Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh amach
1.
a.
+
Chuaigh luaidreán (ráfla, scéal, siomóid srl.) amach anseo uair go raibh sé pósta le baintreach i Sasana agus nach raibh ríochan ar bith lena cuid airgid. Ar ndóigh mo léan!
Chuaigh ráfla eicínt amach go raibh sé ag díol an ghabháltais, agus bhí an baile ar fad spréachta ag an teach aige maidin ag rá go mbainfidís amach gan bhuíochas é
TUILLEADH (2) ▼
Gabhfaidh an chaint amach de t'ainneoin. Ní bheadh a dhath maitheasa dhuit a bheith ag iarraidh rud a cheilt. Faightear fios ar chuile shórt. Sin é a cheapaimse ar chaoi ar bith. Chuaigh seafóid eicínt amach anseo uair go raibh tithe nua le ligean amach ar phínn sa tseachtain, agus bhí tír is talamh ag an mbeairic ag cur boinn ar an scéal lá arna mhárach
Chuaigh go leor nach raibh ceart amach faoin gceann céanna. Ní raibh sé leath chomh dona is a bhí a cháil. Ach sin é an chaoi a mbíonn sé i gcónaí
b.
·
Chuaigh scéal eicínt amach uirthi gur ghoid sí airgead agus ní raibh ann ach pait. Nach diabhlaí beag a shuim a bhíos ag cuid de na daoine clú daoine eile a reic
Chuaigh sé amach uirthi go mbíodh sí ag comhrá (ag cúirtéireacht) le saighdiúr Black i Londain agus d'fhága sin ar an trá thirim í. Tá col ag chuile dhuine léithe
+
Chuaigh droch-cháil amach dó, agus má chuaigh féin, níl a fhios agam nár thuill sé í
Má théann droch-cháil amach do dhuine, bhí sé chomh maith dhó luí siar. Fanfaidh an cháil sin air, dhá mba é an fear ba feiliúnaí faoin domhan é. Ar chuala tú ariamh é; an té a dtéann cáil na mochóirí amach dhó, bhí sé chomh maith dhó gan éirí go tráthnóna
TUILLEADH (1) ▼
Má ghníonn tú é sin, ní shaorfaidh Éire thú gan droch-cháil a dhul amach duit. Sin é a bhfuil ó dhaoine
2.
+
Tá sé ag dul amach ar a bhéal uileag — caite amach i ndiaidh a bhéil
Meas tú ab é an pósadh a chuir an bhail siúd air. Tá sé ag dul amach ar a bhéal ar fad le tamall
TUILLEADH (4) ▼
Meas tú ar éirigh aon ghortú den chapall. Tá sí ag dul amach uileag ar cheann de na cosa tosaigh
Dírigh suas thú féin a ghamail bhradaigh agus ná bí ag dul amach ar do bhéal mar sin. Ní ghlacfaí in aon arm faoin domhan leat
Tá tú ag dul amach go mór ar na glúine (as na glúine) le gairid. Sílim gur gearr uait
Chuaigh sé amach ar a bhéal agus ar a fhiacla sa lochán — i ndiaidh a mhullaigh
3.
+
Tá an ghealach ag dul amach go maith san oíche anois — bíonn gealach ann go mbíonn sé deireanach san oíche
Is faide amach san oíche a ghabhfas an ghealach anocht ná aréir
TUILLEADH (5) ▼
Is maith fada amach sa mí seo chugainn a ghabhfas an ghealach seo. Níor tháinig sí go dtí dhá oíche ó shin — mairfidh sí go mbeidh cuid mhaith den mhí seo chugainn caite
Is diabhlaí fada amach sa mbliain atá an Inid ag dul i mbliana. Beidh sé ionann is ina Lá Bealtaine shula bheas aon Cháisc agat i mbliana
Gabhfaidh an Chincís amach an-fhada sa samhradh, mar bhí an Inid deireanach
Chuaigh an drochaimsir an-fhada amach sa samhradh i mbliana. Beidh moill ar an bhfómhar dhá réir
Gabhfaidh an rabharta seo amach sa Márta
4.
·
Cén dola amach atá air — costas (fc. amach agus dol)

Féach freisin