Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh as
1.
a.
+
Tá sé in am a dhul as an ngarraí anois — imeacht
Ní bheifeá in ann a dhul as seo go hÁrainn gan a dhul isteach Gaillimh
TUILLEADH (11) ▼
Is fada an t-achar a dhul as seo go Baile Átha Cliath
Níl sé in ann a dhul as an teach ósta gan a chuid airgid ar fad a chaitheamh
Níl sé in ann a dhul as an mbaile (an baile a fhágáil) gan achrann a tharraingt
Ní bheifeá in ann a dhul as an mbád mar sin
Ní bheadh sé in ann a dhul as an bpríosún gan caraideachaí
Is deacair a dhul as Éirinn anois in aon áit
Chinnfeadh air a dhul as an abhainn choíchin murach gur casadh an bealach mé — a theacht amach aisti
Ní féidir a dhul as an bhfarraige mura bhfuil snámh agat
Má bheireann an scraith ghlugair sin ort, ní ghabhfaidh tú aisti go luath
Chinn air a dhul as an dóiteán. Níor frítheadh ach a chnámha
Ó ghabhfas tú san uaigh, tá sé fánach agat a dhul aisti
b.
·
Tá sé in am agat anois a dhul as an gcleachta sin — éirí as
Ní mór duit a dhul as an gceird sin más leat aon mhaith a dhéanamh
c.
·
Tá sé ag dul as a chranna cumhachta le neart airgid
Tá sé ag dul as a chraiceann le leithead — ag imeacht as a chraiceann
d.
·
Tá tú ag dul (ag imeacht) as do chuid éadaigh — thú an-tanaí; an t-éadach rómhór agat, de bharr go bhfuil tú ag tabhairt anuas
2.
+
Tá sé ag dul amach as na glúine — tá dronn amach ar a ghlúine (tá sé ag dul amach ar na glúine)
Tá sí ag dul siar as a tóin ar fad
TUILLEADH (3) ▼
Tá tú ag dul amach an-mhór as do bholg le gairid. Cá bhfuair tú an stomán sin?
Chuaigh sé amach ar fad as an droim ó chonaic mise go deireanach é. Is gearr go mbeidh sé cromtha
Ní cheannóinn an capall sin chor ar bith. Cuimhnigh go bhfuil mise dhá rá leat: is gearr a bheas déantús maitheasa ar bith sa gcapall sin, agus sin é an fáth go bhfuil sé ag iarraidh a cur uaidh. Níl néal ar bith air sin. Nach bhfeiceann tú í ag dul amach ar fad as na guailní. Tá sí caite i ndiaidh a mullaigh uileag anois. Is beag an dochar di agus na hualaigh a chuireadh sé uirthi
3.
·
Chuaigh lampa as — mhúch an lampa
Tá an tine ag dul as mura gcaithe sibh cupla fód uirthi
4.
+
Ní dheachaigh sé as poitín ariamh go dtí an Nollaig seo — bhíodh sé aige
Cáid ó chuaigh tú as tobac — cáid ó d'ídigh tú do chuid tobac ar fad
TUILLEADH (5) ▼
Cuirfidh mé an dá gharraí sin mura dté mé as leasú
Níl aon bhaol orainn a dhul as fataí fós. Tá lán cró ansin thoir nár bearnaíodh chor ar bith
Ní raibh curtha agam ach an dá chúl thoir nuair a chuaigh mé as feamainn. D'fhága sin an chuid eile gan cur
Tá sé ag dul as cúnamh anois — is gearr nach mbeidh aon chúnamh aige. Beidh a lucht cúnta, .i. a chlann srl., imithe uaidh
An bhfuil tú ag dul as airgead?

Féach freisin

as