Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ainneoin (62)

 
Chuaigh sé sin, nuair a bhí sé ina pháiste bheag, sna céadéaga le convaidhlsiuns (convulsions). Ba mhinic nach raibh a fhios a imeacht nó a theacht dó. Chuir mé trí thuras air ag tobar Cholm Cille dhá dtugadh Dia biseach dó. Thug, míle buíochas leis féin. Shrian sé as théis liostachais fhada. Sílim dheamhan aird ar na turais aige ina dhiaidh sin, ainneoin go mbíonn muid ag stróiceadh leis ag iarraidh air a gcur dó (dhe)
 
Is ar an lann atá an greim daingean istigh sa bhfeirc, ainneoin gur beag an rud í
 
Is daoithiúil an duine é. D'iarr mé ceap air an lá faoi dheireadh, le tosach a chur ar mo bhróig, agus dúirt sé nach raibh aon cheap aige, ainneoin go raibh mé ag breathnú air istigh faoin drisiúr le mo dhá shúil an pointe céanna. Faitíos go leasódh sé tada fúm: sin é an fáth nach dtabharfadh sé dhom é. Thairgfeadh sé do dhuine é nuair nach dteastódh sé chor ar bith uaidh
 
Ainneoin a bhfuil de chlamhsán ag na daoine, ní saol daorbhasctha é an saol seo. Tá cearc an áil (fear na clainne) ag fáil an oiread seo leathchorónacha; tá giolla na leisce ag fáil trifle(beagán); tá an carracháinín de ghasúr a fheiceas tú ag imeacht agus a bheaig (bag) aige faoina ascaill ag saothrú a chion féin (dhá phunt na Gaeilge); agus ansin ar ndóigh, tá pensions thar a chéile ann. Má mharaíonn tú sionnach ar an saol seo, gheobhaidh tú cineál eicínt pinsean, agus dar príosta, is fhearr an oidhe ort é ná ar chuid mhaith atá dhá fháil, mar hé brí céard a dhéanfas tada, bhí sionnaigh a chur in aer ar chaoi ar bith. Mo lachín imithe ó inné … ní saol daorbhasctha é chor ar bith
 
de
Ní dhá dheoin a rinne sé é ach dhá ainneoin
 
Níl na ciarógaí dealaithe go fóill, ainneoin an chaoi a chuir an dochtúr siúd ar an teach. Ó rinneadh é sin leis, níor chuala mé aon chr[...]g[...] ann ó shin. Is cosúil gur mharaigh sé iad. Shíl mé go dtabharfadh sé fruisín faoi na ciarógaí freisin, ach níor thug, nó má thug tá siad ar ais aríst
 
dealbh 2
Níl Domhnach dhár dhealbh an ghrian nach mbíonn sé ag an gcéad aifreann, ainneoin na deich mbliana agus cheithre fichid a bheith bailithe go hard aige. Má tá féin, tá an oiread lúid ann fós agus a bhí an chéad lá ar thosaigh sé ag tarraingt an phinsean
+
déan 1
Is bean i dteannta anois í. Gheobhaidh sí fuílleach le déanamh agus aon fhear a fháil choíchin ó chaith an "t-ógánach" seo thoir i gcártaí í, ainneoin an fhad is a bhí sé ag tabhairt chomhluadair di. Tá na fiacla curtha go maith anois aici. Ba cheart di a bheith go hard sna déaga is fiche
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a ligeadh aici é, ní dhéanfadh sé a shlat chor ar bith. Thosaigh sé ag smúrthacht thart, ach shílfeá gur coimhthíos a ghlac sé léithe, nach ngabhfadh sé ina gaire. Tarbh gan mórán maitheasa é sílim; ainneoin lán laidhre a thabhairt air.
 
Ainneoin a raibh acu anseo scaitheamh, sin í an ceann deireanach déanach anois. Chuaigh scaipeadh orthu anonn is anall. Ní bheadh grásta Dé agat sa teach seo nach dtabharfaí uait é
+
De dhéanta na fírinne, phósfainn í an uair sin, ach ní raibh sí féin sásta, ainneoin gur shíl chuile dhuine gur mise a chuir suas dise, ach ní mé
TUILLEADH (1) ▼
'Siad an mhuintir thiar déanta é. D'aithneofá an truisle cheana féin ann, ainneoin nach bhfuil sé thar naoi nó deich de bhlianta. Agus ar thug tú faoi deara chomh buí bealaithe agus atá sé
 
deas 1
Is deas óg an fear a fuair sí ainneoin bunaois mhaith a bheith aici féin
 
Ba bheag an deascáinín a bhí ar a shochraide, ainneoin gur dhligh chuile dhuine sa tír sochraide dhó. Ach sin é an chaoi
 
Dhá bhfágtaí capall rófhada gan rud le n-ithe, thitfeadh déidín aici. Thit déidín ag capall le N. Th. fadó an lá. 'Sé mo ghéarchuimhne iad a fheiceáil thuas ina héadan sa gcró. Bhí chuile dheis acu léithe, ach chinn orthu ina dhiaidh sin. Bhí an giall craptha ar fad, agus as sin ní fhágfadh sé. Leagha na bhFiann ní dhéanfadh aon mhaith di … is cosúil gur fágadh rófhada ina troscadh í, ainneoin go mba set(dream) iad a thugadh an-ghiollaíocht don rud a bhíodh acu. Ach rinneadh éagóir uirthi ar chuma eicínt — rinneadh sin
 
Nach maith nach é S. a bhí ar deireadh. Ainneoin gur carracháinín é, tá gabháil na gaoithe ann
 
deoin
Mura ndéana sé dhá dheoin é, déanfaidh sé dhá ainneoin é — déanfaidh sé dhá dheoin nó dhá ainneoin é (fc. ainneoin)
 
An deoraí féin as S. Gh. ní raibh ar an tsochraide, ainneoin go raibh sí dlite dóibh uileag. Ní fhéadfaidís gan cloisteáil fúithi mura bhfuil an codladh céatach orthu ar fad
 
dia 1
Go gcuire Dia an t-ádh ort! Má bhí siad sin ag troid muis, ainneoin chomh mór agus a bhí siad le chéile, tá cor le theacht ar an saol!
 
diabhal 1
Diabhal an oiread sin fhéin agatsa ainneoin chomh mórfhoclach agus atá tú
 
Nach diabhaltach, ainneoin a bhfuil de chaint aige, nach raibh cur ar a shon féin ann. Ní cheal muise nach mór a bheadh le rá ar an teallach anseo aige.
 
Ní raibh bord feamainne bainte agam théis mo dhíchill, ainneoin gur fhan mé ann nó go raibh sé ag tuile in mo mhullach. Ní bheadh duine ach dhá mheath fhéin leis an bhfáisín dona údaí
 
Bíonn díocas ar an aineolaí i gcónaí, go dteaga sé isteach ar an obair. Glacann sé é féin go réidh ansin, agus is fearrde é freisin é. Ainneoin a bhfuil de dhíocas air seo thíos, is suarach le rá an fhoghail atá déanta aige le dhá lá. Diabhal mé dá mba gasúr a bheadh ann go mbeadh an oiread céanna déanta aige
 
'Sé a bhí díocasach ag dul ag baint mhóna i mbliana. An té a d'fheicfeadh ag dul suas é agus é feistithe amach, déarfadh sé go ndéanfadh sé cat agus dá rioball. Ach dheamhan mogall a rinne sé ariamh, ainneoin gur chaith sé trí lá ann, ach tuairim is trí fhad an tí seo a scrathadh. Do Sh. Th. ab éigean an mhóin a bhaint
+
díol 2
Ní raibh díol na sochraide d'airgead aige féin ainneoin a raibh de cháil airgid amuigh air
TUILLEADH (5) ▼
Tá díol a freastail go maith aici. Tuige nach mbeadh. Agus ainneoin sin, tá an béal bocht uirthi i gcónaí. Ag caitheamh ina dhiaidh atá sí anois nach bhféadann sí an carr a chur ar na bóithrí ag saothrú. Ní mór le cuid de na daoine a dhá láimh a chur timpeall ar an saol ar fad
Cé mhéad, meas tú, a chuaigh an gamhain? Coróin thar mar a thug sé air, ainneoin ar thug sé de bheathú dhó ó cheannaigh sé é. Fuair sé díol a náire ceart air
Tá faitíos orm gur tú féin díol an mhagaidh an turn seo, ainneoin a mbíonn dá fhonn ort fhéin a bheith ag magadh faoi chuile dhuine eile — tá tusa ag iarraidh a bheith ag magadh faoi dhaoine eile ach tá a leath fút féin an babhta seo
'Sé an díol magaidh is mó sa tír é anois. Bhí sé an-chríonna, má b'fhíor dó féin, agus níorbh fhéidir imeartas air. Agus ba deacair a dhíol de bhean a thabhairt dó! Ainneoin an méid sin, rinne siad siúd nead ina chluais nó gur bhuail siad air í: bean atá chomh sean leis an gceo agus í caoch agus bacach agus gan cianóig rua de spré aici
Agus chroch siad an fear sin! Ba in é an díol trócaire ba mhó acu uile go léir. Agus gan a fhios an ndearna sé ariamh é. Agus níl siad ag daoradh cuid mhaith eile, ainneoin gur furasta a aithinte gurb iad a dhéanas an choir. Fear Chiarraí sin cuirim i gcás …
+
Ar chuala tú faoin Naomh Pól? Chuala, chomh maith liomsa. Bhí tú ag éisteacht leis an sagart dhá rá. Dhiúltaigh an Naomh Pól an peaca, ainneoin nach raibh fear ar bith ba mheasa ná é roimhe sin. Ach d'fhoilsigh Dia é féin air …
TUILLEADH (1) ▼
Níor tháinig sé go raibh an lá ag diúltú den tsolas, ainneoin gur cuireadh parúl air a bheith anseo ó ló mhór. Ach mo chreach mhaidne, bhí maith ann go deimhin!
 
dligh
Ghreamaigh sin di féin agus dhá cineál — an béadán. Ach níor dhligh mise ná aon duine in mo theach a cuid béadáin di, agus níor chomaoin di a dhul ag caint mar sin orainn ainneoin ar chuir muid de bhainne aici — ní dhá mhaíochtáil uirthi é — ó thús bliana. Ach 'sé an té nach dtabharfadh uisce na bhfataí di, a bhíos molta aici sin i gcónaí agus an té a ghníos an mhaith uirthi, níl meas na muice aici air
 
Níl aon dlíodóir istigh i nG. is fhearr ná é sin, ainneoin nár chaith sé lá ariamh ag an scoil
 
'Sé M. an mac dlisteanach. Mac tabhartanais é an mac eile. Ach roinn an t-athair an oidhríocht leis ina dhiaidh sin. Thug sé an oiread dó agus a thug sé dhá mhac dhlisteanach. Ainneoin go ndearna sé an mistake, bhí sé díreach cneasta
 
do- 2
Diabhal a bhfaca mé aon uisce ariamh chomh dothéite leis sin, ainneoin go bhfuil caor thine faoi
 
B'fhurasta a gcur amach ainneoin a raibh d'fhaitíos ag na daoine rompu. Níl aird acu siúd ar thada ach a ngnaithe féin a dhéanamh. Shuigh an sagart óg thíos ar an tinteán théis an aifrinn mar a dhéanfadh fear den bhaile. Ní raibh call dúinn a leathoiread téisclim ná anró a chur orainn féin, ach bíonn duine ag iarraidh chaon tsórt a bheith ar deil ina dhiaidh sin. Is minic doicheall mór ar ndóigh ar bheagán fearthainn. Mo chreach mhaidne ghéar muis, dhá mba ag M. Ph. a bheadh an sagart, 'sí nach gcuirfeadh an easonóir uirthi féin. 'Tá sé chomh maith aigesean agus atá sé againn féin,' adeir sí an trip deiridh. Sin í an cailín agat!
+
dóigh 1
Más maith an dóigh é breá nach gcuireann sí a hiníon ann agus gan a bheith dhá buachailleacht ansiúd níos faide. Ach ní chuirfidh. Ainneoin a bhfuil de mholadh aici ar an áit, is dona léithe é ina dhiaidh sin, agus tá sí ag tnúthán go bhfaighidh sí fear níos fhearr di. Ní bheadh an saol suas lena cuid cluanaíochta sin ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
D'fhéach sé chuile ortha — dóigh agus athdhóigh — le cluain a chur ar an mbean, ach thug T. J. uaidh í ina dhiaidh sin agus uileag. Shaothraigh chaon duine acu go maith í — shaothraigh sin. Ach níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Níl aon straoill de bhean ag teacht isteach ag an bpobal is mó ná í inniu, ainneoin an giodam a bhí fúithi agus í ina cailín óg
 
dóirt
Dhóirt an laisc bhradach a raibh de mheaingeals sa mála amuigh ar an tsráid, ainneoin go bhfuil mo theanga caite agam ag rá léithe a ndóirteadh thoir sa scioból. Aon mhaith amháin a bheith le cuid de na daoine!
 
dólom
Tá siad bocht dólom anois le na cianta, ainneoin go bhfuil sé ráite go raibh fuíoll na bhfuíoll acu roimhe seo. Sin é an chaoi: thíos seal agus thuas seal
 
Diúltaí muide dhó. Ní fhéadfainn a rá leisce na bréige, inniu ná an lá sin, ab é a rinne é, ainneoin go raibh sé leagtha air. Ach chuaigh sé go daor ormsa ar aon nós. 'Hé brí cé a ólfas é, 'sé Dónall a íocfas é,' mar adeir an fear fadó
 
dorú
Chuir mé isteach oibreachaí an chloig uilig ceart facthas dom, agus bhí sé ag imeacht, agus ainneoin sin tá sé as dorú aríst
 
drámh
Nach bhfeiceann tú gurb air féin atá an drámh anois, ainneoin ar chaith sé dhá dhúthracht ag déanamh díobhála ar dhaoine eile. Más feall fillfear, adeir siad
 
Bhí beithíoch istigh ann ar dhéanamh cait. B'áibhéalta an beithíoch é i gcosúlacht. Bhí sé cuibhrithe istigh ansiúd i mbosca. Murach go raibh; dhéanfadh sé mísc. Chuaigh mé féin suas go dtí an bosca agus chuir mé banlámh de mo theanga amach faoi. Dhá bhfeictheá an drantán a tháinig air, agus nocht sé a dhrandal agus thosaigh sé ag stealladh smugairlí mar a bheadh easóg ann. Dar príosta is beag a thaitneodh liom a bheith in aon pháirc leis dá mbeadh cead a choise aige … Bíodh a fhios agat gurb é an beithíoch is mó é dá dtug mé suntas ansiúd dó, ainneoin a raibh acu ann
 
draoi
Bhí an draoi feola marbh ann an tseachtain seo caite, ach fuadaíodh ar an toirt í. Ainneoin chomh daor agus atá sí — agus níl spóilín ar bith is daoire ná í — tá daoine in ann a ceannacht ina dhiaidh sin. Tá an draoi airgid ag teacht isteach i gcuid de na tithe de bharr Shasana
+
droim
Ainneoin a laghad toirte agus atá ann, tá tuirsiú do dhroma ina dhiaidh sin ann
TUILLEADH (1) ▼
Ainneoin ar tharraing sé de dhlí agus de chlampar ariamh faoin riasc sin thuas, níl aige anois ach leithead a dhroma dhe. Nach mairg a bheadh teann, a Thiarna, agus gan do shaol ach gearr!
 
Roinn muid an lucht feamainne droimscoilte — leath ag an duine. Dheamhan crann ná crann a cuireadh air. Thug mé breith is dhá roghain do Sh. Rinne sé roghain go díreach ar an leith a thabharfainn féin dó, dhá bhfaighinn breith mo bhéil féin. Níor leasaigh mo chuidse ach an dá chúl thoir de gharraí Dh. Fh. agus an cúl ó dheas. Bhí scaipiúch bheag d'fhuílleach agus chaith mé isteach í ar an bpóicín sin thiar le haghaidh meaingeals. Leasaigh cuid Sh. Garraí na C. dó agus an T. A. Ba mhó an drabhlás a bhí ina chuid seisean ar chuma eicínt, ainneoin go ndearna muid an dá leith droimscoilte di mar atá mé théis a rá leat
+
dubh 3
Tá an meall sin ag dubhadh, ainneoin gur shíl mé go ndéanfadh sé seile. Ach sí an mháthair ghoir a fheicim. Tá barr bracha air ceart go leor
TUILLEADH (2) ▼
Dubhaíonn siad cúnamh maith de phíosa talúna chuile lá, ainneoin go ndéanann siad a gcuid freastail féin. Ach is suarach an t-ionadh é! Bíonn siad amuigh leis an scairtmhaidin agus ní scoireann siad go mbíonn an dubh ar an oíche. B'fhurasta do chuile dhuine dúchan a dhéanamh dhá dtéadh sé di chomh dúshlánach sin — as cosa i dtaca. Ach fágfaidh siad ina ndiaidh é chomh maith leis an té a ghlacfas an saol go réidh!
D'fhan siad thuas ansin go raibh an cheapach dubhaithe acu ainneoin go raibh siad dhá gcaidhleadh le sneachta. Dheamhan duine ar na mbaile nach raibh na bonnaíochaí le splainc aige, agus iadsan i muinín a gcroí agus a gcruite ag deargadh talúna
 
dún
Bíonn sé amuigh leis an réalt, agus ní fheicfidh tú isteach é ach le dúnadh na hoíche. Dheamhan mórán dhá shlacht ar a gharraí ina dhiaidh sin shílfeá. Níl sé amach as an gcúl ó dheas fós, ainneoin é a bheith ag cur ann le coicís. Dar príosta dhá gcaithinn leis mar atá seisean, agus bheadh an baile dubhaithe agam ó thosaigh sé
 
Nach í atá dúnárasach anois nach n-inseodh duit go raibh sí ag dul ag pósadh, ainneoin chomh mór le chéile agus a bhí sibh. Tá béasa na gC. aici
 
Is diabhaltaí grinn é. Bhain sé dúradán a bhí istigh faoi shúil an mhadaidh amach aréir ainneoin nár léir do dhuine ar bith é ach dó féin
 
Chonaic mise é ag tógáil gró mór mar sin i súil a dhá láimh, agus ag cur a ingne mar sin faoina dhrad, agus ag caitheamh an ghró thar chúl a cinn gan a ordóga a bhaint as a bhéal. Ba é dúshlán a raibh ann é a dhéanamh, ainneoin go raibh fir a raibh meas acu orthu féin ann
 
Ainneoin chomh mór agus atá sé léithe, ní chaithfeadh sé cianóig rua uirthi. Bhí sé i nG. anseo lá agus thug sé isteach i dteach bídh í. 'Cé mhéad a thiocfas dhá dhinnéar orm,' adeir sé leis an gcailín. 'Coróin,' adeir sí. 'Agus dhá chupán tae,' adeir sé, 'leathchoróin' adeir sise. Shiúil sé amach aríst. Ní ligfeadh an crás croí dhó dhá chupán tae féin a sheasamh. Nuair a chuaigh an crú ar an tairne, chuaigh ag an gcruas ar an ngrá airsean. Is fada dhó a shaol ar chuma ar bith agus an cion atá ar an airgead aige
 
Gabhfaidh an chaint amach de t'ainneoin. Ní bheadh a dhath maitheasa dhuit a bheith ag iarraidh rud a cheilt. Faightear fios ar chuile shórt. Sin é a cheapaimse ar chaoi ar bith. Chuaigh seafóid eicínt amach anseo uair go raibh tithe nua le ligean amach ar phínn sa tseachtain, agus bhí tír is talamh ag an mbeairic ag cur boinn ar an scéal lá arna mhárach
 
Téann tonna go leith uirthi chuile lá a mbíonn sé i nG. ag carraeireacht, ainneoin nach bhfaigheann sí le n-ithe uaidh ach cuid an bheagáin
 
Tá sé an-tsáraitheach. Is mian leis a bheith ag dul duit i gcónaí nó go gcuirfidh sé faoi ndeara dhuit a chomhairle a dhéanamh de do dheoin nó de t'ainneoin. Ní maith le duine a bheith francaithe, agus de ghrá an réitigh ghéillfeá dhó, ach dheamhan géilleadh a dhéanfas mise níos mó. Thug sé i dtromásc mé cupla uair le gairid agus fhóbair mé rud a bheith ar a shon agam
 
Ní raibh ag dul síos lena athair fhéin chuile lá ariamh ach a dhul sna fir mhóra. Bhí sé chomh suimiúil le pisín chait. Ní raibh ariamh aige, ainneoin sin, ach ag mianadóireacht idir dhá leachta thiar ansiúd
 
Bhí damhsaí ag dul faoi is thairis ariamh, agus ainneoin sin, sílim dheamhan coisméig aige. Níor thug sé faoi deara dhó féin a dhul ag aon damhsa ariamh. B'fhearr leis istigh ag saighdeadh faoi sheanriadairí agus ag fáil spraoi orthu