Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúdán
ainm-fhocal, fireann
tuiseal geineamhnach uathaidh agus ainmneach iolraidh = dúdáin
an píobán (píobán an doichill sílim ach fc. na somplaí. Tugtar ar mhuinéal nó ar scórnaigh i gcoitinne é go minic).
+
Ba ghearr ar a dhúdán siúd pionta pórtair. Níor mhór dhó galún ar a laghad ar bith le sórt coisceadh ar bith a dhéanamh ar a thart
Ní súgh salmhain i mbéal buláin ormsa do ghloine fuisce. Calcfaidh sí in mo dhúdán mara bhfaghaidh mé ceann eile len a cur síos!
TUILLEADH (2) ▼
Is mór a chuaidh ar a dhúdán ariamh, agus tá an tart cho tréan indiu air, agus a bhí an chéad-lá ina dheidh sin!
Go dtugaidh an diabhal thar a dhúdán fada é, marab é a d'ól an bhiseach! Ach cá bhfágfadh sé é
+
Rug mé ar dhúdán air, agus bhí mé dhá thachtadh nó gur chuir sé bannlá dhá theanga amach. Ní leigfinn uaim é nó go mbeadh sí aniar ó'n dúid aige, marach gur coisnigheadh orm é
Rug sé ingreim dúdáin orm agus bhí rún aige mé a choigilt faoi ar an mbord, marach Seán a strachail dhíom é. Sin é a fhaisean i gcomhnaí: a dhul ins an bpíobán ag duine
TUILLEADH (1) ▼
Má theigheann sé siúd ins an dúdán agad fágfaidh sé laincis ort

Dúdán in iontrálacha eile (1)

 
danra
Ní fhaca tú aon-rud ariamh is dan(d)ra ná bó le fata a dhul in a muineál. Bhain mise as bó liom féin cheana é gan fód móna ná ceo. Choinnigh Séan sin annsin dom í agus é ina scurach. Chuir mé mo láimh siar go dúdán innte. Ba chontabhairteach an cleas le déanamh é …