Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

malrait (12)

 
Daidhce a bhí uirthi anocht faoi gur fhága C. ansin aréir í … Cé nár chuala tú é sin. I nDomhnach rinne sé malrait mná aréir … í seo thiar. Spéir na gréine Sh. Ch. Tá faitíos orm muise gurb olc an mhalrait aige í: a dhul ó ghiolla na sliogán go dtí giolla na mbairneach mar adeir fear Ch. Ach mo choinsias, is deacair í seo istigh a bhearradh anocht
 
Cuirfidh sé dallamullóg orm nó is cinniúint air é, ach dar fia má chuireann, ní bheidh aige ach malrait uair eicínt — mearbhall, ciméar
 
dearg 1
'Sé a gheobhadh dearg é murach chomh héasca agus a lig sé leis féin. Ní bheadh aige ach malrait ar an rud a thug sé féin uaidh
 
Flainín geal a bhí ann i dtosach, ach dhathaigh sí é, agus tá sé ina dheargán anois. Sin é a ghnídís uileag fadó leis an bhflainín thart anseo. Bhíodh cótaí dearga, agus cótaí gibíneacha agus cótaí cóirithe acu. Ní fheicfeá a malrait chor ar bith. Déanann na seanmhná fós é; (n)ach a n-imí an líne seo, is beag na cótaí dearga a fheicfeas tú. Is mór a d'athraigh an saol le scór blianta féin
 
Dócúil air le caoi a bheith air. Ó tá i ndán is gur chuir sé sin de threampán ormsa, ní bheidh aige ach malrait, dar diagaí
 
M'anamsa má thaobhaíonn an duine uasal sin an teach seo feasta gurb í fáilte an doichill a bheas roimhe, agus ní thuilleann sé a malrait. Is beag an dochar dhó náire féin a bheith air: ag teacht isteach i dteach ar bith leis an méid a chloiseas sé ann a tharraingt go dtí an chéad duine eile agus a dhá oiread a chur air. Sin í a cheird muise. Nach gránna an béas é ag buachaill óg. Fhóbair mise an oíche cheana muise — murach gur casadh S. isteach — an bhróig a thabhairt dó. Ach bhí cás agam a dhul ag tosaí siúite ar bith agus S. istigh
 
dóirt
Tá an dórtadh as do chuid éadaigh. Bain daot (díot) go beo iad agus cuir malrait éadaigh ort féin nó tolgfaidh tú an t-éag astu sin. Cén chaoi a ndearna tú líbín mar sin daot (díot) féin? Ar thom tú thú fhéin san abhainn?
 
Bhí — an domhnaíocht. An domhnaíocht tincéaraí atá mé a rá: ní hé a malrait a bhí ann. Bhí snaidhm de mhaide buailte ort ag chuile choirnéal. Is maith a chuaigh mé as nár maraíodh mé. Deirimse cruinneáil (cruinniú) leat: cruinneáil tincéaraí!
 
Ní chasfaí seandúda ar bith agat! Tá an tír tóraithe agam agus gan tada dhá bharr agam. Tá cion ar na dúidíní féin anois nuair nach bhfuil a malrait ann. Céad slán don uair a bhí siad ar scilling!
 
Iasc — iasc ar fad. Ballach nó bradán nó an ribe róibéis féin mura féidir leis a malrait a fháil … Tá É. bocht an-dúlaí san iasc. Níl aon lá dá dtéann sé chuig an D. nach cinniúint air críochnaithe é nó gheobhaidh sé breac. Ní réitíonn sé ansin go ham suipéir é. Fasair fhataí leis go gcuire sé ceas air féin leo ag dul a chodladh dhó … Dheamhan smid bhréige adeirim leat. Sin é a bhuac
+
Ní fheicfidh tú aríst é go malrait saoil (fc. malrait). Tá an poll sin ag dul síos go talamh íochtair
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a chuaigh siad go simléar air, d'éirigh siad as. B'éigean dó malrait saoir agus siúinéaraí a fháil ansin — rinne siad an teach go dtí an simléar