Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deolcachán
ainm-fhocal; fireann
iolraidh = deolcacháin.
as deoldiúl
páiste a bhíos ar chích; páiste a bhíos ag ól a laicht; naoidhneán.
+
Níor casadh mo bhean ariamh trom agus an deolcachán uirre = níor thárluigh sé go raibh mo bhean ariamh torrthach nó le h-aghaidh cloinne agus an páiste gan a bheith coiscthe de'n chích fós. (Chuala mé an chaint sin agus cainteanna dá sórt dhá leagan ar spailpíní ó Chonamara ag Muintir an Achréidh. Ach leo féin a bhaineas siad, arae is annamh a bhíos an focal "deolcachán" i gceist taobh thiar de Ghaillimh mar a bhfuil corr-áit ann.)
Níor rug an naoidhneán ar an deolcachán againn ariamh = bheadh an páiste roimhe sin coiscthe de'n chích sul a mbeirtí duine eile
TUILLEADH (9) ▼
Níl deolcachán ar bith anois ann. Tá siad ar fad tóigthe acú. Ní mheasaim go raibh ceann óg ar bith ann le cupla bliain
Tá cúigear ann, ní áirighim an deolcachán.
Ní túisce a bhí an deolcachán bainte de'n chích ná d'eirigh sé amach in a ghaiscidheach. Thoisigh sé ag marbhú fathachaí. Fiafruigh de Sh. Ó Bh. faoi. Is aige atá 'chuile údar faoi'n scéal sin. Chuala mé ag cur síos air é, tá goirid ó shoin
Cuirtear amach (aige) ag an scoil anois iad agus gan iad ach in a ndeolcacháin. Roimhe seo, bhídís suas in a bhfir óga agus in a mná óga sul má theighidís ann. Ach d'fhanaidís ann dá réir — go mbídís indon an máistir a bhualadh.
Céard a dhéanfas tú leis an deolcachán seo. Nach tú an peata againn. Fear buile gan bríste! Tiubharfaidh mama slat duit má bhíonn tú ag gol
Má mhaireann dóibh in a bhfir mar atá siad in a ndeolcacháin is truagh de'n tír. Níl sé bliain go leith fós — Packy úd — agus tá sé cho h-olc le easóig cheana. Dar príostaí tá!
Dá bhfaghadh an deolcachán siúd rud le n-ithe agus cóir mar is ceart a chur air, dhéanfadh sé fathach bail ó Dhia air. Ach ní dhéanfaidh sé dadaí mar atá sé
Is beag an náire í. Bean nach bhfuil indon a deolcachán páiste a thógáil, is diachta di a cheapadh go dtóigfeadh sí cailín
Cuir an deolcachán sin a chodladh as an mbealach, agus ná bíodh muid ag éisteacht len a chuid píobaireacht' níos fuide. Tá sé as compás ar fad.

Féach freisin

deol

deolcachán in iontrálacha eile (1)

 
draoi
Ná bac leo sin a mhic ó. Tá an draoi dhíob sin ann. Ní fhaca tú a leath. Tá grifisc bheag ann, nach bhfuair tú amharc ar bith orra; go dtí deolcachán na cíche féin tá sé ann