Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dosadán
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha agus ainmneach iolra: dosadáin
 dosán (fc. dosán); briongláin feamainne go háirid (fc. geosadán).
+
Tá dosadáin mhóra choirlí ansiúd
Curach a theastódh uaibh agus corrán maith le na dosadáin siúd a bhaint. Tá siad an-uaibhreach ann
TUILLEADH (3) ▼
"Ní ar dhosadáin na feamainne; Ná ar ghustaireacht na farraige; Ar cheilp ná ar bhaint an charraigín; A tógadh mé i dtús mo shaoil" (amhrán gearblach é seo)
Tá dosadáin móra raithní ag fás thríob. Is mór an ghráin iad
Bainigí na dosadáin bhuí sin nó is gearr a bheas aon duine in ann an garraí a shiúl acu. Drochrath orthu murab iad atá uaibhreach. Ní fhaca mé chomh dona ariamh iad agus atá siad i mbliana

Féach freisin