Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deolcachán
ainmfhocal, fireann
iolra: deolcacháin
as deol, diúl
páiste a bhíos ar chích; páiste a bhíos ag ól a laicht; naíonán.
+
Níor casadh mo bhean ariamh trom agus an deolcachán uirthi — níor tharlaigh sé go raibh mo bhean ariamh torthach nó le haghaidh clainne agus an páiste gan a bheith coiscthe den chích fós. Chuala mé an chaint sin agus cainteanna dá sórt dhá leagan ar spailpíní ó Chonamara ag muintir an Achréidh. Ach leo féin a bhaineas siad, arae is annamh a bhíos an focal deolcachán i gceist taobh thiar de Ghaillimh mura bhfuil corráit ann
Níor rug an naíonán ar an deolcachán againn ariamh — bheadh an páiste roimhe sin coiscthe den chích sula mbeirtí duine eile
TUILLEADH (9) ▼
Níl deolcachán ar bith anois ann. Tá siad ar fad tógtha acu. Ní mheasaim go raibh ceann óg ar bith ann le cupla bliain
Tá cúigear ann, ní áirím an deolcachán
Ní túisce a bhí an deolcachán bainte den chích ná d'éirigh sé amach ina ghaiscíoch. Thosaigh sé ag marú fathachaí. Fiafraigh de Sh. Ó B. faoi. Is aige atá chuile údar faoin scéal sin. Chuala mé ag cur síos air é, tá gairid ó shin
Cuirtear amach ag an scoil anois iad agus gan iad ach ina ndeolcacháin. Roimhe seo, bhídís suas ina bhfir óga agus ina mná óga sul má théidís ann. Ach d'fhanaidís ann dá réir — go mbídís in ann an máistir a bhualadh
Céard a dhéanfas tú leis an deolcachán seo. Nach tú an peata againn. Fear buile gan bríste! Tabharfaidh mama slat duit má bhíonn tú ag gol
Má mhaireann dóibh ina bhfir mar atá siad ina ndeolcacháin, is trua don tír. Níl sé bliain go leith fós — Packy úd — agus tá sé chomh holc le easóig cheana. Dar príostaí tá!
Dá bhfaigheadh an deolcachán siúd rud le n-ithe agus cóir mar is ceart a chur air, dhéanfadh sé fathach bail ó Dhia air. Ach ní dhéanfaidh sé dadaí mar atá sé
Is beag an náire í. Bean nach bhfuil in ann a deolcachán páiste a thógáil, is diachta di a cheapadh go dtógfadh sí cailín
Cuir an deolcachán sin a chodladh as an mbealach, agus ná bíodh muid ag éisteacht lena chuid píobaireachta níos faide. Tá sé as compás ar fad

Féach freisin

deol

deolcachán in iontrálacha eile (1)

 
draoi
Ná bac leo sin a mhic ó. Tá an draoi dhíobh sin ann. Ní fhaca tú a leath. Tá grifisc bheag ann nach bhfuair tú amharc ar bith orthu; go dtí deolcachán na cíche féin tá sé ann