Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dul as
1.
a.
+
Tá sé in am a dhul as an ngarrdha anois = imeacht
Ní bheitheá indon a dhul as seo go h-Árainn gan a dhul isteach Gaillimh
TUILLEADH (11) ▼
Is fada an t-achar a dhul as seo go Baile Átha Cliath
Níl sé indon a dhul as an teach ósta gan a chuid airgid ar fad a chaitheamh
Níl sé indon a dhul as an mbaile (an baile a fhágáil) gan achrann a tharraint
Ní bheitheá indon a dhul as an mbád mar sin
Ní bheadh sé indon a dhul as an bpríosún gan caraideachaí
Is deacair a dhul as Éirinn anois in aon-áit
Chinnfeadh air a dhul as an abhainn choidhchin, marach gur casadh an bealach mé = a theacht amach aisti
Ní féidir a dhul as an bhfairrge mar a bhfuil snámh agad
Má bheireann an scrath-ghlugair sin ort, ní ghabhfaidh tú aisti go luath
Chinn air a dhul as an dóighteán. Níor fritheadh ach a chnámha
Ó a ghabhfas tú ins an uaigh, tá sé fánach agad a dhul aiste
b.
·
Tá sé in am agad anois a dhul as an gcleachta sin = eirghe as
Ní mór duit a dhul as an gceird sin, má's leat aon-mhaith a dhéanamh
c.
·
Tá sé ag dul as a chranna cumhachta le neart airgid
Tá sé ag dul as a chraiceann le leithead = ag imeacht as a chraiceann
d.
·
Tá tú ag dul (ag imeacht) as do chuid éadaigh = thú an-tanaidhe; an t-éadach ro-mhór agad, de bharr go bhfuil tú ag tabhairt anuas
2.
+
Tá sé ag dul amach as na glúine = tá dronn amach ar a ghlúine (tá sé ag dul amach ar na glúine)
Tá sí ag dul siar as a tóin ar fad
TUILLEADH (3) ▼
Tá tú ag dul amach an-mhór as do bholg le goirid. Cá bhfuair tú an stomán sin?
Chuaidh sé amach ar fad as an druim ó a chonnaic mise go deireannach é. Is gearr go mbeidh sé cromta
Ní cheannóchainn an capall sin chor ar bith. Cuimnigh go bhfuil mise dhá radh leat: is gearr a bhéas deantús maitheasa ar bith ins an gcapall sin, agus sin é an fáth go bhfuil sé ag iarraidh a cur uaidh. Níl néal ar bith air sin. Nach bhfeiceann tú í ag dul amach ar fad as na guailní. Tá sí caithte indiaidh a mullaigh uiliog anois. Is beag an dochar di agus na h-ualaigh a chuireadh sé uirre
3.
·
Chuaidh lampa as = mhúch an lampa
Tá an teine ag dul as mara gcaithidh sib cupla fód uirre
4.
+
Ní dheachaidh sé as poitín ariamh go dtí an Nodlaig seo = bhíodh sé aige
Cá'id ó 'chuaidh tú as tobac = cá'id ó d'ídigh tú do chuid tobac ar fad
TUILLEADH (5) ▼
Cuirfidh mé an dá gharrdha sin mar a dteighidh mé as leasú
Níl aon-bhaoghal orainn a dhul as fataí fós. Tá lán cró annsin thoir nachar bearnuigheadh chor ar bith
Ní raibh curtha agam ach an dá chúl thoir nuair a chuaidh mé as feamainn. D'fhága sin an chuid eile gan cur
Tá sé ag dul as congnamh anois = is gearr nach mbeidh aon-chongnamh aige (beidh a lucht conganta i.e. a chlann agus rl. imighthe uaidh)
An bhfuil tú ag dul as airgead?

Féach freisin

as