Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drilleach
/d′r′iʟ′əx/
aidiacht
geiteamhail, giongach, scéineamhail, faiteach, scáthmhar, tugtharach dhá bheith ag preabadh agus ag geiteadh, agus a bheith priaclach. (nervous is na ciallanna atá annseo de'n fhocal).
+
Tá an capall sin an-drilleach ar an mbóthar ó'n uair úd ar theangmhuigh an mótar léithe. Dheamhan uair dhá dteigheann sí thar an ngiodán sin ó shoin, nach mian léithe baint as. Amanntaí ní féidir a béal a bhaint di chor ar bith
Tá an madadh sin drilleach ar fad ó a thosuigh an cuthach sin — na "fits" — ag tidheacht air. Is gearr uaidh ruaig eile dhíob muise. Aithneochaidh tú air é, nuair a bhéas siad ar bheidhil a theacht air. Bíonn sé ag imeacht drilleach ar fud na sráide gan comhnaí a dhéanamh in áit ar bith. Bíonn na súile an-ghlórach aige freisin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé an-drilleach anois má chloiseann sé torann binn ar bith. Is maith a chuaidh an ceaintín dó a chur ar a dhrioball. Thug M. Sh. G. ceaintín amach an lá faoi dheireadh agus thosuigh sé dhá 'sbáint dó, mar dhóigh dhe, go raibh sé ag dul dá chur ar a dhrioball aríst. Well scuab sé mar bheadh glas-mhíol Márta ann!
+
Shílfeá gur duine an-drilleach í. Diabhal mé go raibh gacha le geit agus léim aice annsin ar an gcathaoir, agus go sílfeá go ngabhfadh sí d'amhóig thríd an bhfuinneoig puínte ar bith
Nach drilleach an mhaise di é. Níl ort ach do láimh a chur in a goire, agus eireochaidh sí de chothrom talmhana ar an toirt. Diabhal an dinglis é ach an oiread. Is iomdha duine a bheadh dingliseach nach mbeadh ar an gcaoi siúd
TUILLEADH (2) ▼
Is mise a bhí drilleach an t-am a raibh an chóisir bhainseachaí annseo ar an mbaile againn. D'ól mé ionlaoighis phocaide. Ní le linn na mbainseachaí féin is mó a d'ól mé é, ach bhíodh searrachaí beaga eile ann nuair a bhíodh na ráigeannaí móra thart. An lá th'éis bhainis T. Sh. chaith mé féin agus é féin agus M. B. an lá thuas 'sa teach aige ag críochnú [an] tsearróigín a d'fhan d'fhuighleach ó'n oíche roimhe sin. Chuaidh mé síos trathnóna deireannach le gráinne tobac a fháil. Bhí sé in a oíche dhubh orm ag Áirdín an Fh. Diabhal mé gur thosuigh na claidheachaí ag teacht amach rómham ar an mbóthar, agus go raibh 'chuile shonda dhá raibh mé a fheiceál ag baint geit asam. Tabhair fear drilleach orm! Bhí mé tuilleadh agus mí shul a bhí mé agam féin ceart
Tá mé an-drilleach anois le tamall hébrí céard atá ag dul dom. Níl mé indon comhnaí a dhéanamh in áit ar bith. Tá mé cho priaclach len a bhfaca tú ariamh agus ní lughar liom an saoghal mór ná a dhul a chodladh 'san oíche. D'fhanfainn in mo shuidhe go maidin, marach leisce a bheith orm daoine a choinneál ó chodladh. Bíonn scáth orm roimh an dorchadas