Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh go
ní miste a rá in abairtí fearacht chuaigh sé go trá, chuaigh sé go beairic gur trá amháin áirid agus beairic amháin áirid atá i gceist. Is féidir chuaigh sé go dtí an trá, chuaigh sé ag an trá, chuaigh sé ar an trá a rá freisin, agus deirtear iad amantaí, ach is minice an leagan eile. In abairtí fearacht chuaigh sé go sliabh, chuaigh sé go céibh is éard a bhíos i gceist go minic go ndeachaigh sé chomh fada leis an sliabh nó leis an gcéibh .i. gur scoith sé amach an t-íochtar agus an talamh cuir, agus an talamh riascach a bhíos go hiondúil i mbarr na mbailteachaí, agus gur shroich sé amach an sliabh corpanta. Chuaigh sé don (gon?) tsliabh. 'Sé an sliabh anseo ceantar an tsléibhe nó na tamhnachaí agus na bailteacha a bhíos ar an sliabh .i. i gceantar an tsléibhe. Dhá n-abraíodh fear Chois Fharraige go ndeachaigh sé don tsliabh, bheadh sé i gceist aige go raibh sé ar thamhnaigh nó ar bhaile nó ar áitreabh eicínt atá ar an sliabh ó thuaidh dhe idir é féin agus Maigh Cuilinn nó Uachtar Ard. Ach chuaigh sé go sliabh: ní bheadh sé thar mhíle ó bhaile an áit a mbeireann an talamh cuir ar na portaigh. dul go + ainm áite: a dhul go dtía dhul chuig i gcónaí. Ní féidir a rá: chuaigh sé go sagart (go múinteoir, go scoil srl.) mar is iondúil go mbíonn níos mó ná sagart amháin agus scoil amháin agus múinteoir amháin in áit áirid ar bith. Ach deirtear chuaigh sé go sagart a casadh an bealach, chuaigh sé go scoil a bhí ar an taobh thall den chnoc, chuaigh sé go múinteoir nach raibh i bhfad amuigh as coláiste. Is féidir a rá chuaigh sé go sagart den ruaig sin más éard atá i gceist go ndeachaigh sé chomh fada leis an sagart nó an áit a raibh an sagart ar lóistín, nó chomh fada le teach an tsagairt.
a.
+
Téann an doicheall go smior — go dtí an smior. Tabhair faoi deara nach mbíonn an t-alt go hiondúil in ainmfhocal i ndiaidh ag dul go
Chuaigh sé go beo ionam
TUILLEADH (24) ▼
Chuaigh an phian sin go croí ionam
Chuaigh an chloch go hinchinn ann
Chuaigh an t-uisce go glúine liom
Ní ghabhfadh sé go gualainn (go guailní) liom
Níl an seaicéad seo ag dul go básta liom
Chuaigh sé go corróig sa taoille
Téann sé go muineál i bhfarraige chuile lá ag cruinneáil fheamainne
Tá mé in ann a dhul go smig i bhfarraige shula bhaintear mé
Ghabhfá go rúitíní i bpuiteach ann anois
Tá na beithígh sin ag dul go bolg i bhféar agus níl aon mheas acu air ina dhiaidh sin
Ghabhfá go hascallaí i salachar ann
Chuaigh pórtar go cluasa air
Tá féasóig ag dul go brollach leis
Chuaigh sí go píobán i bhfarraige (fc. píobán)
Chuaigh sé go ceathrú (go tóin, go bléin srl.) san easca
Chuaigh an biorán go cnáimh
Tá an cóta mór ag dul go talamh leis (air)
Chuaigh an claise go bruach (le uisce)
Nuair a scaird sé amach an t-uisce chuaigh an pota go béal
Chuaigh sé go buinne bruach
Tá iasc glas ag dul go barr láin
Tá an taoille ag dul go claí anocht, ach chuaigh sí go bóthar aréir
Tá bradáin ag dul go bruach ann
Tá feamainn dearg ag dul go barr bachall ar an aimsir seo
+
Téirigh go spriog leis (fc. spriog)
Chuaigh sé go bun an amhgair leis
TUILLEADH (1) ▼
Dhá dtéadh sé go bás liom, ní dhéanfainn a chomhairle — dhá gcuireadh sé chun báis mé
+
Tá deatach ag dul go haer as — chomh fada leis an aer
Bhí poitín ag dul go haer ann ar chaoi ar bith — é ann go barr bachall; dalladh dhe ann
TUILLEADH (4) ▼
Chuaigh amhráin go haer ar chaoi ar bith — dúradh amhráin (go leor acu) go hard acmhainneach
Ní fheicfidh tú aríst é go malrait saoil (fc. malrait). Tá an poll sin ag dul síos go talamh íochtair
Ar an dá luath is ar sháigh mé an láí ann, chuaigh sí go leic
Chuaigh an bád go cloich ar an toirt — an ciumhais chlochach den chladach sula mbeire tú amach ar an nglan
b.
+
Ní rachaidh tú go teach an rachaidh? — go dtí an teach (teach áirid, nó do theach féin)
B'fhearr dhuit a dhul go bóthar dhom i gcoinne na mbeithíoch
TUILLEADH (41) ▼
Gabhfaidh sé go habhainn shula stopfas sé
An bhfuil tú ag dul go cladach?
An ndeachaigh tú go portach inniu nó ar thug tú as an gcruaich í?
Caithfidh mé a dhul go sliabh anois ag breathnú ar chaoirigh
Ní mór dhom a dhul go baile (home) go n-ithe mé raisín eicínt
B'éigean dom a dhul go trá den ruaig sin. Is ann thíos a bhí siad
Ní dheachaigh mé go tobar baileach. Bhí siad istigh i gcúinne an Gharraí Bh.
Chuaigh mé go haonach agus gan rún ar bith agam a dhul ann
Ná téirigh go sceich amach is amach. Feicfidh tú iad roimhe sin
Bhí orm a dhul go loch shul má chonaic mé é
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí. Beidh ort a dhul go portach leis an dinnéar anois
Ní théann sé go hiothlainn. Tógann sé as an gcoca atá abhus é
Amach leat go púirín go bhfeice tú an bhfuil na cearca istigh
Ní dheachaigh mé go cró. Bhí sé romham ag corr na hiothlann
Níl aon chall duit a dhul go cnocán. Tá sé sa ngarraí gleannach seo taobh abhus dhó (dhe)
Gabhfaidh sé go hard anois shula bhéarfas sé uirthi
Ní ghabhfadh sé go doras, ní áirím go teallach. Tá sé an-chúthail
Téirigh go doras go bhfeice tú cé atá istigh
Chuaigh sé go hursain agus rug sé uirthi lena briseadh. Sin é an drochpheata
Ar a dhul go tearsa (tairsigh) dhó chlaon sé aríst
Nuair a chuaigh siad go simléar air, d'éirigh siad as. B'éigean dó malrait saoir agus siúinéaraí a fháil ansin — rinne siad an teach go dtí an simléar
Ná téirigh go barr. Tá an seandréimire sin go dona
An ndeachaigh sibh go barr (barr an chnoic)
An ndeachaigh tú go séipéal
Chuaigh muid go reilig leis an gcorp
An ngabhfaidh tú go farraige inniu
B'fhearr duit a dhul go cora go bhfeice tú an bhfuil sí in araíocht a dhul thairti
Rachaidh muid go droichead théint (féint: féachaint) a bhfuil sé ann. Mura bhfuil, bíodh an fheamainn (fc. feamainn) aige
Téirigh go beairic leis an bpáipéar sin. Theastódh a líonadh
Chuaigh sé go teach mór leis an ngarraíodóir a cheadú
Chuaigh sí go teach geata. Is ann a gheobhas tú í
Má ghabh sé go ceardcha, is mór an t-ionadh nach bhfaca mé ann é
An bhfuil tú ag dul go teach an phosta (go teach an tsagairt srl.)
Tá sé imithe go tornóig (sornóig?). Beidh sé againn go gairid
An ngabhfaidh tú go pump
Ní dheachaigh mé go céibh le fada an lá cheana go dtí inniu
Chuaigh mé go haltóir (chomh fada leis an altóir) shula d'fhéad mé aon áit suite a fháil
Chuaigh sé go híochtar (na farraige) — chuaigh sé go tóin
Tá siad in ann a dhul go tóin (go tóin na farraige)
D'fhan mise thuas (ar an gcrann) ach chuaigh seisean go talamh
Chuaigh sé go talamh leis an dara buille — leag an dara buille é
+
Chuaigh sí go Tuar (go Garraí Bog, go Barr Beag srl. — ainmneacha garrantaí)
An ndeachaigh sé go Dúiche Sheoigheach (nó Dúiche Sheoigheach gan go, fc. téigh)
TUILLEADH (3) ▼
Gabhfaidh sí go Contae Mhaigh Eo go gairid (go Baile Átha Cliath, go Luimneach, go Corcaigh, go Gaillimh, go Béal an Átha, go Balla, go Tuaim, go Gleann, go Mám Éan, go Carna srl.)
Gabhfaidh sé go Cúige Mumhan (go Cúige Laighean, go Cúige Chonnacht, go Connacht, go Contae thart síos, go Sionainn, go Loch Éirne, don Mhuimhneach, go Gnó Mhór, go Conamara, go hÁrainn, go Cois Fharraige, go Dúiche Sheoigheach, go hIar Chonnacht, go hIorras Aithneach, go Barr na Gaillimhe, do na Líbeirtí srl.)
Chuaigh sé go lár tíre (go hÍochtar Tíre, go Sasana, go hAlbain, go Meiriceá, go hAustralia, go hAfrica, go Japan, go China, go Denmark srl.) Áit a mbíonn na hainmneacha Béarla ní bhíonn an t-alt go hiondúil. Go Páras adeirtear, ach gon (don? gusan?) Róimh
+
An dtéann tú gon Cheathrún Rua chor ar bith anois (an áit a bhfuil an t-alt san ainm déantar gon de go, ach is deacair a rá an godo atá ann amantaí, arae tá an fhuaim chéanna ar go agus do mar réamhfhocla ar fud an cheantair seo, agus bíonn séimhiú ar an ainm agus ar an aidiacht scaití, fearacht is dá mba do a bheadh ann .i. ag dul gon Achréidh (an tAchréidh), ag dul gon bhaile mhór)
An rachaidh tú gon (don?) Achréidh i mbliana?
TUILLEADH (12) ▼
Cáid go dté tú gon bhaile mhór (don?)
Chuaigh sé go (do?) na Forbacha (go na hAille, go na Foraí Maola, go na Tamhnachaí Beaga, go na hArd-Doiriú srl.)
Chuaigh sé gon (don?) Choill Mhóir
Chuaigh sé go Coill S. Gh.
Ní dheachaigh mé gon (don?) Bhóthar Mhór fós (don (gon?) Bhóthar Bheag — College Road, Gaillimh)
An ngabhfaidh sibh gon (don?) Chnocán Ghlas (ainm áite) inniu?
Ní ghabhfaidh tú don (gon) Chnoc (ainm áite) anocht?
Téann sé don Lochán Bheag chuile Domhnach (don Bhaile Ard, don Pholl, don Chaethach, don Phúirín, don Chaiseal, don Chlochán nó go Clochán, don Bhóthar Bhuí, don Chaorán Mhór srl. — ainmneacha áiteacha ar fad)
Chuaigh sé gon (don) tsráidbhaile ar ball
Chuaigh sé don tsliabh (áiteacha nó bailteacha áiride ar an sliabh)
Chuaigh sé don taobh ó thuaidh (go Cúige Uladh srl.) (don taobh ó dheas, don taobh thoir, don taobh soir, don taobh suas (ó thuaidh), don taobh síos (isteach i lár tíre nó ó dheas), don taobh seo soir srl.)
Tá sé imithe (gafa) don Fhrainc (don Spáinn, don Rúis, don Ghearmáin, don Ghréig, don Domhan Thoir, do na hIndiachaí Thoir, do na hIndiachaí Thiar, do na réigiúin choimhthíocha, do na tíortha éigéille srl.; don Eoraip (Europe) freisin)
c.
+
Gabhfaidh an ola go lá — ní bheidh sí ídithe go déanamh lae
Téann na fataí go samhradh orainn chuile bhliain — ní bhíonn siad ídithe againn go samhradh
TUILLEADH (4) ▼
Meas tú an ngabhfaidh an méid sin coirce go hearrach
Ní ghabhfaidh na seanfhataí go Féil San Seáin
Ní dheachaigh a raibh de mhóin agam go Lá Fhéil Pádraig
Ní rachaidh an bran go haonach beag (go lá an aonaigh, go Domhnach, go Máirt, go Márta, go Nollaig, srl.)
d.
·
Nuair a théas bocht go nocht téann sé go gabháil éadain (fc. bocht, gabháil éadain)
Nuair a théas an gabha don teampall téann sé go haltóir (fc. gabha, teampall)

Féach freisin

go