Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh isteach
1.
·
Chuaidh scéala eicínt isteach air go dtí an fear atá as a chíonn, agus is beag nachar briseadh é faoi
Bhí sé ag déanamh poitín, agus chuaidh spiadóireacht isteach air (ní féidir a rádh: chuaidh spiadóireacht air) go dtí an beairic, agus dheamhan mórán ar bith nachar rug siad air
2.
·
Ghabhfainn isteach dorus ar bith dhá bhféadfainn
·
Chuaidh na Gearmánaigh an-fhada isteach ins an Rúis, ach cuireadh amach aríst iad
+
Níl aon-dul-isteach ann = ní féidir a dhul isteach ann
Ná bac len a dhul isteach ann, d'fhuireasbhaidh cloiche. Tá an áit istigh beo le amhuis
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-dhul isteach ann gan íocaidheacht = níl goir a dhul isteach ann

Féach freisin

téigh isteach in iontrálacha eile (50+)

 
Bhí an dubh-fhaitíos air ag dul isteach
 
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air in a dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithi. Diabhal easna den deárthair nach dteagann isteach, agus nach mbeireann air …
 
An gcuimhníonn tú ar an lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos san mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos [le] sparán a raibh ceangal air! D'ionntaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as, agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar san sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbár a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? = chuaigh sé ar cúlráid i riocht agus go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
 
Nuair a scaoil mé an feánach (feánóg; feánac; cléitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas druim ar ais. B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindigh
 
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uiliog air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh ruadh a thaithíos sé, pérbith cén sórt feithideach é
 
Thainig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam trathnóna agus thoisigh sé ag bualadh na mbeitheach orm. Dheamhan a leithide d'fhudarnéis a chonnaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ionn. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
 
fág
Chuaigh sé isteach san mbeainc ag iarraidh airgid, adeir tú. Sin é a fhágas bocht é = cruthaíonn sin go bhfuil sé bocht
 
Chuaigh sé isteach ag ceannacht an fháinne pósta
 
Buail isteach ann go fánach mar dhoigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaghann tú deis ar bith tarraing anuas é
 
fán
Chuaigh an bheirt sin i bhfán ar a chéile. Dhá mbeadh ceart le fáil bheidís pósta ag án a chéile, ach daoine eile ag cur a ladar isteach i ngnaithí nar bhain dóibh beag ná mór. Tá an bheirt annsin anois: ise in a cailleach agus eisean in a sheanduine agus gan brat pósta ar cheachtar aca
 
féar
Níl ag Nóra se'againne anois ach bliain eile le dhul isteach ar an "Preparatory" (Examination). Agus níl sí ag breathnú ar leabhar ná ar pháipéar. Tán ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháilt
 
baile
Badh é do cheart-sa fanacht sa mbaile, a's gan cuir isteach faoi'n té a bhí falamh.
 
Ní mó ná duine a rugadh a's a tóigeadh ann, a dhéanfadh eolus a bhealaigh ann, le na bhfuil de chorannaí a's de chasaidheachaí a' dul isteach go dtí é.
+
beart
Tá sé in a bheart Mh. Bh. agad fadó, a raibh a leath ag dul isteach 'san iothlainn a's an leath eile a' teacht ag an mB. L.
TUILLEADH (1) ▼
Chonnaic mise an saoghal a raibh soighleas 'sna daoine, a's nar mhiste le comharsa, lá nó dhá lá a thabhairt isteach do dhuine aonraic, nuair a bheadh an chruadhóg ann. Ach a' té nach bhfuil indon a bheart fhéin a iomchur anois, beidh sé ar deire.
 
beo 1
Dheamhan críostuidhe an bhéil bheo ag dul isteach ná amach in a shiopa anois. Sin é an gléas air!
 
biorach 1
Níorbh é mo cheart cur fútsa chor a' bith, ach ní fhéadfainn a mhaltraid a dhéanamh lá's go raibh do pháirtidhe ag dul isteach biorach.
 
bior
An té a thiocfadh i gcleitheamhnas tútaighle de'n tsórt sin, ní raibh le déanamh leis, go díreach glan, ach bior dearg a sháthadh isteach thrídh na shúil.
 
An té a aireochas sé sin, buille adhartha chor a' bith leagfa sé isteach chuige. 'Sé atá deas air.
 
buinne 1
Tá'n braon a' dul isteach idir a' dá bhonn. Airighim an fhraigh-fhliuchas ar mo chois. Ach ní bheidh mé mar sin feadh's mé a dhul go dtí an baile mór. Gheobha mé gréasuidhe eicínt a chuirfeas buinne leathair innte dhom.
 
Choinnigh Cod aireachas orra ó chuadar isteach sa mbád fada (féach "Loinnir Mac Leabhair" — l. 127.)
 
Chuaigh mé amach ar an bhfámhall siúd ach má chuaigh ba ghearr go mb'éigin dom a thiacht isteach aríst. Ní lá garraí a bhí ann
 
failc
Luigh mé isteach i bhfailc na tuime, agus chuaigh sé tharm amach gan mé a fheiceál. Diabhal mé go raibh sé ag síorádh leis féin
 
faon-
D'fhága diabhal eicínt agaibh — croisim aríst sib! — an drisiúr fíonn-oscluithe agus chuaigh na cuit isteach ann gur dhóirt siad an bainne. Slán a mháithreach! Is mór an scrios é, bainne a chur amú mar sin
 
Dúirt sé leat go bhfaca sé mise ag dul isteach idteach ósta aréir! Sin í fiainise ghiolla na bréige. Ní tada eile í
 
fidh
Rud é atá ag dul isteach agus amach thar a chéile mar a bheadh fidh criathar ann. Dheamhan iongás mar é a chonnaic mise ariamh. Ach marach go raibh foghaint eicínt ann, ní bheadh sé dhá dhíol cho leitheadach san siopa siúd
 
Nach deacair a bheith ag iarraidh maitheasa ar na gasúir sin anois? Sin a thomhais ort cén cheird a bhí orra ar a theacht isteach dom: ag fiod-rinnce ar mo chóta nua. Má chuaigh leó castar liomsa é muis
 
flith 1
Ní fhaca tusa flith ag dul le cois chapaill ariamh? … Ní hé sin domsa é muis. Is minic a chonnaic mé dhá cur léithi í, dhá mbeadh sí ata. Í fhéin nó muingbheara. Tá an fhlith chuile orlach cho maith leis an muingbheara. Í a bhruith i bpota agus an súgh a chuimilt don at. Ní fuláir í a choinneál cuimlithe léithi nó go dtraoithe sí. Bhainfeadh sí at as duine freisin. Í a théamh as cionn na tine, agus a bualadh le do dhá bhois, agus a cur isteach leis te bruite. Chuir mise le mo láimh annseo í uair a raibh sí ata. Ba gearr a bhí sí ag baint an at aisti.
 
Nuair a cailleadh an mháthair, d'árduigh an cliamhain an foireann leis ar fad. Ní raibh oiread agus priocach de láighe aige seo nuair a chuaigh sé isteach ann. Ba é an chéad-mhaith ab éigin dó a dhéanamh, a dhul agus foireann nua a fháil: céachta agus cliath fhursta agus sluaiste agus 'chaon tsórt.
 
fuadar
Tá cailín Bh. ag dul isteach agus fudar fúithi. É fhéin a chonnaic sí ag teacht = deifir: forú
+
D'fhuagair sé orm a theacht isteach ag dul soir dom = dúirt sé liom
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh mé fhéin isteach agus d'fhuagair an bhean istigh easnamh orm. Dhá dteightheá isteach idteach fadó, agus dhá mbeadh bean ag deilbh ann, sén chéad-mhaith a dhéanfadh sí easnamh a fhuagairt ort. "Mo chuid easnamh ort, adéarfadh sí (fc. easnamh)
 
Ag dul siar díreach a bhí sí ar ball, ach tá sí ag féithiú isteach go hÁrainn anois. (bád).
+
'Tuige nach gcuireann tú do chloigeann isteach ag dul thar an dorus = tuige nach dteagann tú isteach ag breathnú orainn.
TUILLEADH (2) ▼
S.: Bhí sé chomh maith dhom a bheith in mo chomhnuidhe le bheith a' cur isteach ar phostaí; P: Cá bhfios go (do'n) té sin? (ní bheadh fhios agad!)
An té a dhéanfas aon-chuir isteach air siúd, is maith nach mór dó a bheith san áirdeall.
+
Bíonn a chosa ag sciorradh uaidh ag dul isteach ann = áit a mbeadh an-fhonn ar dhuine a dhul ann.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé ar adhastar aice (ar stropadh aice) ag dul isteach = bhí sé in a diaidh aniar, agus é umhal di.
B'fhurasta aithinte go n-imtheochadh sé cam, agus an té a raibh láimh isteach aige leis.
Ní mórán dó a shroichfeas (shréitheas adeirtear i gCois-Fhairrge — shrochas — siar faoi Chonamara) mise, agus an té a bhfuil láimh isteach aige ann = is beag a gheobhfas mise de, agus an duine a bhfuil comhairle aige air.
 
An té a mbeidh sé de mhíádh air pósadh isteach annsiúd, is furasta dhó a phiarfhiachaí(?) (pioríochaí adeirtear) a chuir dhe ar an saoghal seo = gheobhfa sé an oiread díblighthe agus ciaptha ó'n a bhean agus ó'n a muinntir, go mbeidh a phurgadóireacht thart ar an saoghal seo.
 
Rugadar isteach ar a chéile — lámh in iochtar, lámh in uachtar agus lámh uaisle na carruidheacht. Rinneadar árdán de'n isleán agus bogán de'n chruadhán, gur thugadar toibreachaí fíor-uisce thrídh lár na leacrachaí glasa, le neart a gcuid carruidheachta. Nuair a bhí an ghrian a' dul faoi trathnóna tháinic an spideoigín ar an gcraoibh; 'A mhic na scolóige' adeir sí, 'níl fear do chaointe ná do shínte le fághail.' Annsin thug mac na scolóige, cor do'n fhathach, agus chuir sé go corrógaí sa leic é. An darna cor chuir sé go comhngar (cúmhngar) an uicht a's a mhuiníl é. 'Fóill ort a ghaiscidhigh' adeir an fathach. 'Leig m'anam liom, agus tiubharfa mé mo chlaidheamh soluis, agus m'each caol dubh duit a bhéarfadh ar a 'ngaoith Mhárta a bheadh roímpe, agus nach mbéarfadh an ghaoth Márta a bheadh in a diaidh uirre (cuid de chulaith gaisce na sean-scéal)
+
H-iarradh isteach é, agus 'ar ndóinín, níor leis ab fhaillí é: chuaigh sé isteach. D'airigh sé an fuisce istigh = ní dhearna sé faillí ar bith faoin a dhul isteach
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan ceó a thug an "Government" seo dhuinn ariamh, agus ní cheal nachar shaothruigh muid dhá chur isteach é. Ach b'fhéidir leis an aimsir go dtiocfadh maith eicínt uaidh. Tá sé ag dul buille ro-fhada mar sin fhéin. Is maith í an fhoighid, adeir siad, ach is dona í an fhaillí
 
"Chuir sé an chailleach isteach i mainistir mór agus thug sé teine do cheithre roithleánaí na mainistreach. Dhá fhaobharaí dhá raibh sí ag dul isteach, ba sheacht bhfaobharaí a bhí sí ag teacht amach di" = ba mhó faoi sheacht an dúil a bhí aice a dhul ag troid (as scéal: An Ridire Gaisce: Seán Mhac Confhaola, an Cheathrú Ruadh)
+
fill
Bhí sé bog te ag dul abhaile, ach d'fhill mé ar a chois isteach aríst é = thug mé air a theacht isteach aríst
TUILLEADH (1) ▼
Rug an bheirt isteach ar a chéile, ach dhá mbeadh sé ag dul do Phádraig go deó dearg na díle, ní bhainfeadh sé filleadh ná feacadh as = cor ná car
 
Dar príosta bhí fuile faile faoi in ucht am dinnéir inniu: ag dul ag cur isteach coirce de dhá léim. Dúirt sé go ndéanadh sé an-lá. 'Ar ndú' mo chreach mhaidne, ní raibh ann ach an scalán sin
 
An bealach is fusa broc a chuir as brocach, staic de mhaide a sháthadh isteach, é a chur i bhfastós in a chuid fíonnaigh, agus cor fuinneamh a chur ann, nó go nairighe tú fuinneamh ag dul san gcraiceann freisin. Mise i mbannaí gur furasta é a thabhairt amach annsin. Níl aon-mhadadh cruthuithe indon broc a throid. Martróidh sé é
 
Mara gcuire tú fáisceadh faoi isteach beidh an carr ag dul siar ar a sháil chuile phuinnte. Céard a choinneós aniar é?