Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dorcha
/durəxə/
aidiacht
ní theagann aon athrú céime air, ach deirtear is dorchaí /durəxī/ amantaí
1.
meathdhubh; roinnt dubhach gan a bheith ródhubh; (rédhorcha, fc. ré-).
a.
+
Oíche dhorcha í — dubh go leor gan a bheith fíordhubh
Bhí sé buille dorcha aréir dar príosta
TUILLEADH (7) ▼
Is maith dorcha é théis gur cheart dó gealach a bheith ann. Nár ceart di a bheith ar fáil
Tá na hoícheantaí seo dorcha
Tá sé ag éirí dorcha — an oíche ag titim
Diabhal mé go bhfuil sé i ndiaidh an haon déag anois, ach nach bhfuil sé dorcha fós
Is maith luath atá sé dorcha anocht
Bíonn sé dorcha ag leathuair théis an hocht ar maidin anois
Bíonn sé chomh dorcha ag an hocht a chlog anois agus a bheadh sé ag an dó a chlog san oíche
+
Tá an spéir dorcha go maith inniu. Tuairt eile atá air
Tá sé an-dorcha thiar
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé dorcha i mbun na gaoithe
Tá sé an-dorcha ar an bhfarraige mura smúit rabharta é
Lá dorcha é. Ní bheadh a fhios agat céard adéarfá leis
Is dorcha an cineál aimsire í
+
Éadach dorcha atá air
Bhí casóig dhorcha mar sin air
TUILLEADH (6) ▼
Ba cheart duit dath a chur air sin a dhéanfadh an t-éadach buille dorcha
Ól cineál dorcha mar sin é a bhí sa ngloine
Ól dorcha é
Súile dorcha atá aige
Tá sé an-dorcha as a cheannaghaidh
"Sorcha sorcha: polláirí dorcha: lig sí urchar, agus mharaigh sí éan" (rann a bhíos ag gasúr)
+
Tá an bun sin dorcha — an taobh sin. Bundorcha atá ar chnoc ó thuaidh de chaoláire an Lionáin. Bíonn sé dorcha i gcónaí, agus lonnaíonn an ceo ar a bharr
Teach an-dorcha é. An chaoi a bhfuil sé déanta níl fuinneoig ag gabháil leis ar aghaidh na gréine
TUILLEADH (2) ▼
Ní mór daoibh solas. Tá sé an-dorcha istigh ansin
Bóthar dorcha é sin soir
·
Tá sé dubh dorcha — an-dorcha. Cuirtear an dá fhocal sin le chéile ina gcuingir nuair is duibhe atá i gceist
Prochóig dhubh dhorcha de theach atá aige. Níor léir dhuit do láimh ann i lár an lae ghléigil. Níor léir sin
+
Tá sí bundorcha shílfeá
Bhí sí meathdhorcha go maith ach ní raibh sí an-dorcha
TUILLEADH (1) ▼
Cóta mór glédhorcha a bhí air
b.
+
Tá sibh ina (bhur) muintir Dhorchaigh — teach a bheadh dorcha cheal solais. B'fhéidir gur magadh focail atá ann. Muintir Dhorchaigh — Darcys. Tomás Ó Dorchaigh (/durəxī/) srl.
Dar príosta tá sibh ina muintir Dhorchaigh. Shílfeá nach mbeadh leithscéal ar bith agaibh anois. Tá dalladh ola le fáil
TUILLEADH (4) ▼
Ina muintir Dhorchaigh atá an tír anois. Ní raibh dé sholais againn i gcaitheamh na bliana anuraidh
D'fhéadfá a rá nach teach atá ina muintir Dhorchaigh anois ach an tír uileag. A dhul ag déanamh fáideogaí a bhí againn a dhul anois. Tá neart fiógaí suas ansin
Tá siad ina muintir Dhorchaigh chuile oíche mar sin. Níl easpa ola ar bith ann, ach ní ligfeadh an chaillteacht don bhean a ceannacht. Ní chaithfidh sí cianóg ar bith nó go gcinne an saol uirthi
Tá muid ina (ár) muintir Dhorchaigh aríst. Cén smál atá ar an seanlampa seo. Tá sé múchta aríst. Dar fiagaí, chuir mé an iomadú carbide ann, ach b'fhéidir nach bhfuil an t-uisce ag dul chuige. Caithfidh tú fuiríocht liom aríst nó go ndeisí mé é
2.
dúnárasach, foscúil, coimhthíoch, beagchainteach, neamhphléascánta.
+
Is duine dorcha é — dúnárasach, coimhthíoch, beagchainteach srl.
Tá sé sin an-dorcha ina dhiaidh sin. Níl sé cainteach chor ar bith
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan a chos sin a ghabhfadh chun cainte leat go deo. Duine rídhorcha é
Dúirt mise léithe, go ndéana Dia grásta uirthi, go raibh M. an-dorcha, agus is beag a thaitnigh sé léithe. 'Feicimse chomh fáilí le chuile dhuine é,' adeir sí
Dream dorcha fréna chéile iad sin. Tá siad an-lách agus an-tsoilíosach, ach ní bhfaightheá fios a n-intinne dhá mbeifeá abuil siad dhá lá do shaoil
Is deacair a dhéanamh amach cén bealach atá léithe sin. Duine dorcha beagchainteach í, ach teagann an-daolannaí inti scaití
Má tá sé chomh dorcha sin, ní bheadh a fhios agat cé uaidh a dtug sé é. Bean an-spleách, an-phléascánta, a bhí sa máthair, agus maidir leis an athair ar ndóigh, ní theagadh iamh air ach ag síor-rá ó mhaidin go faoithin
Ní leithead ná móiréis é chor ar bith, ach sin é an bealach atá leis. Tá sé an-dorcha den tsaol, mura mbeadh an-teanntás aige ort. Dhá mbeadh, ní féidir a chur ina shost chor ar bith. Caitheann sé stráisiúin mhóra anseo agamsa, agus 'sé an cainteoir é! Tá a mhaisce, agus gnaíúil
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith chomh dorcha dúnárasach sin. Is den chomharsanacht a bheith carthanach cainteach
·
Bíonn sí an-dorcha liom, théis a bhfuil de theanntás aici orm. Ach dheamhan maith ann. Foscadh ar fad í. Níor chaintigh sí amháin liom faoin inín, ná go raibh cuimhne ar bith aici imeacht
·
Bhí mé le cupla lá sa tír dhorcha sin thoir. Dar mo choinsias ní leasainm uirthi tír dhorcha. Níl focal den chaint acu, ach ar a mine ghéire ag obair. Tugaimse don diabhal an tAchréidh céanna
3.
dall.
·
Tá sé dorcha; is fear dorcha é (níor chuala mé seo ach dúradh liom go mbíodh sé ann, agus go bhfuil ag corrdhuine fós)

dorcha in iontrálacha eile (9)

 
danra
Tháinig mé aniar trasna thrí na brocachaí sin oíche i mbliana, agus má tháinig féin, ba danra an éadáil sin. Shíl mé nach raibh an oíche chomh dorcha agus a bhí sí, agus deirimse leat go bhfuair mise tuairteáil, ní áirím go raibh a raibh orm stiallta ó chéile ag driseachaí
 
déan 1
Déanann sé lá an-mhoch anois. Is ar éigean a dhúnas an oíche chor ar bith. Ní bhíonn sé ach dorcha nó go bhfáinní sé aríst
 
Ní fhéadfá déanamh uirthi thar dhuine ar bith. Tá sí an-dorcha — teanntás a bhrú uirthi
 
deifir
Tá sé chomh maith dhaoibh imeacht anois agus ní ag cur deifir libh é, ach má ligeann sibh an deireanas oraibh féin, beidh tús na hoíche an-dorcha
 
dia 1
Níor chuir sí aighneas ná caidéis ar aon duine ó tháinig sí isteach ar an mbaile, ach mar a fheiceas tú anois í, dorcha dúnárasach mar sin. Dhá dteagadh sí gearr faoi rud ar bith, b'fhearr léithe a dhul trí mhíle ó bhaile ná a iarraidh ar na comharsanaí. Sin é an chaoi a mbíonn sé. Is iomaí duine ag Dia
 
Éirigh as an mbanrán sin anois. Ní raibh aon doicheall thairis sin aige romhainn. Facthas domsa go mb'fháiltí go mór é ná mar is iondúil leis. Ní doicheall ar bith a bhíos air ach is duine dorcha é
 
Tá mé draoibeáilte uileag. Leagadh a dhó nó trí de chuarta mé ag teacht thríd an gcurach sin thoir. Tá an oíche an-dorcha
 
dreach
An bhfeiceann tú an dreach dorcha atá ar an spéir. Breathnaigh chomh dúnta agus atá sé agus na tóineanna dubha sin ó dheas. Crap do chuid féir nó beidh tú dhá uireasa
 
Is deacair S. a bharraíocht chor ar bith. Tá sé an-dúnárasach. Níl a fhios ag aon duine céard a bhíos ina chloigeann, má bhíonn tada ann. Ach bíonn. Tá sé an-domhain, ach leis an mbealach dorcha dúnárasach atá leis, ní bheidh a fhios ag aon duine choíchin cén intinn atá aige