Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doscúdhach
aidiacht
ní theagann claochlódh tuisil air
mí-chomhairleach, gan a bheith gabhthach le comhairle; gan glacadh le comhairle; bainte-amach; tugtha do dhul indiaidh do chinn romhat i gcúrsaí an tsaoghail; sonnda; teann; indon do cheart a bhaint amach; gan a bheith cuthal ná náireach; triollúsach. (Duine doscúdhach = is beag nach "hard man" nó "hard knut" i mBéarla é).
a.
+
Duine doscudhach é sin. Ní féidir comhairle a chur air. Is cuma leis é ach a dhul i ndiaidh a mhullaigh i rud ar bith a chasfas leis
Ní raibh aon-duine ins an teach sin nach raibh doscudhach. Diabhal duine muis. 'Chuile chruinniú, chuile eirghe-amach, 'chuile achrann, ní bheadh sé ann dhá bhfuireasbhaidh. Shílfeá gur leig siad fútha roint le goirid, agus nach bhfuil siad cho tucarach do'n tsiúbhlóid agus a bhídís. Theastuigh sin uatha
TUILLEADH (15) ▼
M'anam má bhí tú annsin gur casadh thú imeasc daoine doscudhacha. Níl fear ar an bhfeadhain aca sin, nar chaith tamall le ceird aisteach eicínt. Bhí Pádraig ins an ngunna mór. Bíonn S. i gcomhnuí ag cuir caoi ar an uair a bhí sé féin in éindigh le "hobos" Mheiriocá. Chaith an ceann óg tamall eicínt ins na báid aeir i Sasana. Deir sé féin go raibh sé as cionn na Gearmáine. Chreidfinn é freisin. Tá sé sáthach bainte amach l'aghaidh rud ar bith
Ní leigfeadh an faitíos dom a dhul síos ann. Shíl mé go n-ionnsóchadh an baile frén a chéile mé. Chuaidh mé isteach ins an teach ósta agus mé loicthe. Ba ghearr go dtáinig forránach mór fiadháin go dtí mé: fear doscudhach i gcosamhlacht. Bhí colm ar a leiceann as sin go dtí sin anois. Chuaidh muid 'un cainte le chéile. Le 'chuile údragáil d'innis mé m'anshógh dhó. "Ól é sin anois" adeir sé, "agus ólfaidh muid dhá ghloine fuisce an duine, agus annsin siubhalfaidh muid síos ann de réir a' (ar) gcoise. Bhí mise ins an mBowery i New York, agus dar dia ní bhainfidh aon-fhear annseo liom, ná leis an té a bhéas in mo bhuil … "
Má tá tusa ag iarraidh fear doscudhach a fheiceál, cuir eolus ar an dream sin a bhíos ag tiomáilt (tiomáint) "mótars". Sin iad an dream atá doscúdhach. D'eireochadh dhóibh 'ar ndú'. Castar is chuile áit iad sin agus bíonn aithne aca ar 'chuile chineál duine, agus ní bhíonn ag a leath ach saoghal an ghirrfhiadha. Sin iad a d'innseochadh dhuit faoi'n saoghal …
Bhí an fear is sine a bhí annsin an-doscúdhach. Bhí sé amhlaidh in a ghasúr féin. An bhfuil a fhios agad céard a rinne sé agus é ina stócach ag dul chuig an scoil? Bhí an cogadh ar siubhal an uair sin agus dream ag dul thart ag liostáil daoine. Diabhal easna dó nar liostáil agus b'éigin don athair agus do'n mháthair a dhul isteach agus é a cheannacht as aríst. Ara rinne sé sin an oiread rudaí …
Ab é S. Sh.! Tá sé cho doscudhach indiu th'éis go bhfuil sé aois an phinsean agus a bhí sé an lá sin. Ar chuala tú faoi'n uair ar imigh sé in éindigh le bean an damhsa de Rástaí Bhaile Uí Bhriota. D'imigh mo choinsias. Bean a bhíodh ag damhsa ar chláirín. Chuaidh sé cho fada le Béal Átha na Sluaighthe in éinfheacht léithe. Tugadh faoi thar cionn annsin é. Tá colm i mbun na gruaige air fós dhá bharr …
Bíonn sé ag imeacht in a dhuine dhoscudhach ag bainseachaí, agus ag céilidheachaí má's fíor dó féin. Ach níl sé leath cho doscúdhach agus atá a leigean amach. 'Siad na scéalta a chloiseas sé sin ag daoine eile a bhíos aige féin: go ndearna sé féin iad mar dhóigh dhe
'Chuile fhear aca sin dhá'r chaith seal i Sasana tá siad sáthach doscudhach. Siúd é an áit nar mhór duit a bheith doscúdhach deirimse leat. An té nach raibh indon imeacht agus a cheart a sheasamh, bhí sé ar deire. Daoine triollúsacha a dhéanfadh gnaithí annsiúd. Bhí mé ag caint le P. S. Dubhairt sé liom go ndéanfadh sé chuile shórt: bualadh rubáil agus eile. Níor dhubhairt sé leisce na bréige go marbhóchadh sé duine, ach ní bheadh claonadh ar bith uaidh aige, déarfainn. Tá sé le dhá bhliain ag imeacht ar a the(icheadh) ar fud Shasana le faitíos go gcuirfí amach ins an gcogadh é. Thiubharfá fear doscúdhach ceart air sin
Mac doscudhach ceart é. Bhí a raibh de thinncéaraí ó Bhreatain thoir annsin thoir oíche, agus iad ag lascadh a chéile. Ní raibh dorus ins an mbaile nach raibh glasáilte. Bhí sé ag cínnt ar na póilíos a gcoinneál tóigthe. Dar fiadh shiubhail seisean amach in a gceartlár, agus ní le dhul ag déanamh eadarascáin é ach an oiread, ach le dhul ag bualadh é féin
Deir siad gur fear doscúdhach a bhí annsin aimsir na mBlack & Tans. Bhí sé ar a chaomhamhaint agus aithne mhaith aca air, agus oíche amháin in a dheidh sin, bhuail sé isteach i dteach ósta a raibh scaoth aca ag ól ann. D'fhan sé istigh i seoimrín beag ar cúlráid, agus bhí sé ins an áirdeall orra, nó go raibh a dtrúmlach (tromlach) scaipthe, agus nach raibh fanta ach beirt nó triúr a bhí ar a mbog-mheisce. Shiubhail sé amach annsin de mhaol a mhainge agus bhain sé na gunnaí díobh; agus bhuail sé dual na druinne orra. Dhá mbeirtí air, bhí a chnaipe déanta
Tá tusa ag rádh go bhfuil tú féin doscúdhach. Tá tú buille doscúdhach freisin. Ach bhí mise ag caint le sagart a bhí thart annsin ins an samhradh. Bhí sé ag cur caoi dhom ar a shaoghal fhéin shul 'á ndeacha sé ina shagart. Bhí sé ins an gCogadh Mór agus amuigh ins an mbriseadh. Th'éis an chogaidh bhí sé ag obair i gcineál eicínt teach lóistín i Sasana agus ní bheadh a fhios agad cé'n puínte a mbainfí an bhaithis asad ann. Bhí 'chuile chineál duine dhá dhonacht ag tarraint ann: "murdaróirí", gaduidhthe agus mar sin. D'fhan sé ann in a dheidh sin. Nar dhoscudhach an mac é sin. Agus tá sé in a shagart anois, agus ina thogha sagairt, cheapfainn
Tá an bhean óg sin cho doscudhach le aon-fhear indo thír. Dhá gcloistheá í sin ag cur síos ar a ndearna sí i Sasana, chuirfeadh sí gruaig do chinn in a seasamh. D'innis sí thíos gan cás gan náire an oíche cheana, faoi'n gcaoi ar bhuail sí féin agus bean eile aniar, saighdiúr Meriocánach a bhí ag iarraidh a dhul in éindigh leo gan bhuidheachas. Ach ní tada é sin le h-ais ar innis sí …
Siúd é an diabhal doscúdhach. Bhí sé chomh maith dhuit a dhul ag cur chomhairle ar chloich le dhul i gcleitheamhnas comhairle a chur air siúd. Faghann sé na h-iarrantaí, ach ní mian leis gan a dhul i mbealach a bhasctha in a dheidh sin. Má sháruigheann sé é cupla bliain eile, ní bheidh aon-fhear faoi'n mbogha bán in don imeartas air, agus féadfaidh sé a dhul ina rogha áit.
Má tá sé cho doscudhach agus nach nglacfaidh sé comhairle athar ná máthair, bíodh aige adéarfainnse. Fág faoi'n saoghal le comhairleachan é. 'Sé atá indon. Má saoltar é (saoghluightear) feicfidh tú féin air gur maith críonna an mac a bhéas fós ann — gur maith sin
D'fheicfeá ag imeacht is chuile chruinneál cho doscudhach é, agus dair leat féin gur fonn a bheadh air 'chuile dhuine a ionnsuighe. Ach tugann sé a bheanna leis as 'chuile áit mar sin féin. Ní bheadh fhios ag duine agus an comhluadar a bhfuil sé taithighthe ann — aidhbheirseoirí críochnuighthe — tuige nach bhfaghann sé iarraidh mharbhthach, ach indomhnach tá sé indon a bheart a tharraingt dá mbuidheachas
Bhí an chuid eile de mhuirín an-doscúch len a gcur ag an scoil = ba deacair a gcur ag an scoil; ní raibh aon-luighe aca léithe
+
Comhairle an duine doscúdhach = comhairle duine a chonnaic an saoghal agus cúrsaí agus cora an tsaoghail, agus atá indon duine eile a chur ar an eolus fútha. "Ní bheidh aon-chomhairle mhaith dhó féin aige, ach cuirfidh sé comhairle mhaith ar dhaoine eile" (ó m'athair)
Comhairle duine doscudhach an chomhairle is fhearr ar bith (sean-fhocal) = an chomhairle a thugas giolla na céille ceannuighthe uaidh, níl aon-chinneamhaint uirre; an té a chuaidh thríd an rud agus ar h-imrigheadh air b'fhéidir, 'sé is fearr a chomhairleochadh daoine faoi fhanacht uatha
TUILLEADH (8) ▼
Má tá ciall agad anois tóigfidh tú comhairle uaimse agus ní bheidh aon-phlé agad leo sin. Bhí mise mé féin ionnta agus chonnaic mé a gceird. Comhairle duine doscúdhach a mhic ó mo chroidhe an chomhairle is fhearr ar bith
Ní ghlacfadh sé mo chomhairle-sa. "Comhairle an duine doscudhach an chomhairle is fhearr le fáil" adeir siad. B'fhearr leis éisteacht le grabairí nach raibh rith circe ó bhaile ariamh. Bhí a shliocht air. H-Imrigheadh air. Dithcéille 'ar ndú' a bhain an mhéir de Mhurrchadha
Comhairle duine doscúdhach a thug mise dhuit; agus tá sé ráidhte nach bhfuil comhairle ar bith a chinnfeadh uirre. Bhí mise scathamh mar atá tusa anois, ag imeacht ar rothaí an tsaoghail agus ag caitheamh a mbeadh agam. Chuile dhuine mór liom agus ag brughadh orm agus ag dul siar in mo bhéal, a fhad agus a bhí rud agam. Ach ar an dá luath agus a bhfaca siad ag tabhairt uaim chor ar bith mé, d'imighidís as mo bhealach do mo sheachaint. Tá a fhios agamsa é a dhearbhráthair mo chroidhe. Fuair mé le léigheamh é, ní ag ceasacht ar Dhia é
Sí a mh'anam — comhairle an duine doscúdhach — bhí sí molta ariamh. Chonnaic tusa an saoghal bail ó Dhia ort, agus is mór a bhfuil tú indon cur síos air. Ná bac linne. Níl eolus tada againne: dream nar fhága an ruta tíre seo amach ariamh, céard a bhéarfadh eolus aca
Is aisteach an rud é an duine doscudhach. Tá sé indon deagh-chomhairle a chur ar an té a ghéilleas dó, agus gan comhairle ar bith aige dhó féin. Comhairle an duine doscúdhach ar chuala tú ariamh é. Bhí sé annsin thiar — M. T. An sagart féin ní chuirfeadh comhairle a leasa ar dhuine cho maith leis, agus in a dheidh sin féin, ní raibh fear ar bith le fáil, ba mhíádhásaighe ná é. Chaith sé a shaoghal ar fad le dreabhlás agus le díthcéille
Glac comhairle ó dhuine dhoscudhach a mhic ó, agus teirigh agus pós í. Tuigimse go maith do chúrsaí. Níl tú luighteannach leis an mbean. Bhí mise ar an gcóir chéadna. D'iarr m'athair — go ndéanaidh dia grásta air! — mé a chur isteach annsin thiar tigh Sh. Ch. Spréach mé go ndéanfaí a shamhailt liom. Bhí láimh agus focal idir mé féin agus bean eile. Leath-bhliain ó'n lá sin bhí an bhean sin pósta, agus mise gan Murrchadha gan Maghnus. Seachain thusa a n-eireochadh an rud céadna dhuit. Ar chuala tú ariamh é. "Bíonn cuid de na mná agus an grádh aca ar bharrú (barradha) a méar; Tá a n-intinn agus a n-aigne le fáil ag fearaibh an tsaeghail." Ná h-imrighidís ort-sa cho maith le duine
Is beag an ghéilleadh a bhí agamsa do Sh. Ó. Ch, th'éis gurb aige a bhí comhairle an duine doscudhach. Chuaidh sé go bog agus go cruadh orm ag iarraidh cur faoi deara dhom gan a dhul i bpáirt le m'uncail, nó dhá dteighinn go mbeadh aithmhéala orm. Agus m'anam go mb'fhíor dhó. Bhí na seacht n-aithne aige sin air. Nar chaith sé féin tamall i gcomhar leis, ach bhrath sé é féin in am]
Má tá baramhaintí do leasa fút glacfaidh tú comhairle ó dhuine dhoscúdhach, agus eireochaidh tú as an obair sin, agus tiubharfaidh tú aire do do ghiodáinín talmhana. Ní hí comhairle t'aimhleasa a chuirfinnse chor ar bith ort. Tá a fhios agad sin. Chaith mé curraintín freisin ag imeacht leis an obair sin, ag foghaint do'n tír má b'fhíor dom féin, ach is beag áird a bhí ag an tír orm an uair a bhí mé i ngéar-chall. Meastú ar chúitigh an tír mo chaillteamas liom. Chúitigh muis! Ní chúiteochaidh ná leatsa. Is beag an baoghal uirre. Mar dubhairt mé cheana leat is measa dhuit do ghiodáinín talmhana ná an tír. Dhá laghad é, 'sé a bhfuil de shocar agad é.
·
Is doscudhach an áit é sin len a dhul isteach ann. Ní bheadh a fhios agad cé'n nóiméad a dtosóchadh achrann agus a mbuailfí isteach ar chlár na baithise thú. An té a thiocfas isteach ag ól annsiúd, bíodh sé ar a shon féin
b.
olc; príbhléiseach; géar; dian.
+
Ná bí doscudhach le na putaigh a mháistir. Is dona an rud a bheith ro-dhoscudach leo. Glacfaidh siad gráin ar an scoil uilig … Níl mé dhá shamhailt leat a dhuine chroidhe. Dar a shon go n-abróchainnse go raibh tú droch-mhúinte, ach bíonn na putaigh ag banrán in a dheidh sin
Bhí an t-athair an-doscudhach leis an gclann. Ní raibh goir aca fanacht amuigh ó'n bpáidrín nach mbeadh bolta ar an dorus rompa aige. Ruaigfeadh sé amach ag obair iad an lá is deannachtaighe a shéidfeadh as aer. Bhí a shliocht air: d'fhága siad annsin é. Ní fhanfadh an deoruidhe féin aca ina bhuil
TUILLEADH (5) ▼
Ins an am sin bhíodh na "bossanna" an-doscudhach le na fir oibre, ach d'imigh an saoghal sin. Is beag an baoghal go bhfeicfidh tú "boss" ag maoidheachtáil ná ag fuagairt ar lucht na h-oibre anois. Is maith an scéal nach bhféadann siad. B'olc an t-eallach iad an uair a bhí an "power" aca.
'Sé J. a bhí doscudhach leis an té a bheadh in a bhuachaill aige. Amach le hóró lae ins an samhradh agus leis an réalt ins an ngeimhreadh. Agus dá seasfá ná dhá suidhtheá chor ar bith, leigfeadh sé uaill ort a thóigfeadh de chothrom talmhana thú.
Meireach cho doscudhach agus atá sé leis an mbean, is iomdha duine a mbeadh gnaoi aige air, ach bíodh a fhios agad gur mór atá in a aghaidh faoi sin. Bhí meas ag 'chuile dhuine ar an mbean. Bhí sí soilgheasach carthannach, spraoidheamhail. Ach maidir leis féin: pugarlach bradach!
An té a bhéas doscudhach mar sin le na dhuine féin agus fáilidhe le daoine eile, ná bac leis. 'Sé do dhuine féin é do dhuine féin. Ma bhíonn cruadhóg ná anshógh ort, cé a thóigfeas láimh leat ach do dhuine féin. Ní i gcleitheamhnas stráinséara a bheitheá ag dul
Tá an sagart sin sáthach doscudhach le 'chuile dhuine ach leis an té atá ag tabhairt síneadh láimhe dhó go h-acht agus go h-áirid. Mo léan géar tá saint ins an airgead aige mar atá aca ar fad. Iad sin siar a bhíos ag caitheamh aige 'chuile lá ins an tseachtain cuirfidh mé mo rogha geall leat go bhféadfaidh siad damhsaí a bheith aca chuile uair a thogróchas siad é, agus nach mbacfar iad. Má bactar ní póilidhe ná sagart a dhéanfas é