Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúnárusach
aidiacht as dúnárus.
dorcha; coimhthigheach; aisteach; neamh-phléascánta; doithcheallach; rúnmhar; neamh-choidreamhach; fascamhail.
+
Nach hí atá dúnárusach anois nach n-innseochadh duit go raibh sí ag dul ag pósadh, aindeoin cho mór le chéile agus a bhí sib. Tá béasa na gC. aice
Scaithtí bíonn sí an-phléascánta: ag caint, agus ag déanamh spraoi, agus 'chuile shórt tarraingthe anuas aice, agus shílfeá go mbadh leat ar fad í. Ach ar ionntú do bhoise aríst, bíonn sí cho dúnárusach agus nach mbainfeá focal aisti le meanaí. Luath-intinneach mar sin atá sí. Chonnaic mé ag dul siar trathnóna í, agus gothadh an-diúltach uirre. Ba bheag le gur bheannuigh sí dom. Sáthach deacair a bheadh sé í a bhearradh anocht cheapfainn, ach béidh a shliocht uirre, fanóchaidh na daoine (an té atá ag caint) glan uirre.
TUILLEADH (7) ▼
Th'éis cho dúnárusach agus atá siad is maith uatha cúis a dhéanamh in a dheidh sin. Is maith teann an stoca atá ag P. sin, agus 'ar ndú' ní bheidh fhios ag aonduine cá mbeidh sí (stoca an airgid). Mo choinsias ní bheidh a fhios
Tá an diabhal sin in a shúmaire cho dúnárusach agus a chasfaí leat in do shiubhal lae. Ara cé'n! Nach bhfuil sé cho dona 'chuile orlach len a bhean féin, agus atá sé le 'chuile dhuine eile. Dá mbeadh sé sin ag cur beithidhigh ar aonach, ní chainteochadh sé amach as a bhéal air léithe, go n-imigheadh sé ann. Thiocfadh sé síos G. dhá shiubhal ionnsuidhe, agus ní bheadh a fhios aice faoi bhonnaidheachaí an diabhal cá mbeadh sé nó go dteagadh sé abhaile — ná b'fhéidir an uair sin féin. Dheamhan a fhios agamsa an labhrann sé léithe beag ná mór. Ach tá sé ag cur airgid tirm thairis déarfainn agus deir Yank Sh. L. féin gurb é an t-airgead an buachaill. "Níor mhiste dhuit a bheith balbh ná briotach ná gan caint ar bith i Meiriocá" adeir sé "a fhad agus atá airgead agad. 'Sé an t-airgead an buachaill. Labhrann an t-airgead. 'Sé atá deas air"
Tá beirt aca ann anois muis, i mbéal an doruis ag án a chéile — beirt atá 'chuile ordlach cho dúnárusach le chéile. Tá mé ag ceapadh go dtiocfadh an bheirt isteach ag cuartuidheacht ag a chéile, agus nach labhróchaidís smid go maidin ach ag breathnú síos ins an splainc. Is maith 'un a chéile iad go siúráilte
Is diabhaltaí má tá sí cho dúnárusach sin gur innis sí do Bh. go raibh sí ag dul ag pósadh. 'Sí B. a d'innis domsa é, agus do chuid mhaith liom. Ar an dá luath agus a bhfuair sí sin leide air, is uirre nach raibh an mhoill dhá scaipeadh. Bhí sé ibhfad agus ingearr aice trathnóna. Sé an biadán sin a buac. Cheapfá go mbeadh an ceann eile níos aigeanta ná a dhul ag leigint a rúin len a leithide sin, má bhí cás ar bith aice faoi. Agus bhí, mar bhí sí ag cur a craicinn di dhá shéanadh le 'chuile dhuine faoi cheann cupla lá. Bhí an cleamhnas de dhruim seoil an uair sin. 'Ar ndú níor neartuigh an ceann eile ar a maidí chor ar bith go bhfuair sí léireachan ar an méid sin
Tá baoghal air siúd é a innseacht duit. Shílfeá feasta choidhchin go mbeadh aithne thairis sin agad air. Cé'n uair a d'innis sé siúd aon-cheo d'aonduine a dhéanfadh leas dó. Ní raibh aon-duine ar a chine ariamh cho dúnárusach leis. Dhá mbeadh fios do shaoghail aige, ní chainteochadh sé air. Choinneochadh sé istigh faoi na mailí gruama siúd é.
Ní caomhamhaint ar bith atá innte sin ach gur sháruigh sí an saoghal tá sí cho dúnárusach sin. Bhí mé soir annseo chuig an D. in éindigh léithe trí lá i mbéal a chéile an t-am a raibh an bhruitíneach agus an leicneach ar an gcuid se'aghainn féin. Dubhairt mé léithe é. Níor dhubhairt sí a dhath faoi na gasúir se'aice féin. Ba bheag an luadh a bhí aice a rádh go raibh siad orra. Ní abróchadh ná dá mbeidís ag saothrú báis, i bhfad uainn an anachain. Súmaireacht de'n tsórt sin a bhí ag rith len a dream ariamh. Púcaí bradacha! Bheadh sé cho maith dhuit a bheith ag caint le asail leo. Is beag is ionann é. Is mó a bheadh de bharr na n-asail ag duine
Is deacair S. a bharruidheacht chor ar bith. Tá sé an-dúnárusach. Níl a fhios ag aonduine céard a bhíos in a chloigeann, má bhíonn tada ann. Ach bíonn. Tá sé an-domhainn, ach leis an mbealach dorcha dúnárusach atá leis, ní bheidh a fhios ag aonduine choidhchin cé'n intinn atá aige
·
Bhí an bhean curtha shul má chuala muid é. Duine dúnárusach ceart é siúd. Níor innis sé d'aonduine go raibh donacht ar bith uirre nó go bhfuair sí bás. Nach raibh a fhios aige go bhfuighthí amach de'n bhuidheachas é. Ach níor mhiste leis. Ní thiubharfadh sé an oiread de do chroidhe dhuit in a dheidh sin agus go gcainteochadh sé air. Sochraide bheag a bhí ann i ngeall ar a chuid dúnáruis féin. Leath a raibh sé dlighte dóib, níor chuala siad smid fúithe go raibh an bhean bhocht curtha
Má's dúnárusaighe é ná an t-athair muise, sháruigh sé loirgne dóighte. Thóig sé lá mé ag dul suas an bóthar lathaighe: bhí carr aige. Suas L. A. a bhí mise ag dul. Tá go leor daoine muintreacha aige suas annsiúd. Tá siad an-scaipthe: i L., ar an gC., i gC. na B., i gC. E. Dá mbeinn in éindigh leis go dteigheadh soir siar, ní innseochadh sé dhom cá raibh sé ag gabhail. Diabhal innseacht muis. Ná ar chaith sé trí fhocal cainte ó d'fhága muid Árd an Bh. nó gur leig sé anuas mé ag bóthar L. Chas sé an capall aríst agus as go bráth siar leis. Sin é an uair a chuimhnigh mé nach raibh sé ag teacht thar Ch. E. ach go dtáinig sé an chuid eile liomsa. Nar ghnaoidheamhail an mhaise dhó é in a dheidh sin. Ach ní innseochadh sé dhom ar bhás an domhain cá raibh sé ag dul é féin, luath ná mall

Féach freisin

Dúnárusach in iontrálacha eile (1)

 
dorcha
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith cho dorcha dúnárusach sin. Is de'n chomharsanacht a bheith carthannach cainteach