Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúda
ainmfhocal, fireann
iolra: dúdaí
 píopa beag; píopa a mbeadh an chos caite ann; píopa a mbeadh cuma bhrocach air de bharr deataí nó súí, nó a bheadh dóite taobh amuigh.
·
Bhris mé an dúda cailce inniu. Thit sé as mo bhéal agus rinneadh steig meig ar an urlár dhe. Sin é an chaoi a bhfuil mise anois ó chaill mé na fiacla. Saothróidh mé an saol cheal gail, agus gan aon phíopa le fáil mura dtuga tú nóta puint ar cheann

Féach freisin

dúda in iontrálacha eile (23)

+
Tá sé ina dhall dúda le codladh — duine a bheadh ag titim ina chodladh críochnaithe agus a mbeadh ag cinnt air fanacht ina dhúiseacht; duine a bheadh ag bordáil chodlata dhá bhuíochas
TUILLEADH (13) ▼
Siar leat a chodladh as an mbealach agus ná bím ag breathnú ansin ort in do dhall dúda le codladh
Tá sé le dhá oíche anois ar neamhchodladh — oíche ag céilí agus oíche ag aonach — agus is beag an dochar dó a bheith ina dhall dúda le codladh féin
Ní bhímse in mo dhall dúda críochnaithe go dtí an oíche nach mbíonn tsiocair ar bith agam: b'fhéidir go gcodlóinn go headarshuth an mhaidin sin
Ní raibh luí ar bith aige leis an gcuartaíocht anocht. Nach bhfaca tú go raibh sé ina dhall dúda ag an gcodladh. Bhí sé in áit eicínt aréir muise, théis gur shéan sé é. Ach bí siúráilte go raibh
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí san am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige sa méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nár) léir dúinn an láí. Agus dhá mbeifeá ag déanamh airneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol, chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile, arae bheifeá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saol sin — míle buíochas le Dia
An té atá ina dhall dúda le codladh, ní ag céilí atá aige a dhul — ní hea sin. 'Sé a áit é go deimhin!
Ara beannacht Dé dhuit — a dhul ag cuartaíocht an tráth seo d'oíche agus mé in mo dhall dúda le codladh. An bhfuil a fhios agat go raibh an oíche thar droim aréir nuair a chuaigh mise a chodladh … bó a bhfuil a haimsir caite agus shílfeá go raibh an-chosúlacht uirthi in am suipéir aréir. Bhí na grianáin sleaiceáilte aici, ach mar sin féin níor rug sí
Dá mbeifeá an fhad ar neamhchodladh agus atá mise, bheifeá féin in do dhall dúda freisin. Níl a fhios agam ó fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaigh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé chomh maith dhá bhfuireasa. Níor chaith mé an ceann deiridh a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall dúda leis, ach ar an dá luath is a dtéim ar an leaba, imíonn sé d'aon iarraidh … Bím ag titim in mo chodladh agus airím ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisím suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
Is aige atá a údar a bheith ina dhall dúda le codladh. Fear ar bith a bhíos ina shuí le giolcadh an éin chuile mhaidin. Ach murach gur muid féin a bhí ar cuairt ann aréir agus go raibh ómós aige duitse, bheadh sé imithe siar a chodladh i bhfad roimhe sin. Bíonn sé ina shrainn ag an hocht chuile oíche. Tá sé chomh folláin leis an ngiorria. Is cóir adúirt an fear fadó: Téirigh a chodladh leis an uan agus éirigh leis an éan; Coinnigh do cheann agus do chosa tirim; Seachain na mná agus an t-ól agus go deo ná déan an t-athchodladh
Má tá sé ina dhall dúda féin is beag an dochar dhó. Tionúr níor tháinig ar a shúil i gcaitheamh na hoíche aréir ach ag abhlóireacht agus ag diúgaireacht. D'éirigh mé faoi dhó ag téamh bainne dhó, ach sin é a raibh de mhaith dhom ann. Ní dhéanfadh sé aon suaimhneas ina dhiaidh sin
Bíonn sé ina dhall dúda chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cén t-iontas é. Maraíonn sé sin é féin le uafás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thiteas sé ina chodladh amuigh sa ngarraí théis a dhinnéir, agus codlaíonn sé uair agus dhá uair go minic. Éiríonn sé ansin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an rí . Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go haer
Má tá tú in do dhall dúda anocht níl an milleán ag sroicheachtáil do dhuine ar bith ach duit féin. Rinne tú clogán streille den oíche aréir ag imeacht ag fálróid síos ansin ar bhóithrí, nuair ba cheart duit trí eadarshuth a bheith codlaithe agat. Ach mo léan! Seo anois. Ith suas do bhéilí agus siar leat a chodladh, agus fainic a n-éireodh an cleas sin duit aríst
Ara choinnigh muintir an Ch. sin thiar ar neamhchodladh mé ar feadh na hoíche aréir lena gcuid glaomaireachta. Tá a shliocht orm: tá mé in mo dhall dúda inniu. Airíonn siad na daoine go dona. Bhí lá den tsaol muis, agus ba bheag an ghlaomaireacht a bheadh acu sna bólaí seo, ach airíonn siad a raibh ar fónamh ann imithe anois
 
Ó téirigh ar an ngeadán is trioma den dúiche. Tá tú in do dhall dúda le codladh
+
dúid
Chuaigh an lorry síos go filleadh dúda sa muc shneachta — síos an-fhada. Sa gcás áirid atá i gceist, bhí na rothaí folctha. Má tá áit áirid ann nó ball áirid a dtugtar filleadh dúda air, ní feasach mise é. Tá feile — "a small piece of flannel at the end of the roll" i bhFoclóir an Duinnínigh. Thiocfadh dhó freisin gurb é an focal sin é, arae dhéanfadh feile, file de réir urlabhraíocht Chonamara
TUILLEADH (7) ▼
'Sin rud nach raibh aici muis, clann mhaith,' adeir sé, agus bháigh sé an píce go filleadh dúda sa bportach. Bhuail scáth mé féin, agus dar fia, níor sheadaigh mé an scéal níos faide — go cóngar an iarainn agus na coise sa gcás seo
Tá an bruach siúd ina bhogeimhin anois. Chuir mé bord na gcléibh ar an asal ann inniu, ach mo léan deacrach, chuaigh sé dhá bháthadh go filleadh dúda ann ar an bpointe boise. B'fhearr do dhuine gan a bheith dhá mheath fhéin ag déanamh ciseannaí ann, ach a dhul ag tarraingt lena dhroim. Ba é ba shomhaoiní dhó as a dheireadh ar chaoi ar bith
Ná téirigh amach sa scraith ghlugair sin nó is gearr go mbeidh tú thíos go filleadh dúda inti. Ní mheasaim go bhfuil sí sin insheolta
Is contúirteach an áit é sin. Tá gaineamh ann agus ghabhfá síos go file dúda ann, mura mbeifeá san airdeall ort fhéin thar cionn agus fanacht ar an gcruatan. Is beag an ghnaithe a bheadh ag an mbolóig mhóir sin thíos ag an mB. ann. Choinneofaí ann é. Siúd ní fhágfadh sé nó go mbeireadh an sruth tuile air
Is maith a chuaigh muid as nach raibh muid ar fad sáite aige. Rug sé ar an scian agus chuir sé go file dúda sa mbord í. Tharraing sé aríst í agus chuir sé go file dúda i gclár an drisiúir í. Bhí mo chroí in mo bhéal. Shíl mé gurb é an chéad rud eile a dhéanfadh sé a cur go feirc ionam féin, mar ba mé ba ghaire dhó
Chuir sé an adhairc thríd go filleadh dúda
Nach ábhailleach anois a bhíos cuid de na daoine. Ní shásódh tada an té a casadh anseo nó gur chuir sé feac na sluaiste go filleadh dúda sa talamh. Tá an scéal go maith murar bhris sé uileag é, arae tá an talamh sin an-chrua, agus chaithfeadh sé go raibh cloch aige ina éadan. Diomdha Dé agus Mhuire dhó ar chaoi ar bith!