Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh faoi
1.
a.
·
Chuaigh mé faoin uisce (faoin mbord, faoin leaba, faoin gcathaoir, faoin droichead, faoin tóchar srl.)
b.
·
Is gearr go dté sé faoin gcréafóig — sa talamh; san uaigh
Chuaigh sí faoi na fóide (faoin bhfód) sách óg go ndéana Dia grásta uirthi
c.
+
Chuaigh sé faoi lámha dochtúirí trí nó ceathair de chuarta, ach má chuaigh féin sin é a raibh de mhaith dhó ann — chuaigh sé go dtí dochtúirí agus scrúdaigh siad é srl.
Tá sé imithe go Baile Átha Cliath le dhul faoi lámha ard-dhochtúirí, déanaidís aon mhaith dhó nó ná déanadh
TUILLEADH (1) ▼
Níl a dhath maitheasa dhó sin a dhul faoi lámha dochtúirí, arae níl aon bhiseach ina chionn, an duine bocht. Tá sé tolgtha
·
Ní ghabhfadh sé faoi scian an dochtúra dóibh. Dúirt sé go mb'fhearr leis bás a fháil sa mbaile. Dheamhan bás na bascadh a tháinig air ó shin. Chonách sin air, an duine croí! Tuilleadh bisigh amárach air!
·
Chuaigh sí faoi operation — faoi scian an dochtúra
Beidh sé ag dul faoi operation an tseachtain seo chugainn. Meall eicínt a rinne a phutógaí
d.
+
Ní bheidh tú ar an muráite choíchin go dté Cnoic Dhúiche Sheoigheach fút — go gcuire tú Cnoic Dhúiche Sheoigheach fút; go mbí siad le feiceáil ón áit a mbeidh tú ar an bhfarraige. Ní bheidís le feiceáil ón gcladach de bharr na gcnoic eile ní ba ghaire do láthair a bheadh ag dul idir thú agus iad
'Sé an marc a bhíodh againn ariamh ar mhuráite mangach, a dhul amach díreach ón gcaladh nó go dtéadh sléibhte Dhúiche Sheoigheach faoi. Ansin a dhul ag iascach
TUILLEADH (4) ▼
Níl tú ar an meath mhóir fós, arae ní dheachaigh na Beanna Beola faoi. Choíchin nó go gcuire muid iad sin fúinn, ní bheidh muid ar an muráite … Hó, anois … D'fhéadfá caitheamh amach nóiméad ar bith. Feicim a mullaigh
Gabhfaidh tower (túr) an tséipéil faoi ach a maolaí tú suas barr an chnoicín sin amuigh
Is gearr suas an cnoc sin a rachas tú nuair a ghabhfas Loch Coirib faoi dhuit
Anois b'fhéidir, tá na cnoic ag dul faoi! Feicim go follasach iad
e.
+
Tá an ghrian ag dul faoi
Is fada fós go dté an ghealach faoi
TUILLEADH (4) ▼
Sin réalta nach dtéann faoi i gcaitheamh na hoíche aon am den bhliain
Ní foláir dhúinn a bheith sa mbaile le dul faoi na gréine
Bhí sé ann roimh dhul faoi na gréine lá arna mhárach
Bíonn sé ag obair ó éirí go dul faoi na gréine
f.
·
'Sé an boladh is measa a chuaigh faoi mo shrón ariamh é
Má théann an boladh sin faoi do shrón, is fear réidh thú
+
Dheamhan a mbeidh i bhfad muise go dté an rud sin faoin tsróin aige — go gcastar an scéal nó an chaint sin leis; go dtráchtar leis faoi rud eicínt nach dtaitníonn leis srl.
Gabhfaidh an rud sin faoin tsróin aige, feadh is mise sroicheachtáil siar chomh fada leis. Is náireach an rud scéal mar sin a ligean leis
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh sé faoin tsróin aige anocht: an méid adúirt sé le coicís; agus má chuaigh féin is beag a ghrásta a bhí aige orainn faoi. Bailíodh leis anois. Is fada a theastaigh an méid sin uaidh. Cén bhrí ach go raibh sé dhá thuaradh dhó féin
Rachaidh rud thairis sin faoin tsróin aici. Cloisfidh sí faoi ar dhúirt sí féin faoi na cuiríochaí a bhí anseo … Ná taitníodh mura breá léithe é. Tá cás againn inti go deimhin
Ba mhaith liom muise, dhá dtéadh an méid sin faoin tsrón aige. Dheamhan leath an chirt a bheadh leis. Puicéara sagairt nach bhfuil ag dul síos leis ach airgead a dhéanamh ar uain nó ar éigean! Is deas an bhail a bheadh ar dhaoine bochta dhá mbeidís ina thuilleamaí seisean
g.
+
Chuaigh muid faoin mbó. Bhí sí dhá báthadh
Téirigh faoin mbó sin agus bligh í
TUILLEADH (3) ▼
Ní féidir a dhul faoin mbó sin chor ar bith. Tá sí an-dodach
Ní bhíodh aon bhó ar shliabh nach dtéadh sé fúithi — chuile bhó a bhleán
Ní raibh sí in ann a dhul faoi bhó ariamh. Nach gceapfá go mba dona an bhean tí í sin!
+
Shíl sé a dhul fúm — mé a bhleán; a raibh d'eolas agam a bhaint asam; a dhul ar chleasaíocht féachaint a n-éireodh leis cur faoi ndeara dhom an rud a bhí uaidh féin a dhéanamh
Is maith uaidh a dhul faoi dhuine dhá bhfaigheadh sé bog chor ar bith é
TUILLEADH (8) ▼
Ag iarraidh a dhul fút a bhí sé an uair sin, ag ceapadh go n-inseofá dó cá raibh tú aréir. Ní bheadh fear na méaracán suas leis sin
Deir tú léithe anois a shíl a dhul fúm, féint (féachaint) a ngabhfadh P. lá ag tarraingt mhóna léithe. M'anam muise go bhfuair sí amach an fear a ghabhfadh lá léithe. Dheamhan fad a choise a ghabhfadh sé sin léithe, dá dtugadh sí Éire bronnta dhó
Chaith sé scaitheamh fada ag iarraidh a dhul fúm agus é ag tnúthán go dtabharfainn punt dó. Lig mise orm féin nach raibh a fhios agam cé air a raibh sé ag tarraingt agus fios maith agam air. Bhí sé ag ceapadh go mbainfinnse an focal as a bhéal, ach ba bheag an baol a bhí orm. Nuair a chinn air sa deireadh, d'iarr sé amach é, ach ní bhfuair sé ach droimdhiúltú
Má fhaigheann sé ligean ar bith ortsa inniu, déanfaidh sé a dhícheall a dhul fút agus a fháil amach céard a thug siar mise san oíche Dé Domhnaigh. Bí ar t'airdeall féin anois agus ná faigheadh sé aon bhrabach ort
Ceapann cuid de na bocaileás seo go bhfuil siad ríchliste, agus ar ndóigh, bíonn na póilíos ag maíochtáil leo, agus ag dul fúthu, nó go n-insíonn siad a mbíonn ina mbolg dóibh. Sin é an chaoi a n-éiríonn chuile scéala leo! Deile. Níl scéala ar bith amuigh nach mbíonn ag an bpóilí
Is deas a shíl sí anois a dhul fúmsa, ach bhí a shliocht uirthi. Dhall mise í. Tá cruit bhréaga ag imeacht anois aici
Tá sé sin chomh críonna le na heasógaí. Ligfidh sé air nach mbíonn sé ag iarraidh scéal ar bith, ach é i gcaitheamh an achair ar a mhine ghéire ag iarraidh a dhul fút. An té nach mbeadh eolas aige air, chuirfeadh sé dallach dubh air
Chuaigh sé fúm uair amháin cheana, ach ní dhéanfaidh sé aríst é, feicfidh tú féin air, té (cé) gur fhiach (fhéach) sé leis inniu. Deir tú leis a d'iarr rothaí an bhicycle orm faoi nach dtugaim féin amach é, mar dhóigh dhe go mbeidís le fáil agam uair ar bith!
h.
·
Chuaigh anáil ghabhair faoi — mheath sé; shearg sé; níor fhan aon mhaith ann (fc. anáil)
2.
+
Téirigh amach faoin tsráid — ar an tsráid; ar fud na sráide
Gabh síos faoin mbaile nó go bhfeice tú
TUILLEADH (16) ▼
Ní dheachaigh aon fhear ariamh amach faoi thír ag tóraíocht mná is measa ná é
Téann sé amach faoin tír (faoin tuaith) go minic ag ceannacht muc
Nuair a théas lucht an bhaile mhóir sin amach faoin tír, ní fhanann ceannús ceann ar bith orthu
Chuaigh sé faoi shléibhte inniu
Tá sé imithe amach faoi shliabh ó mhaidin
Chuaigh sé faoi chladach aréir
Gabh amach faoi na garrantaí agus b'fhéidir dhuit na caoirigh a fheiceáil
Ní dheachaigh sé faoi na tamhnachaí chor ar bith le fada
B'fhéidir dhá dtéiteá siar faoi na hoileáin go bhfaightheá an té a d'fheilfeadh duit
Chuaigh sé amach fadó faoi na réigiúin choimhthíocha agus níor facthas é ó shin
Ní ghabhfadh sé amach faoi Ghaillimh ar a bhfaca sé ariamh ach cuibhrithe istigh ansiúd i gcónaí
Is fada a bheinn ag cuimhniú air muise shula ghabhfainn soir faoin Achréidh ag iarraidh fataí síl. Mura bhfaighe mé níos gaire do láthair iad, beidh mé astu
Is beag a bheadh le déanamh agam a dhul siar faoi Chonamara inniu. Céard a bhéarfadh siar faoi Chonamara mé
Chuaigh siad soir faoi Chontae an Chláir tá cupla mí ó shin, agus is cosúil go bhfuair siad obair, mar níor facthas anoir ó shin iad
Ní dheachaigh mé síos faoi na bailteacha sin síos le saol is aimsir
Má théann tú siar faoin talamh garbh, b'fhéidir go n-éireodh díol cléibh de shlata leat
3.
a.
+
Chuaigh sé faoin ualach — chuaigh sé dhá iompar; nó, bhí sé ag íoc ar leath an ualaigh nó ar a chion dhe
Téirigh faoin gcliabh seo a chúnamh dhom
TUILLEADH (3) ▼
B'fhearr dhuit a dhul faoin maide seo in éindí linn
Ní raibh le dhul faoin gcorp ach an ceathar againn as a dheireadh
Cheal nach ngabhfá faoin gcomhra in éindí linn nó go n-ardaí muid é
b.
+
Chuaigh T. faoin deoch freisin — d'íoc sé a chion di
Ní dheachaigh A. faoin leathghalún deiridh chor ar bith
TUILLEADH (11) ▼
Bhí sé le cuthach nuair nach ngabhfainn faoin lucht feamainne in éindí leis — i bpáirt leis
Má théann tú faoi lorry a cheannacht liomsa, déanfaidh muid dalladh airgid air ag tarraingt mhóna
Má tá tú sásta a dhul faoi scair eangaí liom, ceannóidh mé í an chéad lá eile a rachaidh mé G. Bhí báire éisc istigh ansin thíos aréir
Ba cheart duit a dhul faoi mheaisín spraeála a cheannacht liom
B'fhearr dhuit a dhul faoi ualach slat liom. Gabhfaidh an bheirt againn M. lá eicínt go mbaine muid iad
Meas tú dhá dtéinn féin agus thú féin agus an C. faoi churach nach ndéanfadh muid gnaithe is measa ná é. Tá coirleach agus ceanna slat ar an O. F. nár baineadh le chúig bhliana déag. Ba mhór ab fhiú dhúinn le aghaidh leasú iad
Bhí mise sásta a dhul faoina leath leis, ach ní raibh aon mhaith ann théis é a bheith lofa le airgead. Is fhearr leis é a fhágáil ansiúd dhá bhuachailleacht, nó go bhfaighe duine eicínt eile só air ar ball
Meas tú dhá dtéadh an bheirt againn faoi mheaisín buailte nach ndéanfadh muid dalladh airgid ag buailteoireacht sna bólaí seo nuair nach bhfuil aon cheann eile ann
Gabhfaidh mé faoi bhó eile sílim — ceannóidh mé (gheobhaidh mé) bó eile
Ar ndóigh ní ag brath ar a dhul faoi thuilleadh talúna atá tú. Nach bhfuil níos mó ná díol do fhreastail agat cheana? Céard a dhéanfá le tuilleadh?
Ní bheadh cuimhne ar bith agat a dhul faoi mhótar. Tá siad uileag dhá bhfáil anois. Bí sna fir mhóra chomh maith le duine!
c.
+
Caithfidh sibh ar fad a dhul faoin milleán chomh maith liomsa — caithfidh sibh a bheith sásta bhur gcuid féin den mhilleán a amhdachtáil
Ní raibh sé sásta a dhul faoina chuid féin den mhilleán. Ag iarraidh é a bhualadh thall ormsa ar fad a bhí sé. Shíl sé go bhfaigheadh sé mise in mo leibide agus nach gcuirfí caidéis ar bith air féin
TUILLEADH (2) ▼
Gabhfaidh siad uileag faoin drochmheas chomh maith leatsa, agus ní call duitse a bheith in imní faoi dhá réir sin
Chuaigh chuile dhuine ar an bhfeadhain acu, cé is moite de J. faoin gcionta — ciontaíodh uileag iad
d.
+
Rachaidh mé faoi dhuit (gabhfaidh mé faoi dhuit, ach is coitianta rachaidh mé srl.) gurb in í an fhírinne — tabharfaidh mé an leabhar; mionnóidh mé dhuit. Ach ní bhíonn ciall chomh bainte amach sin leis i gcaint go hiondúil: deirim leat, dar m'fhocal duit, dar brí an leabhair srl.
Rachaidh mé faoi dhuit go mbainfidh mise cac as ach a mbeire mé air! Diabhal bréag nach mbainfidh
TUILLEADH (7) ▼
Féadfaidh mé a dhul faoi dhuit nár chorraigh aon duine anseo é ar aon chor, hé brí céard a dhéanfas an dream seo amuigh. Tá na ruifíneachaí sin sách místaideach lena dhéanamh
Gabhfaidh mé faoi dhuit, má chastar an taobh seo é, nach dtabharfaidh a chosa féin abhaile slán é. Thug sé an eang leis an turn deiridh, ach ní bheidh sé chomh saor sin aige anois má chuireann sé a shrón aniar anseo
Tá mé ag dul faoi dhuit nach raibh baint ná páirt agamsa le do reithe. Ní bhfuair mise ariamh ar mo chuid é ach uair amháin, agus ní dhearna mé níos airde leis an uair sin ná a dhíbirt soir thar tórainn aríst. Dar a shon a rachainnse ag déanamh créatúlacht ar do reithe. Má rinneadh leis é, ní mise ná aon duine in mo theach a rinne é. B'fhearr liom go mór thú a thabhairt chun dlí faoi fhoghail ná a dhul ag déanamh a leithide de chleas
Rachaidh mé faoi daoibh go mb'fhurasta cur ag D. san am a raibh an L. réidh leis. Bhí mónógaí allais ag briseadh amach ar a bhaithis, agus ba gheall le braillín de bhraillíní S. N. an ceannaghaidh a bhí aige
Rachainnse faoi dhuit, dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa, gur fada ón áit sin a d'fhanfainn. Ach ina dhiaidh a fheictear don Éireannach a leas. Bhí mise sách caillteach lena dhul ann ar aon chor
Rachaidh mise faoi dhuit a dhuine chroí, má fhaighimse aon tuairisc ar do bheithíoch go ngabhfaidh scéala agat ar ala na huaire. Ach níl mórán barúil agam duit a dhul dhá thóraíocht sa ruta seo chor ar bith. Siar a thug sé a aghaidh adéarfainn
Rachaidh mé faoi dhaoibh a stócaigh, go gcloisfidh an t-aer torann agus go mbainfidh mise fothramán as na dromannaí agaibh mura gcuire sibh mo phíopa ar fáil gan mórán achair. An bhfuil a fhios agaibh cén sórt saol atá ann chor ar bith anois: nach féidir píopa a fháil gan scaradh le do nóta puint; agus go sílfeá gur comaoin a bheidís a chur ort lena thabhairt duit mar sin féin
4.
+
Tá gaibhte fúthu ansin (fataí ar urlár cement) — tá an taisfhliuchán dhá shú aníos thríd an urlár agus na fataí tais dhá bharr
Sílim go mba ceart daoibh na braillíní atá ar an leaba sin thuas a chur le tine scaithín. Cheapfainn go bhfuil gaibhte fúthu, dhá ghairdeacht ó chodail duine sa leaba cheana. Níl a fhios cén fraighfhliuchas atá sna ballaí sin thuas
TUILLEADH (9) ▼
Is gearr an t-achar a d'fhágfá ansin iad nó go mbeadh gaibhte fúthu. Tá máithreach an uisce sa talamh sin
Ní féidir go bhfuil gaibhte faoi cheana. Muise dheamhan maith ag caint! Shíl mé leis an ngaisce a bhí agaibh faoin gcaoi a chuir sibh ar an áit sin go mbeadh chuile shórt go deo aríst ann chomh tirim le barrach. Ach sin é an chaoi a bhfuil sé anois!
Shílfeá go raibh plás maith aici, agus bhí an-triomach uirthi nuair a tógadh as an ngróigeadh í tá seachtain ó shin, ach tá gaibhte fúithi anois aríst. Sháródh na hathphoill sin thú. Ní bhíonn sásamh ar bith ar aon mhóin a bhíos ina gcleithiúnas
Níl aon mhaith dhuit a gcur ansin. Bheadh an-taisce orthu ann, ach tá faitíos orm go mbeadh gaibhte fúthu gan achar ar bith. Tá mianach an-uisciúil sa talamh sin
Meas tú glaicín leabhar a bhí ag na gasúir agus a bhí caite thiar ansin ar an urlár, nuair a chorraigh mé iad an lá cheana nach raibh gaibhte fúthu. Níl leath cheart leis an gceann seo (fear an tí). Ní bheadh sásamh ná séanadh aige ann go ndéanadh sé an teach ar an bhfánán bradach seo. Tá rud ar a shon anois aige. Ní thriomóidh an saol an áit sin
Ní ionlach ar bith é sin do charraigín. Ní túisce an taobh os a chionn tirim ná a bhíos gaibhte faoi aríst. Crap soir ansin ar an tulóig sin thuas é agus beidh aghaidh gréine aige ar chaoi ar bith
Seomra ar bith nach mbíonn tine ann ach go hannamh, bíonn sé ar an gcaoi sin. Níl aon cheo dhá bhfágtar ann nach mbíonn gaibhte faoi ar an bpointe
Ní feasach mé cén chaoi a mbeadh gaibhte fúithi chor ar bith murar ól sí an t-uisce, ach b'fhéidir go ndearna sí sin féin. Ní móide go ndeachaigh aon chuma déanta uirthi
Chuaigh faoin siúcra seo. B'fhurasta a aithinte agus an áit ar fhága sibh é. Tá sé támáilte anois

Féach freisin

faoi