Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deoin
/d′ūn′/
ainmfhocal, baineann
tuiseal ginideach uatha: deona is cosúil (fc. toil dheona?)
 toil; rud a thogairt; rud a dhéanamh uait féin.
+
Rinne sé dhá dheoin féin é — dhá thoil féin
Mura ndéana sé dhá dheoin féin é, fág mar sin é. Níl gnaithe ar bith a dhul chun drochmhúineadh leis
TUILLEADH (11) ▼
Mura n-óla sé dhá dheoin féin é, ná tabhair méir ar bith dhó. 'Sí an tseanmhéir aige anois í. Troisceadh sé anois más breá leis — lao nach n-ólfadh bainne d'uireasa méire
Mura n-ithe sé dhá dheoin féin é, cén mhaith a bheith ag sáraíocht leis. "Tairg bia do dhuine beo agus mura n-ithe sé é, ligeadh sé dhó". Mise i mbannaí dhá mbeadh ocras air go mba deacair é a choinneáil uaidh
Ní scarfaidh sé leis dhá dheoin ar chaoi ar bith. Ach sin é an buille: an bhfuil an dlí in ann a bhaint dó. Dheamhan a fhios agamsa an bhfuil
Ná bac lena leithide sin. Fear ar bith nach bhfaca tú ag dul amach ariamh dhá dheoin féin ag an aifreann, go gcaithfí a dhul dhá shaighdeadh amach ann!
Ní ceart cur faoi ndeara do bhean ar bith fear a phósadh murab é a deoin fhéin é. Ise a bheas síos leis, agus ní hiad an dream a chuirfeas chun cathachtála di é
Tháinig sé aníos agus ní dhá dheoin é — ní raibh aon fhonn air a theacht
Mura maraí sé S. ar chaoi ar bith ní dhá dheoin é (tá rún a mharfa aige). Níl cruinneáil ná oireachtas nach ag faire air atá sé go gcnioga sé é. Ach tá an fear eile féin sách airdeallach. Is maith nach mór dhó a bheith ar a mhaidí muis, nó tabharfaidh sé siúd faoi é uair eicínt
Mura mbeidh iasc aige, ní dhá dheoin é. Ní ligeann sé lá ar bith thairis gan a dhul ar meath. Ach níl aon bhualadh a rath orthu chreidim
Deirimse leat mura ndéana sí siúd airgead nach dhá deoin é. Cnuastóir ceart í. Diabhal mé go bhfeicfeá í, nuair a bheadh leithphínn sinseála ag dul duit, agus go sílfeá gur carghas a bhíos uirthi scaradh léithe. Níor mhór do dhuine a bheith ar an airdeall, nó ní bhfaigheadh sé an tsinseáil cheart uaithi
Mura bhfana sí ann dá deoin, níl agat a dhéanamh ach a díol. Ní fhaca mé aon bhó ariamh as an ruta céanna nach mbeadh an bhradaíl agus an chneámhaireacht ag imeacht léithe
Mura ndéana sé dhá dheoin é, déanfaidh sé dhá ainneoin é — déanfaidh sé dhá dheoin nó dhá ainneoin é (fc. ainneoin)

Féach freisin

deoin in iontrálacha eile (27)

 
beo 1
Is fhearr do dhuine í a mharú (muc) dhá dheoin fhéin, ná cathachtáil í a mharú (le tinneas). Go méadaí Dia feoil bheo, agus daoine slána againn.
 
buail
Chaitheadar coicís ag imeacht sa sruth faoi thoil deona Dé, ach faoi dheireadh is faoi dheoidh, bhuail siad cladach in áit eicínt amach sna réigiúin choimhthíocha (daoine a tháinig slán as bá loinge)
+
Caithfidh tú a dhul chuig an scoil de do dheoin (dhiúin) nó de t'ainneoin — caithfidh tú a dhul chuig an scoil más olc maith leat é; mura bhfuil tú sásta a dhul ann, cuirfear ann thú den bhuíochas
TUILLEADH (13) ▼
Déanfaidh mé é dhá ndeoin nó dhá n-ainneoin — déanfaidh mé é más olc maith leob é
Tiocfaidh mise an cosán sin dhá dheoin nó dhá ainneoin.
Chuala mé gur dhúirt a hathair léithe go gcaithfeadh sí é a phósadh dhá deoin nó dhá hainneoin.
Siúlfaidh mise an bóthar sin dhá ndeoin nó dhá n-ainneoin.
Dhá mhéid treampáin dhá gcuirfidh siad ormsa, ní bhacfaidh sin mé gan a dhul 'na chladaigh, dhá ndeoin nó dhá n-ainneoin.
Is beag beag dhá fhonn a bhí air fuireacht ann dhá dheoin nó dhá ainneoin
Caithfidh sé obair a dhéanamh anois, dhá dheoin nó dhá ainneoin.
Dúirt sé go gcuirfeadh sé amach an claí de mo dheoin nó de m'ainneoin.
Mura dté sé ann dhá dheoin, tiocfaidh sé ann dhá ainneoin — mura bhfuil sé sásta a dhul ann, cuirfear ann den bhuíochas é
Mura dtuga tú airgead domsa de do dheoin, tabharfaidh tú dhom é de t'ainneoin
Mura lige siad isteach muide dhá ndeoin, feicfidh tú féin air go ligfidh siad isteach dhá n-ainneoin muid
Mura bhfaighe muid obair dhá dheoin, gheobhaidh muid dhá ainneoin í
Mura dtuga sé aon tsásamh dhomsa dhá dheoin, tabharfaidh sé dhá ainneoin dhom é.
 
fonn
Dar príosta muise cuid den dream a chuaigh siar ansin inniu ag tarraingt na gclocha sin ag an sagart, ní dhá ndeoin a chuaigh siad ann. Ach bhí cuid eile acu agus fonn mór orthu. Sin é an chaoi a mbíonn sé: bíonn fonn le fonn agus fonn le mífhonn
 
danra
An bhfaca tú aon fhear ariamh is danra ná é ar thada a rá leis. Bhí mé lá thiar in éindí leis i gC. Ch. Bhí an oíche ag teacht orainn agus muid i bhfad ó bhaile. Níor tháinig iamh ar a bhéal i gcaitheamh an lae ach ag caint ar a dhul abhaile nó gur tháinig an tráth le n-imeacht. Ansin níor fhan smid ar bith aige faoi. Nuair a chonaic mé féin dhá ligean rófhada é sa deireadh, d'iarr mé air a theacht. Spréach sé. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a dhul do mo lascadh féin. Ní raibh gair agam an baile a shamhlú leis gur tháinig sé dhá thoil deona féin sa deireadh
 
deara
Mura ndéana sé dhá dheoin féin é muis, cuirfear faoi ndeara dhó a dhéanamh. Meas tú an bhfaighidh sé cead a chomhairle fhéin mar sin. Gheobhaidh muis
 
de
Ní dhá dheoin a rinne sé é ach dhá ainneoin
 
deis
Cé a chuir an deis siúd ar an dúchán móna? D'fhága duine eicínt béal in airde é, agus níl deoir as aer nach bhfuil ólta aige. Is cuma le cuid de na daoine é, ach an t-ualach sin a thabhairt as agus é a fhágáil faoi thoil deona Dé ansin. Ní gan uí gan ó móin a fháil anois
 
domhain 1
Tháinig sé ina lom gaoithe aduaidh orthu, agus cuireadh amach ar dhomhain na seiscinne iad. Lig siad don churach imeacht sa bhfeacht faoi thoil deona Dé
 
dána
Ba é a labhair go dána drochmhúinte freisin. Dúirt sé mura dtéadh T. amach dhá dheoin féin, go gcuirfeadh seisean ag imeacht é agus deifir air!
 
díbir
Ba bheag an díbirt a d'iarr siad. Is ionann agus gur imigh siad dhá dtoil deona féin. Tá siad an-fhaiteach den tsaol
 
Duine dímheabhrach nach mba léir dó dhá gcuireadh sé stró ar bith ar ghamhain a bhí chomh beaite leis sin, go bplúchfadh sé é. A phlúchadh a rinne sé: dheamhan ceo eile. Nuair nach raibh sé ag tabhairt leis an deoch dhá thoil deona fhéin, bhí aige ligint dó ar fad, agus gan a dhul dhá choinneáil leis
 
Tá sé an-tsáraitheach. Is mian leis a bheith ag dul duit i gcónaí nó go gcuirfidh sé faoi ndeara dhuit a chomhairle a dhéanamh de do dheoin nó de t'ainneoin. Ní maith le duine a bheith francaithe, agus de ghrá an réitigh ghéillfeá dhó, ach dheamhan géilleadh a dhéanfas mise níos mó. Thug sé i dtromásc mé cupla uair le gairid agus fhóbair mé rud a bheith ar a shon agam
 
Chuaigh sí le sruth orainn faoi thoil deona Dé