Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

reic (49)

 
Ní fear an-láidir mar sin é T. Dheamhan a fhios agam an bhfuil earasbarr (nirt) ar bith aige ar J. anseo thiar. Chuirfinn mo rogha geall dhá n-ionsaíodh sé J. nach mbeadh a dhath le reic aige
 
Sé cinn a fuair tú. Ní foláir duit sin. Is beag a bheas le reic agat ach a mbeidh ábhar dorais bainte astu
 
Fágaim le m'uacht agus le m'anam go bhfuil mé reicthe beo beathach aici!
 
'Sé a chlochneart é a bheith in ann ag mac L. Dheamhan tada le reic aige uaidh ar chaoi ar bith — thabharfadh mac L. cnámh le crinneadh dhó, agus lena bhualadh, ní fhágfadh sé tada ina chónaí ann
 
cíble
Níor chuala tú i gcaitheamh do shaoil ariamh aon scíbhle (sceimhle) ná aon díbliú mar thug an streachaille sin thíos dhom anocht. Is beag a bhéarfadh orm a dhul soir agus í a thabhairt chun cúirte faoi bheith do mo reiceadh mar sin.
 
Dheamhan baile a mbeidh an bhean sin istigh air nach baile reicthe é. Tá sí in ann Crígh Mhuire a chur thrína chéile, ag seadú scéalta agus ag tarraingt anuas seansíomálachaí a bhí fadó an lá ann. Dheamhan beirt ar an mbaile seo nach ag maslú a chéile atá, chuile ré solais, agus is ise is ciontach leis ó thús deireadh go tosaigh.
 
beo 1
B'fhearr liom beo i dtalamh, nó ag gabháilt de chlocha ar mo chuid ceirteachaí, ná a bheith sa gcruth a bhfuil Séamus — reicthe ag paca ban.
 
beo 2
Ó tháinig bean an mhic isteach faoi chaolachaí an tí aici, ní beo léithe a beo chor ar bith. Tá sí reicthe chuile phointe sa ló aici, an tseanbhean bhocht.
 
Scial (scéal) ar do bhreacáin agat! Faighigí dhó iad nó reicfidh sé muid.
 
Mura bhfaighe an bhrúisc de shagart sin a chuid fhéin, reicfidh sé na daoine (na daoine = muid)
 
Tá cois buailte aige ar a bhfuil sa teach agus muid reicthe sceanta aige chuile ré solais.
 
Buailfidh mé romham agus gheobhaidh mé dídean na hoíche in áit éicint. Is fhearr dhom é ná a bheith reicthe ag paicle istigh anseo nach dtabharfaidh aon suaimhneas dom maidin ná tráthnóna.
 
buil
Ní buil leis buille maitheasa a dhéanamh anseo agus ní buil leis fanacht ag an scoil, agus níl a fhios agam beirthe ná beo céard a dhéanfas muid leis, arae tá muid sáraithe reicthe aige.
 
Dhá laghad de bhunastán é Séamas, níor fhága sé tada le reic ag Peadar — bunastán é Séamas, ach thug sé fuílleach le déanamh do Pheadar (sa troid); dhá laghad sa diabhal de bhunastán é Séamas, níor fhága sé tada ina chónaí i bPeadar
 
ainm
Tá mé reicthe agus bainte as m'ainm chuile ré solais aige.
 
airde 1
Reicfidís istigh sa teach thú le neart éirí in airde.
 
Ainneoin gur ionsaigh sé mé gan aireachtáil, ní raibh tada le reic aige nuair a bhí sé réidh liom (fc. reic)
 
Tá an t-athair chomh hanglánta le na heasógaí agus dheamhan mórán le reic ag an gclainn ach oiread.
 
Tá mé reicthe aige, tá sé chomh hanóiteach sin (déarfadh máthair le páiste é; tá mé thíos sa talamh aige, tá sé chomh casaoideach sin)
 
araoid
Beidh muid reicthe aici siúd má cuirtear araoid ar bith uirthi.
 
ard 1
Ní raibh tada le reic agam uaidh agus muid ar bharr an aird — bhí sé ionann is suas liom
 
Dhá oscarthaí dhá bhfuil sé, ní raibh tada le reic aige uaidh siúd; dhá oscarthaí dhá bhfuil sé, níor fhága sé siúd tada ina chónaí ann.
 
imigh
B'fhearr do dhuine a bheith ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe fhéin ná a bheith reicthe sa mbaile chuile ré solais — b'fhearr do dhuine an saol mór a thabhairt air fhéin agus é ag iarraidh a chodach nó a shamhail, ná duine eicínt sa mbaile dá shíorionsaí agus dhá shíordhíbliú
 
Ba lách feiliúnach an fear ar chnoc agus ar chnocán, ar thórainn agus ar fheadán (claise sa sliabh) é T. Mh., ach go deimhin níorbh é sin don alaisceach ba bhean dó . Bhí an baile reicthe aice
 
fód
Nár ba fada go bhfeice muid fód ar an gceann céanna, arae tá muid reicthe sceanta aige!
 
Tá sé le dealú leis amárach agus má tá féin, dheamhan mórán a chaoinfeas cuid againn ina dhiaidh. Is beag nár chuir sé thar bharr mo chéille mise ar aon chor. Is mé a chaitheadh a dhul ag freastal air nuair a bhíodh an dream eile reicthe aige
 
Is diachta dhuit ocras a bheith ort, ar scáth an t-achar ó bhí tú ag ithe cheana. Mo chroí ná raibh ag an diabhal go reicfeadh sibh duine. Ag cur an tí béal in airde ag iarraidh beatha chuile ré solais. Níl cuimhne ar bith agaibh cá bhfaighfear í nó cé a shaothrós í
 
Lig de do chuid diúgaireacht anois, nó dar Dia, tabharfaidh mise luach do chuid diúgaireachta duit. Tá muid reicthe agat ó mhaidin go faoithin agus ó oíche go maidin, hé brí céard atá ort thar is gasúir na tíre. Dá mbeinn chomh maith le Ceaite Heic (níl a fhios anois cérbh í), ní bheadh a sheasamh agam leat. Bheadh ciall diúgaireacht murach gurb í an diúgaireacht chéanna i gcónaí í
 
dligh
Dhligh mé dhá lá seirsí (seisrí) dhó arú anuraidh, agus bhí mé reicthe aige go dtug mé cupla lá dhó ina n-ómós. Bí siúráilte má fhaigheann tú dadaí uaidh siúd nach ligfidh sé leat é. Ach i nDomhnach, níl a fhios agam nach aige atá an ceart. Róshimplí a bhíos cuid de na daoine
 
Tá sé chomh doghrainneach le aon Chríostaí dhá bhfaca mise ariamh. Má théann beithíoch thar claí isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam anseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aici ag dul i mbradaíl. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dtéadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheachaigh sí airsean ach lá amháin. Bhí maolbhearna leagtha i gclaí Gharraí an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tógáil a thug siad uirthi. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillí é ar ndóigh. Isteach léithe ar an gcoinleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann nuair a rug sé uirthi. Rinne sé a sheacht míle dícheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sách aigeanta. Anuas leis anseo ina thine bhruite ag fuagairt foghlach agus dlí orm féin de ghorta gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. Ar ndóigh, mar adeir an fear fadó, bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a ligean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon nós, ach a bhfaighinn an té a thógfadh uaim í. Ach tá sé chomh doghrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tangaíodh (teangmhaíodh) chor ar bith leis féin
 
Tá an donacht mhór imithe dhó (dhe), ach dheamhan a bhfuil tada le reic aige fós
 
don
Don is diabhail h'fhiafraí oraibh agus ligidh dhom. Tá mé reicthe agaibh ó mhaidin. Tá rud eicínt ar m'airese anois thar is a dhul ag inseacht scéalta dhaoibhse
 
Tá an iníon ceart go leor, ach fan go bhfeistí an t-athair é féin ar a aghaidh thall ar an teallach agus go gcuire sé drandal an mhagaidh air féin. Nuair a bhíos an stiúir sin air, agus a théas sé ar mhagadh ceart, splancfadh sé aon duine faoin domhan. Agus sin é a mbíonn uaidh. Is bia agus beatha dhó a bheith ag cothú scliúchais den tsórt sin. Nach bhfuil an baile reicthe ariamh aige. Is mór mór an t-ionadh liom nach minic a maraíodh é
 
Má ghníonn sé droichead de Bh. agus gan aon chuireadh bainse a thabhairt di, reicfidh sí é. Cuirfidh sí a cháil faoin saol. Nach raibh sé chomh maith dhó a hiarraidh ar aon nós
 
dubh 1
Bhí an oíche aréir an-dubh go deo agus níl tada le reic ag an oíche anocht féin, tá sí sách dubh
 
duine
Tá na daoine reicthe agat (muid)
 
Ara a dheartháir mo chroí tú, tá déidín tite ag a bhfuil sa teach seo cheal fags, agus é ag cinnt orthu aon cheann a fháil. Ní cheal a shaothraithe é muis. Chuaigh duine acu soir chomh fada le tigh Bh. N. an oíche cheana, ach dheamhan ceann a d'éirigh leis ach an oiread. Reicfidís istigh sa teach thú nuair a bhíos siad dhá bhfuireasa. Ní mian leo buille maitheasa a dhéanamh. Tháinig mé isteach an lá cheana agus ubh agam a fuair mé beirthe. Hé brí cén chaoi ar sciorr an focal uaim féin gurb eo é seascach na gcearc — leathfhocal é atá agam — 'm'anam nach é,' adeir sé 'nach (ach) seascach na bhfags agus an tobac.' Tá a fhios ag mo chroí go mbeadh trua agat dóibh scaití nuair a bhíos siad lá nó dhó dhá bhfuireasa
 
Thug asail an bhaile seo leath ó bhfaca mise d'asail ariamh le bradaíl. Tá na daoine reicthe acu. Eallach díobhálach iad mar asail ó theagas eachmairt orthu
 
Má cheannaigh siad football, bainfidh siad a ndíocas aisti tamall agus tabharfaidh siad suaimhneas domsa. Bhí mé reicthe istigh sa teach acu. Ní raibh a sheasamh agam mórán níos faide. Murach gur chrap siad leo, gheobhaidís an tsráid amach. An raibh a athrú le déanamh agam leo?
 
Beidh sé ann ó ló, ach ní bheidh tada le reic aige … Naoi míle ab ea. Díogarnach fánach lae a bheas aige nuair a bheas sé sa mbaile. Is deireanach a d'fhága sé air fhéin é ach an oiread le scéal
 
Chonaic tú ansin thiar é mac Mh. Ch. Bean ar bith a shamhlódh an t-athair leis, ní raibh aon mhaith inti. Bhí mná maithe faighte aige dhó ach ní bhreathnódh sé sa taobh a mbeidís. Ansin dúirt an t-athair leis a dhul agus bean a fháil é féin. Chuaigh. Iníon T. Sh.; sliseog chaite chaillte nach raibh cianóg rua ar a fáltas. Reic sí an tseanbhean a bhí sa teach. Níor fhága sí ní dhár dhealbh an ghrian istigh faoi chaolachaí an tí nár ardaigh sí soir abhaile. Sin é an fear a rinne an drochphósadh. Ach ar chuala tú ariamh é: tabhair a roghain don bhodach agus tógfaidh sé an díogha
 
díol 2
Thabharfadh sé a dhíol le déanamh dhó é a leagan murach go raibh an stól sa mbealach. Mar a bhí sé féin, ní raibh tada le reic aige
 
dóigh 1
Is maith an dóigh í sin. Dallta ar meisce chuile oíche, agus ag gabháil fhoinn ag teacht abhaile. Dhá mba mise a máthair, d'fhágfainn amuigh ar an tsráid í, agus cead aici lóistín a fháil san áit a bhfaigheann sí an t-ól. Ach chreidim nach bhfuil mórán le reic ag an máthair féin
 
dólom
Níl sé chomh dólom críochnaithe agus atá an deartháir, ach dheamhan mórán le reic aige ach an oiread. Agus tá lán púirín na hátha de mhuirín ar an duine bocht
 
dúd
Caith rud eicínt ina dhúd sin a dhúnfas é, agus ná bíodh na daoine reicthe aige ag sclamhaireacht níos faide. Diabhal aithne air ar ith sé aon ghreim le seachtain. Dhá mbeadh aon duine istigh, náireodh sé muid críochnaithe
 
Chuaigh scéal eicínt amach uirthi gur ghoid sí airgead agus ní raibh ann ach pait. Nach diabhlaí beag a shuim a bhíos ag cuid de na daoine clú daoine eile a reic
 
Chreidim go bhfuil ag dul ar na Gearmánaigh bochta. Diabhal neart acu air. Is mór an seasamh acu é agus iad fréna chéile ina n-éadan. Ach níl tada le reic ag na Sasanaigh ná na Meiriceánaigh fós, léar (de réir) mar a chloisim
+
téigh
Dar príosta is gearr le dhul ormsa dhá unsa tobac más é díol mo sheachtaine é. Dhá bhfaighinn trí unsa féin, ní bheadh mórán le reic acu
TUILLEADH (1) ▼
Ní rachaidh na cupla fag sin i bhfad ná i ngearr air siúd. B'fhearr dhaoibh a dhul ag soláthar aríst. Reicfidh sé muid má bhíonn sé d'uireasa fags