Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dul go
Ní miste a rádh in abairtí fearacht "chuaidh sé go tráigh", "chuaidh sé go beairic" gur tráigh amháin áirid agus beairic amháin áirid atá i gceist. Is féidir "chuaidh" sé go dtí an tráigh; "chuaidh sé ag an tráigh", "chuaidh sé ar an tráigh" a rádh freisin, agus deirtear iad amanntaí ach is minice an leagan eile. In abairtí fearacht "chuaidh sé go sliabh", "chuaidh sé go céibh" is éard a bhíos igceist go minic go ndeachaidh sé cho fada leis an sliabh nó leis an gcéibh i.e. gur scoth sé amach an t-íochtar agus an talamh cuir, agus an talamh riascach a bhíos go h-iondamhail i mbarr na mbailteachaí, agus gur shroich sé amach an sliabh corpanta. "Chuaidh sé do'n (go'n?) tsliabh". 'Sé an sliabh annseo Ceanntar an tSléibhe nó na tamhnachaí agus na bailteacha a bhíos ar an sliabh i.e. igceanntar an tsléibhe. Dhá n-abruigheadh fear Chois Fhairrge go ndeachaidh sé do'n tsliabh, bheadh sé igceist aige go raibh sé ar thamhnaigh nó ar bhaile nó ar áitreabh eicínt atá ar an sliabh ó thuaidh dhe idir é féin agus Muigh Cuilinn nó Uachtar Árd. Ach "chuaidh sé go sliabh": ní bheadh sé thar mhíle ó bhaile an áit a mbeireann an talamh cuir ar na portaigh. "Dul go" + ainm-áite = "a dhul go dtí" nó "a dhul chuig" i gcomhnaí. Ní féidir a rádh: chuaidh sé go sagart (go múinteoir, go scoil agus rl.) mar is iondamhail go mbíonn níos mó ná sagart amháin agus scoil amháin, agus múinteoir amháin, in áit áirid ar bith. Ach deirtear "chuaidh sé go sagart a casadh an bealach". "Chuaidh sé go scoil a bhí ar an taobh thall de'n chnoc". "Chuaidh sé go múinteoir nach raibh i bhfad amuigh as coláiste". Is féidir a rádh "chuaidh sé go sagart de'n ruaig sin" má'séard atá igceist go ndeachaidh sé cho fada leis an sagart nó an áit a raibh an sagart ar lóistín nó cho fada le teach an tsagairt
a.
+
Teigheann an doicheall go smior = go dtí an smior (tabhair faoi deara nach mbíonn an t-alt go h-iondamhail in ainm-fhocal indiaidh "ag dul go")
Chuaidh sé go beo ionnam
TUILLEADH (24) ▼
Chuaidh an phian sin go croidhe ionnam
Chuaidh an chloch go h-inchinn ann
Chuaidh an t-uisce go glúine liom
Ní ghabhfadh sé go gualainn (go guailní) liom
Níl an seaicéad seo ag dul go básta liom
Chuaidh sé go corróig ins an taoille
Teigheann sé go muineál i bhfairrge 'chuile lá ag cruinneál fheamuinne
Tá mé indon a dhul go smig i bhfairrge shul a bhaintear mé
Ghabhfá go rúitíní i bpuiteach ann anois
Tá na beithidhigh sin ag dul go bolg i bhféar agus níl aon-mheas aca air in a dheidh sin
Ghabhfá go h-ascallaí i salachar ann
Chuaidh pórtar go cluasa air
Tá féasóig ag dul go brollach leis
Chuaidh sí go píobán i bhfairrge (fc. píobán)
Chuaidh sé go ceathramha (go tóin, go bléin agus rl.) ins an easca
Chuaidh an biorán go cnáimh
Tá an cóta mór ag dul go talamh leis (air)
Chuaidh an claise go bruach (le uisce)
Nuair a scáird sé amach an t-uisce chuaidh an pota go béal
Chuaidh sé go buinne bruach
Tá iasc glas ag dul go barr-láin
Tá an taoille ag dul go claidhe anocht, ach chuaidh sí go bóthar aréir
Tá bradáin ag dul go bruach ann
Tá feamainn dearg ag dul go barr-bachall ar an aimsir seo
+
Teirigh go spriog leis (fc. spriog)
Chuaidh sé go bun an amhgair leis
TUILLEADH (1) ▼
Dhá dteigheadh sé go bás liom, ní dhéanfainn a chomhairle = dhá gcuireadh sé chun báis mé
+
Tá deatach ag dul go h-aer as = cho fada leis an aer
Bhí poitín ag dul go h-aer ann ar chaoi ar bith = é ann go barr-bachall; dalladh dhe ann
TUILLEADH (4) ▼
Chuaidh amhráin go h-aer ar chaoi ar bith = dubhradh amhráin (go leor aca) go h-árd acmhuinneach
Ní fheicfidh tú aríst é go malrait saoghail (fc. malrait). Tá an poll sin ag dul síos go talamh iochtair
Ar an dá luath agus ar sháith mé an láighe ann, chuaidh sí go leic
Chuaidh an bád go cloich ar an toirt = an ciumhais chlochach de'n chladach sul a mbeiridh tú amach ar an nglan
b.
+
Ní rachaidh tú go teach, an rachaidh? = go dtí an teach (teach áirid, nó do theach féin)
B'fhearr dhuit a dhul go bóthar dhom, i gcoinne na mbeithidheach
TUILLEADH (41) ▼
Gabhfaidh sé go h-abhainn shul a stopfas sé
An bhfuil tú ag dul go cladach?
An ndeachaidh tú go portach indiu, nó ar thug tú as an gcruaich í?
Caithfidh mé a dhul go sliabh anois ag breathnú ar chaoirigh
Ní mór dhom a dhul go baile (home) go n-ithidh mé roisín eicínt
B'éigean dom a dhul go tráigh de'n ruaig sin. Is ann thíos a bhí siad
Ní dheachaidh mé go tobar baileach. Bhí siad istigh i gcúinne an Gharrdha Bh.
Chuaidh mé go h-aonach agus gan rún ar bith agam a dhul ann
Ná teirigh go sceich amach agus amach. Feicfidh tú iad roimhe sin
Bhí orm a dhul go loch shul má chonnaic mé é
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí. Beidh ort a dhul go portach leis an dinnéar anois
Ní theigheann sé go h-iothlainn. Tóigeann sé as an gcoca atá i bhfus é
Amach leat go púirín 'bhfeicidh tú an bhfuil na cearca istigh
Ní dheachaidh mé go cró. Bhí sé romham ag corr na h-iothlann
Níl aon-chall duit a dhul go cnocán. Tá sé ins an ngarrdha gleannach seo taobh abhfus dhó (dhe)
Gabhfaidh sé go h-árd anois shul a bhéarfas sé uirre
Ní ghabhfadh sé go dorus, ní áirighim go teallach. Tá sé an-chuthal
Teirigh go dorus go bhfeicidh tú cé atá istigh
Chuaidh sé go h-ursain agus rug sé uirre len a briseadh. Sin é an droch-pheata
Ar a dhul go tearsa (tairsigh) dhó chlaon sé aríst
Nuair a chuaidh siad go simléar air d'eirigh siad as. B'éigin dó malrait saoir agus siúinéaraí a fháil annsin = rinne siad an teach go dtí an simléar
Ná teirigh go barr. Tá an sean-dréimre sin go dona
An ndeachaidh sib go barr (barr an chnuic)
An ndeachaidh tú go séipéal
Chuaidh muid go roillic leis an gcorp
An ngabhfaidh tú go fairrge indiu
B'fhearr duit a dhul go cara 'bhfeicidh tú a bhfuil sí in araidheacht a dhul thairti
Rachamuid go droichead théint (fea'int: féachaint) a bhfuil sé ann. Mara bhfuil bíodh an fheamainn (fc. feamainn) aige
Teirigh go beairic leis an bpáipéar sin. Theastóchadh a líonadh
Chuaidh sé go teach mór leis an ngarrdhadóir a cheadú
Chuaidh sí go teach geata. Is ann a gheobhas tú í
Má ghabh sé go ceardcha is mór an t-iongnadh nach bhfaca mé ann é
An bhfuil tú ag dul go teach an phosta (go teach an tsagairt agus rl.)
Tá sé imighthe go tornóig (sornóig?). Beidh sé againn go goirid
An ngabhfaidh tú go "pump"
Ní dheachaidh mé go céibh le fada an lá cheana go dtí indiu
Chuaidh mé go h-altóir (cho fada leis an altóir) shul a d'fhéad mé aon-áit suidhte a fháil
Chuaidh sé go h-iochtar (na fairrge) = chuaidh sé go tóin
Tá siad indon a dhul go tóin (go tóin na fairrge)
D'fhan mise thuas (ar an gcrann) ach chuaidh seisean go talamh
Chuaidh sé go talamh leis an dara buille = leag an dara buille é
+
Chuaidh sí go Tuar (go Garrdha Bog, go Barr Beag agus rl. = ainmneacha garrantaí)
An ndeachaidh sé go Dúithche Sheoigeach (nó Dúithche Sheoigeach gan "go". fc. téigh)
TUILLEADH (3) ▼
Gabhfaidh sí go Conndae Mhuigheo go goirid (go Baile Átha Cliath, go Luimneach, go Corcaigh, go Gaillimh, go Béal an Átha, go Balla, go Tuaim, go Gleann, go Mám Éan, go Cárna agus rl.)
Gabhfaidh sé go Cúige Mumhan (go Cúige Laighean, go Cúige Chonnacht, go Connacht, go Conndae thart síos, go Sionainn, go Loch Éirne, do'n Mhuimhneach, go Gnó Mhór, go Conamara, go h-Árainn, go Cois Fhairrge, go Dúithche Sheoigeach, go h-Iar Chonnacht, go h-Iorras Aithneach, go Barr na Gaillimhe, do na Líbeirtí agus rl.)
Chuaidh sé go lár tíre (go h-Íochtar Tíre, go Sasana, go h-Albain, go Ameriocá, go hAustralia, go h-Africa, go Japan, go China, go Denmark agus rl. Áit a mbíonn na h-ainmneacha Béarla ní bhíonn an t-alt go h-iondamhail. "Go Páras" adeirtear, ach "go'n (do'n? gusan?) Róimh")
+
An dteigheann tú go'n Cheathramhan Ruadh chor ar bith anois (an áit a bhfuil an t-Alt ins an ainm déantar "go'n" de "go", ach is deacair a rádh an "go" nó "do" atá ann amanntaí, arae tá an fhuaim chéadna ar "go" agus "do" mar réamh-fhocla ar fud an cheanntair seo, agus bíonn séimhiú ar an ainm agus ar an aidiacht scaithtí, fearacht agus dá mbadh "do" a bheadh ann i.e. ag dul go'n Achréidh (an t-Achréidh), ag dul go'n bhaile mhór
An rachaidh tú go'n (do'n?) Achréidh imbliana?
TUILLEADH (12) ▼
Cá'id go dteighidh tú go'n bhaile mhór (don?)
Chuaidh sé go (do?) na Forbacha (go na h-Aille, go na Foraí Maola, go na Tamhnachaí Beaga, go na h-Árd-Doireadha agus rl.)
Chuaidh sé go'n (do'n?) Choill Mhóir
Chuaidh sé go Coill S. Gh.
Ní dheachaidh mé go'n (do'n?) Bhóthar Mhór fós (do'n (go'n?) Bhóthar Bheag = College Road, Gaillimh)
An ngabhfaidh sib go'n (do'n?) Chnocán Ghlas (ainm áite) indiu?
Ní ghabhfaidh tú do'n (go'n) Chnoc (ainm áite) anocht?
Teigheann sé do'n Lochán Bheag 'chuile Domhnach (do'n Bhaile Árd, do'n Pholl, do'n Chaethach, do'n Phúirín, do'n Chaiseal, do'n Chlochán nó go Clochán, do'n Bhóthar Bhuidhe, do'n Chaorán Mhór agus rl. = ainmneacha áiteacha ar fad)
Chuaidh sé go'n (do'n) tsráid-bhaile ar ball
Chuaidh sé do'n tsliabh (áiteacha nó bailteacha áiride ar an sliabh)
Chuaidh sé do'n taobh ó thuaidh (go Cúig' Uladh etc.) (do'n taobh ó dheas, do'n taobh thoir, do'n taobh soir, do'n taobh suas (ó thuaidh), do'n taobh síos (isteach i lár tíre nó ó dheas), do'n taobh seo soir agus rl.)
Tá sé imighthe (gabhtha) do'n Fhrainc (do'n Spáinn, do'n Rúis, do'n Ghearmáin, do'n Ghréig, do'n Domhan Thoir, do na h-Inniachaí Thoir, do na h-Inniachaí Thiar, do na réigiúin choimhigheacha, do na tíortha éigcéille agus rl. "do'n Iúróip" (Europe) freisin)
c.
+
Gabhfaidh an ola go lá = ní bheidh sí ídighthe go déanamh lae
Teigheann na fataí go samhradh orainn 'chuile bhliain = ní bhíonn siad ídighthe againn go Samhradh
TUILLEADH (4) ▼
Meastú an ngabhfaidh an méid sin coirce go h-Earrach
Ní ghabhfaidh na sean-fhataí go Féil San Seáin
Ní dheachaidh a raibh de mhóin agam go lá Fheil' Pádraig
Ní rachaidh an bran go h-Aonach beag (go lá an aonaigh, go Domhnach, go Máirt, go Márta, go Nodlaig, agus rl.)
d.
·
An uair a theigheas bocht go nocht teigheann sé go gabhail éadain (fc. bocht, gabhail éadain)
An uair a theigheas an gabha do'n teampall teigheann sé go h-altóir (fc. gabha, teampall)

Féach freisin

go