Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dosadán
ainm-fhocal, fireann
geiniúnach uathaidh agus ainmneach iolraidh: dosadáin
dosán (fc. dosán); briongláin feamainne go h-áirid (fc. giosadán).
+
Tá dosadáin mhóra choirlighe annsiúd
Curach a theastóchadh uaib agus corrán maith le na dosadáin siúd a bhaint. Tá siad an-uaibhreach ann
TUILLEADH (3) ▼
"Ní ar dhosadáin na feamainne; Ná ar ghustaireacht na farraige; Ar cheilp ná ar bhaint an charraigín; A tóigeadh mé i dtús mo shaoil" (amhrán gearabalach é seo)
Tá dosadáin móra raithnighe ag fás thríob. Is mór an ghráin iad
Bainigidh na dosadáin bhuidhe sin nó is gearr a bhéas aonduine indon an garraí a shiúl aca. Droch-rath orra marab iad atá uaibhreach. Ní fhaca mé cho dona ariamh iad agus atá siad i mbliana

Féach freisin