Dúnárus
—ainm-fhocal; fireann
—
aistighil; dorchacht; rúnmhaireacht, caomhamhaint; fascadh; gan aon-leigean amach; neamh-chaidreamh; dúire; neamh-phléascántacht; cheal spleodair; doithcheall; coimhthigheas.
+–
'Sé an dúnárus a rinne sé uirre = bhí sí cho h-aisteach, cho dorcha, cho rúnmhar, cho neamh-choidreamhach le daoine eile, agus nach raibh a fhios ag aon-duine céard ba chor dá cúrsaí, nó go raibh an mhísc déanta. Dhá leigeadh sí a rún nó fios a gnaithí le duine eicínt roimhe sin, cho dóighide agus atá an Cháisc ar an Domhnach, bheadh an té sin nó daoine eile indon fóirithín a dhéanamh uirre
'Sé an dúnárus a d'fhága ins an talamh í = níor innis sí d'aonduine go raibh cheal ar bith uirre, nó gur fritheadh amach é agus í básuighthe. Dhá n-innsigheadh chuideochadh duine eicínt léithe, nó thiubharfadh sé comhairle di
TUILLEADH (4) ▼
An aistighil agus an dúnárus a mharbhuigh é sin ariamh. An bhfaca tú sochraide a mháthar. Ní raibh triúr as a bhaile féin ann th'éis í a bheith istigh in a gceartlár. Dheamhan a leigfeadh an scáth dóib an teach a thaobhachtáil aige, agus gan a fhios aca nach hé a n-ordú amach aríst a dhéanfadh sé. Níl droch-mhúineadh ar bith ann, ach ní beag dó a dhonacht, in a dheidh sin
Is beag a chuirfeas an dúnárus sin ann dóibh muis. Dhá mbeidís breagh pléascánta mar bheadh daoine, agus fhios a ngnaithí a leigean leat, diabhal mé gur h-iomdha duine a mbeadh gnaoi aige orra, agus a thiubharfadh congnamh dóib. Ach ar an mbealach atá leo, dheamhan fios a bheadh agad an raibh agad beannú dóib ar an mbóithrín, ar fhaitíos nach mbeannóchaidís duit
Tá a chuid féin de dhúnárus Chloinn Mhac Confhaola ag siubhal leis sin. An té is críonna a rugadh ariamh — Sola féin agus deir siad go mba chríonna an fear é — ní bheadh a fhios aige, cé air a mbíonn sé sin ag cuimhniú. Scaithtí ní bhreathnóchadh sé ins an taobh a mbeitheá, agus scaithtí eile dheamhan fear is laetheamhla ná é. Mar sin atá sé ag dul dó — in a dhaolannaí. An t-am ar tháinig sé abhaile as Sasana, bhuail an cliamhain aniar de mhaol a mhainge, seacht míle bealaigh le theacht ag breathnú air. Casadh dhó é annsiúd imbéal an tseoil, ag ceann an bhóithrín. Ó diabhal an smid! Síos le P. ag an gcladach agus d'fhan sé scathamh thíos ann. An uair a tháinig sé aníos ag an teach, bhí an cliamhain ann roimhe, agus é ag ól tae. Shílfeá gur ó mhullach an aeir a thuit sé chuig P. Anonn leis go gcraitheadh sé láimh leis, ach thug an ceann eile do'n diabhal é féin agus a láimh. 'D'eile céard a dhéanfadh sé
Tá an scoth óg ar an dúnárus céanna a raibh na sean-daoine. Feacha T. sin, agus an choduidheacht a bhíos air. Ag imeacht in a shúmaire i gcomhnuí. Bheadh sé ag dul síos G. bog te ambáireach, agus dhá bhfiafruightheá dhó (dhe) é in a dheidh sin, déarfadh sé nach rabh a fhios aige. Is maith a chruthochthá deirimse leat, le tada a bhaint as sin
·
Go bhfoiridh Mac Dé ar do cheann a mhic ó — go n-innseochadh sí sin tada dhuit. Ní innseochadh ná aonduine dhá dream. Bhí an doithcheall agus an dúnárus go smior ionnta
Tá sí cuibhrighthe istigh ins an mbráicín údan anois agus gan mac an aoin bheo dhá taobhachtáil ó Luan go Satharn. Ach is beag an mhaith d'aonduine í a thaobhachtáil. Tá an oiread de'n dúnárus innte, agus nach n-innseochadh sí dhuit é, dhá mbeadh cruadhóg an tsagairt uirre. Mara bhfuil ag Dia sin é an chaoi a mbeidh sí maidin eicínt: básuighthe gan ola gan aithrighe
·
Is beag an dúnárus a bhéas air deirimse leat ag leagan a bhúrla nútaí (nótaí) isteach thíos ins an mbeainc. 'Sé an cainteoir é annsin. Agus mara bhfuil teanga bhlasta Bhéarla aige castar leis é. Bhí mé ag éisteacht leis lá a raibh mé ag íoc cíosa ann. Is fada go rabh a fhios agam gurb é a bhí ann chor ar bith. Uair annamh a chloisfeá a ghlór annseo.
+–
Bhí an dearbhráthair in athchur an anama agus é féin ag dul síos agus suas annsin 'chuile lá, thar mhuintir an bhaile, agus ní chainteochadh sé air, ar bhás an domhain. Thug sé cead báis dhó le na chuid dúnáruis, ins an deire, gan dochtúr ná sagart a fháil. Bhí an phúcaidheacht chéadna air ag an gcuisle (coiste). Ní raibh smid le baint as le pionsúr, ach é ag mungailt faoin a fhiacla. Is maith a chuaidh sé as nach istigh faoi "mhurder" a bhí sé. Dhá mbeadh féin, ba bheag an scéal é. Chaith an sagart dhá uair in a éadan, ach má chaith féin sin é a raibh dhá bharr aige. Chinn air amhdachtáil ar bith a bhaint as.
Sin é a gcuid dúnáruis sin i gcomhnaí, 'chuile rud a dhéanamh ar chúla téarmaí agus ingan-fhios do'n chomhursa. D'fhiafruigh mé dhe indé cé'n chaoi a raibh P. "Maith go leor" adeir sé, agus ní bhainfeadh fear agus píce tí ba (ní ba) mhó as. An chéad rud eile, agus mé thuas ins an nGarrdha, chonnaic mé an sagart ag dul tharm. Sin é an uair a chuala mé gur ag cur na h-ola ar Ph. a bhí sé. Chuaidh mé isteach ann ar mo bhealach suas. Níor labhair aon-duine ins an teach liom — dubh bán ná dubh buidhe. B'éigin dom féin a dhul agus an dorus a bhrughadh siar ins an seomra. Marach go ndearna mé féin é, leigfí amach aríst mé d'fhuireasbhaidh a feiceál. D'fhiafruigh mé indiu dhe aríst cé'n chaoi a raibh sí. "Maith go leor" adeir sé, agus shílfeá go mbadh mhó an guth a bhí aige orm faoin a fiafruighe beag ná mór. Nach deacair a bheith ag iarraidh maitheasa ar a leithide sin
TUILLEADH (2) ▼
Daoine a dhul ar cuairt aca sin go deimhin! Mo choinsias muise fuair tú amach é. Ní thaobhóchadh duine ar bith iad sin: dream nach mbainfeá dhá fhocal asta go h-am suipéir. Tá an diabhal ar a gcuid dúnáruis.
Níor innis sé do dhuine ná do dheoraidhe ar an mbaile go raibh faoi imeacht nó gur facthas ag dul soir an bóithrín é, agus a "travelling-bag" aige. Sin é a gcuid dúnáruis sin i gcomhnuí. Ní chuirfeadh sé sciúrtóg as dóib a innseacht, ach is daoine coimhthigheacha mar sin iad. Ní leigfidh siad tada le aonduine go deo. 'Sé a mbealach é. Tá 'chuile dhuine ar an bhfeadhain aca, ar an gcaoi chéadna — ibhfus agus thall.
+–
Chonnaic mise iad sin roimhe seo agus gan gráinne plúir in a dteach. Bhí "Committee" dhá leigean amach an t-am céadna. Le teann dúnáruis ní chuirfidís isteach air: gurb é N. Th. a mb'éigin dó a dhul suas, agus a dhul isteach ar an urlár aca idir chlár agus chuinneog, gur chuir sé faoi ndeara dóib a dhul siar agus a gcuid mine a fháil. Is túisce a chaillfí istigh ins an teach iad fhéin ná a chorróchaidís … Móiréis mo chreach! Ní móiréis ar bith a bhí orra, ach dúnárus agus coimhthigheas — an rud atá ionnta go fairsing anois agus an uair sin
Le neart dúnáruis nach n-innseochadh sé gur cailleadh an capall air. Shílfeá nar shamhaoine ar bith dhó a dhul ag ceilt rud mar sin. Is cuimhneach liom cheana an uair a bhí na "staggers" ar mhuca an bhaile go bhfuair mé caidéis eicínt dá chuid-seisean. "Níl cailleadh ar bith orra" adeir sé. An lá roimhe sin agus mé ag rómhar fataí ingarrdha M. L. a chonnaic mé é ag tabhairt siar ceann aca, agus dhá cur inGarrdha an Tighe. Ní raibh mé ach ag baint as go bhfeicfinn céard adéarfadh sé. Ach mo léan géar muise, siúd é nach leigfeadh tada leat. Ní mórán a fhéadfar a chású leis
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an teach uiliog buailte síos leis an bhfiabhras, agus le teann dúnáruis níor innis siad d'aonduine é. 'Sé M. B. faoi dheire a bhrath nach raibh cor ná car istigh, agus chuaidh sé ag an dorus agus thosuigh sé dhá rúscadh. Ní innseochaidís dó an uair sin féin é. Meas tusa nach raibh an coimhthigheas agus an dúnárus ag siubhal leo sin! Chuaidh M. B. siar agus d'fhuagair sé do phóilíos é. Tháinig na póilíos agus an dochtúr annsin, agus h-árduigheadh isteach chuig an aspuicil iad. Marach sin, bíodh a fhios agad, dheamhan deóruidhe aca a bheadh ins an gcomhaireamh ceann. D'fhanfaidís annsiúd go dteigheadh sé in ainsil orra, agus nar b'fhéidir a dtabhairt as. Tá an dream sin aisteach, ní dhá roint leo é