Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

faoi (100+)

+
abair
Céard adeir sé faoi
TUILLEADH (10) ▼
Is mór adúirt sé ariamh go ndéana Dia grásta air, ach tá a shraith ar lár faoi dheireadh
Abair "ábab" agus ná buail do dhá chlab faoi chéile — rud adeirtear le gasúir. Ní féidir na bannaí a rá gan do dhá chlab a bhualadh faoi chéile
Cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh tú "ábab" gan do dhá chlab a bhualadh faoi chéile
Tá sé réidh agam anois. Céard adéarfá faoi sin? An gceapfá go bhfuil sé maith go leor?
Tá J. ag cur a chosa uaidh ag iarraidh pósadh freisin anois. Dúirt sé leis an athair an lá faoi dheireadh, bean a fháil dó nó an sagart! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Déarfainn gur bocht an chaoi dhá leithide a bheith teáltaithe istigh sa teach sin chuile ré solais agus iad sin ag magadh faoi
Ní abróinn nach raibh baint eicínt aige leis, ach níl a fhios agam thairis sin faoi
Thug mise faoi go binn é, deirimse leat
Gheobhadh sé faoi na foraí é, deirimse leat, murach le ómós dhá bhean
Déarfá go bhfuil an oíche ag ligean fúithi
 
Ní raibh sé sásta a bheith ina dhochtúr nó go mbeadh sé ina ard-dhochtúr, ach 'sé an chaoi a raibh sé aige faoi dheireadh, bhí sé gan Murchadh gan Mánas
+
Níl neart agam cor ar bith a bhaint asam féin nach dteagann pian chráite isteach faoi mo chaoldroim. Brath mhór atá agam a dhul chuig an dochtúr léithe, ach dheamhan is móide meabhair a bhainfeadh sé sin aisti ach an oiread liom féin. Is minic nach mbaineann
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé barróig orm faoi chaol an droma, agus mo cheann fine ní scarfadh uaidh. Ba gheall le iarainn na bunríochaí a bhí air
+
Níor mór don bhréim sin dhá uisce a bheith faoi: uisce anois agus uisce aríst — an t-uisce a bhaint uaidh nuair a bheadh sé faoiscthe agus uisce eile a chur faoi
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé fothramán mar a bhuailfí dhá chlár an domhain faoi chéile — fothramán gártha
 
Ní mór fear láidir le dabhach a iompar. Ní bheadh aon ghnaithe ag M. Sh. G. faoi cheann acu, ná dheamhan gnaithe
 
Fuair mé daibéad de scraith aniar ar an gcúl agus fhóbair gur bhain sí an mhothú asam. M'anam gur bhain faoi láthair
+
Má théann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirthi ach daidhce, agus beidh muid gan Murchadh gan Mánas ansin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil bicycle briste orainn. Tosaigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirthi, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul chun cainte léithe. Ní móide go n-eiteodh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí ina ceann é, ní thabharfadh sí deoir do Dhia shúlach
TUILLEADH (3) ▼
Daidhce a bhí uirthi anocht faoi gur fhága C. ansin aréir í … Cé nár chuala tú é sin. I nDomhnach rinne sé malrait mná aréir … í seo thiar. Spéir na gréine Sh. Ch. Tá faitíos orm muise gurb olc an mhalrait aige í: a dhul ó ghiolla na sliogán go dtí giolla na mbairneach mar adeir fear Ch. Ach mo choinsias, is deacair í seo istigh a bhearradh anocht
Is furasta leis sin daidhce a theacht air. Níl ort ach breathnú cam air agus tá sé éirithe ina choileachín agat. Má chuaigh leis muis an oíche faoi dheireadh, castar leis é. Ní túisce a bhí sé ina shuí ná bodach eile nach raibh aon bheann aige air: P. Ch. Sin é an buachaill aige
Is fhearr duit ligean de do chuid daidhce anois agus a dhul a chodladh as réiteach, nó má éirímse agat (chugat), cuimhneoidh tú air. Níl aon oíche san aer nach ar an gceird chéanna a bhíos tú, mura bhfaighe tú cead do chomhairle féin faoi chuile rud. Nach gránna an chaoi do do leithide de stócach a bheith ar an gceird sin feasta choíchin
+
Sin é féin an Seán daidhciúil. Níl cinneadh ar bith leis féin ag magadh faoi chuile dhuine eile ach do dhúshlán téirigh ag magadh faoi féin
TUILLEADH (2) ▼
Ní daidhciúil go dtí é. Chonaic mé na gearrbhodaigh anseo thíos oíche. Bhí siad ag caitheamh cloch neart. Chaith seisean í chomh maith le duine. Bhí timpeall is troigh ag C. ar chuile dhuine eile dhá raibh ann. Chaith seisean trí nó ceathair de chuarta aríst, ach, má chaith féin, dar diagaí chinn air marc C. a chrinnt. D'fháisc sé air a sheaicéad a mhic ó agus seo leis suas an bóithrín le teann daidhce faoi gur bhuail C. é
Measaim go bhfuil an capall sin aige sách daidhciúil. Bhí siad thíos ansin an lá faoi dheireadh agus chaith siad uair an chloig léithe, ach dheamhan isteach ná amach a bhí aici, ach ina staic i lár an gheata. Seacht gcatha na Féinne ní bhainfeadh feanc aisti gur thogair sí fhéin corraí. Is diabhlaí contráilte thar a chéile a bhíos cuid de na capaill
 
Is áibhéil an daigéad de bhean atá aige. Dar príosta dhá bhfeictheá an dá cholpa coise atá fúithi! Is geall le dhá starrán crainn iad
 
daigh
Tháinig daigh eicínt isteach faoi bhun m'easnacha anseo anuraidh agus mé ag feamnú, agus sheadaigh sí mé go dtí sé seachtainí ó shin. Nuair ab fhada liom go raibh sí ag imeacht, shoir liom go dtí an dochtúr, agus thug sé buidéal dom. Ó chaith mé an buidéal, níor airigh mé ó shin di
+
dáil
Chuaigh sé i ndáil le dhá mhaslú faoi araoid ar bith a chur air
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé i ndáil le ar seachrán aríst muis, murach go dtug mise faoi deara ar an mbóthar é agus gur chuir mé an lúbán air sa gcró
+
dáimh
Tabhair faoi deara nach bhfuil dáimh eicínt acu le chéile más gaol nó cleamhnas é. Murach go bhfuil, ní iarrfadh sé ar an mbainis iad
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn sí ag brú gaoil i gcónaí orthu faoi rá is gur daoine móra iad, ach dheamhan gaol ná dáimh ann
Níl gaol dáimhe ná dúchais ag an dá rud le chéile. Is féidir fear a chur amach as lóistín nó as seomra thíos i nGaillimh dhá mbeadh a chíos íoctha aige faoi chéad. Níl i lucht seomraí mar sin ach pailitéaraí. Ach má tá fear pósta agus clann air amuigh faoin tír, is deacair é a chur amach. Níl mé ag rá nach féidir é a chur amach, ach is deacair leis an Land Commission é a dhéanamh ina dhiaidh sin
Níl aon mhaith dhuit a bheith ag caint mar sin. Níl gaol dáimhe ná dúchais ag an rud sin leis an scéal ar ball. Scéal ann féin é sin. Níl an government ná dream ar bith eile in ann tada a dhéanamh faoi sin, nó go ndéana na daoine fhéin é
+
Tá mé chomh daingnithe istigh sa sé pínne sin, agus nach gcuirfidh do cheann fine as mé. Faoi dhó cheana a bhí sé ar na bacáin agam a bheith as, ach diabhal mé gur rith liom chuile thrip
TUILLEADH (2) ▼
Má fhaigheann sé cois ar bith isteach, mo léan géar daingneoidh an deartháir leis, agus cuirfidh sé borradh agus borradh agus borradh eile faoi, nó nach féidir a chur amach
Má chuireann tú dlí orthu, agus thú a chaitheamh, daingneoidh sé iadsan. Rachaidh mé faoi dhuit go ndaingneoidh. Mura bhfuil tú in ann a gcur amach anois le bladar nó le bréagadh, lig dóibh ar fad. Cinnfidh siad ort ar a mhalrait
 
dair
"Aois dhair Shasana: trí chéad bliain ag fás, trí chéad bliain faoi bhláth, agus trí chéad bliain i gcrann loinge nó báid"
+
Thug sí faoi dháiríre é — d'ionsaigh sí go madrúil é
TUILLEADH (4) ▼
Thairg sé mé a bhualadh, agus m'anam go raibh sé sách dáiríre faoi freisin
Tá sé ag obair gan a bheith dháiríre faoi
Cén mhaith do dhuine a bheith in ainm is a bheith ag déanamh rud nuair nach mbíonn sé dháiríre faoi
Dúirt sí go n-imeodh sí agus bhí sí dháiríre faoi freisin
+
dairt
Chuaigh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinig táirm ar bith orthu go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann drochmhúineadh. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na hailt. Dhonaigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáite sa mbinse é. B'éigean an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola ina srúillí: i gcruthúnas dhuit, mar adeir an fear fadó, nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fhearr ligean dó
TUILLEADH (7) ▼
Tá a shúil sa meath chéanna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann crua a bhí ann. Níor lig an té a chaith é, ná aon dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhún súil Ph. d'aon iarraidh. Chuaigh sí chun othrais. Chaith sé scaitheamh san easpaicil (ospidéal) léithe, ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó ansin ach gur fhuaraigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirthi i gcónaí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon amharc aige aríst go brách inti. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithi thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ró-réchúiseach an duine bocht
Bhí mé ag teacht anoir as an oíche cheana agus ní fhaca tú aon ghábh ariamh mura ndeachaigh mé ann. Bhí a raibh de ghasúir uileag ar an mbaile faoi réir faoi mo chomhair ag bóithrín na bF. agus bhí mé do mo chaidhleadh le dairteacha acu, as sin anoir go dtí an gleann. Níor caitheadh cloch na méaróig liom gan doubt. Ó fuair mise an gó sin tharm, tiocfaidh uisce le fána aríst shula fheicfear mise aríst i mbaile Bh.
M'anam muise ó chuaigh sé ar chaitheamh na ndairteachaí go bhfeicfidh tú mura bhfágtar an caitheamh faoi fhéin ar fad go (gur) gearr gur ar chaitheamh na gcloch a thiocfas sé. Ní fhaca tú ó rugadh tú an té is lú acmhainn grinn ná é sin
Mura bhfuil aige faoi dheireadh, théis a chuid scoileannaí agus coláistí, ach ag breathnú i ndiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaol. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Contae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart ag forcamhás ar chupla buitín faochan a chruinneos muintir an L.
Ní obair atá ar na bóithrí sin chor ar bith. Caitheamh dairteachaí atá inti i gcomórtas oibre. Chonaic mise fadó nuair a bhí muid ag obair thuas ar an s., dhá dtógthá do cheann chor ar bith, gheofá bóthar abhaile. Bhí siad dubhghéar. Chonaic mé meitheal ar fad — chomh maith le scór fear — dhá mbriseadh in éineacht ann aon lá amháin faoi seasamh ag éisteacht le fear a bhí ag gabháil fhoinn. Ní raibh siad ala an chloig féin ina seasamh, nuair a díbríodh abhaile iad
Ní raibh sé ach ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag tabhairt leidí uaidh faoi na portaigh, ag ceapadh go dtarraingeofaí anuas an mhóin. Is beag dá chuid cluanaíochta sin é deirimse leat. Ní bheadh Rí na Méaracán suas leis
Bhí sé thíos anseo thíos oíche aonaigh agus braon maith sa gcoirice aige. Má bhí féin bhealaigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionsaigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. 'Tá gabháltas maith go leor agat,' adeir sé, 'ach is gearr go mbí sé ina stopóig ort cheal a shaothraithe. Breá nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma ansin, isteach is amach ag cothú an dá splainc sin. Gheofá bean dhá mbeadh sé de ghus ionat fhéin í a iarraidh.' Níor labhair sé ar a inín féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a hiarraidh. Is beag nár thiomain sé air í. Ach ar ndóigh mo léan ní chorródh canta gelignite an fear thíos as an gcúinne
+
Is breá gnaíúil a roinn sé amach an leathghalún, ach cá raibh a chaillteamas, arsa tusa. Dhá nglaodh sé féin é, ní bheadh sé leath chomh maith faoi. Dúradh ariamh é, agus m'anam gur fíor é: is cóir é Dáithí tigh Fhéilim agus gan maith ar bith ina theach féin leis
TUILLEADH (1) ▼
Bhí S. sin thiar ann agus an oiread sclaibéireacht agus gardaí aige agus go mba mhór an tseanmóir é. Caitheadh amuigh sa scioból ar meisce é faoi dheireadh. Sin é aríst é: is cóir é Dáithí tigh Fhéilim agus gan maith ar bith ina theach féin leis
 
dalba
Garraí dalba é sin. Bhí sé chomh maith dhuit a dhul amach i lár easca shléibhe agus tosaí dhá saothrú le bualadh faoin ngarraí sin. Théis ar chaith mé de dhúthracht leis dhá leasú, agus dhá shocrú agus dhá thriomú, chinn orm aon bharr slachtmhar a bhaint ariamh dó (de). Bheadh sé fliuch de do sheacht míle buíochas. Tá máithreach an uisce faoi
 
dall 1
Tá an tír uileag faoi dhaill ó tháinig pinsean na ndall amach
+
dall 2
Chuaigh fleasc beag faoi mo shúil agus chaith mé mí dall leis
TUILLEADH (3) ▼
Téirigh soir ag an mbanaltra seo thoir agus tálfaidh sí bainne cíche fúithi agus feicfidh tú féin air ansin gur gearr a bheas tú dall … Deannóid bheag dheannaigh a chuaigh fúithi déarfainn, agus chuir tú chun othrais í dhá cuimilt
Ní raibh aon ghair agamsa tada a rá. Bhí mise dall críochnaithe ar an scéal. Ní raibh a fhios agam ó fhlaithis Dé cé faoi a raibh sé ag caint
Ba dall an mhaise dom é ina dhiaidh sin nár thug mé faoi deara ariamh nach raibh sé ach ag séideadh fúm. Dheamhan é muis, nó gur tháinig falrach gáirí air
+
dall 3
Is mise a bhí dallta ar chaoi ar bith an oíche faoi dheireadh ar a theacht amach uaibhse. Níor léir dom mo láimh. Ar éigean na gcor is na gcnámh nár cuireadh soir ar mo bhéal agus ar m'fhiacla sa bpoll mór mé
TUILLEADH (2) ▼
Bhíodh an dream sin soir dhá dhalladh ceart anuraidh, ag séideadh faoi, ach is cosúil gur bhraith sé é féin. Ní thaobhaíonn sé chor ar bith i mbliana iad
Dheamhan cois faoi. Tá sé dallta (/dāʟtə/; /daʟtī/ Achréidh)
 
Bhí S. gróigthe istigh chois an teallaigh agus chuile chosúlacht air go mba é a chaladh ar feadh na hoíche é. Nach diabhaltaí an dallach dubh a chuir an ceann eile air ina dhiaidh sin, nuair a thosaigh sé ag saighdeadh faoi, agus gur éirigh sé agus gur dheisigh sé an seanbhicycle nárbh fhéidir a dheisiú ar maidin má b'fhíor dó féin. Dheisigh a mh'anam, agus lasc leis an mbeirt siar ar an T. ag céilí
+
Muise chreidim gur dalladh púicín féin atá air, nó céard is léir dó fúithi le go bhfuil sé ag dul dhá pósadh? Más léir, tá faitíos orm nach léir d'aon duine eile é ar chaoi ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Chuirfeá dalladh púicín ormsa anois, dá liginn duit, ach ní ligfidh. Faigh duine eicínt le dhul ag magadh faoi tharamsa
+
Fásfaidh bíonglán (beangán) eile as an dallán sin agus dá réir sin suas. Faoi cheann chúig bhliana ó inniu an té a bheas beo, feicfidh tú gur maith caithrithe amach ar an mballa a bheas an buachaill sin. Ní bhíonn achar ar bith ar an gcineál sin
TUILLEADH (1) ▼
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
 
Ní bheadh lá maitheasa dhuit ag caint faoi rudaí mar sin le muintir na tíre seo. Dallaráin chearta iad. Éistfidh siad leat, beidh siad dhá ligean isteach i gcluais, agus amach sa gcluais eile. Sin é an chaoi a bhfuil siad
+
Má tá sé ina dhall dúda féin is beag an dochar dhó. Tionúr níor tháinig ar a shúil i gcaitheamh na hoíche aréir ach ag abhlóireacht agus ag diúgaireacht. D'éirigh mé faoi dhó ag téamh bainne dhó, ach sin é a raibh de mhaith dhom ann. Ní dhéanfadh sé aon suaimhneas ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn sé ina dhall dúda chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cén t-iontas é. Maraíonn sé sin é féin le uafás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thiteas sé ina chodladh amuigh sa ngarraí théis a dhinnéir, agus codlaíonn sé uair agus dhá uair go minic. Éiríonn sé ansin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an rí . Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go haer
 
Ba damanta an cleas dó a dhul ag baint an gheadáinín talúna sin de na dílleachtaí bochta. Déarfá go mba bheag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a bhuailfeadh faoi
 
Tá an áit ar fad faoi leabthachaí damháin alla
 
damhsa
Faoi do chois é! Nár laga Dia thú. Is tusa a thug an damhsa ó bhuaile leat ar chaoi ar bith agus ní hiad an dream a mbíodh sé ráite leo
+
Aingeal geal sna flaithis a bhí sa Diabhal — diúltaí muide dhó — i dtosach. Ach damnaíodh é faoi rá is go raibh sé ag iarraidh an chomhairle ar fad a bhaint de Dhia agus í a bheith aige féin
TUILLEADH (3) ▼
Damnú síoraí air agaibh mar phósadh, caithigí suas feasta é. Tá sé in am agaibh a gceart cainte a bheith déanta agaibh faoi.
Dhamnódh duine é féin leis an gcruithneacht chéanna agus gan faice dhá barr aige sa deireadh, ach a chuid talúna spíonta. Ná bac leis an gcruithneacht atá talamh na háite seo in ann a thabhairt. Bhí Garraí Mh. L. fúithi agam anuraidh, agus má bhí féin ba ghiobach an barr a bhí air
Tá a bhfuil sa teach damnaithe aige anois ag iarraidh imeacht go Sasana. Diabhal mise muis, go bhfaigheadh sé cead a chinn murach chomh baolach agus atá an áit thall faoi láthair. Nuair a bhí sé suaimhneach, agus gan tada dhá chaitheamh anuas ann, ní raibh luí ar bith aige a dhul ann. Ach anois níl breith bonn báis aige go mbeidh sé imithe. Is beag dhá chuid contráilteachta é mo léan
+
dán
Ní ligfidh mise do bhean ar bith dán a chur orm, ach mo spealóg a bhaint as chuile chúilín chomh uain is a sheasfas an óige dom. Deir siad nach dteagann an óige faoi dhó choíchin. Tá sé sách luath ag duine pósadh ach a mbailí sé na deich mbliana fichead
TUILLEADH (5) ▼
Is diabhlaí a chruthaigh sí faoi dheireadh thiar agus dán a chur ar fhear eicínt. Ach an bhfuil a fhios cé hé féin? Is méanar Dé dhó muis, agus é a bheith ceangailte leis an tsuaróigín siúd. Is fada dhó a shaol. Níl againn a rá ach go ndéana Dia grásta air, mar is gearr go ndéarfar leis é ar aon nós
Níl aon mhaith dhuit ag caint. Feiceann tú féin nach bhfuil bualadh an ghráinne eorna ar dhánta na talúna. Cá'il sé. An bhfeiceann tú an spleodar a chuir sé (poitín) sa seanduine sin thiar: nuair a bhí aige a bheith ag cur brat na scaball (taiséadaigh) faoi réir dhó féin, gur bhuail sé amach ag iarraidh mná. Céard eile atá in ann é sin a dhéanamh fiafraím díot
Dhá mbeadh sí ag dul faoi is thairis chuile mhionóid, ba é an cás céanna dhó é nuair nach raibh sí i ndán dó. Ar chuala tú ariamh é: "leagaim láimh ort nó ná leagaim, más tú atá i ndán dom is tú a bheas agam"?
Má bhí i ndán is go raibh an scéal sin amhlaidh, is iontas é nár chuala muid smid ariamh faoi. Ach sílimse nach bhfuil ann ach pait a chum duine eicínt. Is beag an stró ar na buachaillí báire siúd i mbéal an dorais aige a chumadh
Dhá mbeadh i ndán is go bhfaigheadh an t-athair aon bholadh óil air, ní fhágfadh sé an t-úimead (nóiméad) féin faoi chaolachaí an tí é
 
dána
Bhac an póilí é faoina dhul ann, ach thug sé siúd a dhúshlán agus chuaigh sé ann. Tá sé dubhdhána mar sin, théis nach bhfuil aon duine faoi thalamh an domhain is láí ná is oibleagáidí ná é, má tá sé leat
+
danra
An bhfaca tú aon fhear ariamh is danra ná é ar thada a rá leis. Bhí mé lá thiar in éindí leis i gC. Ch. Bhí an oíche ag teacht orainn agus muid i bhfad ó bhaile. Níor tháinig iamh ar a bhéal i gcaitheamh an lae ach ag caint ar a dhul abhaile nó gur tháinig an tráth le n-imeacht. Ansin níor fhan smid ar bith aige faoi. Nuair a chonaic mé féin dhá ligean rófhada é sa deireadh, d'iarr mé air a theacht. Spréach sé. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a dhul do mo lascadh féin. Ní raibh gair agam an baile a shamhlú leis gur tháinig sé dhá thoil deona féin sa deireadh
TUILLEADH (7) ▼
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil sa teach ansiúd chomh danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dar leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cén duine acu ba deacra a chur amach agá n-a chuid oibre. Gróigfidh fear acu é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céanna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig ina ngaire. Níl go dona ann ach an díthreabhach bocht is athair dóibh atá amuigh moch deireanach ag saothrú. Sin é an díol trua ar chaoi ar bith
Fuair tú amach é muis an té a bhfaightheá sladmhargadh uaidh, an fear is danra sa tír faoi rud a cheannacht uaidh. An bhfaca tú an bullán a bhí thoir ar an aonach aige aonach beag na Samhna anuraidh. Bhí scoilteadh déanta againn míle uair, agus gan eadrainn ach leathchoróin. Thabharfainn dó de luckpenny é, ach ní ligfeadh sé laglabhartha as an airgead adúirt sé é, théis go ndeachaigh mé ar ais aige cúig nó sé de chuarta. Sin é a bhí danra agat!
An fear is danra a chonaic mise ariamh faoi mhargadh, ba fear Achréidh é. Bhris sé é faoi shé pínne. Fataí síl a bhí mé a cheannacht uaidh
Scanracháin bhradacha! Tá a gcuid talúna fréna chéile faoi leachtaí agus faoi chlochair. B'fhearr dóibh ardaithe as iad. Ba mhór an réiteach ar a gcuid talúna é. Ach ní ligfidís méaróg amach as aon gharraí ag gabháil leo, tá siad chomh danra sin — scanraithe, tútach, géar, doghrainneach
Nach danagra an mhaise dhó é anois agus gur bhac sé mé anuraidh faoi rud an bhóthair a thógáil taobh amuigh den pháirc sin thoir aige. Theastaigh sé uaim le aghaidh múirín. Níor chóir domsa (dú-sa) stopadh dhó — ní raibh aon bhaint aige dhó ach an oiread liomsa — ach leisce na sáraíochta mar sin féin, stopas
Níl aon fhód talúna ag gabháil leis nach bhfuil deacair danra mar sin, faoi bhroibh, faoi dhriseachaí, faoi chíb ar éigean, faoi chuile mhíle rud dhá dhonacht. Ar ndóigh murach é a bheith ina fhear chomh maith agus atá sé, ní bheadh sé in ann giota fataí a chur beag na mór. Agus cloisfidh tú daoine dhá cháineadh ina dhiaidh sin agus ag rá go mba cheart dó dúchan a dhéanamh. Dúchan mo chreach! Ar an talamh siúd
Ag lánú i ngarraí beag N. atá mé na laethantaí seo agus is danra an obair sin. Ní mór duit a bheith ag priocadh i gcónaí, arae tá sé faoi chlocha ar fad. Bheadh ciall leathchlocha, ach gruáin mhóra mhillteacha atá ansiúd. Ba bheag na clocha a bhíodh i ngarraí N. chor ar bith fadó. Tá an talamh spíonta anois is cosúil
+
daoire
Tá éadach ar a dhaoirse anois. Chuaigh mé isteach G. an lá faoi dheireadh d'aon uaim amháin go gceannaínn báinín. Dheamhan báinín a ligfeadh sé amach as an siopa liom faoi choróin agus punt. 'Chonaic mé an t-am a mbeadh chúig cinn acu ag dul abhaile agam air,' arsa mise. 'Bailíodh leo anois. Imeoidh mé sna ceamachaí scaitheamh eile'
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon cheannaitheoir faoi sheacht ranna na néal is measa ná í, théis chomh taithithe agus atá sí ar aontaí. Ceannaíonn sí chuile bheithíoch ar a dhaoirse, agus cinneann uirthi a cuid féin a fháil air aríst agus í dhá dhíol. Dheamhan tógáil a thugas sí orthu ar aon nós le tada a bheith aici astu
 
daoirse 1
Is fada an lá a chaith an tír faoi dhaoirse (daoirseacht). Shílfeá ansin an lá cheana go mba mhian le na Sasanaigh agus le na Poncáin muid a chur i dteannta aríst. Na creachadóirí, ba bheag a bhéarfadh orthu é dá sílidís go mbeidís in ann a dhéanamh gan mórán dá gcaillteamas féin a bheith leis
 
Níl siad ag daoirsiú tada, hé brí céard a dhéanfas siad faoi shaoirsiú. Ach b'fhéidir amach anseo i dtús féir go dtiocfadh beagán orthu. Duine ar bith atá i dtuilleamaí beithíoch anois, is fear gan forás é
 
Is daoithiúil an duine é. D'iarr mé ceap air an lá faoi dheireadh, le tosach a chur ar mo bhróig, agus dúirt sé nach raibh aon cheap aige, ainneoin go raibh mé ag breathnú air istigh faoin drisiúr le mo dhá shúil an pointe céanna. Faitíos go leasódh sé tada fúm: sin é an fáth nach dtabharfadh sé dhom é. Thairgfeadh sé do dhuine é nuair nach dteastódh sé chor ar bith uaidh
 
Tá an daoithiúlacht ag imeacht leis ariamh. Ó, chonaic mise a athair féin, agus ní thabharfadh sé slaidín cairr do Mh. Th. D. a raibh an carr cliste air anseo thíos. Tháinig sé isteach aige, agus d'iarr sé ar son Dé air a thabhairt dhó, agus ní thabharfadh sé saoradh ná séanadh dhó faoi. Scaoil sé amach aríst é, agus a dhá láimh chomh fada le chéile
+
daol
Má airíonn tú an daol — an t-ardú — do do bhualadh, níl agat a dhéanamh ach bualadh fút ar bhall na háite go gcuire tú díot é
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé in ann crochadóireacht leis, ach nuair a bhuaileas daol den phian sin é nach foláir dó síneadh go n-imí sí aríst. I nDomhnach tá sé in ann creachlaoiseacha móra a dhéanamh thar éis a mbíonn d'éagnach aige. Bhuail sí an tseachtain seo caite amuigh sa ngarraí é agus bhí sé ag dilleoireacht leo ag iarraidh orthu a dhul i gcoinne an dochtúra, ach bhí sé ar a sheanléim aríst faoi cheann uair an chloig. Nuair a thugas an racht sin a sheal bíonn sé an-spleodrach aríst ar an toirt
Má theangmhaíonn daol leis siúd, is maith gasta a bheas sé ag tabhairt an tsráid amach do Mh. Ní rachainn faoi dhuit go gcaithfidh sé Oíche Nollag seo chugainn faoi shó ann choíchin. Má chaitheann, 'sé a chlochneart é