Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúnárasach
aidiacht as dúnáras
dorcha; coimhthíoch; aisteach; neamhphléascánta; doicheallach; rúnmhar; neamhchaidreamhach; foscúil.
+
Nach í atá dúnárasach anois nach n-inseodh duit go raibh sí ag dul ag pósadh, ainneoin chomh mór le chéile agus a bhí sibh. Tá béasa na gC. aici
Scaití bíonn sí an-phléascánta: ag caint, agus ag déanamh spraoi, agus chuile shórt tarraingthe anuas aici, agus shílfeá go mba leat ar fad í. Ach ar iontú do bhoise aríst, bíonn sí chomh dúnárasach agus nach mbainfeá focal aisti le meanaí. Luathintinneach mar sin atá sí. Chonaic mé ag dul siar tráthnóna í agus gotha an-diúltach uirthi. Ba bheag le gur bheannaigh sí dom. Sách deacair a bheadh sé í a bhearradh anocht cheapfainn, ach beidh a shliocht uirthi, fanóidh na daoine (an té atá ag caint) glan uirthi
TUILLEADH (7) ▼
Théis chomh dúnárasach agus atá siad, is maith uathu cúis a dhéanamh ina dhiaidh sin. Is maith teann an stoca atá ag P. sin, agus ar ndóigh ní bheidh a fhios ag aon duine cá mbeidh sí (stoca an airgid). Mo choinsias ní bheidh a fhios
Tá an diabhal sin ina shúmaire chomh dúnárasach agus a chasfaí leat in do shiúl lae. Ara cén! Nach bhfuil sé chomh dona chuile orlach lena bhean féin agus atá sé le chuile dhuine eile. Dá mbeadh sé sin ag cur beithígh ar aonach, ní chainteodh sé amach as a bhéal air léithe go n-imíodh sé ann. Thiocfadh sé síos G. dhá shiúl ionsaí, agus ní bheadh a fhios aici faoi bhonnaíochaí an diabhal cá mbeadh sé nó go dteagadh sé abhaile — ná b'fhéidir an uair sin féin. Dheamhan a fhios agamsa an labhrann sé léithe beag ná mór. Ach tá sé ag cur airgid tirim thairis déarfainn, agus deir Yank Sh. L. féin gurb é an t-airgead an buachaill. 'Níor mhiste dhuit a bheith balbh ná briotach ná gan caint ar bith i Meiriceá,' adeir sé, 'a fhad is atá airgead agat. 'Sé an t-airgead an buachaill. Labhrann an t-airgead. 'Sé atá deas air'
Tá beirt acu ann anois muis, i mbéal an dorais agá n-a chéile — beirt atá chuile orlach chomh dúnárasach le chéile. Tá mé ag ceapadh go dtiocfadh an bheirt isteach ag cuartaíocht ag a chéile agus nach labhróidís smid go maidin ach ag breathnú síos sa splainc. Is maith chun a chéile iad go siúráilte
Is diabhaltaí má tá sí chomh dúnárasach sin gur inis sí do Bh. go raibh sí ag dul ag pósadh. 'Sí B. a d'inis domsa é, agus do chuid mhaith liom. Ar an dá luath is a bhfuair sí sin leide air, is uirthi nach raibh an mhoill dhá scaipeadh. Bhí sé i bhfad agus i ngearr aici tráthnóna. 'Sé an béadán sin a buac. Cheapfá go mbeadh an ceann eile níos aigeanta ná a dhul ag ligint a rúin lena leithide sin má bhí cás ar bith aici faoi. Agus bhí, mar bhí sí ag cur a craicinn di dhá shéanadh le chuile dhuine faoi cheann cupla lá. Bhí an cleamhnas de dhroim seoil an uair sin. Ar ndóigh níor neartaigh an ceann eile ar a maidí chor ar bith go bhfuair sí léireachan ar an méid sin
Tá baol air siúd é a inseacht duit. Shílfeá feasta choíchin go mbeadh aithne thairis sin agat air. Cén uair a d'inis sé siúd aon cheo d'aon duine a dhéanfadh leas dó. Ní raibh aon duine ar a chine ariamh chomh dúnárasach leis. Dhá mbeadh fios do shaoil aige, ní chainteodh sé air. Choinneodh sé istigh faoi na malaí gruama siúd é
Ní caomhúint ar bith atá inti sin ach gur sháraigh sí an saol tá sí chomh dúnárasach sin. Bhí mé soir anseo chuig an D. in éindí léithe trí lá i mbéal a chéile an t-am a raibh an bhruitíneach agus an leicneach ar an gcuid s'againn féin. Dúirt mé léithe é. Níor dhúirt sí a dhath faoi na gasúir s'aici féin. Ba bheag an lua a bhí aici a rá go raibh siad orthu. Ní abródh ná dá mbeidís ag saothrú báis, i bhfad uainn an anachain. Súmaireacht den tsórt sin a bhí ag rith lena dream ariamh. Púcaí bradacha! Bheadh sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le asail leo. Is beag is ionann é. Is mó a bheadh de bharr na n-asail ag duine
Is deacair S. a bharraíocht chor ar bith. Tá sé an-dúnárasach. Níl a fhios ag aon duine céard a bhíos ina chloigeann, má bhíonn tada ann. Ach bíonn. Tá sé an-domhain, ach leis an mbealach dorcha dúnárasach atá leis, ní bheidh a fhios ag aon duine choíchin cén intinn atá aige
·
Bhí an bhean curtha shul má chuala muid é. Duine dúnárasach ceart é siúd. Níor inis sé d'aon duine go raibh donacht ar bith uirthi nó go bhfuair sí bás. Nach raibh a fhios aige go bhfaighthí amach den bhuíochas é. Ach níor mhiste leis. Ní thabharfadh sé an oiread de do chroí dhuit ina dhiaidh sin agus go gcainteodh sé air. Sochraide bheag a bhí ann i ngeall ar a chuid dúnárais féin. Leath a raibh sé dlite dóibh, níor chuala siad smid fúithi go raibh an bhean bhocht curtha
Más dúnárasaí é ná an t-athair muise, sháraigh sé loirgne dóite. Thóg sé lá mé ag dul suas an bóthar lathaí: bhí carr aige. Suas L. A. a bhí mise ag dul. Tá go leor daoine muintreacha aige suas ansiúd. Tá siad an-scaipthe: i L., ar an gC., i gC. na B., i gC. E. Dá mbeinn in éindí leis go dtéadh soir siar, ní inseodh sé dhom cá raibh sé ag gabháil. Diabhal inseacht muis. Ná ar chaith sé trí fhocal cainte ó d'fhága muid Ard an Bh. nó gur lig sé anuas mé ag bóthar L. Chas sé an capall aríst agus as go brách siar leis. Sin é an uair a chuimhnigh mé nach raibh sé ag teacht thar Ch. E. ach go dtáinig sé an chuid eile liomsa. Nár ghnaíúil an mhaise dhó é ina dhiaidh sin. Ach ní inseodh sé dhom ar bhás an domhain cá raibh sé ag dul é féin, luath ná mall

Féach freisin

dúnárasach in iontrálacha eile (2)

 
dia 1
Níor chuir sí aighneas ná caidéis ar aon duine ó tháinig sí isteach ar an mbaile, ach mar a fheiceas tú anois í, dorcha dúnárasach mar sin. Dhá dteagadh sí gearr faoi rud ar bith, b'fhearr léithe a dhul trí mhíle ó bhaile ná a iarraidh ar na comharsanaí. Sin é an chaoi a mbíonn sé. Is iomaí duine ag Dia
 
dorcha
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith chomh dorcha dúnárasach sin. Is den chomharsanacht a bheith carthanach cainteach