Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dul faoi
1.
a.
·
Chuaidh mé faoi'n uisce, (faoi'n mbord, faoi'n leabaidh, faoi'n gcathaoir, faoi'n droichead, faoi'n tóchar agus rl.)
b.
·
Is gearr go dteighidh sé faoi'n gcreafóig = ins an talamh; ins an uaigh
Chuaidh sí faoi na fóide (faoi'n bhfód) sáthach óg 'ndéanaidh Dia grásta uirre
c.
+
Chuaidh sé faoi lámha dochtúirí trí nó ceathair de chuarta, ach má chuaidh féin sin é a raibh de mhaith dhó ann = chuaidh sé go dtí dochtúirí agus scrúduigh siad é agus rl.
Tá sé imighthe go Baile Átha Cliath le dhul faoi lámha árd-dhochtúirí, déanaidís aon-mhaith dhó nó ná déanadh
TUILLEADH (1) ▼
Níl a dhath maitheasa dhó sin a dhul faoi lámha dochtúirí, arae níl aon-bhiseach in a chionn, an duine bocht. Tá sé tolgtha.
·
Ní ghabhfadh sé faoi scian an dochtúra dóib. Dubhairt sé go mb'fhearr leis bás a fháil ins an mbaile. Dheamhan bás na bascadh a tháinic air ó shoin. Chonách sin air, an duine croidhe! Tuilleadh bisigh amáireach air!
·
Chuaidh sí faoi operation = faoi scian an dochtúra
Beidh sé ag dul faoi operation an tseachtain seo chugainn. Meall eicínt a rinne a phutógaí
d.
+
Ní bheidh tú ar an muráite choidhchin go dteighidh Cnuic Dhúithche Sheoigeach fút = go gcuiridh tú Cnuic Dhúithche Sheoigeach fút; go mbí siad le feiceál ó'n áit a mbeidh tú ar an bhfarraige. Ní bheidís le feiceál ó'n gcladach de bharr na gcnuic eile ní ba ghoire do láthair a bheadh ag dul idir thú agus iad
'Sé an marc a bhíodh againn ariamh ar mh'ráite mangach, a dhul amach díreach ó'n gcaladh nó go dteigheadh sléibhte Dhúithche Sheoigeach faoi. Annsin a dhul ag iascach
TUILLEADH (4) ▼
Níl tú ar an bhfeath (meath?) mhóir fós, arae ní dheachaidh na Beanna Beola faoi. Choidhchin nó go gcuiridh muid iad sin fúinn, ní bheidh muid ar an muráite … Hó, anois … D'fhéadfá caitheamh amach nóiméad ar bith. Feicim a mullaigh
Gabhfaidh "tower" (túr) an tséipéil faoi ach a maoluighidh tú suas barr an chnuicín sin amuigh
Is gearr suas an cnoc sin a rachas tú, nuair a ghabhfas Loch Coirib faoi dhuit
Anois b'fhéidir, tá na cnuic ag dul faoi! Feicim go follasach iad
e.
+
Tá an ghrian ag dul faoi.
Is fada fós go dteighidh an ghealach faoi
TUILLEADH (4) ▼
Sin réalta nach dteigheann faoi i gcaitheamh na h-oíche aon-am de'n bhliain
Ní fuláir dhuinn a bheith ins an mbaile le dul-faoi na gréine
Bhí sé ann roimh dhul-faoi na gréine lá'r na bháireach
Bíonn sé ag obair ó eirghe go dul faoi na gréine
f.
·
'Sé an baladh is measa a chuaidh faoi mo shrón ariamh é.
Má theigheann an baladh sin faoi do shrón, is fear réidh thú
+
Dheamhan an mbeidh i bhfad muise go dteighidh an rud sin faoi'n tsróin aige = go gcastar an scéal nó an chaint sin leis; go dtráchtar leis faoi rud eicínt nach dtaithnigheann leis agus rl.
Gabhfaidh an rud sin faoi'n tsróin aige, feadh agus mise sroicheachtáil siar cho fada leis. Is náireach an rud scéal mar sin a leigean leis.
TUILLEADH (3) ▼
Chuaidh sé faoi'n tsróin aige anocht: an méid adubhairt sé le coicís; agus má chuaidh féin is beag 'e ghrásta a bhí aige orainn faoi. Bailigheadh leis anois. Is fada a theastuigh an méid sin uaidh. Cé'n bhrigh ach go raibh sé dhá thuaradh dhó féin
Rachaidh rud thairis sin faoi'n tsróin aice. Cloisfidh sí faoi ar dhubhairt sí féin faoi na cuiridheachaí a bhí annseo … Ná taithnigheadh mara breagh léithe é. Tá cás againn ínnte go deimhin
Ba mhaith liom muise dhá dteigheadh an méid sin faoi'n tsrón aige. Dheamhan leath an chirt a bheadh leis. Puicéara sagairt nach bhfuil ag dul síos leis ach airgead a dhéanamh ar uain nó ar éigin! Is deas an bhail a bheadh ar dhaoine bochta dhá mbeidís in a thuilleamaí-seisean
g.
+
Chuaidh muid faoi'n mbó. Bhí sí dhá báthadh
Teirigh faoi'n mbó sin agus bligh í
TUILLEADH (3) ▼
Ní féidir a dhul faoi'n mbó sin chor ar bith. Tá sí an-dodach
Ní bhíodh aon-bhó ar shliabh nach dteigheadh sé fúithe = 'chuile bhó a bhleaghan
Ní raibh sí indon a dhul faoi bhó ariamh. Nach gceapfá go mbadh dona an bhean tighe í sin!
+
Shíl sé a dhul fúm = mé a "bhleaghan"; a raibh d'eolas agam a bhaint asam; a dhul ar chleasaidheacht féachaint a n-eireochadh leis cur faoi ndeara dhom an rud a bhí uaidh féin a dhéanamh
Is maith uaidh a dhul faoi dhuine dhá bhfaghadh sé bog chor ar bith é
TUILLEADH (8) ▼
Ag iarraidh a dhul fút a bhí sé an uair sin, 'ceapadh go n-innseochthá dó cá raibh tú aréir. Ní bheadh fear na méaracán suas leis sin
Deir tú léithe anois a shíl a dhul fúm, feaint (féachaint) a ngabhfadh P. lá ag tarraint mhóna léithe. M'anam muise go bhfuair sí amach an fear a ghabhfadh lá léithe. Dheamhan fad a choise a ghabhfadh sé sin léithe, dá dtugadh sí Éire bronnta dhó
Chaith sé scathamh fada ag iarraidh a dhul fúm agus é ag tnuthán go dtiubharfainn punt dó. Leig mise orm féin nach raibh a fhios agam cé air a raibh sé ag tarraint agus fios maith agam air. Bhí sé ag ceapadh go mbainfinnse an focal as a bhéal ach ba bheag an baoghal a bhí orm. Nuair a chinn air ins an deire d'iarr sé amach é, ach ní bhfuair sé ach druim-dhiúltú
Má fhaghann sé leigean ar bith ortsa indiu, déanfaidh sé a dhicheall a dhul fút agus a fháil amach céard a thug siar mise ins an oíche Dé Domhnaigh. Bí ar t'áirdeall féin anois agus ná faghadh sé aon-bhrabach ort
Ceapann cuid de na boicileás seo go bhfuil siad rí-chliste, agus 'ar ndú', bíonn na póilíos ag maoidheachtáil leo, agus ag dul fútha, nó go n-innsigheann siad a mbíonn in a mbolg dóib. Sin é an chaoi a n-eirigheann chuile scéala leo! D'eile. Níl scéala ar bith amuigh nach mbíonn ag an bpóilí
Is deas a shíl sí anois a dhul fúmsa, ach bhí a shliocht uirre. Dhall mise í. Tá cruit bhréaga ag imeacht anois aice
Tá sé sin cho críonna le na h-easógaí. Leigfidh sé air nach mbíonn sé ag iarraidh scéal ar bith, ach é igcaitheamh an achair ar a mhine ghéire ag iarraidh a dhul fút. An té nach mbeadh eolas aige air, chuirfeadh sé dallach dubh air
Chuaidh sé fúm uair amháin cheana, ach ní dhéanfaidh sé aríst é, feicfidh tú féin air, té (cé) gur fhiach (fhéach) sé leis indiu. Deir tú leis a d'iarr rothaí an "bhicycle" orm, faoi nach dtugaim féin amach é, mar dhóigh dhe go mbeidís le fáil agam uair ar bith!
h.
·
Chuaidh anáil ghabhair faoi = mheath sé; shearg sé; níor fhan aon-mhaith ann (fc. anáil)
2.
+
Teirigh amach faoi'n tsráid = ar an tsráid; ar fud na sráide
Gabh síos faoi'n mbaile nó go bhfeicidh tú
TUILLEADH (16) ▼
Ní dheachaidh aon-fhear ariamh amach faoi thír ag tóraidheacht mná is measa ná é.
Teigheann sé amach faoi'n tír (faoi'n tuaith) go minic ag ceannacht muc
An uair a theigheas lucht an bhaile mhóir sin amach faoi'n tír, ní fhanann ceannús ceann ar bith orra.
Chuaidh sé faoi shléibhte indiu
Tá sé imighthe amach faoi shliabh ó mhaidin
Chuaidh sé faoi chladach aréir
Gabh amach faoi na garrantaí, agus b'fhéidir dhuit na caoirigh a fheiceál
Ní dheachaidh sé faoi na tamhnachaí chor ar bith le fada
B'fhéidir dhá dteightheá siar faoi na h-oileáin go bhfuightheá an té a d'fheilfeadh duit
Chuaidh sé amach fadó faoi na réigiúin choimhigheacha, agus níor facthas é ó shoin
Ní ghabhfadh sé amach faoi Ghaillimh ar a bhfaca sé ariamh ach cuibhrighthe istigh annsiúd i gcomhnaí
Is fada a bheinn ag cuimniú air muise shul a ghabhfainn soir faoi'n Achréidh ag iarraidh fataí síl. Mara bhfaghaidh mé níos goire do láthair iad, beidh mé asta
Is beag a bheadh le déanamh agam a dhul siar faoi Chonamara indiu. Céard a bhéarfadh siar faoi Chonamara mé
Chuaidh siad soir faoi Chonndae an Chláir, tá cupla mí ó shoin, agus is cosamhail go bhfuair siad obair, mar níor facthas anoir ó shoin iad
Ní dheachaidh mé síos faoi na bailteacha sin síos le saoghal agus aimsir
Má theigheann tú siar faoi'n talamh garbh, b'fhéidir go n-eireochadh díol cléibh de shlata leat
3.
a.
+
Chuaidh sé faoi'n ualach = chuaidh sé dhá iompar; nó, bhí sé ag íoc ar leath an ualaigh nó ar a chion dhe
Teirigh faoi'n gcliabh seo a chongnamh dhom
TUILLEADH (3) ▼
B'fhearr dhuit a dhul faoi'n maide seo in éindigh linn
Ní raibh le dhul faoi'n gcorp ach an ceathar againn as a dheireadh
Cheal nach ngabhfá faoi'n gcomhra in éindigh linn nó go n-árduighidh muid é
b.
+
Chuaidh T. faoi'n deoch freisin = d'íoc sé a chion di
Ní dheachaidh A. faoi'n leath-ghalún deireadh chor ar bith
TUILLEADH (11) ▼
Bhí sé le cuthach nuair nach ngabhfainn faoi'n lucht feamainne in éindigh leis = i bpáirt leis
Má theigheann tú faoi "lorry" a cheannacht liomsa, déanfaidh muid dalladh airgid air ag tarraint mhóna
Má tá tú sásta a dhul faoi scair eangaighe liom, ceannóchaidh mé í, an chéad lá eile a rachaidh mé G. Bhí báire éisc istigh annsin thíos aréir
Ba cheart duit a dhul faoi mheaisín spraeála a cheannacht liom.
B'fhearr dhuit a dhul faoi ualach slat liom. Gabhfaidh an bheirt againn M. lá eicínt go mbainidh muid iad
Meastú dhá dteighinn féin agus thú féin agus an C. faoi churrach nach ndéanfadh muid gnatha is measa ná é. Tá coirrleach agus ceanna slat ar an O. F. nachar baineadh le chúig bhliana déag. Ba mhór ab fhiú dhuinn l'aghaidh leasú iad
Bhí mise sásta a dhul faoin a leath leis, ach ní raibh aon-mhaith ann th'éis é a bheith lobhtha le airgead. Is fhearr leis é a fhágáil annsiúd dhá bhuachailleacht, nó go bhfaghaidh duine eicínt eile sógh air ar ball
Meastú dhá dteigheadh an bheirt againn faoi mheaisín buailte, nach ndéanfadh muid dalladh airgid ag buailteoireacht ins na bólaí seo nuair nach bhfuil aon-cheann eile ann.
Gabhfaidh mé faoi bhó eile sílim = ceannóchaidh mé (gheobhaidh mé) bó eile
'Ar ndú, ní ag brath ar a dhul faoi thuilleadh talmhana atá tú. Nach bhfuil níos mó ná díol do fhreastail agad cheana? Céard a dhéanfá le tuilleadh?
Ní bheadh cuimne ar bith agad a dhul faoi mhótar. Tá siad uiliog dhá bhfáil anois. Bí ins na fir mhóra cho maith le duine!
c.
+
Caithfidh sibh ar fad a dhul faoi'n milleán cho maith liomsa = caithfidh sib a bheith sásta bhur gcuid féin de'n mhilleán a amhdachtáil
Ní raibh sé sásta a dhul faoin a chuid féin de'n mhilleán. Ag iarraidh é a bhualadh thall ormsa ar fad a bhí sé. Shíl sé go bhfaigheadh sé mise in mo leibide, agus nach gcuirfí caidéis ar bith air féin
TUILLEADH (2) ▼
Gabhfaidh siad uiliog faoi'n droch-mheas cho maith leatsa, agus ní call duitse a bheith in imní faoi, dhá réir sin
Chuaidh 'chuile dhuine ar an bhfeadhain aca, cé's moite de J. faoi'n gcionnta = cionntuigheadh uiliog iad
d.
+
Rachaidh mé faoi dhuit (gabhfaidh mé faoi dhuit, ach is coitianta "rachaidh mé" agus rl.) gurb shin í an fhírinne = tiubharfaidh mé an leabhar; mionnóchaidh mé dhuit (ach ní bhíonn ciall cho bainte-amach sin leis i gcaint go h-iondamhail: deirim leat, dar m'fhocal duit, dar brigh an leabhair agus rl.)
Rachaidh mé faoi dhuit go mbainfidh mise cac as ach a mbeiridh mé air! Diabhal bréag nach mbainfidh
TUILLEADH (7) ▼
Féadfaidh mé a dhul faoi dhuit nachar chorruigh aonduine annseo é ar aon-chor, hébrí céard a dhéanfas an dream seo amuigh. Tá na ruifíneachaí sin sáthach mío-stáideach len a dhéanamh
Gabhfaidh mé faoi dhuit má chastar an taobh seo é, nach dtiubharfaidh a chosa féin abhaile slán é. Thug sé an eang leis an "turn" deireadh, ach ní bheidh sé cho saor sin aige anois, má chuireann sé a shrón aniar annseo
Tá mé ag dul faoi dhuit nach raibh baint ná páirt agamsa le do réithe. Ní bhfuair mise ariamh ar mo chuid é ach uair amháin, agus ní dhearna mé níos airde leis an uair sin ná a dhíbirt soir thar tórainn aríst. Dar a shon a rachainnse ag déanamh créatúlacht ar do réithe. Má rinneadh leis é, ní mise ná aonduine in mo theach a rinne é. B'fhearr liom go mór thú a thabhairt 'un dlí faoi fhoghail, ná a dhul ag déanamh a leithide de chleas
Rachaidh mé faoi daoib go mb'fhurasta cur ag D. ins an am a raibh an L. réidh leis. Bhí múnógaí alluis ag briseadh amach ar a bhaithis, agus ba gheall le braithlín de bhráithlíní S. N. an ceann aghaidh a bhí aige
Rachainnse faoi dhuit dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agamsa gur fada ó'n áit sin a d'fhanfainn. Ach in a dhiaidh a fheicthear do'n Éireannach a leas. Bhí mise sáthach caillteach len a dhul ann ar aon-chor.
Rachaidh mise faoi dhuit a dhuine chroidhe má fhaghaimse aon-tuairisc ar do bheithidheach go ngabhfaidh scéala agad ar ala na h-uaire. Ach níl mórán baramhail agam duit, a dhul dhá thóraidheacht ins an ruta seo chor ar bith. Siar a thug sé a aghaidh adéarfainn
Rachaidh mé faoi dhaoib a stócaigh go gcloisfidh an t-aer torann agus go mbainfidh mise fothramán as na dromannaí agaibh mara gcuiridh sib mo phíopa ar fáil gan mórán achair. An bhfuil a fhios agaibh cé'n sórt saoghal atá ann chor ar bith anois: nach féidir píopa a fháil gan scaradh le do nóta puint; agus go sílfeá gur cumaoin a bheidís a chur ort len a thabhairt duit mar sin féin
4.
+
Tá gaibhte fútha annsin (fataí ar urlár "cement") = tá an taisfhliuchán dhá shúghadh aníos thríd an urlár agus na fataí tais dhá bharr
Sílim go mbadh ceart daoib na bráithlíní atá ar an leabaidh sin thuas a chur le teine scaithín. Cheapfainn go bhfuil gaibhte fútha dhá ghoirdeacht ó chodail duine ins an leabaidh cheana. Níl a fhios cé'n fraighliuchas atá ins na ballaí sin thuas.
TUILLEADH (9) ▼
Is gearr an t-achar a d'fhágfá annsin iad nó go mbeadh gaibhte fútha. Tá máithreach an uisce ins an talamh sin
Ní féidir go bhfuil gaibhte faoi cheana. Muise dheamhan maith ag caint! Shíl mé leis an ngaisce a bhí agaibh faoi'n gcaoi a chuir sib ar an áit sin, go mbeadh 'chuile shórt go deo aríst ann cho tirm le barrach. Ach sin é an chaoi a bhfuil sé anois!
Shílfeá go raibh plás maith aice, agus bhí an-triomach uirre nuair a tóigeadh as an ngróigeadh í, tá seachtain ó shoin, ach tá gaibhte fúithe anois aríst. Sháróchadh na h-athphuill sin thú. Ní bhíonn sásamh ar bith ar aon-mhóin a bhíos in a gcleitheamhnas
Níl aon-mhaith dhuit a gcur annsin. Bheadh an-taisce orra ann, ach tá faitíos orm go mbeadh gaibhte fútha gan achar ar bith. Tá mianach an-uisceamhail ins an talamh sin
Meastú glaicín leabhar a bhí ag na gasúir agus a bhí caithte thiar annsin ar an urlár, nuair a chorruigh mé iad an lá cheana nach raibh gaibhte fútha. Níl leath cheart leis an gceann seo (fear an tighe). Ní bheadh sásamh ná séanadh aige ann go ndéanadh sé an teach ar an bhfánán bradach seo. Tá rud ar a shon anois aige. Ní thriomóchaidh an saoghal an áit sin
Ní ionnlach ar bith é sin do chairrigín. Ní túisce an taobh as a chionn tirm, ná 'bhíos gaibhte faoi aríst. Crap soir annsin ar an tulóig sin thuas é, agus beidh aghaidh gréine aige ar chaoi ar bith
Seomra ar bith nach mbíonn teine ann ach go h-annamh, bíonn sé ar an gcaoi sin. Níl aon-cheo dhá bhfágtar ann nach mbíonn gaibhte faoi ar an bpuinte
Ní feasach mé cé'n chaoi a mbeadh gaibhte fúithe chor ar bith marar ól sí an t-uisce, ach b'fhéidir go ndearna sí sin féin. Ní móide go ndeacha aon-chuma déanta uirre
Chuaidh faoi an siúcra seo. B'fhurasta 'aithinte agus an áit ar fhága sib é. Tá sé támáilte anois

Féach freisin

faoi