Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Draoi
ainm-fhocal; fireann
níl aon uimhir iolraidh ceart air mar is annamh a bhíos sé ins an iolraidh. Bíonn draoidheadóirí air scaithtí, cé gurb iolraidh é sin do dhraoidheadóir
1.
fear draoidheachta; draoidheadóir; fear feasa; ridire comhairleach — gleacuidhe; sean-dall glic. (I scéalta amháin a bhíos an chiall seo. Is rí-annamh a bhíos sé i gcaint ag aonduine cé's moite de dhream a thóigfeadh as leabhra é. Ach tá ciall a 2 rí-choitianta).
+
Tá an draoi amuigh indiu. A Dhia dhá thárrtháil. Tiocfaidh athrú eicínt ar an saoghal go goirid muis = duine a bhíodh ag cothú an tighe. Tá sé i gceist go raibh sé in a shean-dall glic agus go raibh fios aige
Bhí an draoi seo thiar ag M. Ch. ag rádh nach mbeadh an cogadh thart fós go bhfeicfeá suím aimsire. Tá fios (fáistine, tairngaireacht) aige siúd pé'rbith cá bhfuair sé é
TUILLEADH (2) ▼
Déanfaidh siad draoi de siúd. Tá an oiread achair caithte i gcoláiste anois aige, agus go mbadh cheart go mbeadh sé féin indon na máistirí a mhúineadh. Ach sílim dheamhan thairis sin de ghaisce fós air
Is beag a bhéarfadh orm draoi a dhéanamh dó sin. Níl sé feilteach do rud ar bith eile. An bhfuil a fhios agadsa céard é an draoi. Chloisinn S. Ó. M. ag cur síos air i scéal dá raibh aige
2.
an domhnuidheacht; go leor leor; a lán; brat; dalladh; an-lear; seala mór; na táinte.
a.
+
Tá an draoi aca ann = an-lear
Ná bac leo sin a mhic ó. Tá an draoi dhíob sin ann. Ní fhaca tú a leath. Tá grifisc bheag ann, nach bhfuair tú amharc ar bith orra; go dtí deolcachán na cíche féin tá sé ann
TUILLEADH (2) ▼
Mná! Is ann atá an draoi. Gheobhfá mná ar árdú orm ann. Bhí siad aniar amach ann — scúillí móra míllteacha agus iad cho marbhthánta ar an urlár. Dheamhan eolus ar bith a bhí ag an gcuid is mó aca ar an damhsa atá againne
Bhí an draoi ag plé leis an móin annsin thuas imbliana — fir agus mná. Go dtí na patairí féin, bhí siad dhá dtógáil ann. Ag gróigeadh agus ag aithghróigeadh a bhí na mná, agus ag cur amach is mó a bhí na gasúir
+
Chuala mé go raibh an draoi bainbh ar an aonach indiu, agus gan fear a bhfiafruighthe ann. Gheobhfá péire banbh indiu ar shlad-mhargadh, ach nach raibh a fhios ag na daoine é
Tá an draoi sionnach anois ins na clochair sin siar. Tá siad beo leo ó a tháinig an cogadh agus nach bhfuil aon-phúdar le fáil. Go gcuiridh Dia an t-ádh ort! Nach ndearna siad sladadh orainn. Dheamhan thiomanta cearc de cheithre cinn déag nachar árduigh siad uainn anuiridh. Tá muid bánuighthe aca.
TUILLEADH (1) ▼
Cheannuigh sé an draoi beithidheach anuiridh agus gan aon-áit aige len a dtógáil, ach thiar ins na diomallachaí achrannacha sin thiar nó gur bascadh agus gur cailleadh iad. Cé'n ghna atá ag duine a dhul ag bualadh faoi stoc, mara bhfuil deis a dtógál' aige.
+
Tá an draoi fataí breac amuigh imbliana, hébrí cé'n smál atá orra. Shílfeá gur bliain bhreagh a bhí innte, agus nach bhfuair siad tsiocair ar bith le breacadh mar sin. 'Chuile shórt ag dul in aghaidh an duine bhoicht mo léan
Tháinig an draoi feamuinn dearg anuiridh. Bhí aoirde crann-báid di ins an gcladach agus lobh a leath; cheal gan na daoine a bheith indon freastal di. Ná bac le sean-leasú anois ó thosuigh an táirm seo: ag déanamh bóithrí
TUILLEADH (1) ▼
Tá an draoi talmhana aige agus é leigthe i léig cheal an té a shaothróchadh é. 'Ar ndú' ní fear talmhana é siúd. 'Bhfeiceann tú na bárrannaí sin suas ar fad atá faoi mhuing-luachair anois. Bhídís sin ar fad curtha le linn a shean-athar. B'fhiú dhó an talamh siúd uiliog a thabhairt do dhuine eicínt ar chuntar go gcoinneochadh sé curtha é, ach gan scaradh leis amach agus amach é féin … Duine eicínt nach mbeadh aon-talamh aige féin. S. N. nó a mhacsamhail
·
Thug sé sin an draoi airgid as Sasana. D'eireochadh dhó agus é sé bliana ann. Duine ar bith a chaith aon-achar i Sasana roimh an "Income Tax", tháinig sé abhaile in a ridire. Feacha mac C. a bhí indon feilm thalmhana 'cheannacht len a raibh aige dhá bharr
Bhí an draoi feola marbh ann an tseachtain seo caithte, ach fuaduigheadh ar an toirt í. Aindeoin cho daor agus atá sí — agus níl spóilín ar bith is daoire ná í — tá daoine indon a ceannacht 'na dheidh sin. Tá an draoi airgid ag teacht isteach i gcuid de na tighthe de bharr Shasana
+
Bhíodh an draoi uisce ar a chuid talmhana nó gur thriomuigh an cliamhain seo é. Rinne sé clascannaí agus tóchair, agus thóig sé na sean-chlascannaí. Bheadh sé ó mhaith fré chéile fadó, marach é
An bhfuil poitín le fáil ann ab eadh? Tá an draoi. Bhí sé in a shnáth mara indiu ann ar aon-chor. Bhí chúig iarraidh réidh ar an mbaile thoir, agus duine nó beirt eile ag déanamh. Má bhíonn easbaidh ann an Nodlaic seo, ní easbaidh poitín é ar aon-chor
TUILLEADH (2) ▼
D'ól sé an draoi fuisce. Nach aige atá an acmhuinn air! Dá n-ólainnse ná thusa ar chuma ar bith a leath-oiread, is iomdha tradhall a bainfí asainn go mbeadh muid ins an mbaile. Ach dheamhan aithne deoir a bhí air
Tá an draoi ola le fáil imbliana. Níl cheal ar bith orainn anois ach cheal tae. Dhá mbeadh riar tae againn bheadh muid ar dhruím na muice
·
Tá an draoi gaothtaireachta aige agus gan cur leis ar bith. Chonnaic mé ar an ngaisce sin thoir tighe S. Ph. anuiridh é. Dhéanfadh sé cat agus dá rioball. Bhí sé ag baint achrainn as cosa idtaca as mac L. Bhuail J. na P. isteach. Níor fhan smid aige ar an toirt
b.
An draoi breacach; an draoi bratach (tá an dá leagan air) = áit a bheith druidthe le rud; áit a bheith faoi rud; áit a bheith breac ballach le rud; an-lear go deo de rud agus rl. a bheith ann; na táinte.
+
'Bhfeiceann tú na míola sin a bhíos ins an snáthmara. Sin iad na dreancaidí mara. Bhí an draoi breacach aca thíos annsin thíos imbliana ar an gconuas feamainn tirm a d'fhan d'fhuighleach ormsa.
Tá an draoi breacach de na míoltóga beaga sin amuigh imbliana. Ní fhaca mé cho tréan le mo chuímhne cheana iad. Ar éigin a sheas mé aca ag tanuidheachan turnapaí an oíche faoi dheireadh. Fhobair siad mé a ithe beo beithidheach
TUILLEADH (5) ▼
Tá an draoi breacach de na faoilleáin agus de na cailleachaí dubha ann, bíodh iasc ann nó ná bíodh. Is cosamhail le áit é a mbeadh iasc ar aon-chor. Ní bheadh an staighean sin ag lonnú in áit ar bith mar sin, ach in áit a mbeadh báire éisc.
Tá an draoi breacach salachair ins na fataí sin thoir. Chaith mé trí lá an tseachtain seo caithte ag gort-ghlanadh ar an dá chúl thoir, agus dheamhan an mó ná réidh a bhí mé ann in a dheidh sin. Tá sé loma-lán le muingbheara
Marbhuigheadh an draoi breacach díob ar an abhainn i mbliana. Ní raibh an fear a raibh sí aige in ainm agus thar cheithre chéad a thógáil, ach mo léan géar, thóg sé an méid sin ar dhá dhola; agus chaith sé an bhliain ag tógáil in a dhiaidh sin
Bhíodh an draoi breacach aca ann 'chuile bhliain go dtí imbliana, ach níor tháinig siad chor ar bith i mbliana. Maran musán ar bith a bhuail an M. agus nach dtiubharfadh sé anuas iad. Bhí suaímneas ag an tír dhá bhfuireasbhaidh. Sháróchaidís na daoine
Bhí an draoi breacach de na Grialluiseacha ('gNiallghuis) ins an tír seo roimhe seo, ach ní fhaca tú aon-chine ariamh a ndeacha ídiú cho mór orra leo. Chuirfeá slat ar an bparáiste sílim indiu, agus ní bhfuightheá Grialluis istigh ann
·
Chonnaic mé an draoi bratach de na portáin sin thiar ar na gC. R. D'fheicfeá ina gcomhnuidhe iad ar chiumhais na trágha nó go dteagadh an lánmhara agus go scuabadh sé leis iad.
Níor mhór na clocha a phiocadh annsiúd sul a gcuirtear múirín ar bith air. Tá an draoi bratach aca ann. Chuirfeadh sé úais ort a shiubhal. Gasúir atá in a gcionntsiocair le cuid mhaith dhíob — gasúir ag teacht ó'n scoil. Má's linn a chosaint imbliana l'aghaidh féir, tá sé in am a dhéanta anois

Féach freisin

Draoi in iontrálacha eile (1)

 
Lá ar bith a ngabhfaidh tú síos ar dhíthráigh annsin thíos, gheobhaidh tú dalladh aca is na locháin in íochtar cladaigh. Chonnaic mé an draoi aca an lá cheana thíos ann