Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúda
ainm-fhocal; fireann
iolraidh — dúdaí
píopa beag; píopa a mbeadh an chos caithte ann; píopa a mbeadh cuma bhrocach air de bharr deataighe nó súighe, nó a bheadh dóighte taobh amuigh.
·
Bhris mé an dúda cailce indiu. Thuit sé as mo bhéal agus rinneadh steig-meig ar an urlár dhe. Sin é an chaoi a bhfuil mise anois, ó a chaill mé na fiacla. Saothróchaidh mé an saoghal cheal gail, agus gan aon-phíopa le fáil mara dtugaidh tú nóta puint ar cheann

Féach freisin

Dúda in iontrálacha eile (34)

 
Ní bhfuighidh sé sin aon-bhás choidhchin. Beidh sé ag dul ins na céid-déaga mar sin, agus ualaigh ag teacht air, agus é ag díriú aniar aríst ag caitheamh gail de'n tsean-dúda. Nach bhfuil sé ag saothrú báis ó a rugadh mé agus dheamhan bás ná bascadh fós air
+
Tá sé in a dhall dúda le codladh = duine a bheadh ag tuitim in a chodladh críochnuighthe agus a mbeadh ag cinnt air fanacht in a dhúiseacht; duine a bheadh ag bordáil chodlata dhá bhuidheachas
TUILLEADH (13) ▼
Siar leat a chodladh as an mbealach agus ná bím ag breathnú annsin ort in do dhall dúda le codladh
Tá sé le dhá oíche anois ar neamh-chodladh — oíche ag céilidhe agus oíche ag aonach — agus is beag an dochar dó a bheith in a dhall dúda le codladh féin
Ní bhímse in mo dhall dúda críochnuighthe go dtí an oíche nach mbíonn tsiocair (siocair) ar bith agam: b'fhéidir go gcodlóchainn go h-eadarshuth an mhaidin sin.
Ní raibh luighe ar bith aige leis an gcuartuidheacht anocht. Nach bhfaca tú go raibh sé in a dhall dúda ag an gcodladh. Bhí sé in áit eicínt aréir muise, th'éis gur shéan sé é. Ach bí siúráilte go raibh
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí ins an am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige ins an méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nachar) léar duinn an láighe. Agus dhá mbeitheá ag déanamh áirneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile arae bheitheá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saoghal sin — míle buidheachas le Dia
An té atá in a dhall dúda le codladh, ní ag céilidhe atá aige a dhul — ní h-eadh sin. 'Sé a áit é go deimhin!
Ara beannacht Dé dhuit — a dhul ag cuartuidheacht an tráth seo d'oíche agus mé in mo dhall dúda le codladh. An bhfuil a fhios agad go raibh an oíche thar druim aréir 'nuair a chuaidh mise a chodladh … bó a bhfuil a h-aimsir caithte agus shílfeá go raibh an-chosamhlacht uirre in am-suipéir aréir. Bhí na grianáin "sleaiceáilte" (slackáilte) aice, ach mar sin féin níor rug sí
Dá mbeitheá an fhad ar neamh-chodladh agus atá mise, bheitheá féin in do dhall-dúda freisin. Níl a fhios agam ó Fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaidh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé cho maith dhá bhfuireasbhaidh. Níor chaith mé an ceann deire a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall-dúda leis, ach ar an dá luath agus a dteighim ar an leabaidh, imigheann sé d'aon-iarraidh … Bím ag tuitim in mo chodladh agus airighim ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisighim suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
Is aige atá a údar a bheith in a dhall dúda le codladh. Fear ar bith a bhíos in a shuidhe le giolcadh an éin 'chuile mhaidin. Ach marach gur muid féin a bhí ar cuairt ann aréir agus go raibh omós aige duitse, bheadh sé imighthe siar a chodladh i bhfad roimhe sin. Bíonn sé in a shráinn ag an h-ocht 'chuile oíche. Tá sé cho folláin leis an ngirrfhiadh. Is cóir adubhairt an fear fadó: teirigh a chodladh leis an uan agus eirigh leis an éan; Coinnigh do cheann agus do chosa tirm; Seachain na mná agus an t-ól agus go deo ná déan an t-ath-chodladh
Má tá sé in a dhall dúda féin is beag an dochar dhó. Tionnabhar níor tháinig ar a shúil i gcaitheamh na h-oíche aréir ach ag amhlóireacht agus ag diúgaireacht. D'eirigh mé faoi dhó ag téitheamh bainne dhó, ach sin é a raibh de mhaith dhom ann. Ní dhéanfadh sé aon-suaimneas in a dheidh sin
Bíonn sé in a dhall dúda 'chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cé'n t-iongantas é. Marbhuigheann sé sin é féin le uathbhás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thuiteas sé in a chodladh amuigh ins an ngarrdha th'éis a dhínnéir, agus codluigheann sé uair agus dhá uair go minic. Eirigheann sé annsin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an Rí. Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go h-aer
Má tá tú in do dhall dúda anocht níl an milleán ag sroicheachtáil do dhuine ar bith ach duit féin. Rinne tú clogán-streille de'n oíche aréir ag imeacht ag fálróid síos annsin ar bhóithrí, an uair ba cheart duit trí eadarshuth a bheith codluighthe agad. Ach mo léan! Seo anois. Ith suas do bhéilí agus siar leat a chodladh, agus fainic a n-eireochadh an cleas sin duit aríst
Ara choinnigh muintir an Ch. sin thiar ar neamh-chodladh mé ar feadh na h-oíche aréir len a gcuid glaodhmaireacht'. Tá a shliocht orm: tá mé in mo dhall-dúda indiu. Airigheann siad na daoine go dona. Bhí lá de'n tsaoghal muis, agus ba bheag an ghlaodhmaireacht a bheadh aca ins na bólaí seo, ach airigheann siad a raibh ar foghnamh ann imighthe anois
 
Le h-anam do mhairbh, ní féidir go bhfuil siad daoirsighthe aríst. Agus mé ag déanamh tíobhuis le mí le luach sean-dúda eicínt a chur i dtoll a chéile. D'imigh an diabhal orra thrín a chéile, adeirimse
 
dearg 2
Dearg suas an sean-dúda = las é ("redden the pipe" adeireas an chuid is mó de na Béarlóirí ar fud na Gaillimhe)
 
deis
Má fhaghann tú aon-deis ar aon-phíopa in áit ar bith croch leat é. Tá mé thart d'fhuireasbhaidh sean-dúda eicínt
+
diaidh
Coinnigh do shean-dúda lobhtha. Níl duine ar bith ag dul in a dhiaidh ort. Is suarach an éadáil é ar aon-chor ag aon-duine.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé thíos annsiúd ag cur deatach amach as an sean-dúda indiaidh a leicinn, agus ag innseacht faoi "bhliain annseo a raibh garrdha an tS. curtha agam, agus nach raibh aon-fhata ann ní ba mhó na cubharláin lá Fhéile San Seáin, agus go raibh siad cho mór le turnapaí Domhnach Chrom Dubh." Má tá an scéal sin cloiste agam uair, tá sé cloiste agam míle uair
 
Sin iad na dinndiúirí mar siúd. Lasfaidís an sean-dúda dhuit mar a lasadh na seiceannaí "fálse" do Mh. Ch. é
 
Ó teirigh ar an ngiodán is trioma de'n dúithche. Tá tú in do dhall dúda le codladh
+
dúid
Chuaidh an lorry síos go filleadh dúda is an muc shneachta = síos an-fhada. Is an gcás áirid atá igceist, bhí na rothaí folctha. Má tá áit áirid ann nó ball áirid a dtugtar filleadh dúda air, ní feasach mise é (Tá feile = "a small piece of flannel at the end of the roll" i bhFoclóir an Duinnínigh. Thiocfadh dhó freisin gurb é an focal sin é, arae dhéanfadh feile file de réir urlabhraidheacht Chonamara)
TUILLEADH (7) ▼
"Sin rud nach raibh aice muis, clann mhaith", adeir sé, agus bháith sé an píce go filleadh dúda san bportach. Bhuail scáth mé féin, agus dar fiadh níor sheaduigh mé an scéal níos fuide = go congar an iarainn agus na coise 'san gcás seo
Tá an bruach siúd in a bhog-eibhinn anois. Chuir mé bord na gcléibh ar an asal ann indiu, ach mo léan deacrach chuaidh sé dhá bháthadh go filleadh dúda ann ar an bpuinte boise. B'fhearr do dhuine gan a bheith dhá mheath fhéin ag déanamh ciseannaí ann, ach a dhul ag tarraint len a dhruim. Ba é ba shamhaoinighe dhó as a dheireadh ar chaoi ar bith
Ná teirigh amach san scrath-ghlugair sin nó is gearr go mbeidh tú thíos go filleadh dúda innte. Ní mheasaim go bhfuil sí sin ineolta
Is contabhairteach an áit é sin. Tá gaineamh ann agus ghabhfá síos go file dúda ann, mara mbeitheá san áirdeall ort fhéin thar cíonn, agus fanacht ar an gcruatan. Is beag an ghnatha a bheadh ag an mbulóig mhóir sin thíos ag an mB. ann. Choinneochaí ann é. Siúd ní fhágfadh sé nó go mbeireadh an sruth tuile air
Is maith a chuaidh muid as nach raibh muid ar fad sáithte aige. Rug sé ar an scian agus chuir sé go file dúda 'san mbord í. Tharraing sé aríst í agus chuir sé go file dúda igclár an drisiúir í. Bhí mo chroidhe in mo bhéal. Shíl mé gurb é an chéad rud eile a dhéanfadh sé a cur go feirc ionam féin, mar ba mé ba ghoire dhó
Chuir sé an adhairc thríd go filleadh dúda
Nach ámhuilleach anois a bhíos cuid de na daoine. Ní shásóchadh tada an té a casadh annseo nó gur chuir sé feac na sluaiste go filleadh dúda 'san talamh. Tá an scéal go maith marar bhris sé uiliog é, arae tá an talamh sin an-chruadh, agus chaithfeadh sé go raibh cloch aige in a éadan. Diomdha Dé agus Mhuire dhó ar chaoi ar bith!
 
Ní chasfaí sean-dúda ar bith agad! Tá an tír tóruighthe agam agus gan tada dhá bharr agam. Tá cion ar na dúidíní féin anois, nuair nach bhfuil a malrait ann. Céad slán do'n uair a bhí siad ar scilling!
+
Dearg suas an sean-dúda. Tá mo theanga bheag amuigh cheal gail.
TUILLEADH (2) ▼
Ar eirigh tú as an sean-dúda ar fad, nó an ag troisceadh ar feadh an charghais atá tú … Faraor nach bhféadaimse é sin a dhéanamh. Is mé a bheadh sásta dhá bhféadainn déanamh d'fhuireasbhaidh an tobac
Seo dhuit do shean-dúda brocach. Is iongantas nach gcailleann sé thú le súghlach. Buail amuigh faoi'n gclaidhe é nó is gearr a bhéas tú beo aige