Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ainneoin
foghar: inniúin
a.
den bhuíochas; in aghaidh tolach; in aghaidh cos; as cosa i dtaca.
+
Caithfidh tú a dhul chuig an scoil de do dheoin (dhiúin) nó de t'ainneoin — caithfidh tú a dhul chuig an scoil más olc maith leat é; mura bhfuil tú sásta a dhul ann, cuirfear ann thú den bhuíochas
Déanfaidh mé é dhá ndeoin nó dhá n-ainneoin — déanfaidh mé é más olc maith leob é
TUILLEADH (7) ▼
Tiocfaidh mise an cosán sin dhá dheoin nó dhá ainneoin.
Chuala mé gur dhúirt a hathair léithe go gcaithfeadh sí é a phósadh dhá deoin nó dhá hainneoin.
Siúlfaidh mise an bóthar sin dhá ndeoin nó dhá n-ainneoin.
Dhá mhéid treampáin dhá gcuirfidh siad ormsa, ní bhacfaidh sin mé gan a dhul 'na chladaigh, dhá ndeoin nó dhá n-ainneoin.
Is beag beag dhá fhonn a bhí air fuireacht ann dhá dheoin nó dhá ainneoin
Caithfidh sé obair a dhéanamh anois, dhá dheoin nó dhá ainneoin.
Dúirt sé go gcuirfeadh sé amach an claí de mo dheoin nó de m'ainneoin.
+
Mura dté sé ann dhá dheoin, tiocfaidh sé ann dhá ainneoin — mura bhfuil sé sásta a dhul ann, cuirfear ann den bhuíochas é
Mura dtuga tú airgead domsa de do dheoin, tabharfaidh tú dhom é de t'ainneoin
TUILLEADH (3) ▼
Mura lige siad isteach muide dhá ndeoin, feicfidh tú féin air go ligfidh siad isteach dhá n-ainneoin muid
Mura bhfaighe muid obair dhá dheoin, gheobhaidh muid dhá ainneoin í
Mura dtuga sé aon tsásamh dhomsa dhá dheoin, tabharfaidh sé dhá ainneoin dhom é.
+
Dhá ainneoin a dhéanfas an cuaille sin tada.
Dhá hainneoin críochnaithe a cuireadh ann í.
TUILLEADH (15) ▼
Níl sástaíocht ar bith orthub a dhul chuig an scoil murach go gcuirtear ann de lom dearg a n-ainneona iad
Má chaitear iad a chur 'na scoile mar sin dhá n-ainneoin, is beag a bhíonns de bharr na scoile acub
De m'ainneoin críochnaithe a shiúil mé troigh den bhóthar leis — in aghaidh mo tholach
Dhá ainneoin fhéin, agus d'ainneoin a raibh ann, a thóg na póilíos é — den bhuíochas nó in aghaidh a chos a thógadar é; ní raibh sé sásta a dhul leo
"D'ainneoin dlí na cléire, pósfar sinn le chéile" (líne as seanamhrán.)
Thógfadh sé siúd bradáin d'ainneoin a raibh de dhlí ariamh ann.
Déantar poitín d'ainneoin na bpóilíos.
Bíonn siad ag leadaíocht dhá ainneoin.
Déanfaidh mé cúis mhaith le cúnamh Dé, dhá n-ainneoin (dhá ainneoin, dhá hainneoin srl.) — déanfaidh mé gnaithe maith dhá mbuíochas; déanfaidh mé gnaithe maith dhá mhéid treampán dhá gcuirfidh siad orm
Chuir sé an banbh orm de m'ainneoin — de mo bhuíochas
Buaileadh thall air í dhá ainneoin — fear a gcuirfí faoi deara dhó bean a phósadh
Chuir sé an fuisce poitín orm de m'ainneoin — bhí sé dhá thóint orm go mb'éigean dom é a ól
Dhá hainneoin fhéin a phós sí é sin
Déarfainn an méid sin d'ainneoin an tsaoil — de bhuíochas don tsaol
Má fhaigheann sé é, is de m'ainneoinse é.
+
Cinnfidh sé anois air, ainneoin (d'ainneoin) a dhíchill — déanadh sé a sheandícheall anois agus cinnfidh sé air ina dhiaidh sin
Gheobhaidh mé an posta anois d'ainneoin a ndíchill
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag dul rite liom é a fhuascailt ainneoin mo dhíchill
·
Tá sé liom anois ar sheol na braiche de bhuíochas dhá ainneoin — d'fhéach sé le mé a chur as mo bhuille ach chinn air, arae tá sruth is gaoth liom anois
Is de bhuíochas dhá ainneoin a d'éirigh an oiread sin fhéin liom.
·
Is le n-ainneoin a dhéanfas sé punta oibre — dhá ainneoin
Ba le m'ainneoin a d'ól mé é
b.
cé, gidh; ina dhiaidh, tar éis.
+
Ainneoin (d'ainneoin) a raibh de scramairí acub ann, ní thiocfadh aon duine acub ar an bportach ach ag comórtas lena n-athair — tar éis a raibh de rístí sa teach, ligeadar a n-athair 'na phortaigh
Ainneoin a bhfuil d'uisce sa tír, ní bheidh éadan glan aici.
TUILLEADH (7) ▼
Is olc í a thine, ainneoin a bhfuil d'airgead aige — tar éis
Is dona atá a chuid ag dul dó, ainneoin a n-itheann sé
Is tréigthe an chulaith éadaigh atá air, ainneoin a bhfuil sé a shaothrú.
Tá sé ina sheanléim aríst, ainneoin an ruaig thinnis a bhí air.
Ainneoin gurb é a bhuail mé, níl an chloch sa muinchille agam dó mar atá don chuid eile — níl aon fhaltanas istigh agam dó mar atá don chuid eile, cé gurb é a bhuail mé
Ainneoin go bhfuil sé an-bhéalráiteach, níl aon dochar ann
Ainneoin go mba taghdach an duine é, b'fhurasta ceart a bhaint dhe.
+
Is maith an mhaise dhó fós é, ainneoin chomh sean agus atá sé — tá sé ag breathnú go maith lúth láidir fós, cé go bhfuil aois chothrom aige
Ainneoin a liachtaí uair agus a mhaslaigh sí mé le bliain, ní fhéadfainn gan seasamh istigh aici agus an t-anó uirthi.
TUILLEADH (5) ▼
Ainneoin an fhad is a chaith sí i Meiriceá, níl canúint ar bith uirthi.
Tá siad in aon mhuintir amháin aríst, ainneoin a ghairdeacht ó shin agus a bhí siad in oighear an chochaill ag a chéile — tá siad mór le chéile aríst, cé gur gearr ó bhí siad ag sceanadh a chéile
Is deacair iad a cheannacht óna chéile anois, ainneoin chomh muintreach ag a chéile agus atá siad — tá siad in árachaigh a chéile anois, cé go bhfuil siad gar i ngaol
Féachfaidh sé siúd na heasnachaí aige ainneoin an cháil atá air.
Ainneoin a slí, níl mórán airgid thirim acub.
+
Bhí pian ghártha orm, agus ainneoin sin (.i. thar éis sin), ní dhearna mé a dhath éagaoineadh.
Bhí sé go holc, agus ainneoin sin, ba fiúntach an duine é — ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Tá an oíche ag rilleadh, agus ainneoin sin, níl sé fuar
aindeoin sin is uileag; ainneoin sin is uile: ina dhiaidh sin is uile.
+
Tá siad ina dhá gcuid déag le chéile; agus ainneoin sin is uileag, bíonn ceann acub ag coiriúint ar an gceann eile
Shílfeá nach leáfadh an t-t-im ina béal; agus ainneoin sin is uileag, 'sí atá deas ar phait de bhréag a inseacht.
TUILLEADH (5) ▼
Talamh stalctha é, agus ainneoin sin is uileag, tá an tabhairt ann (fc. stalctha, tabhairt)
Níl lán glaice inti, agus ainneoin sin is uileag, 'sí atá beo friochanta.
Níl toirt ar bith sa méid a fuair sé, agus ainneoin sin is uilig, ba daor an spóilín é.
'Sé a bhí ina thlús scéil leis ceart go leor; agus ainneoin sin is uileag, ní fhéadfá tada a thógáil air.
Rampaire mór géagach é, agus ainneoin sin is uileag, níl síoraíocht ar bith ann — tá toirt agus téagar ann, ach níl seasamh,ná cruachan ar bith in aghaidh na hanachain ann

Féach freisin

ainneoin in iontrálacha eile (50+)

 
cailm
Is beag an chailm a chuir an bháisteach air, ainneoin go raibh sé ag rilleadh.
 
Nuair a bhí na buachaillí báire eile sin in ainm is a bheith ar a gcaomhúint, bhánaigh siad na tamhnachaí sin fré chéile. Dúirt P. D. liom gur mhinic ab éigean dó éirí dhá leaba san oíche le duine acub a ligean isteach inti. Deirimse leat gur beag é a bhuíochas anois, ainneoin ar chaith sé orthub.
 
carn
Ó bhuail an méid sin gearranála mé, bíonn mo phíobán carnaithe leath na gcuarta. Fuair mé buidéal ón dochtúr air ach dheamhan lá maitheasa a rinne sé dhom, ainneoin gur íoc mé mo leathghine bhuí air.
 
catóg
Ainneoin go bhfuil fairsingeacht aige, dheamhan de rath le cuid mhaith den talamh. Garráin agus catógaí é fré chéile.
 
Is mó coimhthíos é ná an deartháir go mór, ainneoin nár fhága an deartháir an baile ariamh.
 
Coireoidh sé sin go maith ar chuile dhuine ach ar a mhuintir féin, ach mise i mbannaí gur beag adéarfas sé leob sin, ainneoin go mbíonn sé fhéin agus iad fhéin in árachaigh a chéile chuile lá.
 
Dheamhan ar íoc sé an leathchíos deireanach fós, ainneoin go raibh sé gligthe (dlite) aige é a íoc Lá Bealtaine. (Leathchíos; "sos"; cess; moiety)
 
Ní fhaca tú a leithide de bhail ariamh dhá chur ar dhuine. Bhí an bicycle ardaithe uaidh ag S., agus b'éigean dó siúl aníos, ainneoin gur gearr a bhí le dhul aige. Marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile a bhí ann.
 
baile
Is gar do bhaile a bhí fód a bháis, ainneoin ar shiúil sé.
 
baing
Chinn air aon bhaing a bhaint as Tam, ainneoin nach de cheal a shaothraithe é — rinne sé a dhícheall feanc nó cor a bhaint as nó é a leagan, ach chinn air.
+
beart
Ní thabharfadh sé le rá go gclisfeadh sé faoin mbeart féir, ainneoin go raibh a sceadamán amuigh aige dhá iompar.
TUILLEADH (3) ▼
Deirimse leat, ainneoin nach raibh foghlaim ar bith air, ná focal Béarla ina phluic, gurb úd é a bhí in ann a bheart a tharraingt i Meiriceá. Tá a shliocht air anois; 'sé atá ina shuí go te ann léar (de réir) mar a chuala mé.
Is maith beachtaithe an mac é D., ach dheamhan gair a bhí aige ina dhiaidh sin imirt ar Sh. Bh., ainneoin nach cheal a shaothraithe é. Chaith sé an bhliain ag cur beart ina shuí le n-imeartas air agus chinn air ina dhiaidh sin.
Tá sé chomh himeartha, chomh healaíonta, lena bhfaca tú ariamh, agus, agus ainneoin sin is uileag, is beag beart ar bith nach dtéann ina aghaidh.
 
coiric
Is deacair é sin a chur as an gcoiricín aige anois, ainneoin nach raibh géilliúint ar bith aige dhó an chéad uair — smaoineadh nó tuairim.
 
Ba deannachtach an bháisteach í sin, ainneoin nach raibh ann ach craobhmhúr. Níl snáth orm go craiceann aige.
 
crinn
Sháraigh sé siar i mo bhéal gur ag scilligeadh bréag a bhí mé, ainneoin gurb é cnámh chrinnte na fírinne a bhí i chuile fhocal amháin dár dhúirt mé.
 
Níl sí ó chrích fós, ainneoin go bhfuil sí amach go maith sna déaga is fiche. Gheobhaidh sí crannfhear mór Achréidh; gan aon choisméig siúil, a gcinnfidh air aon bhean a fháil sna bólaí s'aige fhéin.
+
M'anam gur maith an mhaise dhó é! Ainneoin go bhfuil na cheithre scóir caite aige, 'sé atá cuisneach fós.
TUILLEADH (2) ▼
Frompáinín de bhean a bhí sa máthair, ach má ba ea fhéin, ní chasfaí aon bhean in do shiúl ionsaí ort ba cuisní ná í. Bhí a shliocht uirthi: ainneoin a bhfuair sí d'anró agus de sclábhaíocht, mhair sí go raibh sí go hard le cois na cheithre scóir.
Leathcheann cúpla an t-uainín sin. Bhí sé an-mheirbh nuair a rugadh é, ainneoin go raibh an t-uan eile cuisneach go leor.
+
beo 1
Má mhaireann dóibh, is gearr go mbeidh an teach beo le luchain bheaga. Is mór an babhta orainn gan aon chat a bheith againn. Deirimse leatsa gur maith ann na cait ina dhiaidh sin, ainneoin go mbíonn casaoid orthub amantaí.
TUILLEADH (6) ▼
Tá sí beo beithíoch fós, ainneoin go bhfuil an céad sáraithe aici.
Tá sé beo beithíoch fós, ainneoin gur comhaois é fhéin agus Páidín s'againne, go ndéana Dia grásta air.
Ainneoin gur chuir sé triúr ban, tá sé féin beo beithíoch fós.
Is beo sciobtha an mhaise dhó fós é, ainneoin go bhfuil sé seacht mbliana ag fáil an phinsean.
'Sé an fear is stuama beo é, ainneoin nár chuir sé a théarma isteach ariamh le ceird.
Níor chodail mé néal ar feadh na hoíche aréir. Bhí éasc beo liom ar feadh na hoíche, ainneoin go sílfeá nach gcoinneodh sin duine ó chodladh
 
bocht 1
Muise, dheamhan mórán le beo bocht iad, ainneoin go bhfuil cuid mhaith gaisce agus gláiféisce acub.
 
bocht 2
Ní fearrde na boicht é, ainneoin, más fíor dhó fhéin, nach mbeidís beo murach é.
 
Ní tarbh é ach bolstaic, ach níor coilleadh glan é. Bhí an coillteoir ar meisce an lá céanna, agus ba maolscríobach a rinne sé a ghnaithe, ainneoin gur híocadh é.
 
borr
Ainneoin ar buaileadh air, ní dhearna sé ach borradh leis.
 
Ainneoin gur thugadar láimh is focal dá chéile, tá an brachán dóirtithe.
 
Níl aon tóir ag na beithígh ar an mbréinleach sin ó tharla gur ar an mbualtrach fhéin a d'fhás sé. (N)ach ní bheadh col ar bith acub leis dhá bhfásadh sé ar bhualtrach capaill. Ar an gcóir chéanna, ní bhíonn aon chol ag an gcapall leis an mbréinleach a bheadh ar bhualtrach na bó, ainneoin nach leagfadh sí smut ar a cuid fhéin.
 
'Sí atá seanbheo fós, ainneoin go bhfuil aois mhór aici.
 
aer
Chinn air é chuir in aer ainneoin nach cheal a fhiachana é (a fhiachtála: fiachan = fhéachaint) — d'fhéach sé go bog agus go crua lena leagan ach chinn dubh is dubh air
+
Buaileadh air an straoilleoigín faoi dheireadh thiar, ainneoin ar eitigh sé de mhná ar fónamh.
TUILLEADH (3) ▼
Ainneoin go raibh an teach ceannaithe aige thar barr amach, shíl siad cíos a bhualadh air.
Ainneoin go bhfuil an portach buailte ar an teach aige, ba gann gortach í a thine.
Ainneoin an scoil a bheith buailte orthub, is túisce a bhíos chuile ghasúr sa tír istigh ná iad.
 
Tá mé sna ceirteachaí aríst, ainneoin nach bhfuil sé thar thrí ráithe ó cheannaigh mé an chulaith éadaigh seo. Ach beidh a shliocht uirthi: gheobhaidh mise éadach aríst a mbeidh buanadas agus teacht aniar ann.
+
buille
Thug sé a sheanbhuille dhó, ach dheamhan feanc a bhain sé as ina ainneoin sin.
TUILLEADH (1) ▼
Is minic a shíl Sasana buille na speirthe a thabhairt don tír seo, ach tá muid beo dhá hainneoin ina dhiaidh sin, agus dhá dteagadh an díleá ar Shasana amárach, chaithfeadh muid cúis mhaith a dhéanamh dhá huireasa.
 
ainm
Ainneoin gur Poncánach é, is tíriúil é a ainm (is tíriúil an t-ainm atá air — cé gur Poncánach é, tá ainm tíriúil nó gaelach air; tíriúil = gaelach; homely)
 
Ainneoin gur ionsaigh sé mé gan aireachtáil, ní raibh tada le reic aige nuair a bhí sé réidh liom (fc. reic)
 
amach
Ní raibh sé i bhfad amach i ngaol uaim, agus ainneoin sin, níor labhair mé focal cainte ariamh leis.
 
Tá Pádraicín buailte amach ag an scoil aige, ainneoin é a bheith tosaithe i bhfad roimhe.
 
Ainneoin go gcaithfear an seachadadh amach a dhéanamh, tá cantáil ar a bhfuil istigh ina shiopa — tá fuadach ar a chuid earraithe, ainneoin go gcaitear íoc orthub ar an tairne
+
anam
Tá biseach beag air anois, ainneoin go raibh sé in achar an anama ó eadarshuth. Biseach an bháis is dóigh.
TUILLEADH (1) ▼
Ainneoin go raibh mé ag scaradh i muinín m'anama, bhí sé ag cinnt orm coinneáil suas leis an sleádóir.