Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúnáras
ainmfhocal, fireann
 aistíl; dorchacht; rúnmhaireacht, caomhúint; foscadh; gan aon ligean amach; neamhchaidreamh; dúire; neamhphléascántacht; cheal spleodair; doicheall; coimhthíos.
+
'Sé an dúnáras a rinne sé uirthi — bhí sí chomh haisteach, chomh dorcha, chomh rúnmhar, chomh neamhchaidreamhach le daoine eile, agus nach raibh a fhios ag aon duine céard ba chor dá cúrsaí nó go raibh an mhísc déanta. Dhá ligeadh sí a rún nó fios a gnaithí le duine eicínt roimhe sin, chomh dóichíde agus atá an Cháisc ar an Domhnach, bheadh an té sin nó daoine eile in ann fóirthin a dhéanamh uirthi
'Sé an dúnáras a d'fhága sa talamh í — níor inis sí d'aon duine go raibh cheal ar bith uirthi nó gur frítheadh amach é agus í básaithe. Dhá n-insíodh, chuideodh duine eicínt léithe, nó thabharfadh sé comhairle di
TUILLEADH (4) ▼
An aistíl agus an dúnáras a mharaigh é sin ariamh. An bhfaca tú sochraide a mháthar. Ní raibh triúr as a bhaile féin ann théis í a bheith istigh ina gceartlár. Dheamhan a ligfeadh an scáth dóibh an teach a thaobhachtáil aige, agus gan a fhios acu nach é a n-ordú amach aríst a dhéanfadh sé. Níl drochmhúineadh ar bith ann, ach ní beag dó a dhonacht ina dhiaidh sin
Is beag a chuirfeas an dúnáras sin ann dóibh muis. Dhá mbeidís breá pléascánta mar a bheadh daoine, agus fhios a ngnaithí a ligean leat, diabhal mé gur hiomaí duine a mbeadh gnaoi aige orthu agus a thabharfadh cúnamh dóibh. Ach ar an mbealach atá leo, dheamhan fios a bheadh agat an raibh agat beannú dóibh ar an mbóithrín, ar fhaitíos nach mbeannóidís duit
Tá a chuid féin de dhúnáras Chlainn Mhac Confhaola ag siúl leis sin. An té is críonna a rugadh ariamh — Solamh féin agus deir siad go mba chríonna an fear é — ní bheadh a fhios aige cé air a mbíonn sé sin ag cuimhniú. Scaití ní bhreathnódh sé sa taobh a mbeifeá, agus scaití eile, dheamhan fear is laethúla ná é. Mar sin atá sé ag dul dó — ina dhaolannaí. An t-am ar tháinig sé abhaile as Sasana, bhuail an cliamhain aniar de mhaoil a mhainge, seacht míle bealaigh, le theacht ag breathnú air. Casadh dhó é ansiúd i mbéal an tseoil ag ceann an bhóithrín. Ó diabhal an smid! Síos le P. ag an gcladach agus d'fhan sé scaitheamh thíos ann. Nuair a tháinig sé aníos ag an teach, bhí an cliamhain ann roimhe agus é ag ól tae. Shílfeá gur ó mhullach an aeir a thit sé chuig P. Anonn leis go gcroitheadh sé láimh leis, ach thug an ceann eile don diabhal é féin agus a láimh. Deile céard a dhéanfadh sé
Tá an scoth óg ar an dúnáras céanna a raibh na seandaoine. Féacha T. sin agus an chodaíocht a bhíos air. Ag imeacht ina shúmaire i gcónaí. Bheadh sé ag dul síos G. bog te amárach, agus dhá bhfiafraíteá dhó (dhe) é ina dhiaidh sin, déarfadh sé nach raibh a fhios aige. Is maith a chruthófá deirimse leat, le tada a bhaint as sin
·
Go bhfóire Mac Dé ar do cheann a mhic ó — go n-inseodh sí sin tada dhuit. Ní inseodh ná aon duine dhá dream. Bhí an doicheall agus an dúnáras go smior iontu
Tá sí cuibhrithe istigh sa mbráicín údan anois agus gan mac an aoin bheo dhá taobhachtáil ó Luan go Satharn. Ach is beag an mhaith d'aon duine í a thaobhachtáil. Tá an oiread den dúnáras inti agus nach n-inseodh sí dhuit é, dhá mbeadh cruóg an tsagairt uirthi. Mura bhfuil ag Dia, sin é an chaoi a mbeidh sí maidin eicínt: básaithe gan ola gan aithrí
·
Is beag an dúnáras a bheas air deirimse leat ag leagan a bhurla nótaí isteach thíos sa mbainc. 'Sé an cainteoir é ansin. Agus mura bhfuil teanga bhlasta Bhéarla aige castar leis é. Bhí mé ag éisteacht leis lá a raibh mé ag íoc cíosa ann. Is fada go raibh a fhios agam gurb é a bhí ann chor ar bith. Uair annamh a chloisfeá a ghlór anseo
+
Bhí an deartháir in achar an anama agus é féin ag dul síos agus suas ansin chuile lá thar mhuintir an bhaile, agus ní chainteodh sé air ar bhás an domhain. Thug sé cead báis dhó lena chuid dúnárais sa deireadh, gan dochtúr ná sagart a fháil. Bhí an phúcaíocht chéanna air ag an gcuisle (coiste). Ní raibh smid le baint as le pionsúr, ach é ag mungailt faoina fhiacla. Is maith a chuaigh sé as nach istigh faoi mhurder a bhí sé. Dhá mbeadh féin, ba bheag an scéal é. Chaith an sagart dhá uair ina éadan, ach má chaith féin, sin é a raibh dhá bharr aige. Chinn air amhdachtáil ar bith a bhaint as
Sin é a gcuid dúnárais sin i gcónaí, chuile rud a dhéanamh ar chúla téarmaí agus i ngan fhios don chomharsa. D'fhiafraigh mé dhe inné cén chaoi a raibh P. 'Maith go leor,' adeir sé, agus ní bhainfeadh fear agus píce tí ba (ní ba) mhó as. An chéad rud eile, agus mé thuas sa ngarraí, chonaic mé an sagart ag dul tharam. Sin é an uair a chuala mé gur ag cur na hola ar Ph. a bhí sé. Chuaigh mé isteach ann ar mo bhealach suas. Níor labhair aon duine sa teach liom — dubh bán ná dubh buí. B'éigean dom féin a dhul agus an doras a bhrú siar sa seomra. Murach go ndearna mé féin é, ligfí amach aríst mé d'uireasa a feiceáil. D'fhiafraigh mé inniu dhe aríst cén chaoi a raibh sí. 'Maith go leor,' adeir sé, agus shílfeá go mba mhó an guth a bhí aige orm faoina fiafraí beag ná mór. Nach deacair a bheith ag iarraidh maitheasa ar a leithide sin
TUILLEADH (2) ▼
Daoine a dhul ar cuairt acu sin go deimhin! Mo choinsias muise fuair tú amach é. Ní thaobhódh duine ar bith iad sin: dream nach mbainfeá dhá fhocal astu go ham suipéir. Tá an diabhal ar a gcuid dúnárais
Níor inis sé do dhuine ná do dheoraí ar an mbaile go raibh faoi imeacht nó gur facthas ag dul soir an bóithrín é agus a travelling bag aige. Sin é a gcuid dúnárais sin i gcónaí. Ní chuirfeadh sé sciúrtóg as dóibh a inseacht, ach is daoine coimhthíocha mar sin iad. Ní ligfidh siad tada le aon duine go deo. 'Sé a mbealach é. Tá chuile dhuine ar an bhfeadhain acu ar an gcaoi chéanna — abhus is thall.
+
Chonaic mise iad sin roimhe seo agus gan gráinne plúir ina dteach. Bhí committee dhá ligean amach an t-am céanna. Le teann dúnárais ní chuirfidís isteach air: gurb é N. Th. a mb'éigean dó a dhul suas, agus a dhul isteach ar an urlár acu idir chlár is chuinneog, gur chuir sé faoi ndeara dóibh a dhul siar agus a gcuid mine a fháil. Is túisce a chaillfí istigh sa teach iad fhéin ná a chorróidís … Móiréis mo chreach! Ní móiréis ar bith a bhí orthu, ach dúnáras agus coimhthíos — an rud atá iontu go fairsing anois agus an uair sin
Le neart dúnárais nach n-inseodh sé gur cailleadh an capall air. Shílfeá nár shomhaoine ar bith dhó a dhul ag ceilt rud mar sin. Is cuimhneach liom cheana nuair a bhí na staggers ar mhuca an bhaile go bhfuair mé caidéis eicínt dá chuid seisean. 'Níl cailleadh ar bith orthu,' adeir sé. An lá roimhe sin agus mé ag rómhar fataí i ngarraí M. L. a chonaic mé é ag tabhairt siar ceann acu, agus dhá cur i nGarraí an Tí. Ní raibh mé ach ag baint as go bhfeicfinn céard adéarfadh sé. Ach mo léan géar muise, siúd é nach ligfeadh tada leat. Ní mórán a fhéadfar a chásamh leis
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an teach uileag buailte síos leis an bhfiabhras, agus le teann dúnárais, níor inis siad d'aon duine é. 'Sé M. B. faoi dheireadh a bhraith nach raibh cor ná car istigh, agus chuaigh sé ag an doras agus thosaigh sé dhá rúscadh. Ní inseoidís dó an uair sin féin é. Meas tusa nach raibh an coimhthíos agus an dúnáras ag siúl leo sin! Chuaigh M. B. siar agus d'fhuagair sé do phóilíos é. Tháinig na póilíos agus an dochtúr ansin, agus hardaíodh isteach chuig an easpaicil iad. Murach sin, bíodh a fhios agat, dheamhan deoraí acu a bheadh sa gcomhaireamh ceann. D'fhanfaidís ansiúd go dtéadh sé in ainseal orthu, agus nárbh fhéidir a dtabhairt as. Tá an dream sin aisteach, ní dhá roinnt leo é

Féach freisin

dúnáras in iontrálacha eile (1)

 
Bhí an bhean curtha shul má chuala muid é. Duine dúnárasach ceart é siúd. Níor inis sé d'aon duine go raibh donacht ar bith uirthi nó go bhfuair sí bás. Nach raibh a fhios aige go bhfaighthí amach den bhuíochas é. Ach níor mhiste leis. Ní thabharfadh sé an oiread de do chroí dhuit ina dhiaidh sin agus go gcainteodh sé air. Sochraide bheag a bhí ann i ngeall ar a chuid dúnárais féin. Leath a raibh sé dlite dóibh, níor chuala siad smid fúithi go raibh an bhean bhocht curtha