Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doscúch
aidiacht
ní theagann claochlú tuisil air
míchomhairleach, gan a bheith gafach le comhairle; gan glacadh le comhairle; bainte amach; tugtha do dhul i ndiaidh do chinn romhat i gcúrsaí an tsaoil; sonnta; teann; in ann do cheart a bhaint amach; gan a bheith cúthail ná náireach; treallúsach. duine doscúch — is beag nach hard manhard nut i mBéarla é.
a.
+
Duine doscúch é sin. Ní féidir comhairle a chur air. Is cuma leis é ach a dhul i ndiaidh a mhullaigh i rud ar bith a chasfas leis
Ní raibh aon duine sa teach sin nach raibh doscúch. Diabhal duine muis. Chuile chruinniú, chuile éirí amach, chuile achrann, ní bheadh sé ann dhá bhfuireasa. Shílfeá gur lig siad fúthu roinnt le gairid agus nach bhfuil siad chomh tucarach don tsiúlóid agus a bhídís. Theastaigh sin uathu
TUILLEADH (15) ▼
M'anam má bhí tú ansin gur casadh thú i measc daoine doscúcha. Níl fear ar an bhfeadhain acu sin nár chaith tamall le ceird aisteach eicínt. Bhí Pádraig sa ngunna mór. Bíonn S. i gcónaí ag cur caoi ar an uair a bhí sé féin in éindí le hobos Mheiriceá. Chaith an ceann óg tamall eicínt sna báid aeir i Sasana. Deir sé féin go raibh sé os cionn na Gearmáine. Chreidfinn é freisin. Tá sé sách bainte amach le aghaidh rud ar bith
Ní ligfeadh an faitíos dom a dhul síos ann. Shíl mé go n-ionsódh an baile fréna chéile mé. Chuaigh mé isteach sa teach ósta agus mé loicthe. Ba ghearr go dtáinig forránach mór fiáin go dtí mé: fear doscúch i gcosúlacht. Bhí colm ar a leiceann as sin go dtí sin anois. Chuaigh muid chun cainte le chéile. Le chuile údragáil d'inis mé m'anó dhó. 'Ól é sin anois,' adeir sé, 'agus ólfaidh muid dhá ghloine fuisce an duine, agus ansin siúlfaidh muid síos ann de réir a (ár) gcoise. Bhí mise sa mBowery i New York, agus dar dia ní bhainfidh aon fhear anseo liom, ná leis an té a bheas in mo bhail … '
Má tá tusa ag iarraidh fear doscúch a fheiceáil, cuir eolas ar an dream sin a bhíos ag tiomáilt (tiomáint) mótars. Sin iad an dream atá doscúch. D'éireodh dhóibh ar ndóigh. Castar i chuile áit iad sin agus bíonn aithne acu ar chuile chineál duine, agus ní bhíonn ag a leath ach saol an ghiorria. Sin iad a d'inseodh dhuit faoin saol …
Bhí an fear is sine a bhí ansin an-doscúch. Bhí sé amhlaidh ina ghasúr féin. An bhfuil a fhios agat céard a rinne sé agus é ina stócach ag dul chuig an scoil? Bhí an cogadh ar siúl an uair sin agus dream ag dul thart ag liostáil daoine. Diabhal easna dó nár liostáil agus b'éigean don athair agus don mháthair a dhul isteach agus é a cheannacht as aríst. Ara rinne sé sin an oiread rudaí …
Ab é S. Sh.! Tá sé chomh doscúch inniu, théis go bhfuil sé aois an phinsean, agus a bhí sé an lá sin. Ar chuala tú faoin uair ar imigh sé in éindí le bean an damhsa de rástaí Bhaile an Bhriotaigh. D'imigh mo choinsias. Bean a bhíodh ag damhsa ar chláirín. Chuaigh sé chomh fada le Béal Átha na Sluaighe in éineacht léithe. Tugadh faoi thar cionn ansin é. Tá colm i mbun na gruaige air fós dhá bharr …
Bíonn sé ag imeacht ina dhuine dhoscúch ag bainseachaí agus ag céilíochaí más fíor dó féin. Ach níl sé leath chomh doscúch agus atá a ligean amach. 'Siad na scéalta a chloiseas sé sin ag daoine eile a bhíos aige féin: go ndearna sé féin iad mar dhóigh dhe
Chuile fhear acu sin dhár chaith seal i Sasana, tá siad sách doscúch. Siúd é an áit nár mhór duit a bheith doscúch deirimse leat. An té nach raibh in ann imeacht agus a cheart a sheasamh, bhí sé ar deireadh. Daoine treallúsacha a dhéanfadh gnaithí ansiúd. Bhí mé ag caint le P. S. Dúirt sé liom go ndéanfadh sé chuile shórt: bualadh robáil agus eile. Níor dhúirt sé, leisce na bréige, go maródh sé duine, ach ní bheadh claonadh ar bith uaidh aige, déarfainn. Tá sé le dhá bhliain ag imeacht ar a the(itheadh) ar fud Shasana le faitíos go gcuirfí amach sa gcogadh é. Thabharfá fear doscúch ceart air sin
Mac doscúch ceart é. Bhí a raibh de thincéaraí ó Bhreatain thoir ansin thoir oíche agus iad ag lascadh a chéile. Ní raibh doras sa mbaile nach raibh glasáilte. Bhí sé ag cinnt ar na póilíos a gcoinneáil tógtha. Dar fia shiúil seisean amach ina gceartlár, agus ní le dhul ag déanamh eadarascáin é ach an oiread, ach le dhul ag bualadh é féin
Deir siad gur fear doscúch a bhí ansin aimsir na mBlack and Tans. Bhí sé ar a chaomhúint agus aithne mhaith acu air, agus oíche amháin ina dhiaidh sin, bhuail sé isteach i dteach ósta a raibh scaoth acu ag ól ann. D'fhan sé istigh i seoimrín beag ar cúlráid, agus bhí sé san airdeall orthu nó go raibh a dtromlach scaipthe, agus nach raibh fanta ach beirt nó triúr a bhí ar a mbogmheisce. Shiúil sé amach ansin de mhaoil a mhainge agus bhain sé na gunnaí díobh; agus bhuail sé dual na droinne orthu. Dhá mbeirtí air, bhí a chnaipe déanta
Tá tusa ag rá go bhfuil tú féin doscúch. Tá tú buille doscúch freisin. Ach bhí mise ag caint le sagart a bhí thart ansin sa samhradh. Bhí sé ag cur caoi dhom ar a shaol fhéin shula ndeachaigh sé ina shagart. Bhí sé sa gCogadh Mór agus amuigh sa mbriseadh. Théis an chogaidh, bhí sé ag obair i gcineál eicínt teach lóistín i Sasana agus ní bheadh a fhios agat cén pointe a mbainfí an bhaithis asat ann. Bhí chuile chineál duine dhá dhonacht ag tarraingt ann: murdaróirí, gadaithe agus mar sin. D'fhan sé ann ina dhiaidh sin. Nár dhoscúch an mac é sin. Agus tá sé ina shagart anois, agus ina thogha sagairt, cheapfainn
Tá an bhean óg sin chomh doscúch le aon fhear in do thír. Dhá gcloistheá í sin ag cur síos ar a ndearna sí i Sasana, chuirfeadh sí gruaig do chinn ina seasamh. D'inis sí thíos gan cás gan náire an oíche cheana faoin gcaoi ar bhuail sí féin agus bean eile aniar, saighdiúr Meiriceánach a bhí ag iarraidh a dhul in éindí leo gan bhuíochas. Ach ní tada é sin le hais ar inis sí …
Siúd é an diabhal doscúch. Bhí sé chomh maith dhuit a dhul ag cur chomhairle ar chloich le dhul i gcleithiúnas comhairle a chur air siúd. Faigheann sé na hiarrantaí, ach ní mian leis gan a dhul i mbealach a bhasctha ina dhiaidh sin. Má sháraíonn sé é cupla bliain eile, ní bheidh aon fhear faoin mbogha bán in ann imeartas air, agus féadfaidh sé a dhul ina rogha áit
Má tá sé chomh doscúch agus nach nglacfaidh sé comhairle athar ná máthair, bíodh aige adéarfainnse. Fág faoin saol le comhairleachan é. 'Sé atá in ann. Má saoltar é (saolaítear), feicfidh tú féin air gur maith críonna an mac a bheas fós ann — gur maith sin
D'fheicfeá ag imeacht i chuile chruinneáil chomh doscúch é, agus dar leat féin, gur fonn a bheadh air chuile dhuine a ionsaí. Ach tugann sé a bheanna leis as chuile áit mar sin féin. Ní bheadh a fhios ag duine agus an comhluadar a bhfuil sé taithithe ann — áibhirseoirí críochnaithe — tuige nach bhfaigheann sé iarraidh mharfach, ach i nDomhnach, tá sé in ann a bheart a tharraingt dá mbuíochas
Bhí an chuid eile de mhuirín an-doscúch lena gcur ag an scoil — ba deacair a gcur ag an scoil; ní raibh aon luí acu léithe
+
Comhairle an duine doscúch — comhairle duine a chonaic an saol agus cúrsaí agus cora an tsaoil, agus atá in ann duine eile a chur ar an eolas fúthu. "Ní bheidh aon chomhairle mhaith dhó féin aige, ach cuirfidh sé comhairle mhaith ar dhaoine eile" (ó m'athair)
Comhairle duine doscúch an chomhairle is fhearr ar bith (seanfhocal) — an chomhairle a thugas giolla na céille ceannaithe uaidh, níl aon chinniúint uirthi; an té a chuaigh thríd an rud agus ar himríodh air b'fhéidir, 'sé is fearr a chomhairleodh daoine faoi fhanacht uathu
TUILLEADH (8) ▼
Má tá ciall agat anois tógfaidh tú comhairle uaimse agus ní bheidh aon phlé agat leo sin. Bhí mise mé féin iontu agus chonaic mé a gceird. Comhairle duine doscúch a mhic ó mo chroí, an chomhairle is fhearr ar bith
Ní ghlacfadh sé mo chomhairlese. "Comhairle an duine doscúch an chomhairle is fhearr le fáil," adeir siad. B'fhearr leis éisteacht le grabairí nach raibh rith circe ó bhaile ariamh. Bhí a shliocht air. hImríodh air. Díth céille ar ndóigh a bhain an mhéir de Mhurchadh
Comhairle duine doscúch a thug mise dhuit; agus tá sé ráite nach bhfuil comhairle ar bith a chinnfeadh uirthi. Bhí mise scaitheamh mar atá tusa anois, ag imeacht ar rothaí an tsaoil agus ag caitheamh a mbeadh agam. Chuile dhuine mór liom agus ag brú orm agus ag dul siar in mo bhéal a fhad is a bhí rud agam. Ach ar an dá luath is a bhfaca siad ag tabhairt uaim chor ar bith mé, d'imídís as mo bhealach do mo sheachaint. Tá a fhios agamsa é a dheartháir mo chroí. Fuair mé le léamh é, ní ag ceasacht ar Dhia é
'Sí a mh'anam — comhairle an duine doscúch — bhí sí molta ariamh. Chonaic tusa an saol, bail ó Dhia ort, agus is mór a bhfuil tú in ann cur síos air. Ná bac linne. Níl eolas tada againne: dream nár fhága an ruta tíre seo amach ariamh, céard a bhéarfadh eolas acu
Is aisteach an rud é an duine doscúch. Tá sé in ann dea-chomhairle a chur ar an té a ghéilleas dó, agus gan comhairle ar bith aige dhó féin. Comhairle an duine doscúch, ar chuala tú ariamh é. Bhí sé ansin thiar — M. T. An sagart féin ní chuirfeadh comhairle a leasa ar dhuine chomh maith leis, agus ina dhiaidh sin féin, ní raibh fear ar bith le fáil ba mhí-ásaí ná é. Chaith sé a shaol ar fad le drabhlás agus le díth céille
Glac comhairle ó dhuine dhoscúch a mhic ó, agus téirigh agus pós í. Tuigimse go maith do chúrsaí. Níl tú luiteanach leis an mbean. Bhí mise ar an gcóir chéanna. D'iarr m'athair — go ndéana Dia grásta air! — mé a chur isteach ansin thiar tigh Sh. Ch. Spréach mé go ndéanfaí a shamhailt liom. Bhí láimh agus focal idir mé féin agus bean eile. Leathbhliain ón lá sin, bhí an bhean sin pósta agus mise gan Murchadh gan Mánas. Seachain thusa a n-éireodh an rud céanna dhuit. Ar chuala tú ariamh é. "Bíonn cuid de na mná agus an grá acu ar bharrú (barra) a méar; Tá a n-intinn agus a n-aigne le fáil ag fearaibh an tsaoil." Ná himrídís ortsa chomh maith le duine
Is beag an ghéilleadh a bhí agamsa do Sh. Ó. Ch, théis gurb aige a bhí comhairle an duine doscúch. Chuaigh sé go bog agus go crua orm ag iarraidh cur faoi deara dhom gan a dhul i bpáirt le m'uncail, nó dhá dtéinn go mbeadh aiféala orm. Agus m'anam go mb'fhíor dhó. Bhí na seacht n-aithne aige sin air. Nár chaith sé féin tamall i gcomhar leis ach bhraith sé é féin in am
Má tá barúintí do leasa fút, glacfaidh tú comhairle ó dhuine dhoscúch agus éireoidh tú as an obair sin, agus tabharfaidh tú aire do do gheadáinín talúna. Ní hí comhairle t'aimhleasa a chuirfinnse chor ar bith ort. Tá a fhios agat sin. Chaith mé coraintín freisin ag imeacht leis an obair sin, ag fóint don tír má b'fhíor dom féin, ach is beag aird a bhí ag an tír orm nuair a bhí mé i ngéarchall. Meas tú ar chúitigh an tír mo chaillteamas liom. Chúitigh muis! Ní chúiteoidh ná leatsa. Is beag an baol uirthi. Mar adúirt mé cheana leat, is measa dhuit do gheadáinín talúna ná an tír. Dhá laghad é, 'sé a bhfuil de shochar agat é
·
Is doscúch an áit é sin lena dhul isteach ann. Ní bheadh a fhios agat cén nóiméad a dtosódh achrann agus a mbuailfí isteach ar chlár na baithise thú. An té a thiocfas isteach ag ól ansiúd, bíodh sé ar a shon féin
b.
olc; príbhléiseach; géar; dian.
+
Ná bí doscúch le na putaí a mháistir. Is dona an rud a bheith ródhoscúch leo. Glacfaidh siad gráin ar an scoil uilig … Níl mé dhá shamhailt leat a dhuine chroí. Dar a shon go n-abróinnse go raibh tú drochmhúinte, ach bíonn na putaí ag banrán ina dhiaidh sin
Bhí an t-athair an-doscúch leis an gclann. Ní raibh gair acu fanacht amuigh ón bpaidrín nach mbeadh bolta ar an doras rompu aige. Ruaigfeadh sé amach ag obair iad an lá is deannachtaí a shéidfeadh as aer. Bhí a shliocht air: d'fhága siad ansin é. Ní fhanfadh an deoraí féin acu ina bhail
TUILLEADH (5) ▼
San am sin bhíodh na bossanna an-doscúch le na fir oibre, ach d'imigh an saol sin. Is beag an baol go bhfeicfidh tú boss ag maíochtáil ná ag fuagairt ar lucht na hoibre anois. Is maith an scéal nach bhféadann siad. B'olc an t-eallach iad nuair a bhí an power acu
'Sé J. a bhí doscúch leis an té a bheadh ina bhuachaill aige. Amach le hóró lae sa samhradh agus leis an réalt sa ngeimhreadh. Agus dá seasfá ná dhá suífeá chor ar bith, ligfeadh sé uaill ort a thógfadh de chothrom talúna thú
Meireach chomh doscúch agus atá sé leis an mbean, is iomaí duine a mbeadh gnaoi aige air, ach bíodh a fhios agat gur mór atá ina aghaidh faoi sin. Bhí meas ag chuile dhuine ar an mbean. Bhí sí soilíosach carthanach spraíúil. Ach maidir leis féin: pugarlach bradach!
An té a bheas doscúch mar sin lena dhuine féin agus fáilí le daoine eile, ná bac leis. 'Sé do dhuine féin é do dhuine féin. Má bhíonn cruóg ná anó ort, cé a thógfas láimh leat ach do dhuine féin. Ní i gcleithiúnas strainséara a bheifeá ag dul
Tá an sagart sin sách doscúch le chuile dhuine ach leis an té atá ag tabhairt síneadh láimhe dhó go hacht is go háirid. Mo léan géar, tá saint san airgead aige mar atá acu ar fad. Iad sin siar a bhíos ag caitheamh aige chuile lá sa tseachtain, cuirfidh mé mo rogha geall leat go bhféadfaidh siad damhsaí a bheith acu chuile uair a thogrós siad é, agus nach mbacfar iad. Má bactar, ní póilí ná sagart a dhéanfas é

doscúch in iontrálacha eile (4)

 
dlús
Is rud í an fhoghlaim má chuireann duine dlús léithe go mbeidh sí aige. Ach bhí na gasúir a bhíodh fadó ann an-doscúch. Ní chuirfeadh do cheann fine ag an scoil iad mura dtograídís féin é — caitear luí le fonn leis an bhfoghlaim agus gan siléig ar bith a ligean inti
 
do- 2
Bhí sé sin doscúch dochomhairleach agus tá a shliocht air. Breathnaigh inniu air!
 
domlas
Duine a chonaic an oiread den tsaol leis sin, agus ar cuireadh an oiread sin treampáin air, is suarach an t-ionadh go bhfuil sé doscúch, agus go bhfuil an domlas sa gcroí aige. Dhá bhfaighinnse ná thusa a leathoiread údair, ba sheacht measa a bheadh muid
 
Tóg comhairle ó dhuine dhoscúch agus na tabhair dubhléim mar sin. Ní bhíonn aon ghreim ar an gcloich ó chaitear í, agus deirtear gur ina dhiaidh is feicears (a fheictear) don Éireannach a leas