Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh isteach
1.
·
Chuaigh scéala eicínt isteach air go dtí an fear atá os a chionn, agus is beag nár briseadh é faoi
Bhí sé ag déanamh poitín, agus chuaigh spíodóireacht isteach air (ní féidir a rá: chuaigh spíodóireacht air) go dtí an beairic, agus dheamhan mórán ar bith nár rug siad air
2.
·
Ghabhfainn isteach doras ar bith dhá bhféadfainn
·
Chuaigh na Gearmánaigh an-fhada isteach sa Rúis, ach cuireadh amach aríst iad
+
Níl aon dul isteach ann — ní féidir a dhul isteach ann
Ná bac lena dhul isteach ann, d'uireasa cloiche. Tá an áit istigh beo le amhais
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon dhul isteach ann gan íocaíocht — níl gair a dhul isteach ann

Féach freisin