Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúid
ainm-fhocal, buineann
geineamhnach uathaidh: na dúide.
1.
íochtar an chinn thar timpeall, i gcongar an chinn agus an mhuiníl; congar méire agus láimhe; congar coise agus cabhlach; congar driobaill agus cabhlach agus rl.
+
Bhain siad an ceann amach ón dúid dhó = dhícheann siad é
Siúd í an cailín nach bhfuil an col aice le fuil. Chonnaic mé ag breith ar thrí choileachín indiaidh a chéile í thíos ag an teach faoi Fhéil' Mártan agus ag scóth an chloiginn amach ó'n dúid díobh. Diabhal mé mara mb'éigin dom fhéin an tsráid a thabhairt orm fhéin. Chuir an fhuil carghas orm
TUILLEADH (1) ▼
"Codladh, codladh púicín; siúd é an sionnach ag teacht faoi'n doras agus gearrfaidh sé (bainfidh sé) an ceann ó'n dúid dhíot" (deirtear le cearca é nuair a bheidís ag grágghail nó corr-mhéineamhail ar an bhfarra 'san oíche) (fc. codladh púicín)
+
B'éigin dóib an chois a bhaint dó … tá. Bainte amach ó'n dúid dó. Níl a dhath dhi air
Chaill sé an láimh ó'n dúid ag Dun Kirk. Bhí sé ar bhord na luinge ag dul go Sasana nuair a bhuail an "bomb" an luing agus d'eirigh fleasc eicínt dó leis. B'éigin a baint dó ar aon-nós
TUILLEADH (2) ▼
Thug drad an "engine" an láimh glan ó'n dúid dó. 'Sí atá deas air a mhic ó. Níorbh ait liom plé ar bith a bheith agam le na "h-engines" céanna. Dhá mbeadh an saol ag caint, tá an buille feille ionta. Ní fhaca mé aon-lá de'n rath ar an saol ó d'eirigh na daoine as é (arbhar) a bhualadh ar an gcloich. Tá cogadh agus báisteach agus easba tae ann 'chuile lá ó shoin
Urchar gunna mhóir a theanguigh leis agus sciob an dhá chois ó'n dúid dó. Scrúdfadh sé thú anois a bheith ag breathnú air, agus gan goir aige corruighe amach as an gciseáinín siúd
+
Tá brocaire beag aige agus an drioball bainte amach ó'n dúid dó. Deir siad nach ngoillfeadh sé a dhath orra, dá mbaintí díobh in am é
'Séard atá agad a dhéanamh an tsáil a ghearradh ó'n dúid amach. Ní gabhfaidh aon-chaoi rathamhail go deo mar sin uirre. Diabhal a bhféadfá
TUILLEADH (1) ▼
Ná fág cleite amach ó'n dúid uirre nach mbearrfaidh tú. Bíonn sí 'chuile lá ag cartadh istigh i bhfataí T. Mh. agus is gearr go spréachfaidh sé nuair a fheicfeas sé an míllteanas
+
Bhain mótar an ceann ó bhun na dúide de lacha liom an lá deireannach. D'fhuagair mé cúitiú air, ach dheamhan lá áird a thug sé orm. "Is fairsing atá an tír agad, agus gan a leigean ar an mbóthar" adeir sé
Bhain an t-urchar an ordóig ó bhun na dúide dhó. Caitheann sé scríobhadh leis an gciotóig anois, ach tá sé sách gasta léithe dar fiadh, níos gasta ná atá mise leis an deasóig ar chaoi ar bith!
TUILLEADH (3) ▼
Ba diabhaltaí an "t-aicsion" a rinne sé sin, agus ba ghránna: an chluais a sciochadh ó bhun na dúide d'fhear eile le corrán. Dhá mba mise a bheadh in áit an bhreitheamh ar chaoi ar bith, bhealóchainn an chnáib dó!
Thuit an ionga dhíom amach ó bhun na dúide, agus m'anam gur shaothruigh mé aice é ar feadh seachtain nó coicís le pian innte
Tá an crann fuinseoige a bhí annsiúd ag béal an dorais aige bainte aníos ó bhun na dúide aige. Níl a fhios agam fhéin a bhfuair sé a chead óna póilíos nó nach bhfuair, ach mara bhfuair is gearr go mbeidh a fhios é
2.
Dúda: Is an leagan "filleadh dúda" amháin (chuala mé file dúda freisin — l amháin (/fil′ə/). Ach measaim gur filleadh is cirte. fc. an nóta thíos) (fc. dúda, dúidín)
+
Chuaidh an lorry síos go filleadh dúda is an muc shneachta = síos an-fhada. Is an gcás áirid atá igceist, bhí na rothaí folctha. Má tá áit áirid ann nó ball áirid a dtugtar filleadh dúda air, ní feasach mise é (Tá feile = "a small piece of flannel at the end of the roll" i bhFoclóir an Duinnínigh. Thiocfadh dhó freisin gurb é an focal sin é, arae dhéanfadh feile file de réir urlabhraidheacht Chonamara)
"Sin rud nach raibh aice muis, clann mhaith", adeir sé, agus bháith sé an píce go filleadh dúda san bportach. Bhuail scáth mé féin, agus dar fiadh níor sheaduigh mé an scéal níos fuide = go congar an iarainn agus na coise 'san gcás seo
TUILLEADH (6) ▼
Tá an bruach siúd in a bhog-eibhinn anois. Chuir mé bord na gcléibh ar an asal ann indiu, ach mo léan deacrach chuaidh sé dhá bháthadh go filleadh dúda ann ar an bpuinte boise. B'fhearr do dhuine gan a bheith dhá mheath fhéin ag déanamh ciseannaí ann, ach a dhul ag tarraint len a dhruim. Ba é ba shamhaoinighe dhó as a dheireadh ar chaoi ar bith
Ná teirigh amach san scrath-ghlugair sin nó is gearr go mbeidh tú thíos go filleadh dúda innte. Ní mheasaim go bhfuil sí sin ineolta
Is contabhairteach an áit é sin. Tá gaineamh ann agus ghabhfá síos go file dúda ann, mara mbeitheá san áirdeall ort fhéin thar cíonn, agus fanacht ar an gcruatan. Is beag an ghnatha a bheadh ag an mbulóig mhóir sin thíos ag an mB. ann. Choinneochaí ann é. Siúd ní fhágfadh sé nó go mbeireadh an sruth tuile air
Is maith a chuaidh muid as nach raibh muid ar fad sáithte aige. Rug sé ar an scian agus chuir sé go file dúda 'san mbord í. Tharraing sé aríst í agus chuir sé go file dúda igclár an drisiúir í. Bhí mo chroidhe in mo bhéal. Shíl mé gurb é an chéad rud eile a dhéanfadh sé a cur go feirc ionam féin, mar ba mé ba ghoire dhó
Chuir sé an adhairc thríd go filleadh dúda
Nach ámhuilleach anois a bhíos cuid de na daoine. Ní shásóchadh tada an té a casadh annseo nó gur chuir sé feac na sluaiste go filleadh dúda 'san talamh. Tá an scéal go maith marar bhris sé uiliog é, arae tá an talamh sin an-chruadh, agus chaithfeadh sé go raibh cloch aige in a éadan. Diomdha Dé agus Mhuire dhó ar chaoi ar bith!

Féach freisin

dúd

dúid in iontrálacha eile (6)

 
Ní fhaca mé a mhacsamhail i gcaitheamh an tsaoghail ariamh, tá sé cho díbheirgeach sin. Chuaidh sicín linn soir anuiridh ins an ngarrdha gleannach siúd aige taobh thoir daoinne (dínne, d leathan). Dheamhan a raibh a fhios againne céard ba cor di, ná go raibh sí ar a chuid chor ar bith. Is uair ins na naoi n-áird a thaobhuigheadh aon-chearc linn é, mar ní thugann muid d'fhaisean dóib a dhul ann ach a gcoinneál ruaigthe taobh siar i gcomhnuí. Bhí mé ag gearradh cuid muc ar an tsráid th'éis am dhinnéir agus níor airigh mé ariamh a dheirbhshiúr m'anama thú, gur caitheadh an sicín anoir thar an gclaidhe le m'ais agus í dícheannta. Nar fhága mé seo mara raibh. Chuir sé féin a chloigeann thar an gclaidhe. "Coinneochaidh mise feoil libse" adeir sé "mara gcoinnighidh sibse u (bhur) gcuid cearc uaimse." Nar dhíbheirgeach an mhaise dhó sin é. Ní chásóchainn chor ar bith í, dhá mbeadh millteanas le déanamh aice, ach ní raibh. Shílfeá go bhféadfad sé a fuagairt agus a rogha rud a dhéanamh léithe dhá mbeireadh sé aríst uirre. Dheamhan fuagairt muis, ach an cloigeann a bhaint anuas ó'n dúid di
 
díol 2
Chuaidh sé ag déanamh ballséire orm-sa oíche annseo, a ndeacha sé thart deireannach. Bhí sean-asal dubh agam an uair sin agus é thiar annsin thiar ingarrdha an bhóthair. Bhí sean-asal eile ag J. Th. ins an ngarrdha ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharrdha-sa agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Marach gur eirigh lena h-asail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ó'n dúid aca as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráidhte orra. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chomhnuigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarrdha, agus as go bráth liom gur fhága mé thuas in éindigh le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go bráth liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar ins an ngarrdha aige [é], an áit a raibh an capall. "Bailigheadh leat" anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann, feadh agus mé a bheith ins an mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
 
droim
Is gránna an saothar atá déanta annseo thíos de dhruim oíche. Ar maidin indiu, fritheadh trí cinn de bhuláin le D. agus na drible bainte dhaobhtha amach ó'n dúid. Anois an bhfuil biseach agad?
 
Níl aon-bhean i do thír nach bhfuil an duailín laghduighthe aice ó thosuigh caint ar an droch-thinneas seo. Ach is cuma sin dóib. Tiubharfar soir annsiúd iad, agus bearrfar amach ó'n dúid iad
 
Rinne sé dubh ní air féin. Chuir sé nimh i gcois leis agus b'éigin a baint dhe anuas ón dúid. B'fhearr leis sin féin ná a dhul amach san mbriseadh aríst. Nach dalbaí an áit é cogadh go bhfoire Dia orainn!
 
Rug mé ar dhúdán air, agus bhí mé dhá thachtadh nó gur chuir sé bannlá dhá theanga amach. Ní leigfinn uaim é nó go mbeadh sí aniar ó'n dúid aige, marach gur coisnigheadh orm é