Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúithche
/dūhə/, //; /dūçə/ Achréidh
ainm-fhocal; buineann
uimhir iolraidh: dúithcheannaí
an oighridheacht talmhana a bheadh ag tighearna talmhana; an méid tionóntaí a bhíos ag cíosú le tighearna talmhana. (Ní chialluigheann sé ceanntar nó límistéar tíre annseo, mar a chialluigheas sé in áiteachaí eile, ach fc. an sean-fhocal fút síos).
a.
+
Dúithche na mBlácach, Dúithche an Mhuiréisigh, Dúithche Bherridge, Dúithche an Fhrionsaigh, Dúithche Shailearna, Dúithche na bhForbacha agus rl (ainmneachaí dúithcheannaí)
Dá mbadh liom Dúithche na mBlácach ní bhfuigheadh sé pinginn uaim
TUILLEADH (5) ▼
Dá mbeadh Dúithcheannaí an Fhrionsaigh aige, chuirfeadh sé droch-rath orra
Dhá mbeadh Dúithche an Choimínigh aige, ní phósfainn é
Ní raibh deoraidhe ar an dúithche seo nach raibh salach, ach dheamhan duine a cuireadh as seilbh 'na dheidh sin. Go deimhin dhá bhfaghadh cuid de na báillí agus de na gíománaigh a bhí ag an máistir cead a gcinn, ní bheidís amhlaidh
Ní raibh tionónta istigh ar an dúithche nach gcaitheadh dhá lá sa tseachtain a thabhairt dó ar a chuid talmhana fhéin
Ní raibh aonduine ariamh dhá raibh ar a ndúithche nach raibh buidheach dena M.
+
Bháith sé a dhúithche ag imirt chártaí. Nuair a bhí 'chuile shórt eile caillte aige chuir sé an dúithche = chuir sé a dhúithche ingeall, nó i bhfiacha nó i "mortgage"
Tá an dúithche sin báithte
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé a raibh de dhúithcheannaí aige ariamh i mbáthadh
b.
+
Sílim go ngabhfaidh mé ar an ngiodán is trioma de'n dúithche = ar an leabaidh
Tá Seán anocht ar an ngiodán is trioma de'n dúithche. Tá ragairne trí oíche anois air
TUILLEADH (4) ▼
Ó teirigh ar an ngiodán is trioma de'n dúithche. Tá tú in do dhall dúda le codladh
Meastú nach bhfuil sé in am a dhul ar an spota is trioma de'n dúithche. Is trioma ann é anocht ná amuigh ar chaoi ar bith. Is millteach an oíche í míle buidheachas le Dia
Tá a fhios agamsa go maith cá bhfuighidh tú é sin. Gheobhaidh tú ar an ngiodán is trioma de'n dúithche anois é: ar an leabaidh
Má tá tú dhá thóraidheacht sin lá ar bith roimh an dó-dhéag, caithfidh tú a dhul ar an ngiodán is trioma de'n dúithche. Is ann a bhíos sé go mbíonn an lá ársuighthe go maith
c.
+
"Is buan duine in a dhúithche fhéin" (sean-fhocal) = faghann sé fad saoghail ann; bíonn sé ar a nádúr féin imeasc a mhuintire fhéin, agus fágann sin nach mbíonn brón ná cumha ná treampán air, agus go mbíonn a mhuintir féin i gcomhnaí aige le seasamh dhó
Is fhearr dhuit fanacht sa mbaile anois ó atá riar agad. Is deise dhuit é ná an tabhairt sin a thabhairt ort féin aríst. Is buan duine in a dhúithche féin, adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Mharbhuigh an cumha í i gcomhnaí i Meiriocá. Ní raibh aon-luighe aice leis ariamh. B'fhurasta di sin muis a theacht abhaile agus áit mhaith a fháil, mar bhí na pighneachaí aice. Ach ina leabaidh sin phós sí, agus bhí sí réidh leis an mbaile annsin. Sin é a thug bás di cho h-óg sin. Is buan duine in a dhúithche fhéin i gcomhnaí
Sé'n áit is cineálta dhó a theacht annseo anois, agus teach a dhéanamh ann, ó a tá sé eirighthe as an scoil. Is ann is fhearr a gheobhadh sé a shláinte, agus bheadh a mhuintir fhéin faoi agus thairis i gcomhnaí, le bheith ag freastal air. Is buan duine adeir siad in a dhúithche féin

Dúithche in iontrálacha eile (7)

 
Is diachta dóib maoin ná bráigill a bheith orra agus cho caithmheach drabhlásach agus atá siad. Dá mbeadh dúithche an Ch. aca, ní fhágfaidís luach bonn bán uirre, nach istigh ag mná ósta a bheadh. Is mór an seasamh aca é. Ach ní mhaireann an rith maith do'n each i gcomhnuí. Mo choinsias ní mhaireann. Tiocfaidh an lá fós agus dá mbeadh breith ar a n-aithmhéala aca, dhéanfaidís tíoghbhus in am
 
díbir
Rinneadh díbirt as an áit sin. Deir siad nachar fágadh Críostuidhe an bhéil bheo ar an dúithche sin nachar díbrigheadh
 
dochar
Ba ghearr le dhul a chuid sochair ar ghualainn a chuid dochair. Chuir sé amach a raibh ins an leath thoir de'n dúithche ar fad, agus mar gheall gur shásuigh sé é féin, d'fhága sé cupla tunónta a bhí salach, i seilbh annseo. Nachar mhór an sochar é sin — nachar mhór!
 
Is olc an ceart é go bhféadfaidh fear airgid a theacht agus an abhainn sin a thógáil le h-aghaidh 'dolaidheacht' agus gan comhaireamh na sop le fáil ag an dream atá tórainneach léithe. Ach tuilleadh diabhail againn! Nuair a roinneadh an talamh ní raibh mac an aoin bheo ar an dúithche nachar shaighneáil an abhainn don bhoc mhór seo thiar. Sin é a d'fhága aiste ó shoin iad. Ach cé'n mhaith ag caint! Cé'n fios a bhí ag na daoine!
 
Mara n-eirighidh sé as a chuid dreabhláis is gearr gur fear réidh é. 'Ar ndú ní sheasfadh Dúithche na mBl. dó, tá sé cho caithmheach sin. Tá an cheird sin ceart go leor ag an té a bhfeileann sí dhó nach (ach) m'anam nach hé a leithide seisean é
 
dris
Diabhal bréag nach dona an áit a bhfuil a chosa dhá thabhairt. Ní dhéanfaidh sé morán tigheachais leis an dris sin. Ach ní fiú biorán í le h-ais na máthar. Ach a dtosuighidh an bheirt aca ag gabhail dó, is fear réidh é … Ní phósfainn í, dhá bhfaghainn dúithche an C. bronnta orm léithe.
 
An ndeachaidh sé go Dúithche Sheoigeach (nó Dúithche Sheoigeach gan "go". fc. téigh)