Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fleasc
Ainmfhocal; Buineann.
Níor chuala mé claochló tuisil air.
1.
focal as sean-scéal.
·
"Bhí fleasc airgid i gcúl a cinn, agus fleasc óir in a baithis", nó "bhí fleasc óir i gcúl a chinn" = leagan iondúil sna seanscéalta faoi bhean uasal nó faoi ghaiscíoch. Is cosúil go mba cineál eicínt seóide nó ornáide a bhí inte
2.
fáinne no cáimín ar mhaide láimhe.
·
Bhuail sé fleasc an mhaide ar an tsúil air = fáinne ar mhaide láimhe
Má fhaghann tú fleasc an mhaide uaidh siúd cuirfidh sé luighe fiadh ort, agus sé atá tú a thuaradh dhuit féin. Breá nach leigeann tú dhó?
3.
mionnóigín bheag adhmaid; "sleagh", screab de thubán, sceabha feamainne agus rl.
+
Chuaigh fleasc faoi mo mhéir agus mé ag plé le tubán an oíche cheana, agus dheamhan tionuar a chodail mé ó shoin aige = mionnóg bheag adhmaid a d'eirigh den tubán agus a chuaigh faoin ionga
Tá an cat mara ar an bhfeamainn lofa siúd le fleascannaí. Dheamhan ionga ag gabhail liom slán aice = giotaí beaga den fheamainn a ghabhfadh faoi do mhéarachaí
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbuailtí do mhéir faoi thubán screabach (scrabach) — tubán a mbeadh scrabannaí ag imeacht dó — agus fleasc a dhul faoin ionga, thiocfadh cor faoi iongan ort. Sin é an uair a shaothróchthá an saol. Bheadh méir bhocht agad. Deirimse leat gur hiomdha oíche a bheitheá ar neamhchodladh aice
Dhá mbeitheá ag snuigheachan adhmaid le tál nó le tuaigh, agus fleasc a dhul faoi t'ionga níl rud ar bith faoin domhan is tinne ná é
Tá do chuid agad anois, má chuaigh fleasc dhó sin faoi do mhéir.
Fleasc a rinne an bhró sin de mo mhéir. "Sleagh" raithní a chuaigh fúithe an lá faoi dheireadh nuair a bhí mé ag déanamh na cruaiche annsin thoir. Nuair a bhíos an raithneach sin críon is géire í ná snáthaid
+
Dhá mbeadh fleascannaí ag eirí de do chois le buille! = dhá dtugadh duine eicínt buille dhuit agus an craiceann agus an fheoil a bheith ag eirí de do chois mar a bheadh píosaí adhmaid ann
Chuir mise fleascannaí ag eirí dhá dhruim (asal) le maide! Nar chuire Dia an t-ádh ná an t-amhantar air, le áit a dhul i mbradaíl: isteach san síol féir
TUILLEADH (1) ▼
Bhí fleascannaí dhá bhaint as na másaí aniar aige le bata. Deirimse leatsa nach hé an chéad fhear aríst é a thaobhós S. Th. = rúscadh é
4.
seachmall, ciméar, mearúl, dallach dubh.
+
Tá fleasc eicínt ar Sh. le gairid = seachmall, súnás, seafóid eicínt. Ní bheadh sé in a shaochan céille, ach b'fhéidir go ngabhfadh sé chun saochan céille air leis an aimsir, mara n-imíodh sé dhe
Tá fleasc eicínt air seo thíos le seachtain. Briste amach leis an gcailín atá sé. M'anam gur chuala mé go raibh an brachán dóirthe
TUILLEADH (2) ▼
Cén sórt fleasc atá ort: ag imeacht ag fánaíocht mar sin. Dar fiadh muise, beidh luach do chuid fánaíochta agad ar ball, nuair nach mbeidh fód móna ag gabhail leat, le díol ná le dóghadh
Cén míádh atá air go bhfuil fleasc mar sin dhá bhualadh? An pleoitín!
5.
caiseal adhmaid nó feire roth an túirne.
+
Tá fleasc an roth briste san túirne = an fonnsa adhmaid taobh amuigh, an caiseall
Tá chuile fhear indon na spócaí a dhéanamh ach níor mhór deileadóir leis an bhfleasc a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Tá túirne annsin thuas agus í slán cés móite de fhleasc an roth. Ach cé measa beirhe é, arsa tusa. Dhá mbeadh duine eicínt ann a bheadh indon fleasc a dhéanamh, d'fhéadfadh duine de na mná seo a dhul ag sníomhachán lom láithreach. Chreidim dheamhan ceo a rinneadh léithe le dhá bhliain déag cheana

Féach freisin

Fleasc in iontrálacha eile (22)

 
cleite
Níor thaithnigh an cleite liom a tharraing sé chugam chor a' bith. B'fhurast 'aithinte go raibh fleasc eicínt dhá bhualadh.
 
Teirigh ar shúil a' choinicéir a's ná leig isteach é a fhleasca(igh)
 
beo 1
Ara a fhleasca(igh) beir air, go beo deifreach, nó beidh sé imthighthe uait.
+
beo 2
Tá'n fleasc istigh i mbeo m'iongan, a's gheobha mé rud le déanamh é 'thabhairt amach.
TUILLEADH (1) ▼
Tá méirín ar a' láimh aige, in áit a ndeacha fleasc isteach i mbeo na h-iongan, a's tá mé 'ceapadh go bhfuil an ionga scoithte aige. Ní fhéadfad sé gan a bheith (féach "méirín", "fleasc").
 
Buail fút é a fhleasca(igh)!
+
buail
Buail é a fhleasca(igh)! = a' muinneadh nó a' maoidheamh gasúir a bheadh a' troid.
TUILLEADH (2) ▼
Tarraing a fhleasca(igh), tá sí buailte!
Buail í' fhleasca(igh)!
 
Ná leig amach do ghreim a fhleasca(igh) = coinnigh do ghreim.
 
Anois a fhleasca(igh) leag air! = anois a "chailleach", a "chladhaire", a dhiabhail!; déarfaí le duine é a bheadh i muinín a chroí agus a chruite in éadan obair sháruithe .i. ag caraíocht, ag iarraidh beart a árdú, ag iarraidh marcaíocht a bhaint d'asal nó de chapall, ag rith indiaidh duine eile, ag bualadh báire nó peile, ag argóinteacht agus rl.
 
dall 2
Chuaidh fleasc beag faoi mo shúil agus chaith mé mí dall leis
+
dealg
Ní dealg chor ar bith é ach fleasc a chuaidh faoi m'ionga an t-am a raibh mé ag pléidh leis an bhfeamuinn dearg. Cé beag dhom a dhonacht arsa tusa. Mar a chéile an ballséire agus a ghiolla. Tá cur-faoi-ionga anois deanta aice ar chaoi ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Bhfeiceann tú Mac P. N. atá ins an aspuicil le dul 'un bliana len a láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín annsiúd in aice an tighe. D'eirigh fleasc beag de'n chloich — fleasc a bhí cho tanuidhe le lann scine. Bhuail sé ins an láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread agus cuímniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, an uair a shéid sí suas. Rinne sí bulóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaidh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé ins an aspuicil ar an bpuínte é, agus tá sé ann ó shoin. Déarfá go mbadh fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
 
Deasuigh isteach léithe a fhleasca(igh)! Bí ag baint corr-scealpóig as na calpaí (colpaí) aice. Is beag a aireochas sí é, bail ó Dhia uirre
 
Tá caiseal an rotha briste agus níor mhór a thabhairt ag deileadóir. Ní bheadh aon duine eile indon an fleasc sin a dhéanamh
 
deis
Sin í do dheis anois a fhleasca(igh), agus tapuigh í. Mara dtapuighidh bí buidheach dhuit féin
 
ding
Gínn thú! Gínn thú a bhuachaill! Leag air a fhleasca(igh). Tabhair an dara thairt dhó! Tabhair cor coise dhó agus buail fút é a chailleach … Dheamhan de rath ort in a dheidh sin … Dar fiaguidhe, tá tú in do phuca aige … Gínn é an fear eile féin … Aire dhuit … Diabhal mé go gcuirfidh sé taobh na bpoll as do chíonn fós … Tá féith ó'n tsinnsir ins an ngearrbhodach sin.
 
dorn
Cé'n fáth dhuit a bheith ag déanamh dornaí méire mar sin. An fleasc a chuaidh faoi t'ionga ná eile?
 
dán
Níl aon-dán briseadh do'n leic seo. Chuaidh dhá gheábh "dynamite" innte agus má chuaidh féin, níor bhain siad aiste ach cupla fleasc
 
Déan do dhicheall a fhleasca(igh)
 
dúid
Chaill sé an láimh ó'n dúid ag Dun Kirk. Bhí sé ar bhord na luinge ag dul go Sasana nuair a bhuail an "bomb" an luing agus d'eirigh fleasc eicínt dó leis. B'éigin a baint dó ar aon-nós