhorna dhó
Tá an-dorna aige = iarraidh de dhorna
Tá cuaifeach de dhorna aige = dorna dalba (fc. cuaifeach)
Is measa dorna uaidh ná iarraidh ó ord
Is beag an teacht aniar atá in a dhoirnín dona
Chuir sé an dorus isteach de dhorna
Cuirfidh mise codladh ort le dorna
Is measa an t-oirdín de dhorna atá aige siúd ná dhá bhfáighteá iarraidh de mháiléad
Leig de do chuid dornaí anois, nó má eirighimse agad cuirfidh mé luighe fiadha ort d'aon-phléisc amháin
+
"An té is fhearr dorna 'sé is fhearr corna (/kəurɴə/: corn) de'n fheoil" (sean-fhocal) = bíonn maith gach uile rud, ach an ceann reamhar de gach uile rud, ag fear na láimhe láidre
Níl ann anois ag na náisiúin sin, ach an fear is fhearr dorna 'sé is fhearr corna de'n fheoil. Sciob-sceab ceart atá aca anois
TUILLEADH (3) ▼
Is iomdha créatúlacht a rinne sé ariamh. Ach b'fhurasta dhó agus an saoghal a bhí ann an uair sin. 'Séard a bhí ann sa saoghal sin: an fear ab fhearr dorna 'sé ab fhearr corna de'n fheoil
Is furasta dhó rud a bheith aige féin. Nuair a bhí an saoghal ar forbhás agus gan aon-dlí ann, thapuigh sé sin é, agus rinne sé bun. Cé a bhí indon aon-chaidéis a chuir air. Nach aige féin a bhí an chomhairle ar fad. Ba é an cás é: an té ab fhearr dorna ba é ab fhearr corna de'n fheoil
Má's cúrsaí de'n tsórt sin é, ní bheidh mise falamh ach an oiread le duine. Chreidim gurb é an fear is fhearr dorna gurb é is fhearr corna de'n fheoil annseo
·
"Ní fhaghann láimh iadhta ach dorna dúinte" (fc. láimh)
2.
fad an dorna timpeall agus leath-troigh.
·
Tabhair tomhais an dorna air = tomhais le do dhorna é
Cé mhéad dorna ann?
3.
lán glaice de rud
+
Tabhair dorna bran do na muca sin = máimín bheag
An mbeadh dorn mine agad a thiubharfá do'n laogh sin. Tá sé ag cur a lútha amach ag géimneach. Meastú nach ocras atá air?
TUILLEADH (3) ▼
Dhá gcuirtheá dorna beag de'n mhin mhór thríd sin anois, ní fhaca tú aon-bheatha go h-iomaí ag muca mar é. Diabhal mé go mbeidís i riocht a dhul ag an stealla faoi cheann cupla mí dhá bhfaghaidís é sin dhá cheann de ló
Chuir sí dorna de rud eicínt — mara gabhail é — thríd an bplúr, agus d'at sé suas é ar an dá luath agus ar cuireadh i mbácús é. Shíl mé nacharbh fhéidir gabhail ar bith a fháil anois
Bhí síol féir agam annseo arú anuiridh agus glaicín síol planndaí annsin a bhí mé a choinneál do T. Mh. Meastú nachar thosaigh na deabhaic de ghasúir sin ag cur dornaí de'n tsíol planndaí thríd an síol féir agus shuath siad thrín a chéile iad, agus chuir siad 'chaon cheann aca ó mhaith. Bhí mé ag gabhail orra an fhad agus a fuair mé teas in a gcraiceann, ach cé'n mhaith sin: dhéanfaidís ar an toirt aríst é
4.
+
Rinne sé dorna méire = smeach nó smalóig len a ordóig agus a mhéir mheadhoin
Cé'n fáth dhuit a bheith ag déanamh dornaí méire mar sin. An fleasc a chuaidh faoi t'ionga ná eile?
TUILLEADH (3) ▼
Dhá mbeitheá dhá lá do shaoghail in éindigh leis, sin é a cheird: ag déanamh dornaí méire
Rinne sé dorna méire leis an mbean a bhí roimhe amach ar an tsráid. D'ionntuigh sí thart agus dheamhan asna dhó nachar thosuigh ag sméideadh uirre. Lady mhór a bhí innte, de bhean bhreagh dhathamhail. Ní raibh faitíos ar bith orm féin, ach go bhfuigheadh sí tóigthe an bheirt againn. Ní raibh cás ar bith agam ann-san — 'sé a bhí sé a thuaradh dó féin ar aon-nós — ach ní raibh aon-dúil mhór agam féin a dhul sa "mBlackhole"
Leig de do chuid dornaí méire annseo anois. Cá'il an cailín a bhí anuiridh agad? Má bhí searbhónta agad i Sasana, bainfear as do chleachta annseo anois thú

Féach freisin

Dorn in iontrálacha eile (1)

 
Tá tusa ag rádh gur cogadh dlisteanach ag Sasana é, ach feicthear dhomsa — agus 'sé mo scil ann é, arsa tusa — nach bhfuil rud ar bith dlisteanach ná mí-dhlisteanach i gcogadh, ach an té is láidre ag crapadh leis a bhféadfaidh sé. An té is fhearr dorna (dorn) 'sé is fhearr corna (corn) de'n fheoil, mar adeir an fear fadó