Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fleasc
ainmfhocal, baineann
níor chuala mé claochlú tuisil air.
1.
focal as seanscéal.
·
"Bhí fleasc airgid i gcúl a cinn, agus fleasc óir ina baithis", nó "bhí fleasc óir i gcúl a chinn" — leagan iondúil sna seanscéalta faoi bhean uasal nó faoi ghaiscíoch. Is cosúil go mba cineál eicínt seoide nó ornáide a bhí inti
2.
fáinne no caimín ar mhaide láimhe.
·
Bhuail sé fleasc an mhaide ar an tsúil air — fáinne ar mhaide láimhe
Má fhaigheann tú fleasc an mhaide uaidh siúd cuirfidh sé luí fia ort, agus 'sé atá tú a thuaradh dhuit féin. Breá nach ligeann tú dhó?
3.
mionóigín bheag adhmaid; sleá, screab de thobán, sceamh feamainne srl.
+
Chuaigh fleasc faoi mo mhéir agus mé ag plé le tobán an oíche cheana agus dheamhan tionnúr a chodail mé ó shin aige — mionóg bheag adhmaid a d'éirigh den tobán agus a chuaigh faoin ionga
Tá an cat mara ar an bhfeamainn lofa siúd le fleascannaí. Dheamhan ionga ag gabháil liom slán aici — giotaí beaga den fheamainn a ghabhfadh faoi do mhéarachaí
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbuailtí do mhéir faoi thobán screabach — tobán a mbeadh scrabannaí ag imeacht dó — agus fleasc a dhul faoin ionga, thiocfadh gor faoi iongan ort. Sin é an uair a shaothrófá an saol. Bheadh méir bhocht agat. Deirimse leat gur hiomaí oíche a bheifeá ar neamhchodladh aici
Dhá mbeifeá ag snoíchan adhmaid le tál nó le tua agus fleasc a dhul faoi t'ionga, níl rud ar bith faoin domhan is tinne ná é
Tá do chuid agat anois má chuaigh fleasc dhó sin faoi do mhéir.
Fleasc a rinne an bhró sin de mo mhéir. Sleá raithní a chuaigh fúithi an lá faoi dheireadh nuair a bhí mé ag déanamh na cruaiche ansin thoir. Nuair a bhíos an raithneach sin críon, is géire í ná snáthaid
+
Dhá mbeadh fleascannaí ag éirí de do chois le buille! — dhá dtugadh duine eicínt buille dhuit agus an craiceann agus an fheoil a bheith ag éirí de do chois mar a bheadh píosaí adhmaid ann
Chuir mise fleascannaí ag éirí dhá dhroim (asal) le maide! Nár chuire Dia an t-ádh ná an t-amhantar air le áit a dhul i mbradaíl: isteach sa síol féir
TUILLEADH (1) ▼
Bhí fleascannaí dhá bhaint as na másaí aniar aige le bata. Deirimse leatsa nach é an chéad fhear aríst é a thaobhós S. Th. — rúisceadh é
4.
seachmall, ciméar, mearbhall, dallach dubh.
+
Tá fleasc eicínt ar Sh. le gairid — seachmall, súnás, seafóid eicínt. Ní bheadh sé ina shaochan céille, ach b'fhéidir go ngabhfadh sé chun saochan céille air leis an aimsir mura n-imíodh sé dhe
Tá fleasc eicínt air seo thíos le seachtain. Briste amach leis an gcailín atá sé. M'anam gur chuala mé go raibh an brachán dóirthe
TUILLEADH (2) ▼
Cén sórt fleasc atá ort: ag imeacht ag fánaíocht mar sin. Dar fia muise, beidh luach do chuid fánaíochta agat ar ball nuair nach mbeidh fód móna ag gabháil leat, le díol ná le dó
Cén mí-ádh atá air go bhfuil fleasc mar sin dhá bhualadh? An pleoitín!
5.
caiseal adhmaid nó feire roth an tuirne.
+
Tá fleasc an roth briste sa tuirne — an fonsa adhmaid taobh amuigh, an caiseal
Tá chuile fhear in ann na spócaí a dhéanamh ach níor mhór deileadóir leis an bhfleasc a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Tá tuirne ansin thuas agus í slán cé is moite de fhleasc an roth. Ach cé measa beirthe é, arsa tusa. Dhá mbeadh duine eicínt ann a bheadh in ann fleasc a dhéanamh, d'fhéadfadh duine de na mná seo a dhul ag sníomhachán lom láithreach. Chreidim dheamhan ceo a rinneadh léithe le dhá bhliain déag cheana

Féach freisin

fleasc in iontrálacha eile (12)

 
cleite
Níor thaitnigh an cleite liom a tharraing sé chugam chor ar bith. B'fhurasta a aithinte go raibh fleasc eicínt dhá bhualadh.
+
beo 2
Tá an fleasc istigh i mbeo m'iongan agus gheobhaidh mé rud le déanamh é a thabhairt amach.
TUILLEADH (1) ▼
Tá méirín ar an láimh aige an áit a ndeachaigh fleasc isteach i mbeo na hiongan, agus tá mé ag ceapadh go bhfuil an ionga scoite aige. Ní fhéadfadh sé gan a bheith (fc. méirín, fleasc).
 
buail
Buail í a fhleasca(igh)!
 
dall 2
Chuaigh fleasc beag faoi mo shúil agus chaith mé mí dall leis
+
dealg
Ní dealg chor ar bith é ach fleasc a chuaigh faoi m'ionga an t-am a raibh mé ag plé leis an bhfeamainn dearg. Cé beag dhom a dhonacht arsa tusa. Mar a chéile an ball séire agus a ghiolla. Tá gor faoi ionga anois déanta aici ar chaoi ar bith
TUILLEADH (1) ▼
An bhfeiceann tú mac P. N. atá san easpaicil le dul chun bliana lena láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín ansiúd in aice an tí. D'éirigh fleasc beag den chloich — fleasc a bhí chomh tanaí le lann scine. Bhuail sé sa láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread is cuimhniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, nuair a shéid sí suas. Rinne sí bollóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaigh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé san easpaicil ar an bpointe é, agus tá sé ann ó shin. Déarfá go mba fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
 
Tá caiseal an rotha briste agus níor mhór a thabhairt ag deileadóir. Ní bheadh aon duine eile in ann an fleasc sin a dhéanamh
 
dorn
Cén fáth dhuit a bheith ag déanamh dornaí méire mar sin. An fleasc a chuaigh faoi t'ionga ná eile?
 
dán
Níl aon dán briseadh don leic seo. Chuaigh dhá gheábh dynamite inti agus má chuaigh féin, níor bhain siad aisti ach cupla fleasc
 
Déan do dhícheall a fhleasca(igh)
 
dúid
Chaill sé an láimh ón dúid ag Dun Kirk. Bhí sé ar bhord na loinge ag dul go Sasana nuair a bhuail an bomb an loing agus d'éirigh fleasc eicínt dó leis. B'éigean a baint dó ar aon nós